Méid an Téacs

Rith ar son Gaelscoil Mhic Aodha!

Márta 20, 2014

Rith le GS Mhic Aodha

Buíochas as tacaíocht Sheachtain na Gaeilge

Márta 20, 2014

I ráiteas atá eisithe ag Conradh na Gaeilge gabhann siad buíochas le gach duine a raibh baint acu agus a ghlac páirt in imeachtaí Sheachtain na Gaeilge.

Dúirt siad go raibh siad an-sásta le clár na bliana seo den Fhéile agus go raibh buíochas ag dul do na céadta duine mórthimpeall chathair agus chontae na Gaillimhe a chuaigh i mbun imeachtaí a eagrú ina gceantar féin. Ghabh siad buíochas freisin lena heagraíochtaí agus na scoileanna ar fad a ghlac páirt sa tseachtain. “Is ar an gcomhoibriú agus ar an gcomhpháirtíocht seo atá todhchaí na Gaeilge ag brath” a deir an ráiteas. Bhí tábhacht faoi leith freisin, dar le Conradh na Gaeilge, leis an tacaíocht a fuarthas óna meáin chumarsáide. Gheall Conradh na Gaeilge go leanfaí leis an obair don chuid eile den bhliain ag forbairt úsáid na Gaeilge. Thug siad cuireadh d’aon ghrúpa gur spéis leo an Ghaeilge dul i dteagmháil leo in Áras na nGael, 45 Sr. Doiminic, 091 567824, conradh@bradan.iol.ie

www.advertiser.ie/galway

 

Cú Chulainn i 3D

Márta 19, 2014

Ar an 23 Eanáir i bPáirc an Chrócaigh, sheol Micheál Ó Muircheartaigh go hoifigiúil an cluiche ‘In Cú Chulainn’s Footsteps’ – cluiche nua ríomhaireachta atá ina áis nuálaíoch deartha chun daoine óga a mhealladh i dtreo na foghlama agus a bhfuil sé mar aidhm aige an teanga agus an cultúr a chur chun cinn ag an am céanna. Dhear agus chruthaigh an comhlacht Éireannach Duineacu an cluiche ríomhaireachta.

Feiceann muid sa chluiche, cluiche ina bhfuil an iomáint lárnach, an príomhcharactar ag taisteal ar oileán draíochta, ag tabhairt faoi phuzail agus thomhais de réir mar a théann sé thart. Casann sé ar áiteanna cáiliúla chomh maith le daoine mór le rá i saol an cheoil, na lítríochta, an spóirt agus an bhéaloidis mar chuid dá chuid tascanna.

Is eachtra 3D é an cluiche seo ina n-úsáidtear cliceanna luchóige nó buillí ar an scáileán agus tá leagan ar fáil do scoileanna atá inleasaithe ag brath ar riachtanais mhúinteoirí.

Sa chluiche tá Micheál Ó Muircheartaigh, Clannad, Kíla agus Sharon Shannon agus daoine eile nach iad.

Dúirt Francisco Blásquez, úinéir an chomhlachta, ag an seoladh: “tá muid iontach sásta go raibh Micheál Ó Muircheartaigh in ann an cluiche seo ‘In Cú Chulainn’s Footsteps’ a sheoladh dúinn inniu i bPáirc an Chrócaigh. Tá muid iontach buíoch de na daoine ar fad a thug cuidiú dúinn le linn an tionscadail agus tá an-áthas orainn go bhfuil cuid mhaith de na daoine sin i láthair inniu. Tá muid iontach bródúil as an chluiche agus tá muid ag súil go mór go mbeidh ráchairt air sna scoileanna agus i measc daoine óga chomh maith”.

Ag labhairt ar son Fhoras na Gaeilge, dúirt an Príomhfheidhmeannach, Ferdie Mac an Fhailigh “tá cluichí den chineál seo iontach tábhachtach do chur chun cinn na Gaeilge i measc an aos óig agus leis an ghné oideachasúil de beidh luach ar leith leis i suíomh na scoile agus do dhaoine óga sa bhaile. Níl aon dabht agam go cuirfidh sé go mór le sealbhú na Gaeilge ag daltaí. Toisc gur féidir an teanga a athrú nó leibhéal teanga a chur in óiriúint d’aois na bpáistí agus gur féidir ábhar an chluiche a chur in óiriúint chomh maith, beidh sé iontach úsáideach ag múinteoirí le haghaidh réimse leathan ábhar’.

