Méid an Téacs

Opry An Iúir 2016

Lúnasa 19, 2016

Opry an Iuir A5-page-001

Tá Opry an Iúir ar ais i Halla an Bhaile in Iúir Cionn Trá i mbliana idir an 4ú agus an 7ú de Mhí Mhean Fomhair. Tá muid ag lorg daoine a bhfuil siúm mór acu i gceol tír. Ta muid fosta ag lorg daoine le theacht ag na cheolchoirmeach a bhfuil Gailge acu a mbeadh sasta labhairt linn i ndhiaidh an ceolchoirm.

Tá Daniel Ó Donnell agus Lynette Fay arais mar láithreoirí, agus tá scoith na ceoltóirí tíre againn arís le cois scoith na ceoltóirí Gaelach.

Dé Domhnaigh 4ú Mean Fomhair: Opry with the Stars

Ceol ó: Ray Lynam, Brendan Quinn, Frank McCaffrey, Sandy Kelly agus Gloria

Aoí speisialta ar an oíche: Bernadette Morris

Dé Luain 5ú Mean Fomhair: The High Kings, Clíona Hagan & Micheal English

Ceol ó: The High Kings, Clíona Hagan agus Michael English

Aíonna speisialta ar an oíche: Pól Ó Ceannabháin agus Nell Ní Chróinín

Dé Mairt 6ú Mean Fomhair: Trudi Lalor & The Three Amigos

Ceol ó: Trudi Lalor agus The Three Amigos (Robert Mizzell, Jimmy Buckley agus Patrick Feeney)

Aíonna speisialta ar an oíche: Maitiú Ó Domhnaill agus Gráinne Holland

Dé Ceadaoin 7ú Mean Fomhair: TR Dallas & Derek Ryan

Ceol ó: TR Dallas & Derek Ryan

Aíonna speisialta ar an oíche: Eleanor McAvoy, Róise Nic Corraidh agus Muireann Nic Amhlaoidh

 

Tá na ticéidí ar fáil ó na siopaí seo:

Sean Hollywood Arts Centre, Newry – 02830313180
Canal Court Hotel, Newry – 02830251234
Walshs Newsagents, Banbridge – 02840662336
Linda’s, Warrenpoint – 02841752793
The Tuck Shop, Warrenpoint – 02841752613
Bumpers, Burren – 02841754007
McGreeveys Spar, Hilltown – 02840638501

Torthaí na hArdteistiméireachta i nGaelcholáiste Phort Láirge

Lúnasa 18, 2016

Comhghairdeas le lucht na hArdteistiméireachta 2016 i nGaelcholáiste Phort Láirge. D’éirigh le gach dalta grád A a bhaint amach sa Ghaeilge. D’éirigh le 62.5% de na daltaí 450 pointe nó níos airde a ghnóthú. Guíonn an scoil gach rath agus séan orthu go léir sa saol atá amach rompu.

Lucht na hArdteistiméireachta 2016

Coláiste de hÍde – Torthaí Ardteiste

Lúnasa 17, 2016

Tá Coláiste de hÍde thar a bheith sásta le torthaí na hArdteiste i mbliana. Tá barrchumas faighte ag na daltaí sna torthaí. Freastalaímid ar gach dalta. Fuair na daltaí na cúrsaí a bhí uathú ó Leigheas, Na Danlann, Na hEolaíochataí go cúrsaí iar-arteistéimeireachta. Comhghairdeas dár ndaltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí.

IMAG1187

Coláiste de hÍde student of the year Ruth Bháille with Maths teacher Joy Uí Mhurchadha after her A1 grade in the subject.

IMAG1184

[Right to Left] Deiric Mac an Bhaird (Príomh Oide), Ruth Bháille (Student of the Year), Riain Leon (565 – Highest points achieved), Máire Ní Annagáin (6th Year Head), Daithí Ó Murchú (Príomh Oide Tánaisteach).

