Méid an Téacs

Rás UCD

Aibreán 13, 2016

123Ag 10.30am Dé Sathairn 16ú Aibreán 2016 a thosóidh an seachtú RÁS UCD- Rás Bóthair 5 ciliméadar.

Má chláraíonn tú ar líne beidh costas: €12 ar Mhic Léinn, €15 ar dhaoine nach mic léinn iad. Geobhaidh an chéad 500 a chláraíonn ar líne mála bronntanais agus t-léine saor in aisce.

Is imeacht dhátheangach (Gaeilge/Béarla) é Rás UCD, atá oscailte do gach duine, beag beann ar aois ná cumas. Deonaítear na táillí iontrála chuig Saorálaithe Thar Lear UCD (www.ucdvo.org)

Cuirfear ceapairí agus tae agus caifé ar fáil tar éis an rása agus beidh fisiteiripeoirí ar fáil chun suathaireacht a thabhairt.

I measc na gcatagóirí aoise tá faoi 20, sinsearach (idir 20 agus 40), os cionn 40, os cionn 50 agus os cionn 60. Bronnfar duaiseanna foirne chomh maith le duaiseanna don chulaith bhréige is fearr.

Bainfear úsáid as slis leictreonach chun am críochnaithe an rása a fhíorú i gcás gach lúthchleasaí. Cúrsa comhréidh tapa a bheidh ann.

Gabhaimid buíochas le Banc na hÉireann agus Aontas na Mic Léinn as ucht a dtacaíocht go léir!

Is féidir CLÁRÚ ar líne ANOIS:
https://form.jotformeu.com/60682980354361

Is féidir níos mó eolas a aimsiú ar an imeacht Facebook anseo:

https://www.facebook.com/events/913329428783979/

Ná chaill amach ar an ócáid iontach seo!!!

(English) Work underway on new building for Tuam Gaelscoil

Aibreán 13, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Clár Nua Náisiúnta Ardoideachais i gcomhair Comhordaitheoirí Cuimsithe i Suíomhanna Luathbhlianta lena chur i bhfeidhm i mbliana – See more at: http://www.education.ie/ga/Preas-agus-Imeachta%C3%AD/Preasr%C3%A1itis/Preasraitis-2016/PR16-04-06.html#sthash.CbXI9yeH.dpuf

Aibreán 13, 2016

Tá an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige agus an tAire Oideachais agus Scileanna tar éis conradh a bhronnadh chun clár mór nua ardoideachais a chur ar fáil a bheidh ceaptha chun oideachas agus oiliúint a sholáthar sa dea-chleachtas maidir le páistí atá faoi mhíchumas a chuimsiú sa réamhscoil. Is maith leis na hAirí a fhógairt go bhfuil cuibhreannas roghnaithe arna stiúradh ag Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Froebel in Ollscoil Mhá Nuad agus le Luath-óige Éireann, chun an Clár nua náisiúnta Ardoideachais i gcomhair Comhordaitheoirí Cuimsithe i Suíomhanna Luathbhlianta a sheachadadh.

Dámhachtain chun críche speisialta is ea an clár náisiúnta i gcomhair cleachtóirí luathbhlianta faoina gcáileoidh suas go dtí 900 cleachtóir luathbhlianta gach bliain, agus cáilíocht acu chun a ról nua a ghlacadh mar Chomhordaitheoirí Cuimsithe i Suíomhanna Cúraim agus Oideachais Luathbhlianta. Beidh ráta níos airde caipitíochta iníoctha i leith gach aon pháiste i suíomh luathbhlianta ar bith a bhfuil Comhordaitheoir Cuimsithe fostaithe ann. Tionscnamh is ea é i measc raon leathan tionscnamh atá á gcur ar bun faoi shamhail nua de thacaíochtaí chun cur ar chumas páistí faoi mhíchumas freastal ar an gclár réamhscoile saoire (ar a dtugtar freisin ‘Clár Cúraim agus Oideachais na Luath-óige’) agus páirt iomlán a ghlacadh ann. Lainseáil an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige an Dr James Reilly, mar aon leis an Aire Oideachais agus Scileanna Jan O’Sullivan agus Kathleen Lynch, Aire Stáit ag an Roinn Sláinte, a bhfuil an míchumas i measc a cuid freagrachtaí.