‘Cuireann sé gliondar orm an Ghaeilge agus na gnéithe eile dár n-oidhreacht shaibhir a fheiceáil i gcroílár an tionscadail iontach seo” a dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Liam Ó Néill.

“Mar mhúinteoir scoile tuigim go rí-mhaith na buntáistí a bhaineann le háiseanna nuálaíocha nó nua-aimseartha mar seo nuair a bhaintear úsáid astu ar an mbealach ceart’.

“Tréaslaím le gach duine atá bainteach leis an tionscadal seo agus guím gach rath air. Gabhaim comhghairdeas le Francisco agus táim iontach tógtha leis an tsuim agus leis an bpaisean atá aige don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach ach go háirithe lena chúlra Spáinneach”
Is comhlacht Éireannach é Duineacu atá lonnaithe i gCondae na Mí a chuireann sraith de sheirbhísí teicneolaíochta agus seirbhísí idirghníomhach/oideachais agus cluiche ar fáil.

Bunaiodh Duineacu in 2012 chun cluichí agus tionscadail mar seo a fhorbairt – ICF mar thionscadal tosaigh. Tá cúlra ag an chomhlacht i bhforbairt cluichí ríomhaireachta sa Spáinn agus tá stair rathúil acu.

Sa bhliain 2005 d’éirigh leo VCS a chruthú, teicneolaíocht a ligeann do dhaoine a bhfuil deacrachtaí radharc na súil bogadh thart ar thimpeallachtaí 3D.

Bunaithe ar an teicneolaíocht seo d’éirigh leo cluiche 3D a fhorbairt, a rinneadh i 5 teanga, le comhoibriú ó dhaoine mór le rá sa Spáinn.

Thacaigh ONCE, eagraíocht mór do na Daill sa Spáinn, leis an chluiche . Chruthaigh siad cluiche eile d’arb ainm Piopa chun bulaíocht a aithint i scoileanna. Glacadh go fonnmhar leis an réamhléiriú don chluiche seo.

Ina dhiaidh seo shocraigh an comhlacht cluiche nua a fhorbairt a bhí bunaithe ar mhiotaseolaíocht na hÉireann agus dhírigh siad ar Chú Chulainn mar cheann de na tagairtí is mó agus is tábhachtaí sa mhiotaseolaíocht. Tháinig bunaitheoirí an chomhlachta go hÉireann i 2009 chun tús a chur leis an tionscadal atá á sheoladh inniu.

Ainm teagmhála – Francisco Blásquez – 086 7878909

Suíomh – www.duineacu.com

Guíonn Gaelchultúr beannachtaí na Féile Pádraig ort

Márta 19, 2014

Rinneadh ceiliúradh ar chultúr na hÉireann ar fud na cruinne inné. Teastaíonn uainne anseo i nGaelchultúr go leanfadh an ceiliúradh sin ar aghaidh, mar sin idir seo agus 5pm Dé hAoine, 21 Márta, is féidir clárú le haghaidh ceann ar bith de na cúrsaí seo a leanas ar ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com, ar leathphraghas:

Gaeilge gan Stró! – Beginners Level (3 mhí: €22.50, 6 mhí: €40, 12 mhí:  €74.50)
Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level (3 mhí: €22.50, 6 mhí: €40, 12 mhí: €74.50)
Gramadach gan Stró (3 mhí: €22.50, 6 mhí: €40, 12 mhí: €74.50)

Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr
Comhairleacht & oiliúint Ghaeilge|Irish language consultancy & training
www.gaelchultur.com | www.ranganna.com | www.siopa.ie 
+353 (1) 484 5220 | 1890 252 900 | eolas@gaelchultur.com

Gairm ar Iarratais

Márta 19, 2014

Tá eolas thíos faoin ngairm ar iarratais do Theagascóirí Gaeilge 2014-15, a fógraíodh ar an 3ú Márta.