IMAG1182

Deiric Mac an Bhaird (Príomh Oide), Riain Leon (Highest Points – 565 and Medicine hopeful!), Joy Uí Mhuchadha (Múinteoir)

IMAG1181

Deiric Mac an Bhaird (Príomh Oide), Ruth Bháille (Dalta na Bliana) & tuismitheoirí (proud parents).

IMAG1180

Deiric Mac an Bhaird (Príomh Oide) le Dylan Ó Neill

IMAG1179

Deiric, le Taylor Ó Somacháin, Dylan Ó Neill, Aaron Ó Conaill, Lisa Ní Mhuirí, Jodie Ní Mhaolmhuire & Darren Ó Hógáin

IMAG1174

Caroilín Ní Scealaí, Erin Ní Tuathail, Amber Ní Chiarnáin, Adam Ó Gormáin, Deiric Mac an Bhaird (Príomh Oide) Aaron Ó Conaill, Lisa Ní Mhuirí & Darren Ó Hógáin

Folúntas: Stiúrthóir Naíonra in Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí

Lúnasa 17, 2016

Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra in Éadan Doire, Co. Uíbh Fhailí. Is iad na huaireanta oibre ná 08.45r.n.- 12.15i.n. (le huaireanta breise ar fáil má tá suim ag an bhfostaí iontu).

Tá cumas maith Gaeilge (labhartha agus scríofa) riachtanach don phost.

Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag iarrthóirí chomh maith, nó iad a bheith sásta tabhairt fúthu:

  • Traenáil gharchabhrach
  • CDBO Leibhéal 6 nó níos airde

Rátaí iontacha ar fáil don iarratasóir cuí.

Déan teagmháil le Nicole ag nicole2006@eircom.net má tá spéis leat cur isteach ar an bpost.

Stiúrthóir Naíonra á earcú i gCorcaigh

Lúnasa 16, 2016

Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra úrnua a osclóidh i Meán Fómhair 2016 i Mainistir na Corann, Co. Chorcaí. Is réamhscoil lasmuigh é agus ní mór don iarrthóir grá a bheith acu don nádúr agus bheith taobh amuigh.  Tá cábán adhmaid álainn ar an suíomh atá cóirithe le háiseanna iomlána do laethanta áirithe nuair nach n-oireann sé bheith taobh amuigh.

Uaireanta Oibre: Luan go hAoine, 08.45r.n.- 12.15i.n. do chonradh 38 seachtaine i gcomháir an scéim ECCE.

Riachtanach:

Tá cumas maith Gaeilge (labhartha agus scríofa) riachtanach don phost.

Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag iarrthóirí chomh maith, nó iad a bheith sásta tabhairt faoi:

  • CDBO Leibhéal 6 nó níos airde agus ar a laghad dhá bhliain de thaithí mar bhainisteoir naíonra.

Déan teagmháil le outdooractivekids@gmail.com roimh 19/08/2016 má tá spéis agat cur isteach ar an bpost

Folúntais i bPoist

Lúnasa 16, 2016

• Gael-Choláiste Chill Dara ag lorg múinteoir páirt-aimseartha.
http://www.educationposts.ie/post/view/74794

• Gaelscoil Uí Ríordáin ag lorg múinteoir ar théarma seasta.
http://www.educationposts.ie/post/view/74806

100 Bliain tar éis Éirí Amach na Cásca – cén tionchar a bheidh ag Brexit ar an Ghaeilge?

Lúnasa 15, 2016

Leis an tsraith Plé 16, tá comóradh speisialta á dhéanamh ag Conradh na Gaeilge ar Éirí Amach na Cásca i mbliana. Seo sraith de sheimineáir agus de dhíospóireachtaí a dhéanann cíoradh ar ról na heagraíochta teanga agus ar ról na Gaeilge i saol cheannairí an Éirí Amach agus sa saol sa lá atá inniu ann. Reáchtálfar comhdháil lae i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire chun ceist na gceart teanga, mar a bhí agus mar atá, a scrúdú ar 20 Lúnasa 2016.

