Méid an Téacs

Le Bánú an Lae le Tomás Mac Giolla Bhrighde

Iúil 7, 2016

1

Aisteoirí Ghaoth Dobhair

Sa dráma trí ghníomh seo, a thiteann amach le linn Chogadh na Saoirse, dírítear ar mhórchlaochlú polaitíochta agus sóisialta na linne. Léiríonn sé an tionchar a bhí ag Parnell, ag Éirí Amach na Cásca agus ag an Chogadh Mór ar Éirinn i gcoitinne agus ar a pobal ionúin. Is tiarna talún Angla-Éireannach é Robert Munro a gcuirtear iachall air aghaidh a thabhairt ar réadúlacht chruálach an chogaidh nuair a thagann cuairteoir gan choinne gan fáilte thar a dhoras isteach.

  • Dáta: Domhnach 10 Iúil 2016
  • Am: 8pm
  • Ticéid: €12/10

Tá Aisteoirí Ghaoth Dobhair i mbun feachtas uaillmhianach chun an amharclann cháiliúil áitiúil a athchóiriú, sa dóigh is go dtig foirmeacha ealaíne éagsúla a chur i láthair an phobail trí Ghaeilge. €600,000 an costas iomlán atá ar an tionscadal agus tá maoiniú stáit de €480,000 faighte ag an choiste le gairid. Más mian leatsa cuidiú leo an chuid eile den airgead a bhailiú nó má tá tuilleadh eolais uait, tabhair cuairt ar www.amharclann.com nó scríobh chuig eolas@amharclann.com

Cuir in áirithe anois: http://www.angrianan.com/event/le-banu-an-lae-le-tomas-mac-giolla-bhrighde/ 

Post á fhógairt le Gaelscoileanna Teo.

Iúil 6, 2016

Oifigeach Forbartha de dhíth, a bheidh freagrach as cur chun cinn na naíonraí, bunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, lasmuigh den Ghaeltacht (ar chonradh bliana).

Duine fuinniúil agus cumasach le sárscileanna idirphearsanta agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa de dhíth.
Ceadúnas tiomána iomlán agus teacht ar charr riachtanach.
Scála Tuarastail: €26,383 – 45,616 (ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí).

Is ceanneagraíocht í Gaelscoileanna Teo. atá freagrach as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn.

Foirm iarratais, sainchuntas poist agus critéir uilig an phoist le fáil ó
blathnaid@gaelscoileanna.ie nó trí ghlaoch ar 01 8535190.

Spriocdháta le haghaidh iarratais comhlánaithe:
Meánlae Dé hAoine, 22 Iúil 2016

Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta seo.

Achainí, Scoil an Droichid i mBéal Feirste

Iúil 6, 2016

logo

Tá feachtas ar bun ag Scoil an Droichid i mBéal Feirste in aghaidh ciorraithe atá á chur i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais, a mbeidh impleachtaí suntasacha acu don soláthar lán-Ghaeilge. Tá tuilleadh eolais agus achainí na scoile le léamh ar https://www.change.org/p/peter-weir-mla-call-on-the-minister-of-education-to-reverse-decision-of-cuts-to-ime-nurture-prevision?recruiter=44955402&utm_source=share_petition&utm_medium=email&utm_campaign=share_email_responsive

Léigh an préasráiteas thíos:

“On Friday afternoon 24th June at the end of the school day, and on the last week of term Principal of Scoil an Droichid Fionnguala Mc Cotter was informed by the Department of Education (DE)  that funding for our much needed nurture group had been cut in the June monitoring round, despite an identified need by the Education Authority (EA) and that same department.  Nurture Groups have been in operation for some years, 30 schools in the North of Ireland and 11 schools in Belfast, with a notable absence of Irish Medium Schools (IM).  Scoil an Droichid applied and were eligible in this initial cohort.  Two years later DE finally realised the inequality of this first pilot scheme and the need for a second cohort of IM schools.  Scoil an Droichid and Bunscoil Bheann Mhadagáin were instructed to open these essential nurture groups in September 2016.  Thus, our schools employed and trained nurture teachers and assistants.  EA provided whole staff training in both schools.  Resources were ordered and rooms refurbished and huge investments made.  Parents and children were informed and provision celebrated by all. 

Our communities are utterly devastated and deeply disappointed at the Minister’s questionable decision, particularly at this late stage considering our careful planning and preparation.   Is this the beginning of the attack on IM schools?  Please join us tomorrow at 10am at Stormont. WE CANNOT ALLOW THIS TO HAPPEN TO OUR CHILDREN AND COMMUNITIES. Tacaigí lenár dteaghlaigh”

Cuntóir Seomra ag teastáil, Báile Formaid.

Iúil 5, 2016

Tá naíonra nua le hoscailt mar chuid den ionad nua atá ag Teanga Beo Baile Formaid, mí Mheán Fómhair agus tá cúntóir seomra ag teastáil.

