Na scoileanna dara leibhéal ‘is fearr’ sa Ghaeltacht
Meán Fómhair 1, 2015
Tá léargas ar na hiar-bhunscoileanna ‘is fearr’ atá lonnaithe sa Ghaeltacht curtha le chéile ag Tuairisc.ie ó thaighde náisiúnta a rinne an nuachtán The Sunday Times.
Coláiste Íde, coláiste cónaithe do chailíní sa Daingean i gContae Chiarraí, atá ar bharr an liosta. 130 dalta atá ag freastal ar an gcoláiste agus chuaigh 83.7% de dhaltaí ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal.
Bunaíodh na staitisticí ar eolas a bailíodh faoi líon na ndaltaí i scoileanna uile na tíre a chuaigh chun cinn go dtí príomhinstitiúidí tríú leibhéal na tíre, ach is iad na daltaí a chuaigh chuig na hollscoileanna amháin a húsaideadh leis an ord fiúntais a shocrú.
Bhí idir ardú agus ísliú le sonrú ar an liosta i measc na scoileanna Gaeltachta. Thit scoileanna áirithe síos chomh fada le 59 áit ón mbliain seo caite ach ba mhó i bhfad an fás ar scoileanna eile.
Is í Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua i gConamara an scoil Ghaeltachta is mó fás ón mbliain seo caite. Ní raibh an scoil ar liosta na bliana seo caite den cheithre chéad scoil ‘is fearr’ ach léim sé go dtí 168 ar an liosta náisiúnta agus 9 ar liosta na scoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht.
Dúirt príomhoide na scoile, Seán Mac Donncha, le Tuairisc.ie go raibh na céatadáin de scoláirí a bhí ag dul ar aghaidh chuig an tríú leibhéal ag feabhsú i gcónaí.
“Ní rud mór linne na táblaí sin. Is dóigh go mbíonn daoine ag breathnú orthu; tá ag éirí go maith linn agus is maith an rud é go bhfuil sé sin á léiriú sna táblaí” a dúirt sé.
Tháinig méadú suntasach freisin ar líon na ndaltaí a chuaigh ar aghaidh chuig an tríú leibhéal as Pobalscoil Ghaoth Dobhair. Léim siad ó 247 go dtí 134 ar an liosta náisiúnta. Sin ardú 113 áit. Dúirt príomhoide na scoile, Noel Ó Gallchóir, ar a lá deireanach i mbun an chúraim sin gur chuir an scéala “lúcháir mhór” air.
Scoileanna lonnaithe sa Ghaeltacht
Is éard atá i gceist le ‘céatadán ar an tríú leibhéal’ sa tábla thuas ná meánlíon na ndaltaí ón scoil a chláraigh le hinstitiúid tríú leibhéal le linn na mblianta acadúla 2012-13, 2013-14 agus 2014-15.
Áirítear leis sin daltaí a cláraigh le ceann acu seo: na seacht n-ollscoil i bPoblacht na hÉireann; na coláistí oiliúna sa Phoblacht; an RSCI nó an NCAD; cúrsa lánaimseartha fochéime in institiúidí tríú leibhéal i dTuaisceart Éireann; nó aon choláiste tríú leibhéal eile atá á mhaoiniú ag an Stát. Fágadh cúrsaí príobháideacha ar lár.
Ní gá gurb ionann scoil atá lonnaithe sa Ghaeltacht agus scoil atá ag teagasc trí mheán na Gaeilge sa tábla seo. Is í an t-iriseoir Kate Butler a bhailigh na staitisticí ar fad don Sunday Times.
Na Gaelcholáistí ‘is fearr’ sa Stát
Meán Fómhair 1, 2015
Ní hamháin go bhfuil Coláiste Chnoc na Labhras ar an nGaelcholáiste ‘is fearr’ sa tír ach tá sé ar an scoil dara leibhéal ‘is fearr’ sa tír in aon teanga, dar le staitisticí atá foilsithe ag an nuachtán The Sunday Times. Don dara bliain as a chéile, tá a áit coinnithe ag an gcoláiste lán-Ghaeilge ar bharr an liosta.
Bhí Gaelcholáiste ar bharr an liosta i ngach aon chúige freisin; Coláiste Íosagáin i gCúige Laighean, Coláiste na Coiribe i gCúige Chonnacht agus Coláiste Oiriall i gCúige Uladh (taobh amuigh de scoileanna Thuaisceart Éireann). B’amhlaidh an scéal ar liosta na bliana seo caite ach amháin go raibh Coláiste Ailigh, Gaelcholáiste eile, i gContae Dhún na nGall ar bharr liosta Uladh.
Tá scagadh déanta ag Tuairisc.ie agus liosta de na 20 Gaelcholáiste is fearr sa tír curtha i dtoll a chéile bunaithe ar an eolas a bhailigh an t-iriseoir, Kate Butler, don Sunday Times.
