Éisteachtaí: Sárscoil Fíbín
Feabhra 12, 2014
Tá ríméad orainn a fhógairt go bhfuil Sárscoil Fíbín ar ais i mbliana. Ní hamháin go mbeidh deis ag scoláirí snas a chur ar a gcuid Gaeilge ach cuirfear oiliúint orthu i gcúrsaí drámaíochta le saineolaithe amharclannaíochta agus teilifíse ar nós Mícheál Ó Domhnaill (léiritheoir ar an tsraith ‘Aifric’ agus stiúrthóir Meangadh Fíbín TV), Darach Ó Tuairisg (léiritheoir agus stiúrthóir Fíbín Teo), Paul Mercier (stiúrthóir Aifric agus Stiúrthóir Ealaíne Passion Machine) agus neart aíonna eile.
Beidh ceardlanna drámaíochta agus teilifíse ar siúl ina gcuirfear béim ar an gcumadóireacht, ar an aisteoireacht agus ar an scríbhneoireacht. Beidh na scoláirí faoi stiúr na saineolaithe agus cuirfear comhairle orthu ar bhonn rialta. Ag deireadh an chúrsa, beidh deis ag na scoláirí a gcuid drámaí féin a láithriú ar stáitse, rud a chuirfidh go mór le féinmhuinín agus le cur i láthair na scoláirí. Tugtar cuireadh do na meáin, léiritheoirí TG4 chomh maith le tuismitheoirí agus cairde freastal ar an léiriú seo.
Reáchtálfar 4 chúrsa agus freastalóidh 100 scoláire ar gach cúrsa. Bíonn éileamh an-mhór ar na cúrsaí seo ach ní gá go mbeadh aon taithí aisteoireachta agat. Cuirfear lóistín ar fáil do na scoláirí i gcroílár Chonamara. Beidh na ceardlanna ar siúl gach lá agus cuirfear an-bhéim ar an teanga labhartha. Cabhróidh an tumchúrsa Gaeilge seo leis an scoláirí barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge agus iad ag foghlaim scileanna nua ag an am céanna.
Mar is eol daoibh, is fiú 40% de mharcanna na hArdteistiméireachta an bhéaltriail agus tabharfaidh sé seo deis do na scoláirí an t-ullmhúchán cuí a dhéanamh don scrúdú sin.
De bharr go raibh éileamh ollmhór ar an gcúrsa seo le blianta beaga anuas, caithfidh Gaeilge labhartha reásunta maith a bheith ag na scoláirí agus beidh ar gach scoláire éisteacht a dhéanamh chun áit a bhaint amach ar an gcúrsa. Tá costas €625 ar an gcúrsa, clúdaíonn sé seo lóistín, bia, teagascóirí, riarachán, aíonna, taisteal agus araile.
Má tá aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag 091-505855 nó seol ríomhphost chuig sarscoilfibin@gmail.com
Dátaí na Cúrsaí (sealdach)
8/06/14 – 20/06/14
22/06/14 – 4/07/14
6/07/14 – 18/07/14
20/07/14 – 1/07/14
Seo sampla d’obair na Sárscoile i 2013:
http://www.youtube.com/watch?v=9jUy1_y8QPE
http://www.youtube.com/watch?v=AorenoUCSYM
Anger over plans to merge two of Cork’s oldest schools
Feabhra 12, 2014
The proposed merger of two of Cork’s oldest primary schools is causing controversy on the city’s northside.
The amalgamation plans for Scoil Mhuire Fatima boys’ school at the North Monastery and nearby St Vincent’s Convent National School were announced by their trustees to staff yesterday.
There has been primary education since 1811 at the North Mon, which has 171 second to sixth-class pupils, while nearby St Vincent’s, which has male pupils up to first class and girls up to sixth, first opened in 1847.
However, the Edmund Rice Schools Trust, which controls former Christian Brothers schools, and the Sisters of Charity want to amalgamate them by next September. The newly named school would see pupils and staff of the North Mon primary relocate to the St Vincent’s site.
One North Mon teacher said staff were shocked and angry at the news delivered in a meeting after school yesterday, particularly at the plan their building would be taken over by a neighbouring gaelscoil. The move will also be an issue for parents, particularly with months to decide important issues such as uniform policies.
The Irish National Teachers’ Organisation said concerns have been raised about the plan and full consultation with all partners is essential.
“It is important that future school provision is planned properly rather than quickly,” a spokesperson said.
