Loinneog Lúnasa promises a fun filled weekend
Lúnasa 9, 2012
Muinín go mbeidh gaelcholáiste i Maigh Nuad
Lúnasa 7, 2012
Ta sé ráite ag Coiste Ghairmoideachais Chill Dara go bhfuil siad muiníneach go n-osclófar gaelcholáisdte i Maigh Nuad i gceann roinnt blianta.
D’fhógair an Roinn Oideachais an tseachtain seo caite go bhfuil aonad Gaeilge le bhunú sa bhaile agus go bhféadfaí gaelcholáiste a oscailt má mhealann an t-aonad 70 dalta in aghaidh na bliana thar ceithre bliana.
Bhunaigh an Coiste Gairmoideachais sruth Gaeilge i Meánscoil Mhaigh Nuad in 2000 agus beidh 50 páiste ag tosú ann i Meán Fómhair.
Tá an coiste ag iarraidh é a uasghrádú go haonad agus meastann siad go mbeidh sé lonnaithe i meánscoil nua a bheas ag oscailt in 2014.
“Is é an fhís a bhí againn ón tús ná go mbunófaí gaelcholáiste i Maigh Nuad agus ta muinín againn go n-osclófar ceann nuair ata an próiseas seo tagtha chun críche,” arsa Seán Ashe, príomhfheidhmeannach an choiste.
“Beidh 50 dalta nua sa tsruth i mbliana agus ní dóigh liom go mbeidh sé ródheacair é sin a ardú go dtí 70,” ar seisean.
Dúirt an Roinn go raibh an t-aonad le bunú i gcomhar leis an bhForas Pátrúnachta ach dar leis an tUasal Ashe is féidir leo an t-aonad a bhunú iad féin.
Dúirt an Foras le Gaelscéal nach raibh siad sásta a bheith páirteach sa togra mura mbeadh sé “sásúil”.
“Is éard atá le feiceáil sna haonaid ná nár oibrigh siad, níl an locht ar na daoine atá ag obair iontu ach caithfidh an bunstruchtúr ceart a bheith ann,” arsa Ard Rúnaí na heagraíochta, Caoimhín Ó hEaghra.
“Bíonn riaradh na scoile trí mheán an Bhéarla agus bíonn brú ollmhór ar an aonad. Caithfidh an bhainistíocht a bheith ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, caithfidh go mbeadh na ranganna scoite amach agus caithfidh gach ábhar a bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge, i measc rudaí eile.”
“Mura bhfuil an t-aonad i Maigh Nuad sásúil bí bheidh baint againn leis,” ar seisean.
Chuir an Foras Pátrúnachta iarratas do phátrúnacht na meánscoile nua i Maigh Nuad chuig an Roinn ach diúltaíodh dó toisc gur chinn an Roinn roimh ré go mbeadh sé ag múineadh trí mheán an Bhéarla.
Bhí ainmneacha 640 tuismitheoir ag tacú le hiarratas ráthúil an Choiste Ghairmoideachais agus bhí 580 ag iarratas an Fhorais.
Bhronn an tAire Oideachais pátrúnacht ar an bhForas do dhá mheánscoileanna lánGhaeilge i mBaile Brigín agus i nDún Droma i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite chomh maith. Beidh Coiste Ghairmoideachais Chontae Chorcaí mar phatrún ar ghaelcholáiste eile i gCarraig Uí Laighin.
Bhí i bhfad níos mó tacaíochta ó thuismitheoirí ag an bhForas i mBaile Brigín na mar a bhí ag Coiste Ghairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath. A mhalairt a bhí cursaí i gCarraig Uí Laighin, áit a bhfuil coiste bunaithe na scoile ag obair leis an gCoiste Ghairmoideachais le roinnt blianta.
Idir an da linn, d’fhógair Seán Ashe go bhfuil maoiniú faighte ón Roinn Oideachais chun athchóiriú a dhéanamh ar Ghaelcholáiste Chill Dara sa Nás.
www.gaelsceal.ie
Scoláireachtaí €2,000 do mhic léinn
Lúnasa 7, 2012
Tá cúig scoláireacht ar luach €2,000 an ceann á thairiscint ag Fiontar, an t-aonad taighde agus teagasc trí mheán na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, do mhic léinn a bheidh ag tabhairt faoin MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais sa bhliain romhainn.