Tá forbairt agus dearadh na dámhachtana nua ardoideachais á maoiniú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna as ciste na gcuntas díomhaoin. D’aimsigh an tAire Reilly €15m eile d’infheistíocht chun gach eilimint den tsamhail nua a chur i bhfeidhm in 2016, agus tiocfaidh méadú ar na costais go dtí go mbeidh €40m i gceist in aghaidh na bliana iomláine faoi 2020. Dúirt an tAire Reilly:

“Tá bunús maith leis an tuairim gur luachmhar an rud é cúram agus oideachas ar ardchaighdeán le linn na luath-óige. Léirítear leis an bhfianaise idirnáisiúnta go mbíonn raon leathan sochar ann do pháistí, do theaghlaigh agus don tsochaí féin. Is mó arís an méid sochar a bhíonn ann i gcás páistí faoi mhíchumas. Dá bhrí sin, is mian liom go mbeadh na páistí ar fad, páistí faoi mhíchumas san áireamh, in ann páirt iomlán a ghlacadh i gClár Cúraim agus Oideachais na Luath-óige i suíomhanna príomhshrutha réamhscoile. Tá ríméad orm faoin bhfógra seo mar go gciallaíonn sé go mbeidh na céadta céimithe á n-oiliúint gach bliain chun páistí faoi mhíchumas a chumasú in earnáil na luath-óige. Bíodh is go mbeidh gá i gcónaí le sainsoláthar i dtosca áirithe agus ar chúiseanna bailí, déanfar cinnte de le fógra an lae inniu go bhfreastalóidh an líon páistí is mó is féidir ar an gClár i suíomhanna príomhshrutha.

Nuair a thugtar le chéile páistí a bhfuil cumais éagsúla acu saibhrítear a saol go léir.”
D’aontaigh an tAire O’Sullivan leis seo, agus nótáil sí go mbeidh ról tábhachtach ag an teastas nua ardoideachais náisiúnta seo i bhforbairt leanúnach an fhórsa oibre luathbhlianta. Rinne sise agus a comhghleacaí, an tAire Reilly, comhghairdeas leis na comhpháirtithe iarratasóirí ar éirigh leo:

“Táim muiníneach go gcuirfidh an cuibhreannas seo clár ar ardchaighdeán ar bun. Leis an gcomhpháirtíocht seo cuirtear le chéile an saineolas acadúil atá ag dhá roinn ardoideachais a bhfuil ardmheas orthu agus a bhfuil cruthaithe go maith acu araon san oideachas agus sa taighde ar an luath-óige. Leis an gcomhpháirtíocht le Luath-óige Éireann agus lena n-eolas fíor-luachmhar ar an earnáil agus ar na héilimh phroifisiúnta atá ar an bhfórsa oibre, is deimhin go mbeidh an cháilíocht oiriúnach don fheidhm agus ábhartha don ghairm.”

Tairgfear an clár teastais ardoideachais ar bhonn solúbtha, páirtaimseartha do 900 ball foirne in aghaidh na bliana ar bhonn cheithre bliana arna dtosú i mbliana agus fógrófar próiseas iarratais go fíor-ghairid.

 

www.education.ie

Comórtas Chorn Uí Chon Cheanainn ag bláthú

Aibreán 13, 2016

Ba é seo an dara bliain ar an bhfód ag Corn Uí Chon Cheanainn, comórtas a cuireadh ar bun in ómós do Chiarán Ó Con Cheanainn, iar-léachtóir de chuid Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus fear a bhí ina amhránaí sean-nóis den scoth.

An bhliain sula bhfuair Ciarán bás, bhí sé ar an duine is óige ariamh chun Corn Uí Riada a bhuachan nuair a thóg sé leis an gradam mór clúiteach in 2008.

Eagraíodh an comórtas ina onóir in Ionad na Mac Léinn sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar an Satharn seo caite.

Chuir Áine Ní Bhreisleáin, a bhí ina Bean an tí, fáilte mhór roimhe an scaifte a bhí i láthair ar an lá.

Ba iad Óige Ó Céilleachair, Síle Denvir agus Máire Ní Choilm a bhí i mbun moltóireachta.

Bronnadh Corn Uí Chon Cheanainn ar Dhoireann Ní Ghlacáin, as Cluain Tarbh agus iníon léinn sa Choláiste Ollscoile, BÁC.

Tháinig Adhna Ní Bhraonáin, as Indreabhán, Co. na Gaillimhe agus iníon léinn i gColáiste Ollscoill Luimnigh sa dara háit.

Ba í Deirdre Ní Mhuirthile, as Baile an Mhóta, Co. Shlighigh, agus atá ag staidéar in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a thug an tríú háit léi.

Físeán anseo.

Mórdhuais Ghlór na nGael buaite ag Cultúrlann Uí Chanáin

Aibreán 13, 2016

Buaigh Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire príomhdhuais Ghlór na nGael agus seic le haghaidh €20,000 oíche Shathairn. Bronnadh duaiseanna de luach €120,000 ag ócáid bhliantúil Ghlór na nGael i gCaisleán Dhún Búinne, Co. na Mí.

