Múinteoirí eolaíochta de dhíth
Lúnasa 12, 2016
Múinteoirí Eolaíochta de dhíth láithreach ar Choláiste Oiriall, Muineachán.
Ceimic riachtanach i gceann acu.
Tuilleadh eolais ón Phríomhoide, Brendan Ó Dufaigh ag 086 3815672
Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra Tús Maith, Gaelscoil Nás Na Ríogh
Lúnasa 11, 2016
Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra Tús Maith i Gaelscoil Nás Na Ríogh.
Post páirtaimseartha, 21-24 uair (le socrú) in aghaidh na seachtaine ar chonradh 38 seachtaine i gcómhair an scéim ECCE
Riachtannais:
- Gaeilge líofa
- CDBO Leibhéal 6 nó níos airde i gCúram Leanaí
- Cáilíocht Gharchabhrach
- Cúrsa um Chosaint Leanaí
- Taithí
- Scileanna cumarsáide maithe le daoine fásta agus le páistí
Dáta deireanach a nglacfar le hiarratais: 10/08/2016
Dáta tosnú: 1/09/2016 (cúpla lá roimhré le hullmhú / traenáil)
CV agus litir iarratais chuig Brigid @ brigidnicaodha@hotmail.com
0858714833.
Stiúrthóir Naíonra á earcú i gCill Dara
Lúnasa 11, 2016
Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra Tús Maith i nGaelscoil Nás na Ríogh, Co. Chill Dara.
Cineál Poist: Páirt- 21-24 uair (le socrú) in aghaidh na seachtaine ar chonradh 38 seachtaine i gcómhair an scéim ECCE
Riachtannais:
- Gaeilge líofa
- CDBO Leibhéal 6 nó níos airde i gCúram Leanaí
- Cáilíocht Gharchabhrach
- Cúrsa um Chosaint Leanaí
- Taithí
- Scileanna cumarsáide maithe le daoine fásta agus le páistí
Dáta tosnú: 1/09/2016 (cúpla lá roimhré le hullmhú / traenáil)
CV agus litir iarratais chuig Brigid @ brigidnicaodha@hotmail.com
Stiúrthóir Naíonra á earcú i gCorcaigh
Lúnasa 10, 2016
Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra úrnua a osclóidh i Meán Fómhair 2016 i Mainistir na Corann, Co. Chorcaí. Is réamhscoil lasmuigh é agus ní mór don iarrthóir grá a bheith acu don nádúr agus bheith taobh amuigh. Tá cábán adhmaid álainn ar an suíomh atá cóirithe le háiseanna iomlána do laethanta áirithe nuair nach n-oireann sé bheith taobh amuigh.
Uaireanta Oibre: Luan go hAoine, 08.45r.n.- 12.15i.n. do chonradh 38 seachtaine i gcomháir an scéim ECCE.
Riachtanach:
Tá cumas maith Gaeilge (labhartha agus scríofa) riachtanach don phost.
Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag iarrthóirí chomh maith, nó iad a bheith sásta tabhairt faoi:
- CDBO Leibhéal 7 nó níos airde agus ar a laghad dhá bhliain de thaithí mar bhainisteoir naíonra.
Déan teagmháil le outdooractivekids@gmail.com roimh 17/08/2016 má tá spéis agat cur isteach ar an bpost
An Clár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí ag Bogadh
Lúnasa 9, 2016
NIPT
An Clár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí
The National Induction Programme for Teachers
Táimid ag bogadh!
Beidh an Clár Náisiúnta Ionduchtaithe do Mhúinteoirí athlonnaithe in Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar ón 1ú Mheán Fómhair 2016.
Ón 1ú Mheán Fómhair ‘sé ár seoladh poist ná
Oifig CNIM
Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar
Sean Bhóthar Bhaile Choimín
Tamhlacht
BÁC 24
Uimhreacha teagmhála ón 1ú Mheán Fómhair:
- Máirín Ní Chéileachair (Comhordaitheoir Náisiúnta) 01 4528008
- Angie Grogan (Iar-bhunscoileanna) 01 4528018
- Doireann Quinn (Bunscoileanna) 01 4528020
Fanfaidh na huimhreacha soghluaiste agus na seolta ríomhphost mar an gcéanna agus beidh uasdátú déanta ar an suíomh idirlín de réir mar a oireann.
Le gach dea-ghuí,
Máirín Ní Chéileachair
NIPT National Co-ordinator
Email:mairinnicheileachair@teacherinduction.ie
Teideal Nua -Futa Fata -Fómhair 2016
Lúnasa 9, 2016
Tá an-áthas orainn teideal nua uainn a chur faoi do bhráid, atá le fáil uainn an Fómhar seo.