Is cúrsa páirtaimseartha é an MSc atá dírithe ar chéimithe a bhfuil sé i gceist acu poist bhainistíochta nó poist fhorbartha a fháil sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí.
Déantar an MSc a bhaint amach thar dhá bhliain trí fhreastal ar ranganna ag an deireadh seachtaine ar champas DCU. Breis eolais ag www.dcu.ie/fiontar.
www.advertiser.ie/galway
Cá bhfuil plean teanga an stáit?
Lúnasa 7, 2012
Is cosúil anois, le hainmniú Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe mar Phátrún ar mheánscoil Bhaile Chláir, nach fada go mbeidh an scoil sin ar an bhfód.
Ábhar ceiliúradh é gan amhras don ghrúpa atá ag obair go dícheallach ar an gceist seo le dornán blianta anuas.
Tá sé tráthúil áfach go raibh sé seo ar fad ag tarlú sa tseachtain chéanna a rinneadh an tAcht Gaeltachta a bhrú tríd an Dáil, agus léiríonn sé ceann de na laigí móra atá san Acht céanna. In ainneoin na ndualgas ar fad atá luaite san Acht ar na pobail Ghaeltachta chun pleananna teanga a ullmhú níl freagracht dá laghad ar an státchóras féin a bheith páirteach sa phlean agus, mar is léir le fada, tá an státchóras céanna ar a sheacht mhíle dhícheall ag iarraidh an Ghaeilge a ruaigeadh ar fad.
Mar atá léirithe go minic sa Ghaeltacht, tá tábhacht faoi leith leis an gcóras oideachais maidir le cothú teanga labhartha an cheantair agus mar thacaíocht do theanga atá faoi bhrú. Nuair a osclaítear an mheánscoil nua i mBaile Chláir beidh deireadh go deo le pé seans a bhí ann (agus is caolseans a bhí ann) tarrtháil a dhéanamh ar an gceantar Gaeltachta taobh thoir de chathair na Gaillimhe.
Fiú má tá daoine sa phobal sin sásta tabhairt faoi phlean teanga a ullmhú beidh ceann de na huirlisí is tábhachtaí a bheadh ar fáil dóibh imithe le sruth.
Agus céard é freagra an tAire Dinny McGinley agus státseirbhísigh Roinn na Gaeltachta faoi imeacht Ghaeltacht an Achréidh “ní bhaineann sé linne, baineann sé leis an bpobal.”
www.advertiser.ie/galway
Ag tógáil an Ghaeloideachais i dTír Eoghain
Lúnasa 7, 2012
Cuireadh críoch chroíúil le Scoil Samhraidh Mhic Reachtain na bliana seo le dinnéar speisialta agus Céilí Mór in Óstán an Europa, Béal Feirste, Dé Sathairn seo caite. Mar is iondúil, chomhoibrigh an Scoil agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta le chéile ar an oíche le hairgead a bhailiú le haghaidh an Ghaeloideachais. I mbliana chuaigh an t-airgead a cruinníodh i dtreo na scoile nua-bhunaithe, Gaelscoil na Deirge, i gContae Thír Eoghain. Anseo tugann an Cathaoirleach ar Bhord Gobharnóirí na scoile, Maolíosa McHugh, cuntas ar scéal Ghaelscoil na Deirge go dtí seo agus ar thábhacht an airgid seo don tionscadal.
Is scoil úr-bhunaithe í Gaelscoil na Deirge, atá suite taobh amuigh de Chaisleán na Deirge in iarthar Thír Eoghain.
Mar an gcéanna le Gaelscoileanna eile nach bhfuil aitheanta go hiomlán ag an Roinn Oideachais go fóill, tá an scoil ag teacht i dtír ar iarrachtaí leanúnacha tógála airgid agus ar fhláithiúlacht mhuintir na háite.
Tá fréamhacha na scoile nua le fáil i Naíscoil na Deirge, a bunaíodh sa bhliain 2008 le deis a thabhairt do thuismitheoirí áitiúla an Gaeloideachas a roghnú dá bpáistí.
Tá, ar an mheán, 12 dalta ag freastal ar an naíscoil gach bliain ó shin agus dá mbeadh oideachas bunscoile ar fáil i nGaeilge sa cheantar, ghlacfadh thart ar sheisear an rogha sin in aghaidh na bliana.