Is lárionad Gaeilge í Cultúrlann Uí Chanáin a osclaíodh in 2009 le freastal ar gach gné den phobal cois Feabhail. Os cionn 40 duine atá ag obair san ionad idir lán agus pháirtaimseartha. Tá sé beartaithe acu Ceathrú Ghaeltachta a fhorbairt ag díriú ar an nasc idir an Ghaeilge agus an ceol traidisiúnta.

Labhair Meon Eile le Stiúrthóir na Cultúrlainne, Gearóid Ó hEára, faoin obair mhór atá á déanamh acu leis an teanga a chur chun cinn… Físéan anseo.

Feachtas BÚA

Aibreán 12, 2016

Tá BÚA, feachtas de chuid Sheachtain na Gaeilge, ag iarraidh ar phobal na Gaeilge an fhoirm Ghaeilge don daonáireamh a líonadh ar an 24ú Aibreán.

Cuireadh tús le feachtas darb ainm BÚA- Bain Úsáid Aisti ag Seachtain na Gaeilge i mí na Nollag 2015. An sprioc atá leis an bhfeachtas ná smaointí a thabhairt do dhaoine faoi conas gur féidir leo a gcuid Gaeilge a úsáid. An mhí seo tá an feachtas ag díriú ar an Daonáireamh agus ag iarraidh go líonfaidh daoine le Gaeilge an fhoirm Ghaeilge ar an 24ú Aibreán.   BÚA - Daonáireamh Aibreán '16

Fiú má tá foirm Bhéarla agat go dtí seo, is féidir fós í a athrú agus foirm Ghaeilge a fháil. Níl ort ach glaoch a chur ar oifig an daonáirimh ag 021 4535555.

Is féidir tuilleadh eolais faoin bhfeachtas a fháil ar Facebook Sheachtain na Gaeilge nó trí r-phost a chur go orlaith@cnag.ie.

Folúntas: Naíonra Thigh Wilton, Co Chorcaí

Aibreán 12, 2016

Tá príomhstiúrthóir naíonra ag teastáil ó Naíonra Thigh Wilton, Co Chorcaí, don bhliain acadúil 2016-17.

Folúntas bliana é seo ag tosnú 31 Lúnasa 2016  go 17 Meitheamh 2017.

Déan teagmháil le Marian Ó Murchú: 087-9439783.

Croisíní Ceolmhara

Aibreán 12, 2016

Is mise Niamh Ni Chonghaile agus is múinteoir bunscoile mé. Bhí mé ag smaoineamh go mbeadh sé go deas dá mbeadh Báibíní in ann Gaeilge a fhoghlaim ó aois an-óg agus rúinne spraoi trí cheol a bheith acu lena gcuid tuismitheoirí agus buaileadh le báibíní eile.
My name is Niamh Ní Chonghaile and I am a primary school teacher. I was thinking that it would be lovely if babies could learn Irish through singing, have fun with their parents at the same time and meet other babies.

Every Wednesday, starting from the 6th of April 2016 at four o’clock in Donnycarney Community Centre

Ag tnúth go mór le buaileadh libh!

Looking to forward to meeting all the babies and parents!

Capture

Folúntas: Lámha Beaga, an Mhí

Aibreán 8, 2016

Applicants must hold a FETAC Level 6 in Childcare or an equivalent. Applicants must have 3 years experience working in a childcare setting and must be able to deliver a quality educational programme to the ECCE children in their care,  meeting the child’s developmental, social and emotional needs. Applicants must be fluent in the Irish & English language this is essential.

Days, Hours & Start Date

Days per week: 5
Hours per day: 9 – 12
Hours per week: 15
Start Date: Sept 2016

Please send CV to : lamhabeagaanmhi@gmail.com

Todhchaí na Gaelscolaíochta idir chamáin i gCarn Tóchair

Aibreán 8, 2016

Ba i gCarn Tóchair, Contae Dhoire, a eagraíodh comhdháil bhliaintúil Chomhairle na Gaelscolaíochta ar na mallaibh, áit a ndearnadh plé, anailís agus scagadh ar thodhchaí na hearnála, cothú pobail Ghaeilge agus dúshláin an Ghaeloideachais.

Thug Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, Liam Ó Flannagáin, le fios go bhfuil 68 aonad, idir naíscoileanna, bhunscoileanna agus mhéanscoileanna sna Sé Chontae, rud a fhágann breis agus 5,000 páiste cláraithe san earnáil ó thuaidh.

Tugadh le fios fosta go bhfuil 33 páiste i ndiaidh iarratas a dhéanamh chuig Gaelcholáiste Dhoire don Fhómhar seo chugainn, rud a fhágfaidh 49 cláraithe sa scoil i dtréimhse bliana.

Seo achoimre den scagadh, anailís agus plé a rinneadh ag comhdháil sa Charn… Físeán

« Previous PageNext Page »