Cuireann Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada na dámhachtainí seo ar fáil chun tacú le teagasc na Gaeilge in ollscoileanna áirithe i gCeanada, le maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Is é príomhaidhm an chláir seo ná tacú le fás agus forbairt na Gaeilge i gCeanada. Cuirtear teagascóirí ar fáil chun an Ghaeilge a mhúineadh taobh istigh den ollscoil, agus chun cuidiú le dul chun cinn na teanga i mbéal an phobail.

Is mian leis an bhFondúireacht Teagascóirí Gaeilge a cheapadh don tréimhse naoi mí, Meán Fómhair 2014 – Bealtaine 2015.

Tabharfar deis do mhúinteoirí reatha barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna múinteoireachta agus cur lena n-eolas faoi shochaí agus faoi chultúr Cheanada ionas gur féidir leo tarraingt orthu tar éis dóibh filleadh ar Éirinn.

Tá tuilleadh eolais faoi na dámhachtainí, faoi na téarmaí agus coinníollacha, agus foirmeacha iarratais ar fáil ag www.icuf.ie/clar-gaeilge/teagascoiri.

Is é 5 i.n. Dé hAoine, 28 Márta 2014 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

Le gach dea-ghuí,

James Kelly
Príomhoifigeach Feidhmiúcháin
www.icuf.ie
@ICUF_awards

Aoife Elster ceaptha ina príomhoide ar Choláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín

Márta 19, 2014

Guíonn Gaelscoileanna Teo. gach rath ar Aoife lena ról nua! Tá tuilleadh eolais maidir leis an scoil ar fáil anseo.

Aoife Elster

Imní ar iriseoirí RTÉ faoi ‘easpa clúdaigh’

Márta 19, 2014

Tá nach mór 50 ball foirne in RTÉ tar éis scríobh chuig ardstiúrthóir an chraoltóra phoiblí lena n-imní a chur in iúl dó faoin “easpa clúdaigh” ar chláracha Béarla ar mhórscéalta nuachta a bhaineann leis an nGaeilge.

Tagraítear go sonrach sa chomhfhreagras don chlúdach a rinne cláracha nuachta agus cúrsaí reatha Béarla ar éirí as an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ag deireadh na bliana seo caite.
Mír 30 soicind le RVO (Reader Voice Over) a bhí ar an bpríomhchlár nuachta Béarla faoi fhógra Uí Chuirreáin go raibh sé ag éirí as mar gheall ar neamhshuim an státchórais i gcearta teanga agus teip an Rialtais reachtaíocht teanga a chur i bhfeidhm.

Ba é Ó Cuirreáin an chéad Ombudsman riamh a d’éirigh as oifig mar agóid i gcoinne pholasaí Stáit. Bhí clúdach níos cuimsithí tuillte ag an scéal, dar le lucht sínithe na litreach a seoladh chuig Ardstiúrthóir RTÉ, Noel Curran: “Dá n-éireodh Coimisinéir Teanga na Breataine Bige as oifig ar na cúiseanna céanna, is deacair a shamhlú go ndéanfadh seirbhís nuachta Béarla BBC Wales neamhaird den scéal. “Dá n-éireodh an tOmbudsman, Ombudsman na Leanaí nó ball de Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána as oifig ar na cúiseanna céanna, an ndéanfadh RTE News neamhaird den scéal?”

