Walking to School and Raising the Green Flag in Clonakilty
Meitheamh 5, 2012
Ré órga an Cheoil i nGaelscoil na Lochanna
Meitheamh 5, 2012
Ochtar anseo a bhuaigh duaiseanna i bhFleadh Cheoil Co. Chill Mhantáin, Bealtaine 2012 agus grúpa le dul ar aghaidh go Craobh Laighean i Mí Iúil. Tá Gaelscoil na Lochanna thar a bheith bródúil astu! Seinneann siad an bosca cheoil, an fhidil, an fheadóg mór agus an fheadóg stáin.
ó bharr ar chlé – Sorcha Ní Mhurchú, Ben Ó hUigín, David Mac Phib, Rián Ó hAilín, Líle Ní Chonchubhair
ag bun ó chlé – Bríon Ó Conchubhair, Fionn Ó hAilín, Ellis Nic Chromthainn.
in easnamh – Eóin Ó hUigín
Múinteoir Bunscoile, Scoil Lorcáin
Meitheamh 5, 2012
Tá múinteoir á lorg ag Scoil Lorcáin, Baile Átha Cliath
Cuirfear tús leis an tréimhse oiliúna ar 3 Meán Fómhair 2012.
Iarratais:
Caithfear iarratais a chur ar ríomhphost chuig scoillorcain1@eircom.net nó tríd an bpost chuig:
An Cathaoirleach
Scoil Lorcáin
Cearnóg Eaton
An Charraig Dhubh
Co. Bhaile Átha Cliath
Bíodh na foirmeacha seo a leanas iniata le gach iarratas:
-Litir chlúdach
-Teistiméireachtaí scríofa
-Teistiméireachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
-CV (Neamhcheangailte/Unbound)
-Clárú na Comhairle Múinteoireachta
Is é 8 Meitheamh 2012 an spriocdháta.
Tuilleadh eolais: 01 2808906 nó scoillorcain1@eircom.net
Múinteoir Bunscoile, Gaelscoil Chluain Dolcáin
Meitheamh 5, 2012
Tá folúntas sealadach do mhúinteoir bunscoile i nGaelscoil Chluain Dolcáin.
Cuirfear tús leis an tréimhse oiliúna ar 30 Lúnasa 2012.
Iarratais:
Caithfear iarratais a chur ar ríomhphost chuig gscd.ias@eircom.net nó tríd an bpost chuig:
An Cathaoirleach
Gaelscoil Chluain Dolcáin
Seanbhóthar Nangair
Cluain Dolcáin
Baile Átha Cliath 22
Bíodh na foirmeacha seo a leanas iniata le gach iarratas:
-Litir chlúdach
-Teistiméireachtaí scríofa
-Teistiméireachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
-Cóip gach teastas ábhartha (teastais, céimeanna, dioplómaí)
-Tuairiscí cigireachta
-CV (Neamhcheangailte/Unbound)
Is é 11 Meitheamh 2012 an spriocdháta.
Tuilleadh eolais: gscd.ias@eircom.net
Cúntóir riachtanas speisialta páirtaimseartha ag teastáil i Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua
Bealtaine 31, 2012
Tá cúntóir riachtanas speisialta páirtaimseartha ag teastáil i Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Iarratais:
Seol CV agus litir mholta chuig:
An Chathaoirleach
Scoil Mhic Dara,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe
Spriocdháta: 6 Meitheamh 2012
Túsdáta: 3 Meán Fómhair 2012
Cuirfear painéal le chéile d’iarrastóirí chun aon fholúntas eile a líonadh i rith na bliana.
Scéalta ó Ghaelscoil Chaladh an Treoigh
Bealtaine 31, 2012
Bog Stop
Chuaigh rang V i nGaelscoil Chaladh an Treoigh ar thuras go dtí an Dubhlann i cathair na Gaillimhe ar an Luan 21/05/2012. Glac siad páirt sa sraith teilifíse Bog Stop agus d’éirigh go hiontach leo ann. Bhí 6 iomaitheoir ón rang ag freagairt ceisteanna ar an ‘Zón’ agus bhí na páistí eile sa lucht féachana. Bhaineamar an-taitneamh as an lá agus táimid ag tnúth go mór leis an sraith a fheiceáil ar an teilifís am éigin i 2013.