Is dá bharr sin a bhunaigh muid coiste ar leith a raibh sé de sprioc aige bunscoil Ghaeilge a bhunú, rud a chuirfeadh le hoideachas na bpáistí agus a chuideodh go mór le clárú na naíscoile.
I ndiaidh plé áirithe ar an cheist, cinneadh go rachfaí ar aghaidh le bunú bunscoile i nGleann na Deirge agus thoiligh an scoil áitiúil Bhéarla, San Proinsias Assisi, seomra sealadach a ligean ar cíos do Bhunscoil na Deirge.
Cuireadh tús le hagallaimh ina dhiaidh sin agus tá áthas orainn a rá go bhfuil múinteoir anois ceaptha, Treasa Ní Duibhinne a bhí i gceannas roimhe seo ar Naíscoil na gCrann ar an Ómaigh.
Tá obair dhíograiseach curtha isteach ag an Bhord Gobharnóirí le hairgead a bhailiú don scoil úr agus cé go dtuigeann muid an dúshlán atá romhainn, tá muid in ann aige.
I mí Feabhra na bliana seo chuir an coiste tús le crannchur a meastar go gcruinneoidh leath na gcostas don bhliain amach romhainn agus le cuidiú Iontaobhas na Gaelscolaíochta, agus an ócáid mhór ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtáin, tá súil againn go mbeidh muid in ann an chuid eile a thabhairt isteach.
Tá tábhacht mhór ag baint leis an oideachas trí mheán na Gaeilge i saol agus i dtodhchaí ár náisiúin, agus géarghá le maoiniú a thógáil d’earnáil na Gaelscolaíochta ar fud na tíre.
Tá muid an-bhuíoch mar sin de gach duine agus grúpa a thacaigh linn go dtí seo.
Ina measc sin tá oibrithe deonacha ár gcoiste, Iontabhas na Gaelscoileachta, Comhairle na Gaelscoileachta, Gaelphobal An tSratha Báin, Bord Gobharnóirí San Proinsias Assisi agus an tAthar Ó Dochartaigh as an socrú ar leith a rinne siad le haghaidh láthair na scoile, agus ar ndóigh tá buíochas ag dul do na daoine sin ar fad a thug airgead dúinn ag an deireadh seachtaine agus ag ócáidí eile i linn na bliana.
Tá muid ag súil go mór leis an obair, agus toradh a fheiceáil ar an obair sin, sa tréimhse amach romhainn.
Tús maith, leath na hoibre.
Maolíosa McHugh, Cathaoirleach Bhord Gobharnóirí Ghaelscoil na Deirge
meoneile.ie
Coláiste Ghlór na Mara sa Fingal Independent
Lúnasa 7, 2012
An Foras Pátrúnachta fógartha mar phátrún ar dhá Ghaelcholáiste úra
Iúil 26, 2012
Tá fógartha ag an Aire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn TD go mbeidh an Foras Pátrúnachta mar phátrún ar dhá iar-bhunscoil nua atá le hoscailt i nDún Droma agus i mBaile Brigín i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2014.
Fógraíodh sonraí breise maidir le pátrúnacht cheithre scoil déag atá le hoscailt sna blianta atá amach romhainn.
Tá formhór na scoileanna seo le hoscailt in oirthear na tíre, sna bruachbhailte mórthimpeall ar Bhaile Átha Cliath ach beidh iar-bhunscoileanna le hoscailt i ndeisceart Chathair Chorcaí agus i mBaile Chláir i gContae na Gaillimhe chomh maith.
Dúirt an tAire go raibh muinín aige “go gciallóidh na scoileanna nua seo, le hais na scoileanna tá cheana féin i ngach ceantar, go mbeidh rogha sásúil ag tuismitheoirí agus ag lorg an scoil is fearr a léiríonn a n-eiteas féin”.
Fógraíodh tuilleadh sonraí maidir leis an nGaelcholáiste atá le hoscailt i mBaile Brigín agus is cosúil anois go mbeidh méid an Ghaelcholáiste á laghdú agus scoil Bhéarla eile a bhunú tar éis na bliana 2015, de bharr gur suim leis an bpobal daltaí a chur chuig scoil Educate Together chomh maith.
Chomh maith leis sin, is é an Foras Pátrúnachta a bheidh mar phátrún ar Ghaelcholáiste atá le hoscailt i nDún Droma i mí Mheán Fómhair 2014.
