Méid an Téacs

Foilseachán don Chigireacht Nua sna luathbhlianta

Aibreán 19, 2016

Foilsíodh Treoir don Chigireacht dírithe ar Oideachas sna Luathbhlianta (EYEI) i Suímh Luathbhlianta a ghlacann páirt sa Chlár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE) ar 11 Aibreán 2016. Leagann an Treoir foilsithe amach na cleachtais agus nósanna imeachta a bhaineann leis an bpróiseas EYEI atá éifeachtach ó 11 Aibreán 2016.

Déanann cigireacht dírithe ar oideachas sna luathbhlianta (EYEI) measúnú ar nádúr, réimse agus oiriúnacht an eispéiris luathoideachais do leanaí atá páirteach sa Chlár ECCE. Déanann Cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna stiúradh ar Chigireachtaí dírithe ar Oideachas sna Luathbhlianta.

Tá EYEIanna bunaithe ar chreat cáilíochta, le prionsabail Aistear: Creatchuraclam na Luath-Óige, agus Síolta: an Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta d’Oideachas na Luath-Óige, mar bhonn eolais, chomh maith le taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Foilseachán ar fáil anseo: www.education.ie

Scoth na cainte poiblí ag Abair Gael Linn

Aibreán 19, 2016

Le cúpla mí anuas ghlac beagnach 100 dalta meánscoile i gCúige Uladh páirt i gcomórtas cainte poiblí, Abair, a reáchtálann Gael Linn.

Eagraíodh babhta ceannais an chomórtais in Ionad Barrfheabhais Gharbh Achaidh i dTír Eoghain Déardaoin seo caite. Rinneadh scagadh, idir throm agus eadtrom, ar shaincheisteanna na sochaí.

Chuaigh mórdhuaiseanna an chomórtais chuig Gaelcholáiste Dhoire, Coláiste Feirste agus Scoil na Mainistréach, Iúr Cinn Trá.

Seo chugaibh buaicphointí an chomórtais agus agallaimh leis na buaiteoirí… Físéan

Siansa Gael Linn 2016 – BUA AN CHEOIL AG SCOLÁIRÍ CHOLÁISTÍ EOIN AGUS ÍOSAGÁIN !

Aibreán 18, 2016

Círéib

Círéib:  Curaidh Siansa Gael Linn 2016, an grúpa ‘Círéib’, ó Choláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin.

 

Siansa16-Buaiteoirí

Siansa16-Buaiteoirí: An grúpa ‘Círéib’ ó Choláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath ag glacadh lena nduais ó Phríomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin.  Sa phictiúr chomh maith tá (ar chúl ar chlé ), Robert Heuston, Irish Music Magazine agus ( ar chúl ar dheis ) Bairbre Uí Choisdealbha, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is iad an grúpa ‘Círéib’ ó Choláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath, seaimpíní Siansa Gael Linn na bliana seo. Fuair siad an ceann is fearr ar sheacht gcinn eile de ghrúpaí thraidisiúnta sa Chraobh a bhí ar siúl  sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, 17 Aibreán. Gael Linn a eagraíonn an comórtas bliantúil seo do ghrúpaí óga faoi 19 mbliana, le cabhair ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó Irish Music Magazine.

Bhí an Ceoláras Náisiúnta lán go béal le comhscoláirí agus cairde ceoil na n-iomaitheoirí. Is iad baill an ghrúpa bhuacaigh ná Fiona Nic Gamhna, Micheál Ó Grálaigh, Seán Ó Casaide, Stiofán Ó Casaide, Caoimhe Blennerhassett, Clodagh Ní Dhaltúin, Fergal De Fuitléigh agus Cathal Ó Muirgheasa, agus thug siad leo Trófaí Gael Linn chomh maith le seic ar €2,500. An grúpa “Fuaimeanna Shliabh Luachra”  ó Cill Chuimín, Co. Chiarraí a fuair an  dara duais de €1,250 agus sa tríú háit bhí an grúpa ‘Gluaiseacht’ ó Iarthar Chorcaí, a fuair seic ar €750.