Cur Síos ar an bPost

Dualgas: Freagrach as na seisiúin naíonra a reachtáil ar maidin agus um thráthnóna ó lá go lá.

Riachtanais:

  • FETAC Leibhéal 6 i gCúram Leanaí
  • Íosmhéid 3 bliain taithí (bliain amháin ag obair i naíonra ar a laghad)
  • Cumas maith ar Ghaeilge labhartha agus scríofa

Tuarastal iomaíoch, conradh sealadach, 5 lá, (35 uair) in aghaidh na seachtaine, ag tosú mí Mheán Fómhair 2016

Seoil litir mhínithe agus CV chuig teangabeobaileformid@gmail.com faoin Aoine, 15ú Iúil 2016.

Campa Surfála Freedom

Iúil 4, 2016

Campa Surfála Freedom, 11-15 Iúil

Níos mó eolais ag irish@freedomsurfschool.com nó 051 386 773

1

2

Folúntais Poist

Iúil 4, 2016

Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall. Cúntóir riachtanais speisialta.
http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/20560/

Gaelscoil Uí Ríordáin, Corcaigh. Cúntóir riachtanais speisialta.
http://www.educationposts.ie/post/view/71970

Gaelscoil Faithleann, Ciarraí. Múinteoir ranga.
http://www.educationposts.ie/post/view/72050

Gaelscoil Cois Feabhail, Dún na nGall. Múinteoir acmhainní.
http://www.educationposts.ie/post/view/72113

Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh. Múinteoir ranga.
http://www.educationposts.ie/post/view/72131

Gaelscoil Liatroma. Múinteoir acmhainní.
http://www.educationposts.ie/post/view/72203

• Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin, Corcaigh. Múinteoir speisialta.
http://www.educationposts.ie/post/view/72195

• Gaelscoil de hÍde, Corcaigh. Rúnaí scoile.
 http://www.educationposts.ie/post/view/72238

• Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath. Múinteoir.
 http://www.educationposts.ie/post/view/72349

• Gaelscoil de hÍde, Corcaigh. Múinteoir.
 http://www.educationposts.ie/post/view/72259

• Gaelscoil Ui Fhiaich, Cill Dara. Múinteoir
 http://www.educationposts.ie/post/view/72401

BÚA

Iúil 1, 2016

Frásaí don nGaeltacht

Dearbháin ar luach €5000 nó £5000 le buachan ó National Book Tokens

Iúil 1, 2016

Comórtas chun dearbháin ar luach €5000 nó £5000 le buachan ó National Book Tokens. Cuir do scoil áitiúil chun cinn inniu agus b’fhéidir go mbuafá féin dearbhán €100/£100 ag an am céanna.

Your school needs you! Win £5,000 (€5,000) of National Book Tokens – enough to buy hundreds of books for the library. To sweeten the deal, you’ll also get £100 (€100) of National Book Tokens for yourself!
Spriocdháta/Competition closes 31ú Iúil 2016

Spás Súgartha Nua i nGaelscoil Uí Riada

Iúil 1, 2016

Spás 5

#

 

 

 

Osclaíodh  spás súgartha nua i nGaelscoil Uí Riada, Wilton, Corcaigh,  ar an 7ú Meitheamh.  ‘Cúl an Tí’ a thug muintir na scoile ar an spás iontach seo.  Is áit súgartha í – ach le dífríocht – ‘siad daltaí na scoile a bhí lárnach i bpleanáil an spáis. Chabhraigh baill ón Roinn Teiripe Saothair in Ollscoil Chorcaí leis an scoil le dearadh an spáis agus lorgaíodar tuairimí na ndaoine a bheadh á úsáid – na daltaí féin.

Tá na gnéithe  ann a bhionn i ngach spás – sleamhnán, balla dreapadóireachta, dréimire rópa, bíomaí chun cothromaíocht a fhorbairt.  I dteannta sin tá bothán ann gur féidir le daltaí suí lena gcairde agus ciorcal cainte a úsáidtear mar sheomra ranga ‘amuigh faoin aer’.

Is as adhmad agus ábhair nadúrtha atá sé tógtha agus fágtar cúinní ag fás go fiáin leis.  Is breá le daltaí na scoile ó naíonáin go dtí na hardranganna ‘Cúl an Tí’ agus é lán de ‘iontaisí an tsaoil’.

Stiúrthóir Naíonra á lorg i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath

Iúil 1, 2016

Stiúrthóir Naíonra á lorg i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath

Stiúrthóir Naíonra á lorg do sheisiún naíonra ó 12.20-15.20 Luan-Aoine.

Fetac leibhéal 6 nó níos airde agus teastas ag léiriú cumais sa Ghaeilge riachtanach.

Déan teagmháil le helgasweetman@gmail.com

« Previous Page