Tugadh aitheantas don éileamh a bhí ar an ngaeloideachas i Maigh Nuad chomh maith agus tá beartaithe go n-osclófar Aonad Gaeilge sa scoil nua atá le hoscailt ansin nó sa scoil atá ann cheana féin i Maigh Nuad i gcomhairle leis an bhForas.
GAELPORT.COM
Foras Pátrúnachta agus Coistí Gairmoideachais in iomaíocht
Iúil 26, 2012
Tá an Foras Pátrúnachta agus Coistí Gairmoideachais ag dul in iomaíocht maidir le meánscoileanna lánGhaeilge nua a osclófar sna blianta beaga amach romhainn.
Dar leis an bhForas Pátrúnachta ba cheart go mbeadh gach scoil lánGhaeilge faoina chúram.
“Déanann sé ciall go mbeadh pátrún amháin ag plé leis na scoileanna lánGhaeilge ar fad,” arsa Caoimhín Ó hEaghra, Príomhfheidhmeannach an Fhorais, “pátrún atá aitheanta mar eagraíocht a labhraíonn ar son na gaelscolaíochta.”
Dúirt Coiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath nach n-aontaíonn siad leis an dearcadh seo áfach.
“Tá cáil shuntasach orainn ó thaobh scoileanna nua a fhorbairt i gContae Bhaile Átha Cliath agus ta muid mar phátrún ar 26 coláiste faoi láthair,” arsa urlabhraí.
“Is coláistí lánGhaeilge ceithre cinn acu sin a chuireann oideachais ar fáil trí mheán ár dteanga náisiúnta, Coláiste de hÍde, Gaelcholáiste Reachrann, Coláiste Cois Life agus Coláiste Chilliain. Cuirtear an Ghaeilge chun cinn go láidir sna seirbhísí a chuireann muid ar fáil.”
Tá iarratais curtha isteach ag Coistí Gairmoideachais agus ag an bhForas Pátrúnachta do mheánscoileanna lánGhaeilge a osclófar i gCarraig Uí Laighin i gCorcaigh agus i mBaile Brigín i nDún Droma i mBaile Átha Cliath.
Beidh pátrún éagsúla ag dul in adharca a chéíle maidir le bunscoileanna in 44 ceantar ina bhfuil ganntanas éagsúlachta sa chóras oideachais, dar leis an bhFóram ar Phátrúnacht agus Iolrachais.
Tá gaelscoileanna i bhformhór na gceantar cheana féin ach tá 12 cheann ann nach bhfuil teacht ar an ngaescolaíocht iontu – An Pasáiste, Ros Cré, Biorra, Ceanannas, Baile Chill Dara, Ros Mhic Triúin, Baile Chill Mhantáin, na Sceirí, agus na bruachbhailte san ardchathair mar a leanas; Mullach Eadrad, an Halla Bán, Port Mearnóg agus Baile Átha Cliath 4.
Beidh an Roinn Oideachais ag déanamh suirbhé san fhómhair ar mhianta na dtuismitheoirí sna ceantair ó thaobh teanga teagaisc agus sainmheoin chreideamh. Níl cead ag coistí gairmoideachais a bheith ina bpátrúin ar bhunscoileanna faoi láthair ach tá siad ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an mbeac sin.
D’fhógair an tAire Oideachais níos luaithe i mbliana go dtógfar 20 bunscoil i gceantracha ina bhfuil an daonra ag fás, ina measc, gaelscoileanna i gCnoc na Cathrach i nGaillimh, i mBaile Chill Dara agus sa Chéim, Teach na Giúise-Tamhlacht agus Mullach Eadrad i mBaile Átha Cliath.
Tá gaelscoileanna i bhformhór na gceantracha cheana féin.
Beidh Foras na Gaeilge ag foilsiú tuairisce maidir le suirbhéanna éagsúla a rinneadh ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge san athbhliain.
Ina measc sin, tá taighde a rinne Instidiúid Teangeolaíochta Éireann in 2000 a léirigh go gcuireadh 23.4% de thuismitheoirí na Poblachta a bpáistí chuig gaelscoil dá mbeadh ceann ar fáil go háitiúil. Ardaíonn sé seo go dtí 30% nuair a chuirtear daoine gan tuairm as an áireamh.
www.gaelsceal.ie
Educate Together to run second level school
Iúil 26, 2012
New school patrons announced
Iúil 26, 2012