Méid an Téacs

An-spórt ag Féile Peile Gael Linn sa Rinn !

Meitheamh 7, 2016

Gaelscoil Charraig Uí Leighin

Gaelscoil Charraig Uí Leighin:  Seaimpíní Féile Peile Gael Linn a reáchtáladh i gColáiste na Rinne le déanaí, foireann Ghaelscoil Charraig Uí Leighin, Corcaigh lena múinteoirí bródúla, Neasa Ní Lúing agus Órla Ní Chathasaigh

Bhí an-spórt ag peileadóirí óga ó Ghaelscoileanna agus ó scoileanna Gaeltachta le chéile ag Féile Peile Gael Linn cois mara thiar sa Rinn le déanaí !  Thar dhá lá, Déardaoin, 2 agus Aoine, 3 Meitheamh a reáchtáladh an ócáid bhliantúil seo, agus bhí ocht bhfoireann ( agus suas le 150 scoláire páirteach ann), faoi stiúr a gcuid múinteoirí.  Ar na scoileanna a thaisteal go Gaeltacht na Rinne, bhí Gaelscoil Chluain Meala,  Gaelscoil Mhichíl Cíosóig, Inis, Gaelscoil Gharbháin, Dún Garbhán, agus ceithre fhoireann ó Chorcaí – Gaelscoil Pheig Sayers, Fearann Phiarais, Gaelscoil Thomás Dáibhís, Magh Eala,  Gaelscoil Charraig Uí Leighin agus Gaelscoil na Dúghlaise. Rinne Scoil Náisiúnta na Rinne comhnascadh le Scoil Bhaile Mhic Airt, An Sean Phobal,  chun foireann a chur chun páirce chomh maith.

Scoláirí ó na hardranganna, idir bhuachaillí agus cailíní, sna scoileanna seo a bhí ag imirt agus tháinig roinnt de na foirne seo tríd babhtaí réamhcháilithe le bheith páirteach sa bhféile.  Bhí neart cluichí le
n-imirt ag na foirne thar an dá lá agus ba é Domhnall Ó Murchadha ón Rinn a bhí ag feidhmiú mar riarthóir orthu ag an bhféile.

Is idir Gaelscoil Charraig Uí Leighin agus Gaelscoil Mhichíl Cíosóig a imríodh an Chraobh.  Bhí an-choimhlint ann ach sa deireadh is ag scoláirí Chorcaí a bhí an bua.   Bhí áthas an domhain orthu nuair a bhronn Seán Ó Ceallaigh Corn Gael Linn ar a gcaptaen, Rhys Mac Cárthaigh.  Ba iad  Neasa Ní Lúing agus Órla Ní Chathasaigh na múinteoirí  a thraenáil agus a d’ullmhaigh an fhoireann don chomórtas.

Faoi dhíon Choláiste stairiúil na Rinne a bhí na cuairteoirí lonnaithe,  agus deis acu aithne a chur ar a chéile!  Bhí an-chraic ag na scoláirí istoíche ag an quiz boird, ceolchoirm agus céilí a eagraíodh dóibh. Bhí an aimsir go breá le linn na féile agus bhain na daoine óga ar fad an-sult as an bpeil agus as as na himeachtaí sóisialta.  Tá Gael Linn an-bhuíoch de fhoireann an Choláiste agus de gach éinne a chuidigh ar aon bhealach le reáchtáil na féile.

Ba é seo an fhéile deireannach den tsraith de fhéilte a d’eagraigh Gael Linn i ngach cúige i mbliana, agus é ar an dara ceann a reáchtáladh i gCúige Mumhan,  chun freastal ar an éileamh mhór ó na scoileanna sa taobh sin tíre.