In addition, the Presentation Sisters have agreed to change the North Presentation Primary School near the North Cathedral from a girls’ school with infant boys to a co-educational primary — but on a phased basis. The trustees said the restructuring process will include consultations with each school’s board, staff, and parents.
“This new structure will provide a more secure future for these schools. The ethos of the existing trustees will continue within the two newly restructured schools,” said a joint statement from the trust bodies and the Cork Catholic diocesan trustees.
The plan is for primary education to continue at the North Monastery, as the expanding Gaelscoil Pheig Sayers would move into the vacated site from temporary accommodation in nearby Farranferris. It would also transfer from diocesan trusteeship to the ERST.
The combined enrolments at the four schools fell from 947 in 2007 to 868 last year, but Scoil Mhuire Fatima’s and St Vincent’s fell by 64 and 47 respectively, while the other two schools have grown.
All four are in the North Cathedral parish, and Catholic Bishop of Cork and Ross, John Buckley, agrees in principle with the plans.
“If the trustees are in agreement and the schools are in agreement, the patron would be supportive,” his spokesperson said.
The trusts said a change of trustees for Gaelscoil Pheig Sayers would allow pupils more secure progression to Gaelcholáiste Mhuire on the North Mon campus.
www.irishexaminer.com
Tá na busanna ag líonadh
Feabhra 12, 2014
Tá busanna á eagrú ó Chonamara agus ó chathair na Gaillimhe chun daoine a thabhairt go Baile Átha Cliath don mhórshiúl Lá Mór na Gaeilge – Siúl ar son do Chearta, ócáid a bheidh ar siúl an Satharn seo chugainn, 15 Feabhra.
Tá an mórshiúl á eagrú mar chuid d’fheachtas cearta atá bunaithe mar thoradh ar an ngéarchéim a cruthaíodh nuair a d’fhógair An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, go mbeadh sé ag éirí as oifig de bharr na heaspa éisteachta atá faighte aige ón Rialtas. Cuirfear tús leis an mórshiúl Lá Mór na Gaeilge – Siúl ar son do Chearta ag 2.00i.n. agus an slua ag fágáil Cearnóg Parnell ag 2.00i.n. agus iad ag tabhairt aghaidhe ar lár na cathrach.
Fágfaidh bus Chonamara carrchlós Mhuintearas, Tír an Fhia, ag 8.45r.n. agus stopfaidh sé ag Halla Éinne, An Cheathrú Rua ag 9.00r.n. agus ag Seanscoil Sailearna, Indreabhán ag 9.15r.n. Is féidir suíochán a chur in áirithe ach teachtaireacht a sheoladh chuig tuismitheoirinagaeltachta@gmail.com nó téacs chuig 087 3382885. Fágfaidh bus na cathrach an Ardeaglais ag 10.00r.n. agus is féidir suíochán a chur in áirithe ach glaoch a chur ar 091 567824.
Cuirfear críoch leis an mórshiúl le slogadh ollmhór, áit a ndéanfar ceiliúradh ar bheocht agus ar shaibhreas na Gaeilge le ceolchoirm ó Seo Linn agus baill den ghrúpa Kíla agus Na Firéin.
www.advertiser.ie
Rónán Ó Domhnaill le bheith ina Choimisinéir nua Teanga
Feabhra 12, 2014
An t-iriseoir Rónán Ó Domhnaill (38) atá ainmnithe ag an Rialtas le feidhmiú mar an chéad Choimisinéir Teanga eile.
Dúirt Ó Domhnaill gur “onóir agus pribhléid” a bhí ann a bheith ainmnithe do “ról chomh tábhachtach leis seo”. Tagann Ó Domhnaill ón Cheathrú Rua i nGaeltacht Chonamara ó dhúchas agus tiocfaidh sé i gcomharbacht ar an Uasal Seán Ó Cuirreáin atá le héirí as an phost ag deireadh na míosa seo. Is Comhfhreagraí Polaitíochta de chuid Nuacht RTÉ/TG4 é Ó Domhnaill agus tá sé ag obair leis an stáisiún ó 1998. Cuireann sé clár seachtainiúil cúrsaí reatha RTÉ, The Week in Politics , i láthair go rialta. Tá sé pósta ar an iriseoir, Irene Ní Nualáin, agus tá beirt pháistí acu. Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley TD, go raibh áthas air go raibh “an tUasal Ó Domhnaill tar éis glacadh leis an ainmniúchán don phost mar Choimisinéir Teanga úr.