Tá scaipeadh leathan ar na Gaelcholáistí ‘is fearr’ sa Stát, ó Dhún na nGall go Loch Garman agus ó Mhuineachán go Ciarraí.
Bunaíodh na staitisticí ar eolas a bailíodh faoi líon na ndaltaí i scoileanna uile na tíre a chuaigh chun cinn go dtí príomhinstitiúidí tríú leibhéal na tíre, ach is iad na daltaí a chuaigh chuig na hollscoileanna amháin a húsaideadh leis an ord fiúntais a shocrú.
Shleamhnaigh aon cheann déag de na scoileanna lán-Ghaeilge ón áit a raibh siad ar liosta na bliana seo caite – cuid acu os cionn ceathracha áit síos. Tháinig ardú ar naoi scoil – léim Coláiste an Eachréidh, atá ag 19 ar liosta na scoileanna lán-Ghaeilge, ó 244 ar an liosta náisiúnta sa bhliain 2014 go dtí 165 ar liosta na bliana seo.
Is éard atá i gceist le ‘céatadán ar an tríú leibhéal’ sa tábla thuas ná meánlíon na ndaltaí ón scoil a chláraigh le hinstitiúid tríú leibhéal le linn na mblianta acadúla 2012-13, 2013-14 agus 2014-15.
Áirítear leis sin daltaí a chláraigh le ceann acu seo: na seacht n-ollscoil i bPoblacht na hÉireann; na coláistí oiliúna sa Phoblacht; an RSCI nó an NCAD; cúrsa lánaimseartha fochéime in institiúidí tríú leibhéal i dTuaisceart Éireann; nó aon choláiste tríú leibhéal eile atá á mhaoiniú ag an Stát. Fágadh cúrsaí príobháideacha ar lár.
Foilsíodh tuairisc ar na hiar-bhunscoileanna ‘is fearr’ sa Ghaeltacht ar Tuairisc.ie inné.
Físeán: Gaelcholáiste nua lonnaithe i gCaisleán Dhún Geimhin
Meán Fómhair 1, 2015
Físeán den chéad lá sa Gaelcholáiste nua i nDoire:
http://www.derryjournal.com/news/dungiven-castle-home-to-irish-school-1-6932508
Beagnach 100 gníomh ar son na Gaeilge i bplean RTÉ
Meán Fómhair 1, 2015
Tá chóir a bheith céad gníomh éagsúla bainteach le cur chun cinn na Gaeilge curtha ag RTÉ rompu féin ina bplean teanga, a seoladh ar maidin i gColáiste na Tríonóide.
I measc na ngníomh atá luaite sa phlean nua, déanfar tráchtaireacht i nGaeilge ar chluichí ceannais Chraobh na hÉireann ag tosú ón Domhnach seo. Scrúdófar féidearthachtaí do sheirbhís nua raidió Ghaeilge do dhaoine óga fosta. Cuirfear tús le feasacháin nuachta dátheangacha ar RTÉ 2fm agus déanfar úsáid na teanga a threisiú i bhfeasacháin teilifíse, leanúnachais agus aimsire.
Tá sé ráite sa phlean go mbunófar Ionad Barr Feabhais i gcomhpháirt le hOllscoil na hÉireann Gaillimh le hoiliúint a chur ar fáil sna meáin chumarsáide Ghaeilge agus go gcuirfear ábhar digiteach ar fáil d’fhoghlaimeoirí Gaeilge ar líne.
Ba é príomhstiúrthóir RTÉ, Noel Curran, a sheol an plean gníomhaíochta straitéiseach 2015-2019 agus plean teanga na seirbhíse i gcuideachta an Taoisigh Enda Kenny inniu.
“Tá muid ag gealladh go gcuirfear an Ghaeilge i gceartlár na hoibre, go ndéanfar gnáthrud den Ghaeilge in ábhar cláir agus le linn imeachtaí agus go leathnófar dá húsáid ar fud na meán digiteach agus na meán sóisialta,” arsa príomhstiúrthóir na seirbhíse.
Tugadh le fios sa phlean go bhfuil sa bhreis ar €20 milliún a chaitheamh ag RTÉ ar sheirbhísí agus ábhar Ghaeilge in aghaidh na bliana.
Deir Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire, go bhfuil RTÉ ag féachaint le cur leis an méid Gaeilge a bhíonn ar sheirbhísí teilifíse agus raidió RTÉ agus, trí chomhpháirtíochtaí, le hábhar oideachais breise a chur ar fáil chomh maith.