Ba iad na ceoltóirí aitheanta Dónal O’Connor, Niamh Ní Charra agus Declan Masterson a bhí ag moltóireacht ar an oíche agus óna gcuid cainte ina dhiaidh, bhí sé soiléir go rabhadar breá sásta le caighdeán na gceoltóirí agus na n-amhránaithe óga a bhí cloiste acu. Bhí an-áthas ar Dhónal agus ar Niamh gur ghlac na grúpaí leis an gcomhairle a thugadar dóibh, ag ceardlanna a eagraíodh dóibh, ag an dara céim den chomórtas – rud a chuir lena gcaighdeán ag an gCraobh.

Chomh maith leo siúd a bhí i láthair, bhí na mílte eile ag éisteacht leis an gceolchoirm beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Áine Hensey a chuir an clár i láthair agus bhí an léiritheoir, Bairbre Uí Choisdealbha i láthair freisin, chun comhghairdeas a dhéanamh leis na duaiseoirí. ‘Bíonn láithreoirí na gclár ceoil sa stáisiún againne an-tógtha le lucht páirtíochta Siansa mar go mbíonn siad i gcónaí ábalta tabhairt faoi agallaimh leo i nGaeilge, bíodh is nach as an nGaeltacht a bhformhór’ a dúirt Bairbre.

Agus é ag gabháil buíochais le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Irish Music Magazine, agus leis na grúpaí féin, dúirt Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn go raibh Siansa an-tábhachtach mar fheithicil chun an ceol agus an Ghaeilge a chaomhnú. ‘Tá stair fhada ag Gael Linn ó thaobh chur chun cinn an cheoil  agus na hamhránaíochta traidisiúnta Gaeilge. Ní gá ach breathnú ar lipéad ceoil  Gael Linn le liosta na gceirníní a cuireadh amach le 50 bliain anuas a fheiceáil, leithéidí  Sheosaimh Uí Éanaigh, Sheáin Uí Riada agus Clannad go Téada agus grúpaí eile sa lá atá inniu ann. Tá Siansa ag teacht ar réalta ’ a dúirt sé.

Craolfar clár teilifíse de chuid Red Shoe Productions ar bhuaicphointí Siansa Gael Linn 2016 ar TG4 ar an Luan, 2 Bealtaine, ar 5.25 i.n.

Tuilleadh eolais:  Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie

Stiúrthóir cúnta ag teastáil do Naíonra Shliabh Rua, B.Á.C 18

Aibreán 18, 2016

Stiúrthóir cúnta ag teastáil do Naíonra Shliabh Rua, Baile Uí Ógain, B.Á.C 18
 
Riachtanais:
– Cumas faoi leith ag obair le leanaí óga
– Scileanna cumarsáide láidre
– Gaeilge líofa (Leibhéal TEG B2 labhartha molta http://www.teg.ie/_fileupload/syllabi/B2_syll.pdf)
– NFQ Leibhéal 5 nó 6 i gCúram Leanaí
– Traenáil gharchabhrach
– Traenáil um chosaint leanaí
 
Iarratais:
Litir iarratais agus CV le hainmneacha bheirt mholtóra le seoladh faoin Aoine, an 13ú Bealtaine 2016, le “Folúntas – Naíonra” scríofa mar theideal ar ríomhphost chuig Lucilita , naionra_sliabh_rua@yahoo.ie
nó Naíonra Shliabh Rua, f/ch Gaelscoil Shliabh Rua, Bóthar Bhaile Uí Ógáin, Baile Átha Cliath 18.
Tuilleadh eolais ar fáil ó Lucilita: 086 867 4542
Dáta Deiridh: Dé hAoine, 13 Bealtaine, 2016

(English) Letterkenny Gaelscoil selected as finalist in national music competition

Aibreán 15, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

€3.7 milliún breise don Ghaeilge i mbuiséad Pharlaimint na hEorpa

Aibreán 15, 2016

Vótáil Feisirí Pharlaimint na hEorpa inniu i bhfách le €3.7 milliún a chur ar leataobh don Ghaeilge i mbuiséad na Parlaiminte.