“Tá ardmheas ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta air ina cháil mar chomhfhreagraí polaitíochta agus tá mé cinnte go rachaidh an taithí atá aige i dtairbhe go mór dó mar Choimisinéir Teanga”. Chuir ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, fáilte roimh an cheapachán ach cháin sé an Rialtas fosta, á rá go mbeadh “deis ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, thuaidh agus theas, a bhfearg agus a ndíomá a chur in iúl ag Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo chugainn, fearg agus díomá i dtaca leis an tslí a chaith an Rialtas ó dheas leis an gCoimisinéir Teanga reatha go háirithe”. ‘Ar buille’ Dúirt sé go raibh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta “ar buille leis an Rialtas as an easpa ghnímh agus an easpa dul chun cinn atá déanta lena chinntiú go mbeadh dóthain Gaeilge ag fostaithe an Stáit chun go mbeadh siad in ann freastal go hiomlán as Gaeilge ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll, faoi dheireadh 2016 ar a dhéanaí”.
Thréaslaigh ceannasaí Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin, a cheapachán le Ó Domhnaill. Dúirt sé “go mbeadh dúshlán mór roimhe bonn inchreidte a chur faoi phróiseas pleanála a thabharfadh feidhm do stádas oifigiúil na Gaeilge agus a dheimhneodh cearta teanga do phobal na Gaeilge”. Rinne an coimisinéir reatha, Seán Ó Cuirreáin, comhghairdeas leis an Dálach fosta agus ghuigh gach rath air agus é ag cur chearta teanga chun cinn. D’fhógair Ó Cuirreáin go raibh sé le héirí as a phost de bharr gur chreid sé go raibh an Stát ag déanamh faillí i gcearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.
www.irishtimes.com
New Irish language commissioner named
Feabhra 12, 2014
TELEVISION journalist Ronan O Domhnaill is to be appointed as the new Irish language commissioner.
He replaces the outgoing Commissioner Sean O Cuirreain, who resigned amid controversy last December. Mr O Cuirreain, who served in the post for 10 years and had another two years to go in his term, said the Government had no intention of implementing the many policy promises they made on the Irish language. The outgoing commissioner also said Irish-speaking people could not do business through Irish with state services despite the theoretical official status given the language. The resignation caused upset among Irish-speaking communities and a language rights demonstration is planned for Dublin on Saturday, February 15, starting at 2pm from Parnell Square.
The Irish language organisation, Conradh na Gaeilge, welcomed the new commissioner’s appointment but expressed disappointment that no effort was made to address the criticisms made by Mr O Cuirreain. Mr O Domhnaill, aged 38 and a native Irish speaker from An Cheathru Rua, Connemara, is a political correspondent with Irish-language broadcast services TG4 and Nuacht RTE. His appointment carries a yearly salary of €115,000. It must be ratified by the Dail and Seanad before it is formally confirmed by the President and Mr O Domhnaill will take up office on February 22 next.
www.independent.ie
Irish language secondary school meeting tomorrow in Derry
Feabhra 12, 2014
A public meeting will be held in Derry tomorrow to discuss plans for an Irish language secondary school in the city.
The meeting, which will be held in Rafters, Northland Road, on Wednesday at 7.30pm, will hear the concerns of parents about the delay in setting up a new Irish medium secondary school.
It will also hear from two speakers who will share their own experiences of attending Irish medium secondary education. A spokesperson for the organisers said; “Our children deserve the highest standard of education through the same language they have been educated in their primary years. “It is wrong that the gifts with which they leave our gaelscoils are not built upon when they go to secondary school. “Every year that goes by without a resolution is a disappointment to those who have lost out and a worry for parents of younger children. A viable option for establishing second level education is already on the table and, for the first time, has the support of all the schools and the majority of parents. “The meeting is not a platform for other agendas or for raking over the past; we have been distracted for long enough. “This is an opportunity for parents to put forward positive ideas on how we can move forward united together as a parent body and highlight this issue for the sake of our children.” The public meeting is open to all who want to see Irish Medium second level education restored in the city.
www.derryjournal.com
Ceiliúradh speisialta i nGaelscoil Longfoirt
Feabhra 12, 2014
Cúis mhór áthais agus bróid do Ghaelscoil Longfoirt cúig bhliain déag ar an bhfód a cheiliúradh leis an aoi speisialta,Seán-Óg Ó hAilpín. Ocáid den scoth a bhí ann Dé hAoine seo caite, 7 Feabhra le pobal uile na scoile. Thosaigh Gaelscoil Longfoirt le 20 scoláire i 1998 agus leis an bhfás agus forbairt le cúig bhliain déag tá 210 páiste ag treabhadh an ghoirt i nGaelscoil Longfoirt agus ag baint amach ardchaighdéan oideachais.