Tugtar dhá shampla eile sa litir, atá feicithe ag Bileog, de scéalta a bhain leis an nGaeilge nár tugadh an oiread sin airde orthu ar chláracha nuachta agus cúrsaí reatha Béarla RTÉ. Cé go raibh tuairisc ar RTÉ News faoi mhórshiúl “Lá Mór na Gaeilge” ar RTÉ an mhí seo caite “níor dearnadh aon anailís i gcláir chúrsaí reatha Béarla RTÉ News ar na cúiseanna a bhí leis an agóid”. Luaitear sa litir chomh maith an easpa clúdaigh a deineadh ar an athstruchtúrú a rinne Foras na Gaeilge ar na heagraíochtaí Gaeilge le déanaí, beartas a raibh tionchar aige “ar ghréasáin agus ar ghrúpaí pobail i ngach contae”. Bhí tuairiscí faoin scéal seo ar BBC Northern Ireland agus ar na meáin náisiúnta eile, a deirtear. Deirtear sa litir, atá sínithe ag craoltóirí, iriseoirí agus léiritheoirí: “Mar chomhghleacaithe, is go macánta agus le dea-chroí atá muid ag díriú aird ar an gclaonadh seo neamhaird a dhéanamh de scéalta a bhaineann le Gaeilge sa tuairisciú a dhéanann seirbhísí chúrsaí reatha Béarla RTÉ. “Mar chraoltóir náisiúnta a bhfuil dualgas seirbhíse poiblí orainn, measaimid gur fiú aird a tharraingt ar an gceist seo.

“Fáiltíonn muid roimh fhoilsiú thuairisc ghrúpa oibre RTÉ faoin nGaeilge agus tugaimid faoi deara gur léiríodh an imní chéanna atá orainne i go leor de na haighneachtaí don ghrúpa oibre.” Dúirt urlabhraí ó RTÉ go raibh ábhar na litreach fós á bhreithniú ag an ardstiúrthóir agus thagair sí don bhfáilte a chuir Noel Curran le déanaí roimh na moltaí a rinne Grúpa Oibre Gaeilge RTÉ le déanaí maidir le feabhas a chur ar sholáthar Gaeilge an chraoltóra.

www.irishtimes.com

Club Óige Rann na Feirste ag ceiliúradh na Gaeilge

Márta 19, 2014

Bhí Club Óige Rann na Feirste ag ceiliúradh ‘Féile Dheireadh Seachtaine na Gaeilge’ ar na mallaibh le béim mhór ar an chultúr agus ar an teanga.

Bhí a lán imeachtaí ar siúl ó chomórtas ealaíne agus comórtas dántaí go neart siamsaíochta idir cheol, dhrámaíocht, scéalaíocht agus dhamhsa.

Déanann an club freastal ar pháistí idir ocht mbliana d’aois agus trí bliana déag agus bíonn sé ar siúl achan Aoine agus meascán d’áiseanna agus imeachtaí ar fáil dóibh idir spórt, ealaín, dhrámaíocht agus eile.

Tá sár-obair bainte amach ag an choiste le deich mbliana anuas agus iad chomh gníomhach ag cothú chultúr agus thraidisiúin an bhaile i measc an aosa óig, mar is a dúirt Brídanna Ní Bhaoill, “is í an óige an mhuintir a thabharfaidh ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile é”.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie.

Traenáil um Chosaint Leanaí FNT – SPÁSANNA TEORANTA!

Márta 18, 2014

TABHAIR D’AIRE: CÚRSA SAN ÓSTÁN CROWNE PLAZA, BAILE BHLAINSÉIR, 5 AIBREÁN LÁN ANOIS!

SPÁSANNA TEORANTA AR NA CÚRSAÍ EILE – CLÁRAIGH ANOIS!!!

Tá cúrsa oiliúna nua um chosaint leanaí atá caighdeánaithe, a bheidh á reáchtáil ag Forbairt Naíonraí Teoranta ó mhí Aibreán 2014 ar aghaidh.

An chéad leibhéal oiliúna a chuirfear ar fáil is ea Cosaint & Leas Leanaí: Bunleibhéal. Is cúrsa oiliúna um chosaint leanaí ar cháilíocht dhearbhaithe é seo atá curtha in oiriúint d’earnáil na Luathbhlianta.