Comórtais Dathúcháin ó Cartoon Saloon

Meitheamh 7, 2016

Beidh an scannán Amhrán na Mara curtha ar scaileán mar chuid den Fhéile Litríochta Hay i gCeanannas Mór. Chun an ócáid seo a cheiliúradh, tá comórtais ealaín á n-eagrú do pháistí faoi 6 bliana d’aois agus do pháistí 6-11 bliana d’aois. Fógrófar na buaiteoirí roimh taispeántais an scannán Amhrán na Mara ag an bhFéile Litríochta Hay ar an Satharn 25 Meitheamh ag 11 r.n. An spriocdháta le haghaidh iarratas ná an Aoine 17 Meitheamh 2016. Seol d’iarratais chuig Desiree Meade, Cartoon Saloon, An Teach Braiche, Cill Cheannaigh nó chuig desiree.meade@cartoonsaloon.ie

Tá an pictiúr atá le dathú isteach le fáil anseo: Comórtais Dathúcháin Cartoon Saloon

Dalta na Bliana, Choláiste de hÍde 2016

Meitheamh 3, 2016

20160519204038(7) - Copy

 

Bhronn Príomhoide Coláiste de hÍde Deiric Mac An Bhaird,  Dalta na Bliana Choláiste de hÍde 2016 ar Ruth Báille bliain 6 an tseachtain seo chaite ag Oíche Bhronnadh bliain a sé sa choláiste. Ghuí Deiric gach rath ar bhliain a sé san Ardteistiméireacht agus sa todchaí. Dúirt sé go mbeadh siad in chailiúint mór don scoil.  Ba oíche álainn a bhí ann le oráidí, ceol agus sóláistí.

Cúrsa Aisteoireachta/Drámaíochta le Sárscoil Fíbín.

Meitheamh 2, 2016

Spásanna fós le líonadh ar Sárscoil Fíbín an tsamhraidh seo a bheidh ar siúl in Indreabhán ón 4ú -15ú Iúil. Ar mhaith leat tabhairt faoi chúrsa i scileanna aisteoireachta/drámaíochta i gConamara? Bí i dteagmháil ar 091-505855 nó sarscoilfibin@gmail.com

fibin

Folúntas: Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Ciarraí

Meitheamh 2, 2016

Cúntóir riachtanais speisialta buan de dhíth i bPobalscoil Chorca Dhuibhne. Tuilleadh eolais thíos:

http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/19714/

Folúntas: Gaelscoil Chluain Meala, Tiobraid Árann

Meitheamh 2, 2016

Cúntóir riachtanais speisialta páirt-aimseartha de dhíth i nGaelscoil Chluain Meala. Tuilleadh eolais thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/26184/

(English) Working in sub-standard accommodation leads to challenges for Gaelscoil pupils

Meitheamh 1, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Folúntas: Gaelscoil Bharra, Baile Átha Cliath

Meitheamh 1, 2016

Tá múinteoir sealadach de dhíth i nGaelscoil Bharra. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/26115/

Achainí ar scoil lán-Ghaeilge ilchreidmheach i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath

Meitheamh 1, 2016

Tá 733 páiste i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath gan oideachas lán-Ghaeilge ilchreidmheach ina gceantar. Tá an-díomá ar a gcuid tuismitheoirí nár aithin an Roinn Oideachais agus Scileanna an t-éileamh ollmhór ar an rogha oideachais seo i Marino/Droim Conrach/BÁC1. Tá tús curtha acu le hachainí chun na Roinne le hiarraidh orthu a gcéad rogha oideachais a chur ar fáil ar bhonn práinne. Tacaigh leo leis an achainí thíos a shíniú agus scaip an focal.

https://my.uplift.ie/petitions/support-the-irish-language-733-campaign 

Folúntas: Naíonra Nóiníní Beaga, Uíbh Fhailí

Meitheamh 1, 2016

Tá stiúrthóir cúnta de dhíth i Naíonra Nóiníní Beaga. Tuilleadh eolais ag an nasc thíos:

http://educationposts.ie/adverts/pre_school/employee/719/

« Previous PageNext Page »