D’eagraigh Gaelscoileanna Teo. cruinniú poiblí cúig bhliain déag ó shin chun iarracht a dhéanamh na féidearthachtaí a bhain le bunú gaelscoile a fhiosrú. Cuireadh tús le feachtas tiomsaithe airgid agus feachtas ardú feasachta chun díriú ar dhaoine gur spéis leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí. Bunaíodh coiste bunaithe agus osclaíodh an chéad ghaelscoil i Longfort i Méan Fómhair na bliana sin! Ainmníodh Bord Bainistíochta agus roghnaíodh An Foras Pátrúnachta mar phátrún na scoile. Tá an scoil tar éis dul ó neart go neart ó céad osclaíodh í i Rae an Chalaidh nuair a thosaigh 20 Naíonáin Bheaga i nGaelscoil Longfoirt.
Ag labhairt dí ag an ocáid dúirt Yvonne Ní Mhurchú, Príomhoide Ghaelscoil Longfoirt: “Cuireann sé an-áthas orm mar Phríomhoide an dul chun cinn atá déanta ag an scoil a cheiliúradh. Gabhaim buíochas ó chroí leis na tuismitheoirí, leis an mbord bainistíochta, leis na múinteoirí, leis na daltaí agus le pobal uile na scoile as a ndíograis agus a dtacaíocht i gcónaí. Aithnímid chomh maith Cairde na Scoile (Cumann na dTuismitheoirí) a thacaigh le Gaelscoil Longfoirt ón gcéad lá agus a thugann tacaíocht leanúnach dúinn. Cabhraíonn a n-iarrachtaí tiomsaithe airgid agus tacaíocht le dul chun cinn na scoile. Is mór againn chomh maith tacaíocht agus díograis leanúnach an Bhoird Bainistíochta faoi stiúir Phádraig Ó Céileachair”.
De bharr fás agus forbairt Ghaelscoil Longfoirt bhí suíomh úr de dhíth agus i Deireadh Fómhair na bliana 2005 bhog an scoil go dtí suíomh nua. Táimid suite anois in aice le Cumann Lúthchléas Gael Flipeadóirí Longfoirt. Tá úsáid áiseanna an CLG againn agus gabhaimid buíochas ó chroí le Cumann Flipeadóirí Longfoirt agus le Irene agus a foireann FÁS a chuidíonn go rialta linn.
D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD i 2012 go mbeidh Gaelscoil Longfoirt mar chuid de thionscnaimh tógála scoile úr. Tá an Bord Bainistíochta i gcomhar leis an gComhairle Contae agus An Roinn Oideachais agus Scileanna ag obair go dian dícheallach chun an fógra sin a fhíorú.
Rinneadh ceiliúradh ar éachtaí agus imeachtaí seach-churaclaim Ghaelscoil Longfoirt le linn na hocáide ina n-áirítear Feadóg Stáin, Snámh, Ríomhairí, Cispheil, Peil agus Iománaíocht. Gabhadh buíochas ó chroí le Cumann Naomh Uinseann de Pól as a n-iarrachtaí leis an gClub Bricfeasta. Déanadh comhghairdeas le Gaelscoil Longfoirt as gnóthú an dá Bhrat Glas ag An Taisce.
Mar chuid den cheiliúradh, sheol Seán-Óg suíomh idirlín úr Ghaelscoil Longfoirt (www.gaelscoillongfoirt.ie) agus an Leathanach Facebook. Tá an suíomh nua lán le heolas do thuismitheoirí agus naisc eagsúla dóibh chomh maith. Cuireadh crann i nGairdín na Scoile chun an ocáid a cheiliúradh agus gearradh cáca ceiliúrtha mar chuid d’imeachtaí an lae. Bhain gach duine idir óg agus aosta an-taitneamh as soláistí i gClub Flipeadóirí Longfoirt ina dhiaidh. Míle comhghairdeas le pobal uile na scoile agus go mbeirmid beo ar an am seo arís!