Úsáidfear an t-airgead breise le níos mó seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge sna forais Eorpacha amach anseo. Ón 1 Eanáir 2017 ar aghaidh, aistreofar gach treoir de chuid an AE go Gaeilge. Go dtí seo ní raibh á aistriú ach rialacháin ó Chomhairle na nAirí.
Ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh le plean an Rialtais i mí na Nollag seo caite go gcuirfí leis na seirbhísí atá ar fáil in nGaeilge ón AE nó go rachadh an maolú atá i bhfeidhm ar stádas na Gaeilge in éag faoi cheann cúig bliana.

Chuir na Feisirí Eorpacha atá ag Fine Gael – Seán Kelly, Mairéad McGuinness, Brian Hayes agus Deirdre Clune – fáilte roimh an scéala inniu go raibh breis maoiniú ar fáil.

“It is very important that Irish has full working status in the EU and an improved level of services for those who use our native language,” a dúirt an ceathrar Feisirí ó Fhine Gael i ráiteas a d’eisigh siad inniu.

www.tuairisc.ie

(English) Rith Beo fun run in Gaelscoil Osraí

Aibreán 14, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Fabhalscéalta do Leanaí

Aibreán 14, 2016

Ar thaitin Culaith Nua an Impire, An Prionsa agus Iníon an Impire nó Plúirín Sneachta agus Róisín Dearg leat mar ghasúr? Tá leaganacha Gaeilge ar fáil anois ón Acadamh.
 
Tá sé beartaithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge cuid den ábhar aistriúcháin a dhéantar mar chuid den chúrsa a chur ar fáil mar mar ábhar léitheoireachta Gaeilge. Tá roinnt fabhalscéalta do leanaí aistrithe acu agus roinnte ar líne. Tá muid cinnte go mbainfidh naíonraí agus scoileanna an-leas as an ábhar seo. Tuilleadh eolais anseo

Daonáireamh 2016 Acmhainní i nGaeilge do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna

Aibreán 13, 2016

b2817edf79750dc373157d782cce30ec_L

Eolas ginearálta do dhaltaí agus do mhúinteoirí

Cén suim atá ag daltaí sa daonáireamh?
Baineann an t-eolas a fhaigheann muid ón daonáireamh lenár saol laethúil. Cuireann sé ar fáil dúinn:

  • na sonraí a theastaíonn uainn le tuiscint cé muid féin agus céard a dhéanann muid agus
  • an cumas leis an eolas a úsáid le heolas a chruthú maidir le céard a theastaíonn uainn agus cén bealach is fearr leis an eolas sin a úsáid leis an toradh is fearr do gach duine a bhaint amach.

Déanann sé cur síos ar an tsochaí ina maireann muid agus tugann sé cúnamh dúinn tuiscint níos fearr a bheith againn ar an tsochaí sin, chomh fada agus a bhaineann sé lenár n-aois, ár mbunús, ár ngníomhaíochtaí nó aon bhunthréithe eile a bhfuil sonraí bailithe fúthu mar chuid den daonáireamh.

Is cuid bhunúsach dár n-oideachas é foghlaim faoin daonáireamh agus conas úsáid éifeachtach a bhaint as sonraí daonáirimh agus staitistiúla eile. Tugann sé cúnamh dúinn ár sochaí a thuiscint chomh maith lenár ról mar shaoránaigh fhreagracha ag glacadh páirte sa tsochaí sin.

Is féidir teacht ar an eolas ar fad ar: http://census.ie/ga/and-communities/census-in-schools/ 

Folúntas: Múinteoir Naíonra

Aibreán 13, 2016

Múinteoir Naíonra ag taisteáil – Naíonra Thaobh na Coille

Suíomh: Naíonra Thaobh na Coille, Belarmine, Stepaside, Baile Áth Cliath 16.

Seoladh ríomhphoist: naionrathaobhcoille@gmail.com

Teagmháil: Denise Murphy- 087 290 3638.

Cur síos den phost:

Múinteóir cúnta do grúpa páistí naíonra idir trí agus cúig bliana d’aois.

Riachtanas:

  • Ard leibhéal Gaeilge
  • Cáilaíocht leibhéal 7 nó 8
  • Taithí ag obair le pháistí
  • Teastas Cúrsa Céadchabhrach

Úaireanta: Luan go hAoine óna a 9:00 go dtí 3:30.

Dáta tosach: Tús mí Bealtaine

« Previous PageNext Page »