RITH 2012
Bhain Gaelscoil Chaladh an Treoigh páirt i rith 5km i bPáirc Mhóin a Lín an Aoine seo caite (11ú Bealtaine). Rinne gach páiste iarracht idir 1 – 5km a rith. Ghlac na múinteoirí agus cúpla tuismitheoir páirt freisin. Bhailigh na daltaí airgead i gcomhair an scoil nua. Bhí an t-ádh linn leis an aimsir. Ní raibh scamall san spéir fad is a bhí gach duine ag rith. Bhain gach duine an–taitneamh as an tráthnóna. Thug na tuismitheoirí deochanna do na reathaí agus iad ag dul timpeall. Bhí ceol ann agus bhí fonn rith ar gach duine. Tháinig cuairteoirí speisialta, Clár Ní Chonchubhair agus Séamus Hickey, chun an rith a fheiscint. Imríonn Clár Ní Chonchubhair le foireann camógaíochta Loch Gorman. Is imreoir den scoth í. Bhuaigh sí dhá bhonn ‘All Star’ – an chéad cheann i 2010 agus an dara cheann i 2011. D’oibrigh Clár mar mhúinteoir san scoil seo blianta ó shin.Imríonn Séamus Hickey ar foireann iománaíochta Luimní agus fuair sé duais speisialta ‘Vodafone Young Player of the Year’ i 2007. Is lúth-chleasaí an-cumasach é.Bhronn siad teastas ar na daltaí agus bhí áthas an domhain ar gach éinne a bhuail leo. Bhí go leor dalta ag iarradh síniú a fháil ó na imreoirí cáiliúla!
New Course for Maths Teachers
Bealtaine 31, 2012
Harkin launches Scholastic Languages 2012
Bealtaine 31, 2012
Gairmscoil Chú Uladh – Blitz Peil Ghaelach
Bealtaine 30, 2012
Ar an tríú lá de Bhealtaine, 2012 bhí comórtas peil ghaelach ar siúl i nGleann Fhinne. Dhá chomórtas “naonúr-an–taobh” a bhí ann, ceann do na gasúir agus ceann do na girseacha sa chéad bhliain. Ghlac ceithre scoil páirt ar an lá, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, PCC An Falcarrach, Finn Valley agus Gairmscoil Chú Uladh, Béal an Átha Móir.
D’imir na foirne roinnt peil iontach ar an lá agus bhí an aimsir go hálainn. Rinne achán scoil iarracht mhór Gaeilge a labhairt lena chéile. Chabhraigh beirt ón cheathrú bliain leis an
réiteoireacht agus rinne siad job maith. Tar-éis na gcluichí bhí go leor bia agus deochanna ar fáil sa clubtheach.
Bhí an bua ag na gasraí as Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus an bua ag na girseacha as Gairm scoil Chú Uladh. Bhí boinn ar fáil do na buaiteoirí agus fosta do na foirne a bhí sa dara háit.
Bhain gach duine sult as an lá.
An Máistir Ó Gallachóir,
Gairmscoil Chú Uladh.
Múinteoir Béarla ag teastáíl ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin
Bealtaine 30, 2012
Tá múinteoir Béarla ag teastáil ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.
Fáilteofar roimh iarratais do phost ionadaíochta don scoilbhliain 2012/2013 (14 uair, saoire mháithreachais) le héifeacht ón 12ú Meán Fómhair 2012.
Cáilíochtaí: De réir mheamram na Roinne Oideachais agus Scileanna.
Iarratais:
Glacfar le hiarratais ar na foirmeacha oifigiúla atá le fáil ó:
Seosamh Mac Donncha
Rúnaí an Bhoird Bhainistíochta
Oifigí an Choiste Gairmoideachais,
Coiléar bán, Baile Átha an Rí,
Co. na Gaillimhe
Is é an dáta deireanach d’iarratais a bheith faighte (sa phost nó trí sheachadadh láimhe amháin) ná roimh 4.00i.n. ar an 6ú Meitheamh 2012.
Tionólfar agallaimh don phost thuasluaite ar an 14ú Meitheamh, 2012.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le hiarratais ar bith i ndiaidh an spriocdháta, go bhféadfadh gearrliostú a bheith i gceist agus go ndícháileofar éinne a dhéanann canbhasáil.
Tuilleadh eolais: 091-874535 nó mnimhainnin@cogalvec.ie.
Scoil Ghaeltachta í Scoil Chuimsitheach Chiaráin ina ndéantar an teagasc iomlán tré Ghaeilge.
Is fostóir comhionannais Scoil Chuimsitheach Chiaráin.
Foilsithe ar Gaelport.com