Labhair Meon Eile le Grúpcheannasaí RTÉ faoi na gníomhaíochtaí atá curtha ag an tseirbhís rompu féin agus na hábhair chasaoide a bhíodh ag Gaeilgeoirí áirithe i leith na seirbhíse… http://www.meoneile.ie/ailt/beagnach-100-gn%C3%ADomh-ar-son-na-gaeilge-i-bplean-rt%C3%A9#.VeWO3flViko
Gníomhanna suntasacha i gcúraimí raidió
Beidh cúig cinn d’fheasacháin nuachta dátheangacha ar bhuille na huaire ar 2FM idir 7 ar maidin agus 7 tráthnóna.
Cuirfear amhráin Ghaeilge ar liosta seinnte 2FM agus déanfaidh an stáisiún albam Gaeilge, ar a mbeidh amhráin le ceoltóirí móra le rá, a chur le chéile agus a sheoladh.
Déanfar tástáil phílótach ar thionscal trascríbhneoireachta ar líne dírithe ar léiriúchán raidió i gcomhpháirt le hOllscoil Uladh.
Cruthóidh RTÉ RnaG comhpháirtíocht le Raidió na Life maidir le hábhar a roinnt eatarthu.
Forbrófar aip faoi leith do sheirbhís Raidió na Gaeltachta agus cuirfear ‘i bhfeidhm straitéis íomhánna nua-aimseartha do RnaG’.
Gníomhanna suntasacha i gcúraimí teilifíse
Déanfar Rannóg na gClár Gaeilge a fhorbairt ina rannóg lánaimseartha in athuair.
Beidh rogha ann éisteacht le tráchtaireacht i nGaeilge do chluichí ceannais Chraobh na hÉireann.
Fisrófar roghanna maidir le fotheidil Ghaeilge leis na hardáin éagsúla teilifíse ag tosú le Saorview.
Déanfar cur chuige Seachtain na Gaeilge a shníomh isteach ar bhonn níos minicí.
Gníomhanna suntasach ar líne
Beidh an chéad leagan eile den sheinnteoir RTÉ Player ar fáil i nGaeilge.
Tógfar suíomh idirlíon nua Gaeilge mar phointe lárnach d’aschur digiteach.
Cruthófar ról do Chomhordaitheoir ar Ábhar Digiteach do dhuine a bhéas freagach as eagarthóireacht Ghaeilge, foilsitheoireacht agus na meáin shóisialta.
Forbrófar cúrsa Gaeilge ar líne do thosaitheoirí agus do chainteoirí ar mhian leo barr feabhais a chur ar a nGaeilge le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh.
Gnéithe suntasacha eile sa Phlean Gníomhaíochtaí Meáin
Forbrófar lárionad barr feabhais maidir le hoiliúint sna meáin chumarsáide Ghaeilge le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh.
Déanfar cartlann RnaG a chur ar fáil don phobal trí thionscadail chartlainne Gaeilge a bhunú.
Go stairiúil, ba ar bhonn neamhspleach a d’fheidhmigh príomhsheirbhísí Gaeilge RTÉ idir Raidió na Gaeltachta, Nuacht agus Cláracha teilifíse Gaeilge – faoin chur chuige nua tabharfar deis d’fhostaithe na seirbhíse obair thrasthionscnaimh a dhéanamh.
Laurel Hill Coláiste FCJ Luimneach – Éacht agus buaicphointe i Stair na Scoile.
Meán Fómhair 1, 2015
Comhghairdeas le gach éinne atá bainteach le Laurel Hill Coláiste FCJ, ainmnithe mar an scoil is fearr sa tír san Sunday Times ar an Domhnach don tarna bhliain as a chéile. Ta ríméad orainn go bhfuil scoil lán- Ghaelach ar bharr an liosta. ‘Is cúis áthais agus bhróid dúinn go bhfuil an scoil seo ‘gainne, atá ar an bhfód ó 1935 ar aghaidh, tar éis an t-aitheantas seo a fháil. Ina theannta san, tá áthas orainn go bhfuil ag éirí chomh maith san le scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre’ arsa Aedín Ni Bhriain, príomhoide Laurel Hill Coláiste FCJ.
Coirm Gael Linn 2016
Meán Fómhair 1, 2015
Tá sé mar aidhm ag COIRM lucht bunscoile a spreagadh le seó i nGaeilge a chur ar an ardán a léireoidh na tallanna éagsúla atá ag daltaí na scoile, bídís ón rang céanna nó ó ranganna éagsúla. Sa tslí seo táimid ag súil le meas agus spéis na bpáistí sa Ghaeilge a neartú agus deis a thabhairt dóibh í a chleachtadh chomh maith.
