Folúntas: Gaelscoil Eois, Muineachán
Lúnasa 11, 2015
Cúntóir riachtanas speisialta páirt-aimseartha de dhíth i nGaelscoil Eois, Muineachán.
Tuilleadh sonraí ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/22916/
Plé ar éileamah méadaithe na scoileanna lán-Ghaeilge ar chlár Today with Seán O’ Rourke
Lúnasa 11, 2015
Phlé Clare ó Gaelscoileanna Teo. an t-éileamh méadaithe ar scoileanna lán-Ghaeilge ar Today with Seán O’ Rourke, RTÉ Radio. Is féidir éisteacht leis an gclár thíos!
Clare from Gaelscoileanna Teo. discussed the increasing demand for Irish-medium education on Today with Seán O’ Rourke, RTÉ Radio 1. The show is available on the link below!
Folúntas: Stiúrthóir Naíonra i gCluain Dolcáin
Lúnasa 11, 2015
Tá stiúrthóir ag teastail ó Naíonra Montessori Chluain Dolcáin.
Páirtaimseartha
3 lá sa tseachtain
8.30 -3.30
Tá cumas maith Gaeilge riachtanach don phost.
Leibhéal 7 nó níos airde
Dean teagmháil le louisegaffney3105@hotmail.com
Litir iarratais agus cv le seoladh faoin Áoine 21 Lúnasa 2015
Folúntas: Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath
Lúnasa 11, 2015
Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/15185/
Oideachas lán-Ghaeilge á phlé ar RTÉ1
Lúnasa 10, 2015
Beidh an t-éileamh méadaithe ar scoileanna lán-Ghaeilge á phlé le Clare ó Gaelscoileanna Teo. ar Today with Seán O’ Rourke, RTÉ Radio 1, 10r.n., Máirt 11 Lúnasa. Bígí ag éisteacht!
Tacaíocht mhéadaithe léirithe ag an bPobal i leith na Gaeilge sa Chóras Oideachais de réir Tuairisc nua ón ITES
Lúnasa 7, 2015
Fáiltíonn Gaelscoileanna Teo. roimh fhoilsiú ‘Dearcadh an Phobail i leith na Gaeilge’, tuarascáil taighde uile-oileáin, foilsithe ag an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta agus coimisiúnaithe ag Foras na Gaeilge. Tá an tuarascáil bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh mar chuid de dhá shuirbhé uile-oileáin a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge i 2001 agus arís i 2013. Léiríonn na torthaí taighde go bhfuil dearcadh dearfach ag an bpobal i leith na teanga, agus go bhfuil tacaíocht leanúnach láidir ann don Ghaeilge.
Éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge
Léiríonn na torthaí taighde go bhfuil méadú suntasach tagtha ar thacaíocht an phobail don oideachas lán-Ghaeilge. Dúirt 23% dóibh siúd a ceistíodh go gcuirfidís a gcuid páistí chuig bunscoil lán-Ghaeilge dá mbeadh a leithéid cóngarach don bhaile. 13% a dúirt go mbeadh éileamh acu ar a leithéid i 2001. Roghnódh 18% iarbhunscoil lán-Ghaeilge dá mbeadh an deis ann, méadú mór ón 8% a léirigh an rogha céanna i 2001.
“Tá na torthaí seo ag teacht go hiomlán leis an ró-éileamh a fheiceann Gaelscoileanna Teo. ar na scoileanna lán-Ghaeilge” a deir Cathnia Ó Muircheartaigh, Uachtarán Gaelscoileanna Teo. “Tá 30% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge nach bhfuil in ann freastal ar éileamh agus diúltaíodh áiteanna iontu do bhreis agus 1500 páiste anuraidh” a deir sé.
Tacaíocht an phobail do scoileanna lán-Ghaeilge
Cé go bhfuil líon na ndaoine a roghnódh oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí sa mhionlach, léirigh torthaí taighde an ITES gur aontaigh 72% dóibh siúd a ceistíodh gur chóir don rialtas scoileanna lán-Ghaeilge a chur ar fáil áit ar bith is mian leis an bpobal iad. “Tá níos lú ná 10% de scoileanna na tíre seo ina scoileanna lán-Ghaeilge” a dúirt Ó Muircheartaigh. “Go minic ní bhíonn rochtain ag tuismitheoirí ar scoil lán-Ghaeilge toisc nach bhfuil ceann in achar réasúnta taistil, nó toisc go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge sa cheantar lán. Ainneoin seo, tá sé fíor-dheacair scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú toisc critéir na Roinne Oideachais & Scileanna maidir le soláthar nua. Is gá don Stáit aghaidh a thabhairt ar an mbearna seo idir soláthar agus éileamh, agus freastal a dhéanamh ar mhianta tuistí agus cearta a gcuid páistí”.
Tá próiseas ar bun faoi láthair ag an Roinn Oideachais & Scileanna le pátrúnacht bunscoileanna nua a aithint. Déanfar iarratais ar 2 bhunscoil lán-Ghaeilge a oscailt i 2016, ceann i dtuaisceart agus ceann eile i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Tá iarratais cheana féin faoi bhráid na Roinne Oideachais & Scileanna maidir le 5 iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua. “Dá gceadófaí oscailt na scoileanna seo, laghdódh sé an brú ar an earnáil agus thabharfadh sé deis do ghlúin eile buntáiste breise na Gaeilge a bheith leo ina saoil” arsa Ó Muircheartaigh. “Tá fianaise ann anois go bhfuil tacaíocht an phobail ann dóibh, ach is gá go mbeadh tacaíocht cuí ann don chóras ón Stáit chomh maith.”
Tá taighde iomlán an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta le fail anseo:
Dearcadh an Phobail – Achoimre Gaeilge
Folúntas: Gaelscoil Thulach na N-Óg, Co na Mí
Lúnasa 7, 2015
Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/22832/
Éagsúlachtaí in úsáid na teanga ó thuaidh agus ó dheas nochta
Lúnasa 7, 2015
Bród seachas torthaí scrúdaithe a spreagann foghlaimeoirí Gaeilge ó thuaidh
Lúnasa 7, 2015
Scéal ar fad ar fáíl ag: www.irishexaminer.com
67% ó dheas agus 45% ó thuaidh dearfad i leith na Gaeilge
Lúnasa 7, 2015
Scéal iomlán ar: www.rte.ie