Léitheoirí Neamhspleácha: Deireadh Fómhair 2016
- Dialann Dúradáin-Rodrick Abú (Diary of a Wimpy Kid-Rodrick Rules)
ISBN 978-1-910945-24-7 €9.95
An dara leabhar atá aistrithe again sa sraith cáiliúil seo ó Jeff Kinney.
Sraith Lísín : Meán Fómhair 2016
- Lísín-Criú Nua ar Bord. ISBN 978-1-910945-22-3 €7.95
An ceathrú leabhar sa sraith seo. Thug Lísín cuireadh do na páistí deasa fanacht thar oíche ar An Dragún Draíochta….. Is mór an spóirt bheith ar bhord An Dragún Draíochta…fiú leis na páistí deasa mar criú againn!
Rannta agus Amhráin: Samhain 2016
Amhráin agus Rannta faoi cheithre shéasúr na bliana
Leabhar agus Dlúthdhiosca d’amhráin spraoiúla faoi na séasúir. Liricí agus learaidí nua iniata.
Amhráin spraíúla do pháistí atá ar an albam seo.
Is féidir ár gcuid teideal ar fad a ordú nó a réamhordú ó na dáilitheoirí seo a leanas:
Gill Books/Argosy/ CIC/ Futa Fata
Gníomhairí Díolacháin : O’ Brien Press ar 01-4923333
Scoláireacht Doctúireachta 3 Bliana fógartha le DCU
Lúnasa 9, 2016
Deis chun taighde a dhéanamh ar Thacaíocht foghlama do pháistí le deacrachtaí / míchumais foghlama i suímh thumoideachais in Éirinn. Scoláireacht €18,000 saor ó cháin in aghaidh na bliana ar feadh 3 bliana agus táillí Ollscoile ar feadh suas le 4 bliana atá i gceist. Tá na sonraí uilig leis seo nó ag an nasc thíos.
http://www.dcu.ie/sites/default/files/research/pdfs/dcu_institute_of_education_phd_scholarship.pdf
Tá tuilleadh eolais le fáil ag 01-8842074 (padraig.oduibhir@dcu.ie) nó ó Joe Travers ag 01-8842040 (joe.travers@dcu.ie)
Folúntais i bPoist
Lúnasa 8, 2016
• Gaelscoil Choláiste Mhuire ag lorg cúntóir riachtanais speisialta.
http://www.educationposts.ie/post/view/74390
• Gaelscoil Míde ag lorg múinteoir acmhainne.
http://www.educationposts.ie/post/view/74418
• Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag lorg ionadaí.
http://www.educationposts.ie/post/view/74429
Folúntais ar Phoist
Lúnasa 5, 2016
• Scoil Náithí ag lorg cúntóir riachtanais speisialta buan.
http://www.educationposts.ie/post/view/74290
• Scoil Náithí ag lorg múniteoir acmhainní páirt-aimseartha.
http://www.educationposts.ie/post/view/74292
• Gaelscoil na bhFilí ag lorg múinteoir ar théarma seasta.
http://www.educationposts.ie/post/view/74291
• Gaelscoil na Lochanna ag lorg múniteoir acmhainní páirt-aimseartha.
http://www.educationposts.ie/post/view/74299
• Gaelscoil Naomh Pádraig ag lorg ionadaí do shaoire mháithreachais.
http://www.educationposts.ie/post/view/74295
• Gaelcholáiste Chiarraí ag lorg ionadaí.
http://www.educationposts.ie/post/view/74310
• Gaelcholáiste Chiarraí ag lorg múinteoir ar théarma seasta.
http://www.educationposts.ie/post/view/74311
• Gaelcholáiste Chiarraíag lorg ionadaí do shaoire mháithreachais.
http://www.educationposts.ie/post/view/74312
Cosaint Leanaí sa Naíonra
Lúnasa 5, 2016
Tá leagan athbhreithnithe (i nGaeilge agus i mBéarla) den acmhainn do naíonraí foilsithe ag an National Early Years Children First Committee. Tá leaganacha PDF le híoslódáil thíos, agus beidh siad ar fáil i measc acmhainní eile do naíonraí ar an leathanach Acmhainní den suíomh seo. Má tá acmhainn in úsáid agat go shíleann tú gur fiú a roinnt ar naíonraí eile, le do thoil cuir ar ríomhphost é chuig clare@gaelscoileanna.ie.
Tá An tAcht um Thús Áite do Leanaí 2015 – Reachtaíocht Nua um Chosaint Leanaí clúdaithe sa cháipéis ar leathanach 31 & 32.