Le Chéile Trí Ghaeilge!
Eanáir 24, 2017
Scéim: Le Chéile Trí Ghaeilge 2017 Tapaigh an deis! Deontais ar fáil
Tá Gaeloideachas ag cur deontais ar fáil do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta tríd an scéim ‘Le Chéile Trí Ghaeilge’. Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil buiséad ceadaithe don scéim don tréimhse Feabhra – Nollaig 2017 agus go bhfuil muid ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí atá beartaithe laistigh den tréimhse seo. Bíonn an-tóir ar an deontas seo, agus molaimid do naíonraí agus do scoileanna an deis a thapú agus iarratas a dhéanamh go luath! Ceadaítear na deontais ar bhonn tús freastail. Ní gá go mbeidh sonraí an imeachta deimhnithe agat leis an iarratas a dhéanamh, is leor cur síos ar a bhfuil beartaithe. Déantar na h-íocaíochtaí de réir admhála i ndiaidh an imeachta. Cuirtear fáilte roimh réimse leathan imeachtaí agus roimh iarratais ó:
• Naíonraí / naíscoileanna
• Bunscoileanna
• Iarbhunscoileanna
Is deis mhaith í seo comhcheangal idir scoileanna Gaeltachta agus Galltachta a chruthú agus imeachtaí a reachtáil i gcomhpháirt lena chéile.
Tríd an scéim seo, bíonn deis ag naíonraí agus scoileanna imeacht dá rogha féin a reáchtáil le naíonraí agus scoileanna eile. Cuireann Gaeloideachas an tacaíocht thíos ar fáil:
€250/£225 an t-uasmhéid atá ar fáil d’aon imeacht le 2 pháirtí éagsúla* rannpháirteach ann.
€500/£450 an t-uasmhéid atá ar fáil d’aon imeacht le 3 pháirtí éagsúla* rannpháirteach ann.
€750/£675 an t-uasmhéid atá ar fáil d’aon imeacht le 4 pháirtí éagsúla* nó níos mó rannpháirteach ann.
Tugann na himeachtaí seo deis tábhachtach do naíonraí agus do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta nasc a chruthú le chéile. Ó thráth na gceist go cluichí peile, spreagann na himeachtaí ilghnéitheacha seo cumarsáid agus spraoi trí mheán na Gaeilge, rud a théann chun leasa an naíonra agus na scoile, chun leasa na bpáistí agus na ndaltaí agus chun leasa an phobail.
Is féidir teagmháil a dhéanamh liom má tá ceist ar bith agat ina leith. Tá liosta ar ár suíomh d’eagraíochtaí a chuireann seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil agus seans go mbeidh spreagadh ann daoibh agus sibh ag pleanáil i dtreo imeacht a reáchtáil – féach http://www.gaelscoileanna.ie/imeachtai-turais/
Léigí go cúramach na coinníollacha thíos. Má tá ceist ar bith, seol ríomhphost chuig [sandra@gaelscoileanna.ie%20]sandra@gaelscoileanna.ie nó glaoigh ar an oifig ag 01-8535194
Tá an scéim deontais seo á maoiniú ag Foras na Gaeilge.
Is féidir an fhoirm iarratais a chomhlánú anseo. Ní ghlacfar ach amháin le hiarratais ar líne: http://www.gaelscoileanna.ie/sceimeanna/eolas/
Dianranganna Mata & Gearmáinise ag teastáil i mBaile Átha Cliath
Eanáir 24, 2017
Comórtas Lámhscríbhneoireachta An Post
Eanáir 23, 2017
Comórtas scoile nach bhfuil a leithéid ar fáil aon áit eile
Fáilte go dtí ár gcomórtas spleodrach le haghaidh lámhscríbhneoireachta don bhliain 2017. Tugann An Post agus Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) do dhúshlán páirt a ghlacadh sa chomórtas agus do chuid scileanna lámhscríbhneoireachta a thástáil.
Cláraigh linn chun fógraí ríomhphoist a fháil amach anseo.
Tapaigh an deis chun duaiseanna iontacha a bhuachan agus bí cinnte go mbeidh d’iontráil istigh roimh an spriocdháta – Dé hAoine, 10 Feabhra 2017.
Féadfaidh daltaí sa rang céanna cur isteach ar an gcomórtas i nGaeilge nó i mBéarla nó i dteanga Laidin-bhunaithe ar bith eile a mhúintear sa scoil (tá tuilleadh sonraí sna treoirlínte iontrála thíos).
Gach eolas anseo
Comórtas
Eanáir 23, 2017
Comórtas
Tá ar gcuid cairde in Gaelchultúr Teo tar éis duaiseanna iontacha a chur ar fáil dúinn le comórtas a reáchtáil. Tá muid cinnte go mbeidh an-suim ag na scoileanna agus naíonraí sna hacmhainní seo.
An chéad áit: Beart Breise Bunscoile http://siopa.ie/ga/i-909-beart_breise_bunscoile/i.aspx…
An dara háit: Beart Bunscoile http://siopa.ie/ga/i-908-beart_bunscoile/i.aspx?id=908
An tríú háit: Póstaer Pearsan http://siopa.ie/ga/i-708-postaer_pearsan/i.aspx?ID=708
Le cur isteach ar an gcomórtas iontach seo, níl le déanamh ach dul chuig ár leathnach Facebook, an cheist shimplí seo a fhreagairt agus an freagra a fhágáil mar thráchtaireacht thíos faoin mbunphostáil.
CEIST: Cad is ainm don suíomh idirlín atá ag Gaelchultúr ar féidir leabhair Ghaeilge a ordú do scoileanna uaidh?