Tuileadh eolas ag: Coirm2016_Final_Web
SIANSA GAEL LINN 2016
Meán Fómhair 1, 2015
SIANSA GAEL LINN is teideal don chomórtas seo do ghrúpaí traidisiúnta. Tá sé á reáchtáil ag Gael Linn le tacaíocht ó Foras
na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Irish Music Magazine, chun spreagadh agus ardán a thabhairt don chuid is fearr de ógthallann cheoil agus amhránaíochta traidisiúnta na tíre. Bíodh is gur comórtas atá i gceist tugtar cabhair agus cúnamh do na ceoltóirí óga trí cheardlanna a eagrú dóibh le ceoltóirí cáiliúla. Cuirtear béim mhór freisin ar chur chun cinn na Gaeilge agus chuige sin eagraítear gach ócáid trí Ghaeilge. Tá súil againn grúpaí a mhealladh a mbeidh sé mar sprioc acu
an ceol agus an amhránaíocht thraidisiúnta.
Tuilleadh eolas ar fáil ag an nasc seo a leanas: Siansa2016_Final_web
Comórtas Díospóireachta Uí Cadhain d’iarbhunscoileanna
Meán Fómhair 1, 2015
Beidh Gael Linn ag reáchtáil comórtas Díospóireachta Uí Cadhain don scoilbhliain nua. Tá tuilleadh eolas ar fáil ag an nasc seo a leanas: Cadhain2016_Final_web
DÁTA DEIRIDH IONTRÁLA 21 MEÁN FÓMHAIR 2015
Scléip Gael Linn 2016
Meán Fómhair 1, 2015
Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna
lán-Ghaeilge. Cuireann sé béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe. Tugann sé deis do dhaltaí iar-bhunscoile ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus sceitsí nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.
Anuraidh ghlac Gael Linn ceannas ar Scléip den chéad uair agus fuaireamar an-chabhair ó fhoireann Gaelscoileanna. Bhíomar an-tógtha leis an tallann ar fad a chonaiceamar timpeall na tíre agus bhaineamar an-sásamh as na comórtais tríd is tríd. Chonaic muid go raibh tóir níos mó ar chomórtais áirithe agus cheapamar go raibh gá rialacha níos soiléire a leagan síos i gcomórtais eile. Chun freastal ar an spéis mhór atá ag daoine óga sa ghrúpamhránaíocht tá comórtas nua curtha ar an
gclár againn i mbliana freisin, comórtas slua-amhránaíochta le fuaimrian taca.
Tá cead á thabhairt againn do scoileanna suas le beirt iomaitheoirí/dhá ghrúpa a iontráil i ngach comórtas, (i.e. 2 Sóisear & 2 Sinsear) seachas dhá iontráil ina iomláine mar a bhí ceadaithe anuraidh.
Tá súil againn go méadóidh sé seo líon na n-iomaitheoirí ag na réamhbhabhtaí réigiúnacha.
Chuireamar na smaointe seo i láthair na múinteoirí a bhí páirteach linn anuraidh agus glacadh go fonnmhar leo.
Tá sé i gceist againn na réamhbhabhtaí agus an chraobh a bheith ar siúl ins na hionaid agus ar na dátaí thíosluaite. Tabhair faoi deara go mbeidh an chraobh ar lá scoile i mbliana seachas ar Shatharn, mar a bhí anuraidh. Bígí linn!
An dáta deiridh d’iontrálacha ná 19 Deireadh Fómhair 2015!
Tuilleadh eolas: Scléip2016-Final_Web
Comhbhrón déanta ag an gConradh ar bhás bhunaitheoir an chéad naíonra lán-Ghaeilge
Meán Fómhair 1, 2015
Tá ómós léirithe inniu ag Conradh na Gaeilge d’Éilís Uí Dhálaigh, bunaitheoir an chéad Naíonra lán-Ghaeilge, a cuireadh i mBaile Átha Luain le linn na seachtaine seo caite. Ba ón mbaile sin ó dhúchas í agus bhí sí deich mbliana agus ceithre scór d’aois.
Dúirt Maolsheachlainn Ó Caollaí, Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, nach bhfuair Éilís an t-aitheantas a bhí ag dul di riamh as a cuid oibre i mbunú an chéad naíonra lán-Ghaeilge.
“Díríonn na gradaim agus na haitheantais oifigiúla ar dhaoine cáiliúla a bhfuil aithne ag lucht bronnta na ngradam orthu go minic, agus fágtar na fíorlaochra as an áireamh in amanna, ach is léir gur laoch a bhí in Éilis,” a dúirt sé.
Chomh maith leis an gConradh, bhí baint nach beag aici leis an gCoimisiún le Rincí Gaelacha mar aon le Coiste Náisiúnta na Naíonraí. Ba bhall saoil agus iar-uachtarán den Choimisiún í. Rinne an Conradh agus an Coimisiún comhbhrón lena muintir.
Maireann a clann mac agus iníon Assunta, Eileen, Regina, Ursula, Liam, Marian, Éamon agus Majella chomh maith le garchlann, neachtanna, nianna agus cairde.
www.tuairisc.ie