Oiriúnaithe ó “Tús Áite do Leanaí”, 3.3:

Teagmhálaithe Ainmnithe (Designated Liaison Persons) chun faillí nó drochúsáid a thuairisciú

Ní mór do gach Naíonra:

(i) Duine faoi leith a ainmniú le bheith ina t(h)eagmhálaí le gníomhaireachtaí eile agus le cabhrú le baill foirne nó oibrithe deonacha a bhfuil ábhar imní acu faoi chosaint leanaí

(ii) Beidh an teagmhálaí ainmnithe freagrach as a chinntiú go leantar nós imeachta tuairiscithe caighdeánach

(iii) Ba chóir don teagmhalaí ainmnithe a chinntiú go bhfuil cur amach acu ar chosaint leanaí agus ní mór dó nó di aon oiliúnt a fháil a mheastar a bheith riachtanach chun iad a choinneáil ar an eolas maidir le forbairtí nua.

Faoi láthair tá forbairt á déanamh ar Oiliúint um Theagmhálaí Ainmnithe agus acmhainn eolais ar líne do mhic léinn cúram leanaí.

Tá sé ríbthábhachtach mar sin go mbeidh Teagmhálaí Ainmnithe gach naíonra ag tabhairt faoin “Traenáil um Chosaint Leanaí” a bheidh á reáchtáil ag FNT.

Dá bharr, beidh spásanna teoranta ar na cúrsaí seo agus muid ag iarraidh tús áite a thabhairt do theagmhálaithe ainmnithe na naíonraí. Beidh deiseanna ann do gach stiúrthóir tabhairt faoin traenáil um chosaint leanaí i ndiaidh sin.

Ceanglaím cóip den Fhéilire Oiliúna 2014 – Traenáil um Chosaint Leanaí, mar aon le cóip den fhoirm iarratais ag bun an leathanaigh.

Má tá ceist ar bith agat maidir leis an traenáil um chosaint leanaí, déan teagmháil le Laura ar laura@naionrai.ie nó 01-8535198.

Póstaer Cosaint Leanaí 2014

Foirm Iarratais Cosaint Leanaí 2014

Dianchúrsa FNT

Márta 18, 2014

AN CHÁILÍOCHT STIÚRTHÓRA 2014

CORCAIGH

13/14 Meitheamh 2014: Scrúduithe TEG B2 – Gael-Taca, 22 Port Uí Shúilleabháin, Corcaigh.

18-21 Lúnasa 2014: Dianchúrsa FNT – Naíonra Thomáis Daibhís, Ionad Spóirt C.L.G., Carraig Dhúin, Mala, Co. Chorcaí.

Spriocdháta le hiarratas a dhéanamh ar an gcúrsa: 1 Bealtaine 2014

Tabhair d’aire: Ní glacfaidh FNT le hiarratas ar Dhianchúrsa FNT i ndiaidh na spriocdhátaí thuasluaite.

Táille an Dianchúrsa

Beidh táille an Dianchúrsa ag ardú ó €100 go dtí €160 ón scoilbhliain nua 2013-14 ar aghaidh. Clúdaíonn an táille nua an costas a bhaineann leis an Scrúdú Cainte (Teastas Eorpach na Gaeilge – Leibhéal B2).

Nóta faoi Dhianchúrsa FNT:

Is cúrsa riachtanach é an Dianchúrsa dóibh siúd atá ag iarraidh feidhmiú mar Stiúrthóir Naíonra, le tuiscint chuimsitheach a thabhairt dóibh ar an luath-thumadh iomlán, tábhacht an tsúgartha agus an tábhacht a bhaineann le scéim ardchaighdeán sa Naíonra. Cuirtear Dianchúrsaí ar siúl in áiteanna éagsúla timpeall na tíre, ag brath ar éileamh.

Tá ceithre chuid ag baint leis an Dianchúrsa:

Scrúdú Cainte (Teastas Eorpach na Gaeilge – Leibhéal B2) www.teg.ie/pdf/B2_s.pdf – Agallóirí ó Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Co. Chill Dara.

Reachtáiltear na scrúdaithe cainte timpeall na tíre ag brath ar éileamh¹.

Cén tábhacht a bhaineann le scrúduithe TEG?

