Méid an Téacs

Siansa Gael Linn 2013

Márta 21, 2013

Beidh Craobhchomórtas Siansa Gael Linn ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach, 14 Aibreán 2013. Is comórtas é Siansa Gael Linn do ghrúpaí traidisiúnta. Tá an comórtas ar an bhfód breis is deich mbliana anois agus déanann an comórtas áirithe seo an-spreagadh agus ardán a thabhairt don chuid is fearr d’ógthallann ceoil agus amhránaíochta traidisiúnta na tíre.

Beidh ocht ngrúpa as iar-bhunscoileanna éagsúla as Co. na Gaillimhe, Co. Dhoire, Baile Átha Cliath, Co. Phort Láirge, Luimneach agus as Sligeach ag glacadh páirt sa chomórtas sa Cheoláras Náisiúnta ar an oíche agus gach bliain bíonn caighdeán den scoth ag na grúpaí a bhíonn i gcoimhlint lena chéile.

Ag moltóireacht ar Siansa Gael Linn na bliana seo beidh an ceoltóir aitheanta as Tír Chonaill, Ciarán Ó Maonaigh a bhíonn ag seinm leis an ngrúpa iomráiteach Fidil, an ceoltóir Breanndán Ó Beaglaoich as Baile na bPoc i gCorca Dhuibhne a bhíonn ag seinm leis na grúpaí Boys of the Lough agus Beginnishan agus beidh an ceoltóir iomráiteach Mary Bergin ón ngrúpa Dordán ina gcuideachta ar an oíche.

Anuraidh ba hiad an grúpa Teaspach ó Scoil Ghraiméar Shligigh a bhain amach an craobh lena gcuid ceol bríomhar agus amhráin binn agus i mí Eanáir ghlac siad páirt sa Templebar Tradfest sa Ardchathair.

Tá an-áthas ar Gael Linn atá ag ceiliúradh 60 bliain ar an bhfód i mbliana, go mbeidh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn mar phríomhaoi ag craobhchomórtas Siansa i mbliana. Craolfar an ceolchoirm beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Domhnach, 14 Aibreán ag 7.30i.n agus is í Áine Hensey ón stáisiún sin a bheidh mar láithreoir.

Chun ticéad a chur in áirithe don ócáid, ní gá ach dul i dteagmháil leis an gCeoláras Náisiúnta ag 01:417 00 00 nó www.nch.ie
Ná caill oíche den scoth !

Féile na bPáistí 2013

Márta 21, 2013

2 Aibreán 2013 – 4 Aibreán 2013

Beidh Féile na bPáistí ar siúl i mBéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo ón 2-4 Aibreán 2013.

Seo é an ceathrú bliain as a chéile a bhfuil an fhéile ealaíon seo do pháistí ar siúl agus beidh féile na bliana seo á reáchtáil le linn laethanta saoire na cásca chun go mbeidh deis ag páistí freastal air na himeachtaí éagsúla atá beartaithe.

Beidh na himeachtaí ar siúl in Áras Inis Gluaire i gCo. Mhaigh Eo thar trí lá ón Máirt 2 – Déardaoin 4 Aibreáin 2013.

Mar chuid de na himeachtaí beidh seó agus ceardlainne do gach aois grúpa á reáchtáil. Beidh agus beidh seó ceo de chuid na deartháireacha Fanzini- beirt fhear grinn. Anuas ar seo beidh ceardlann drumadóireacht leis na Rúach Rhythms & Seó Puipéad faoi stiúir ag Carmel Balfe. Is gá áit a cur in áirithe do na ceardlainne do pháistí de bharr éileamh.

Tuilleadh eolais:
Áras Inis Gluaire
Béal an Mhuirthead
Co. Mhaigheo
t.mccafferty@arasinisgluaire.ie / 09781079

www.arasinisgluaire.ie

Comórtas Ealaíne Cúla4

Márta 21, 2013

Tá go dtí 5 Aibreán ag daoine óga chun pictiúr d’aon eilimint ó Aimsir Cúla4 a tharraingt, mar shampla tuar ceatha, an ghrian nó aon rud de do rogha féin, agus é a sheoladh ar aghaidh don chomórtas ealaíne atá á eagrú ag Cúla4 mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.

Tá Cúla4 i gcónaí ag tacú le Seachtain na Gaeilge agus tá duais iontach, táibléad, á thairiscint acu i mbliana do bhuaiteoir an chomórtais.

Is breá an duais é agus ba chóir tabhairt faoi do phictiúr a tharraingt láithreach agus é a sheoladh chuig Cúla4, TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe.

Ar ndóigh beidh an buaiteoir in ann Aip Cúlchaint 1 agus Cúlchaint 2 a íoslódáil chun cur leis an spraoi. Tá Aipeanna Cúla4 ar fáil saor in aisce agus is féidir iad a íoslódáil ach dul chuig iTunes nó Playstore agus cuardaigh Cúla4 nó TG4.

www.advertiser.ie/galway

Dianchúrsa Gaeilge do Dhaoine Fásta – Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Márta 21, 2013

Dianchúrsaí Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Feidhmeannach Nua le GAELSCOILEANNA TEO.

Márta 20, 2013

Tá an-áthas orainn a fhógairt go bhfuil Aonghus Ó Lochlainn tosaithe leis an eagraíocht mar Fheidhmeannach. Tagann Aonghus i gcomharbacht ar Clare Walsh a d’fhág an eagraíocht i mí Meán Fómhair seo caite le dul ag obair leis an Roinn Oideachais ó Thuaidh. I measc taithí fostaíochta Aonghus, áirítear obair riaracháin le COGG agus Oxfam, cisteoireacht ar cumann ceoil Choláiste na Tríonóide, agus craoladh nuachta agus ceoil le Raidió na Life. Is cinnte go mbeidh sé mar bhall luachmhar d’fhoireann na heagraíochta agus cuirfimid fáilte mhór roimhe!

Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta – Míshástacht léirithe faoin Bhille nua Oideachais

Márta 20, 2013

D’fhreastail os cionn 300 toscaire ar Chomhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta i mBéal Feirste.

4,881 páiste atá ag tabhairt faoi Ghaeloideachas sna sé chontae faoi láthair. Ba é ‘Ag gabháil na gairmiúlachta’ téama na Comhdhála.

Labhair Meon Eile le lucht a fhreastalaithe faoi staid reatha an Ghaeloideachais agus faoi thodhchaí na hearnála.

Léirigh Príomhfheidmeannach na Comhairle, Dr Micheál Ó Duibh míshástacht faoi stádas na Gaeilge sa Bhille nua Oideachais… Féach an físeán ar www.meoneile.ie

Tús curtha leis an bpróiseas clárúcháin do Ghaelcholáiste nua i mBÁC

Márta 20, 2013

Cuireadh tús leis an bpróiseas clárúcháin do Ghaelcholáiste nua le gairid, a osclófar i nDún Droma i mBaile Átha Cliath in 2014. Bhailigh slua mór le chéile i mBaile na Lobhar chun an t-eolas is déanaí faoi Ghaelcholáiste an Phiarsaigh a chloisteáil.

Tá An Foras Pátrúnachta ina phatrún ar an nGaelcholáiste nua. Freastalóidh an scoil, a bhfuil éiteas ilchreidmheach aici, ar an éileamh mór atá ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

Dar le Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta, tá an Foras Pátrúnachta agus an Roinn Oideachais ag obair le chéile faoi láthair chun suíomh sealadach agus suíomh buan a aimsiú don scoil.

Dúirt Cathaoirleach an ghrúpa bunaithe, Lorcán Mac Gabhann, go bhfuil siad ag súil go mbeidh an scoil in ann freastal ar an éileamh sa cheantar ar oideachas lán-Ghaeilge.

Tá an fhoirm chlárúcháin chomh maith leis an bpolasaí iontrála ar fáil ar an suíomh idirlín www.gaelcholaiste.com

www.foinse.ie

Crosfhocal Beo Ar Líne

Márta 20, 2013

Tá Crosfhocal SAOL anois beo sa dóigh gur feidir é a chomhlánú ar líne go díreach sa chrosfhocal féin agus é a sheoladh chucu gan stró.

Duaischiste €200 (4 x €50), dhá ceann acu do dhaltaí scoile.

Crosfocal Nua Saol na Gaeilge Márta 2013

Bannaí ceoil á lorg le dul san iomaíocht beo ar RnaG

Márta 20, 2013

Beidh comórtas ‘Bruíon na mBuíon’ á reáchtáil ar chlár Rónán Beo @3 ar Raidió na Gaeltachta mar chuid de Sheachtain na nÓg ar RTÉ i mí Aibreán.
Más ball de bhanna ceoil nó ceoltóir aonair thú a chasann amhráin chomhaimseartha as Gaeilge is fiú go mór dul san iomaíocht don deis fíor-luachmhar seo do chuid amhrán a chasadh beo ar an raidió!

Anuas air sin, is í duais an chomórtais ná an deis EP de cheol nua-chumtha a thaifeadadh i stiúideo Tommy McLaughlin, ball den ghrúpa Villagers, agus cuireadh seinm ag an gCabaret Craiceáilte, oíche cheoil a bhíonn á eagrú ag Rónán Mac Aodha Bhuí i nGaoth Dobhair.

Is do dhaltaí meánscoile ó cheann ceann na tíre an comórtas seo agus tá fáilte roimh bhannaí agus ceoltóirí aonair amhrán nua-chumtha a thaifeadadh agus an comhad a sheoladh chuig an seoladh ríomhphoist ronan@rte.ie faoi 5 Aibreán. Tá fáilte roimh iarrthóirí níos mó ná rian amháin a sheoladh isteach. Coinnigh súil ar leathanach Facebook Raidió na Gaeltachta le haghaidh uasdátú.

Irish deserves strong support

Márta 20, 2013

Your editorial (Mar 13) would be comical if it were not so ill-informed.
You offer no evidence for the alleged €1 billion annual spend on Irish. How is this quantified? Is money spent on childcare (good) through the medium of Irish (bad) included? Are schools which don’t teach Irish for more that 20 minutes a day included?

You quote the budget of TG4, which gave us Ireland’s first teen drama and myriad quality TV shows, in comparison with RTÉ Two, for example, which costs much more and adds very little to viewer choice in its rebroadcasting of foreign shows.

Is money spent on gaelscoileanna a spend on education (good) or on Irish (bad)? Does it cost more to ensure that public servants serving Irish speaking areas are bilingual? Answer: No.

Our appalling English-only attitude has left us the odd man out in Europe with no respect for either our own history, culture and language or that of anyone else. Consumerism has not lead to happiness. Self-confidence and self-worth will. Time to see the value of our language, and of ourselves.

Irish has no intrinsic monetary value or use, much like Shakespeare, ballet and laughter. Irish is not much used in working life, like calculus, integration or the history of WWII.

Are we all to be trained to be unthinking cogs in a wheel? Each language is a different way of thinking. We need to think in a different way. And had you checked the record you would see that more Irish is spoken in the European Parliament that Maltese, Estonian or Latvian.

Dáithí Mac Cárthaigh BL
Law Library
Dublin 7

www.irishexaminer.com

« Previous PageNext Page »