Is cinnte go mbeidh tionchar an reifrinn ar bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach ar mhionteangacha ina hábhar plé ar an lá, agus is chuige seo a bhfuil cuireadh chun cainte tugtha ag an gConradh do shaineolaithe a bhfuil tuiscint faoi leith acu ar an staid reatha i ndlínsí éagsúla na n-oileán seo.

Cuirfear tús leis an gcomhdháil ag 11.00rn le léacht speisialta ón scríbhneoir agus fealsúnaí Tomás Mac Síomóin a dhíreoidh ar ghluaiseacht Athbheochan na Gaeilge i gcomhthéacs na díchóilíneachta. Tá cónaí ar Thomás sa Chatalóin faoi láthair, rud a thugann peirspictíocht éagsúil dó ar cheisteanna cultúir, polaitíochta, agus na sochaí. Tá neart foilsithe ag Mac Síomóin ar cheist na Gaeilge freisin, go háirithe faoin dlúthbhaint idir gluaiseacht na Gaeilge agus Éirí Amach na Cásca.

Sa dara leath den chomhdháil, pléifidh Meri Huws, Coimisinéir Teanga na Breataine Bige; Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga; Diarmaid Ua Bruadair, Príomhoide Ghaelcholáiste Doire; agus Mícheál Ó Flannagáin, dlíodóir, an chaoi ina bhfuil cúrsaí chearta teanga mar atá sa lá atá inniu ann ó thuaidh, ó dheas, sa Ríocht Aontaithe, agus san Aontas Eorpach. Feidhmeoidh Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, mar chathaoirleach ar an seimineár, a bheidh oscailte don phobal uilig saor in aisce. Beidh seirbhís aistriúcháin chomhuaineach ar fáil freisin ar an lá. Tá tuilleadh eolas ar fáil ar mheáin shóisialta Chonradh na Gaeilge, ar shuíomh idirlín an Chonartha ag www.cnag.ie, nó trí ríomhphost a sheoladh chuig 1916@cnag.ie.

Am: Satharn 20 Lúnasa, 11.00 rn

Áit: Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire BT48 7DF

Téama: Cearta Teanga, Inné agus Inniu

Cainteoirí: Meri Huws, Rónán Ó Domhnaill, Tomás Mac Síomóin, Mícheál Ó Flannagáin, Diarmaid Ua Bruadair

Cead isteach saor in aisce. Seirbhís aistriúcháin chomhuaineach ar fáil.

Tuilleadh Eolais: 1916@cnag.ie | 0035314757401

Tuilleadh sonraí | Further Details and Event Poster @ https://www.facebook.com/events/488834721315841/

Naíonra nua le hoscailt i Longford

Lúnasa 15, 2016

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Folúntais i bPoist

Lúnasa 15, 2016

• Gaelscoil Bharra ag lorg múinteoir buan.
http://www.educationposts.ie/post/view/74570

• Gaelscoil Naomh Pádraig ag lorg cúntóir riachtanais speisialta ar théarma seasta.
 http://www.educationposts.ie/post/view/74565

• Gaelcholáiste Luimnigh ag lorg múinteoir.
 http://www.educationposts.ie/post/view/74539

• Gaelcholáiste Luimnigh ag lorg múinteoir.
 http://www.educationposts.ie/post/view/74541

• Gaelcholáiste Phort Láirge ag lorg múinteoir ar théarma seasta.
http://www.educationposts.ie/post/view/74502

• Gaelscoil Thomáis Dáibhís ag lorg múinteoir buan.
http://www.educationposts.ie/post/view/74712

• Gaelscoil Ui Drisceoil ag lorg múinteoir buan.
http://www.educationposts.ie/post/view/74695

• Gaelscoil na Fuinseoige ag lorg múinteoir tacaíochta foghlama páirt-aimseartha.
http://www.educationposts.ie/post/view/74346

Acmhainn nua Gaeilge le fáil ó Seomra Ranga

Lúnasa 15, 2016

Leabharmharc le focail chontrártha. Tá an acmhainn úsáideach nua seo ar fáil le híoslódáil ón suíomh www.seomraranga.com.

« Previous PageNext Page »