Chun tuilleadh sonraí a fháil nó chin agallamh a shocrú dean teagmháil le do thoil le:
Yvonne Ní Mhurchú,
087-2642665
yvonnenimhurchu@gmail.com
www.gaelscoillongfoirt.ie
Príomhoide
Feabhra 12, 2014
Coláiste Ghlór na Mara – Iarbhunscoil nua a bheidh ag oscailt don chéad uair i Meán Fómhair 2014 le freastal ar mhór-cheantar Bhaile Brigín, Co Átha Cliath.
Uimhir Rolla : 68082L
Is mian leis an mBord Bainistíochta a fhógairt go bhfuil Príomhoide le ceapadh, a rachaidh i mbun dualgais ó 1 Aibreán 2014.
Iarbhunscoil, dheonach, ilchreidmheach, Lán-Ghaeilge do chailíní agus buachaillí is ea Coláiste Ghlór na Mara, atá faoi Iontaobhas Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna lánGhaeilge agus a bheidh ag oscailt don chéad uair mí Mheán Fómhair 2014.
Is feidir foirm iarratais a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig an gCathaoirleach ag pocolaisteghlornamara@gmail.com
Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe (ar pháipéar amháin) a sheoladh ar ais chuig:
Tim Ó Tuachaigh, Dollards Cottage, Drogheda Rd, Bremore, Baile Brigín, Co. Átha Cliath
roimh 5.00 in Déardaoin an 27 Feabhra 2014.
Is fostóir comhionannas deiseanna é Coláiste Ghlór na Mara.
Foilsithe ar Gaelport.com
Cúrsaí Samhraidh Ógras
Feabhra 11, 2014
Acmhainní nua ar fáil ó Rascal Resources
Feabhra 11, 2014
Is comhlacht nua Éireannach, é Rascal Resources Ltd, a dhearann cluichí oideachasúla do pháistí. Tá na cluichí seo deartha chun feabhas a chur le forbairt scileanna urlabhra agus teanga an pháiste. Tá ár chéad táirge, Pair the Square, le fáil anois ar ár suíomh idirlín www.rascalresources.com
Pair the Square Leibhéal 1: Early Noun Vocabulary
Seo táirge úr nuálach ina féadtar puzal nua a chruthú arís is arís eile! Tagann an táirge seo le rogha de 18 pictiúr ar an iomlán agus is féidir iad a mhalartú agus a bhogadh, chun leadrán agus foghlaim de ghlanmheabhair a mhaolú. Chomh maith leis sin, is féidir Rascal Resources© Pair the Square Vocabulary Packs a úsáid leis an táirge seo, ina féidir díriú ar catagóire éagsúla foclóra de réir mar a théann do pháiste chun cinn, agus mar sin ní gá táirge nua a cheannach gach uair! Éascaíonn an cluiche siamsúil idirghníomhach seo d’fhorbairt a dhéanamh ar thuiscint teanga an pháiste agus ar ábaltacht an pháiste chun treoracha a leanúint. Ina theannta sin, cuireann Pair the Square le scileanna áirithe cosúil le meaitseáil pictiúir, scileanna éisteachta agus forbairt foclóra.
Chomh maith le sin, beidh Pair the Square leibhéal 2 ar fáil in Aibreán 2014.
Pair the Square Leibhéal 2: Verbs
Is paca foclóra nua forlíontach é ‘Briathair’ a féidir úsáid leis an eangach ‘Pair the Square’ atá agat cheana. Tá an-spraoi le foghlaim teanga leis na pictiúir briathair daite seo, agus mar atá le ‘Pair the Square’ Leibhéal 1, is féidir na pictiúir a mhalartú agus a bhogadh le déanamh cinnte nach mbeidh an fhoghlaim leadránach nó de ghlanmheabhair! Éascaíonn an cluiche idirghníomhach seo d’fhorbairt a dhéanamh ar thuiscint teanga an pháiste, ar scileanna cosúil le meaitseáil pictiúir agus ar ábaltacht an pháiste chun treoracha a leanúint. Ina theannta sin, cuireann ‘Pair the Square Leibhéal 2 – Briathair’ le forbairt foclóra, le déanamh abairtí agus le scileanna tuairisc ar phictiúir. Tá x3 sleamhnán agus x18 tíl aonair
Glacadh go mór le Pair the Square mar tháirge a éascaíonn foghlaim na Gaeilge mar dara teanga. Is táirge den scoth é ‘Pair the Square’ do mhúinteoirí acmhainne chomh maith. Oibríonn an táirge seo go maith in obair grúpa fósta. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ár suíomh idirlín www.rascalresources.com nó seol ríomhphost chugainn ag info@rascalresources.com