Is é TEG an chéad chóras teastasaithe d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge a bhfuil baint aige le córas scrúduithe ALTE/Comhairle na hEorpa. Tá forbairt déanta ar a leithéid de chóras le haghaidh fhormhór na dteangacha eile san Eoraip cheana. Tá leibhéil éagsúla teg bunaithe ar An Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do na Teangacha: Foghlaim, Teagasc agus Measúnú (Comhairle na hEorpa, 2001). Cabhraíonn an córas seo leis na foghlaimeoirí a gcuid staidéir a phleanáil agus aitheantas a fháil as an dul chun cinn atá déanta acu. Buntáiste eile a bhaineann leis an chóras seo ná go dtugann sé cruthúnas d’fhostóirí maidir le cumas teanga agus iad ag roghnú iarrthóirí do phoist nó d’ardú céime. Tá tábhacht faoi leith leis seo ó tháinig forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) i bhfeidhm. Tá Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ina bhall de ALTE (Association of Language Testers in Europe) a dhéanann monatóireacht ar ábhar agus ar chaighdeán scrúduithe TEG.

Tá aitheantas oifigiúil faighte ag Ionad na dTeangacha, OÉ Má Nuad ón Roinn Oideachais agus Scileanna do Leibhéal B2 Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Ciallaíonn sé seo go sásaíonn TEG Leibhéal B2 na critéir iontrála do chúrsaí fochéime agus iarchéime san Oideachas sna coláistí oideachais.

Neamhchosúil leis an siollabas agus an scrúdú Ardteistiméireachta, tá siollabais agus scrúduithe TEG dírithe ar an bhfoghlaimeoir fásta, rud a chuireann go mór leis an taithí foghlama.

Dianchúrsa – Cúrsa seachtaine de cheardlanna agus de léachtaí².

Taithí oibre seachtaine (5 lá) i Naíonra aontaithe le FNT³.

Tuairisc Oibre – Léiríonn seo go bhfuil tuiscint chuimsitheach ag an té a bhfuil i gceist aige/aici bheith ag obair i Naíonra agus gur féidir leis/léi na scileanna agus na cleachtais ón gcúrsa seachtaine a chur i bhfeidhm sa Naíonra. Nuair a chríochnaítear an Tuairisc Oibre go sásúil, beidh an t-iarratasóir cáilithe mar Stiúrthóir Naíonra.

Níl an cúrsa seo creidiúnaithe.

SÉANADH: MURA N-ÉIRÍONN LEIS AN IARRATASÓIR SPÁS A FHÁIL AR AN GCÚRSA MAR THORADH AR SCRÚDÚ CAINTE TEG, BEIDH SÉ/SÍ I DTEIDEAL AISÍOCAÍOCHT DE €90 AR THÁILLE AN DIANCHÚRSA (NEAMH-IN-AISÍOCTHA=€60 COSTAS TEG + €10 COSTAS RIARACHÁIN FNT).

¹Ceisteanna coitianta maidir le TEG www.teg.ie/gaeilge/ceisteanna.htm.

²Clúdaítear raon leathan ábhar gur féidir úsáid sa Naíonra leis na páistí, agus leis an Naíonra a rith go laethúil. Is iad na daoine a thugann na ceardlanna ná saineolaithe na hearnála, iar-Stiúrthóirí Naíonraí agus Stiúrthóirí reatha, i measc daoine eile. Bíonn deis ag rannpháirtithe ar an gcúrsa páirt ghníomhach a ghlacadh i gcuid de na ceardlanna mar Ceol agus Gluaiseacht agus Puipéid agus Scéalaíocht. Tugtar cuairt ar Naíonra chomh maith le comhthéacs a fháil ar an méid a phléitear ar an gcúrsa. Tá sampla den chlár ama ar fáil ag bun an leathanaigh.

³Naíonra atá ag feidhmiú le PríomhStiúrthóir le taithí trí bliana nó níos mó agus Dianchúrsa FNT déanta ina iomláine ag an bPríomhStiúrthóir. Beidh cead ag na hÁbhair Stiúrthóirí an taithí oibre a dhéanamh ina Naíonra féin más rud é go gcomhlíonann an Naíonra na coinníollacha a bhaineann leis an taithí oibre thuas luaite.

foirm_iarratais_corcaigh_lunasa_2014_dianchursai.pdf
dianchursa_corcaigh_lunasa_2014.pdf

« Previous PageNext Page »