Spriocdháta: 27ú Eanáir 2017 13.00
Mar eolas, is féidir le scoileanna agus le hinstitiúidí eile orduithe a chur isteach trí shonrasc le leabhar ar bith Gaeilge atá i gcló, leabhair scoile san áireamh, a ordú trína suíomh http://siopa.ie/ga/orduithe_ar_sonrasc.aspx
(English) Scoil Naithí Dublin school closed after ‘extensive’ fire damage
Eanáir 23, 2017
(English) Gaelscoil Éadain Mhóir hoping to boost school numbers as demand for places grows
Eanáir 23, 2017
Eighty children to miss out on Gaelscoil as waiting list soars
Eanáir 23, 2017
A Gaelscoil in Co Kildare will be unable to provide school places for almost 80 children next September, due to huge numbers enrolling at the school.
Scoil Ui Riada in Kilcock, Co Kildare, has approximately 56 places for next September; however, 52 of those places have already been reserved by siblings of current pupils.
This leaves just four places for new families in the school, as the waiting list hits 130 children. The school has been oversubscribed since 2013, with parents fighting each year for extra places.
In previous years, the school has been granted extra places to accommodate as many children as possible.
However, this year the Department of Education and the school’s patron, the Bishop of Kildare and Leighlin, are insisting that there should only be two streams rather than three. There are four other schools in the area for families to choose from, but parents are adamant that they should have the right to educate their children through the Irish language.
Brendan Shalvey has had his daughter on the waiting list to attend Scoil Ui Riada since she was nine months old but fears that she will not get a place in September.
“It turns out that there are people who have been there from about three months old.
“We want Irish to survive, we want Irish to thrive and we want it to be a living language.”
Parents’ Committee member Eimear de Faoite says the fight for extra places at the school is lasting from spring to September each year. “At this stage, there is a precedent that parents here wish for their children to be educated through Gaeilge,” she added.
Seamus O Muirithe, principal of Scoil Ui Riada, told the Sunday Independent that he supported the parents.
“Unfortunately, at the moment, we are bound by other decisions made by the Department of Education.
”These decisions do not allow us to give parents what they would like in relation to education through the medium of Irish.”
The school’s patron, Bishop Denis Nulty, declined to comment. Last week, Minister for Education Richard Bruton revealed that he intends to tackle school admission policies that give preference to Catholic children. The changes will prevent Catholic schools from exclusively selecting children who have been baptised for admission.
Meanwhile, the Education (Admissions to School) Bill is currently making its way through the Oireachtas.
The bill will mean that waiting lists for schools will be banned, which is intended to alleviate pressure on parents with children attending oversubscribed schools.
Díospóireachtaí maidir leis an bPolasaí Oideachas Gaeltachta ar Oireachtas.tv
Eanáir 20, 2017
Thíos tá taifead ar an gcruinniú de Bhuan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Dé Máirt, 29 Samhain, 2016 maidir le Soláthar Oideachais sa Ghaeltacht agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017, le Foras na Gaeilge agus Gaeloideachas i láthair.
Thíos tá taifead ar an gcruinniú de Bhuan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Dé Máirt, 13 Nollaig, 2016 maidir le Soláthar Oideachais sa Ghaeltacht agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017, le hionadaithe ón Roinn Oideachais & Scileanna i láthair.
Teacht le chéile na bPríomhoidí ag an gComhdháil IPPN, 27 Eanáir
Eanáir 19, 2017
Beidh deis ag na príomhoidí bunscoile ó na Gaelscoileanna agus ó na Scoileanna Gaeltachta bualadh le chéile ag an gComhdháil IPPN i City West ar an Aoine 27 Eanáir. Tugtar cuireadh duitse teacht go dtí an cruinniú uair a chloig ar an Aoine 27 Eanáir ag 13.30 sa Marley Suite, atá ar an dara urlár sa phríomh óstán. Tá Yvonne Ní Mhurchú, Uachtarán, Anna mar Leas-Uachtarán agus Cathnia mar Iar-Uachtarán ag súil go mór le bualadh libh i City West agus éisteacht a thabhairt ar cé na riachtanais agus ceisteanna atá agaibh a chabhróidh linn obair na heagraíochta a stiúradh go héifeachtach.
Sárscoil Fíbín don Idirbhliain ag tosú i mí Feabhra 2017!
Eanáir 19, 2017
An bhfuil aon suim ag do ghrúpa Idirbhliana teacht go Conamara ar ghearrchúrsa i mí Feabhra/Márta? Beidh an chéad Sárscoil Fíbín don Idirbhliain á rith i gConamara ón 27 Feabhra-1 Márta 2017 agus an dara cúrsa ón 1-3 Márta agus tá muid sa tóir ar scoileanna a mbeadh spéis acu tabhairt faoin scéim píolótach seo.
Fuair Sárscoil Fíbín iarratais ó chomhordaitheoirí Idirbhliana le cúpla bliain anuas a leithéid de chúrsa a rith mar sin tá muid chun géilleadh an bhliain seo. Costas €100 in aghaidh an scoláire atá i gceist a chlúdaíonn lóistín, bia, na ceardlanna srl. Gearrchúrsa 2 lá go leith atá i gceist Luan-Céadaoin nó Céadaoin-Aoine i nGaeltacht Chonamara.
Beidh ceardlann faoi thaifeadadh ar fhón póca, Ceol & Amhráin Nuachumtha, Charades/Drámaíocht bunaithe ar an tSraith Pictiúir don Ardteist, Siúlóid Dúlra & Oidhreachta, Aisteoireacht ar radhairc ón scrúdú béil…..agus go leor craic agus spraoi ar an ngearrchúrsa seo i gConamara.
Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig www.sarscoilfibin.ie nó seol ríomhphost chuig sarscoilfibin@gmail.com