Ní féidir an bhagairt ar an teanga sa Ghaeltacht a shéanadh, dar le Ó Giollagáin.
Deireadh Fómhair 21, 2015
Déanann Conchúr Ó Giollagáin coasint ar an Tuarascáil ar Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011
Alt iomlán anseo:
Torthaí taighde ar an nGaeltacht fritorthúil, dar le Mac Con Iomaire
Deireadh Fómhair 21, 2015
Nochtann Rónán Mac Con Iomaire a thuairimí ar an Tuarascáil ar Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011
Alt iomlán le fáil anseo:
Tionól Teagaisc 2015 in Institiúid Oideachais Marino ar an 14 Samhain
Deireadh Fómhair 21, 2015
Tá áthas ar an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) a fhógairt gur in Institiúid Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath a bheidh Tionól Teagaisc 2015 ar siúl ar an Sathran 14 Samhain. Seimineár Náisiúnta Gaeilge atá sa Tionól Teagaisc.
Beidh Tionól na bliana seo oscailte do mhúinteoirí bunscoile chomh maith le múinteoirí iarbhunscoile. Is deis é do mhúinteoirí teacht le chéile i bhfóram gairmiúil, tacúil le freastal ar rogha ceardlann phraiticiúil agus éisteacht le múinteoirí agus le saineolaithe éagsúla ag labhairt faoi ghnéithe ar leith de theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge.
Tá áthas orainn chomh maith go mbeidh Caoimhe Máirtín mar aoichainteoir ar an lá. Ócáid chéiliúrtha a bheidh ann, ag céiliúradh na dea-chleachtais uile atá ar siúl i seomraí ranga ar fud na tíre.
Is cuma cén rang, cén bhliain, cén leibhéal, cén clár nó cén earnáil atá á mhúineadh agat, reáchtálfar ceardlanna a fhreastalóidh ar do chuid sainriachtanais agus a chuirfidh féidearthachtaí nua ar fáil don seomra ranga. Sa bhreis ar na ceardlanna praiticiúla a bheidh dírithe ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge, beidh líon mór seastáin ann agus beidh deis iontach ann bualadh le múinteoirí eile agus tuairimí a mhalartú.
Lean an nasc thíos chun clárú agus chun breathnú ar bhróisiúr Tionól Teagaisc 2015 .
http://www.pdst.ie/conferences
Ní bhfuair Conchúr Ó Giollagáin cuireadh teacht i láthair ag cruinniú Oireachtais faoina thuarascáil Ghaeltachta
Deireadh Fómhair 21, 2015
Níor tugadh aon chuireadh do Chonchúr Ó Giollagáin teacht i láthair ag cruinniú de choiste Oireachtais a bhí ar siúl tráthnóna, in ainneoin gur thug cathaoirleach an choiste a mhalairt le fios faoi dhó ag an gcruinniú céanna.
Tugadh suntas dó tráthnóna nach raibh Ó Giollagáin i láthair ag an gcruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais ag ar tugadh fianaise mar gheall ar ar an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Thug beirt seanadóirí a bhí ag an gcruinniú, Trevor Ó Clochartaigh (SF) agus Fiach Mac Conghail (NS), suntas dó nach raibh Ó Giollagáin, duine d’údair an Nuashonrú, i láthair.
“Cá bhfuil Conchúr Ó Giollagáin?” a d’fhiafraigh an Seanadóir Ó Clochartaigh, a dúirt go raibh iontas air nach raibh cuireadh faighte ag an ollamh ollscoile.
Mar fhreagra ar an gceist sin, dúirt cathaoirleach an choiste, an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, gur tugadh cuireadh don Ollamh Ó Giollagáin teacht i láthair an chruinnithe agus gur labhair cléireach an choiste leis an ar an bhfón.
Thug Ó Murchú le fios nach raibh ar chumas Uí Ghiollagáin a bheith i láthair.
Ach dúirt Conchúr Ó Giollagáin le Tuairisc.ie tráthnóna nach bhfuair sé aon chuireadh teacht i láthair an choiste agus gur chuala sé mar gheall ar chruinniú an lae inniu den chéad uair nuair a léigh sé scéal faoi ar Tuairisc.ie “ag leathuair tar éis a hocht ar maidin”.
Bhain conspóid fhada le foilsiú an Nuashonrú toisc go raibh easaontas idir Ó Giollagáin agus Údarás na Gaeltachta, a choimisiúnaigh an tuarascáil, faoi mholtaí a bhí déanta ag na húdair mar chuid dá dtaighde.
Sa deireadh tháinig Údarás na Gaeltachta agus Conchúr Ó Giollagáin ar réiteach agus níor foilsíodh na moltaí mar chuid den Nuashonrú a d’fhoilsigh an tÚdarás.
Foilsíodh go neamhspleách moltaí údair na tuarascála, agus dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh tráthnóna gur cheart go mbeadh na moltaí sin á bplé chomh maith ag an gcoiste Gaeilge.
Bhí ionadaithe i láthair ag an gcruinniú i dtithe an Oireachtais inniu ó Údarás na Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Gaelscoileanna Teo. agus Conradh na Gaeilge.
Géarchéim na Gaeltachta: ‘Má tá nappy salach le n-athrú – ní haon mhaith bheith ag caint faoi’
Deireadh Fómhair 21, 2015
Deineadh cáineadh láidir i dTithe an Oireachtais tráthnóna ar ‘easpa gnímh’ an státchórais agus an Rialtais maidir leis an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht a ndéantar cur síos uirthi i dtuarascáil Ghaeltachta.
Bhí ionadaithe ó eagraíochtaí teanga éagsúla i láthair tráthnóna ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais chun fianaise a thabhairt mar gheall ar an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta i ndeireadh mhí na Bealtaine.
Ina chuid fianaise siúd, dúirt Peadar Mac Fhlannchadha ó Chonradh na Gaeilge go raibh níos mó “frustrachais agus ciniciúlachta” ná riamh ann i measc phobal na Gaeilge toisc a laghad sin a bheith á dhéanamh ag an Stát agus an t-aos polaitiúil maidir le cosaint agus cur chun cinn na Gaeilge.
Dúirt Mac Fhlannchadha gur léir nach raibh “an toil pholaitiúil” ann tabhairt faoi na dúshláin atá roimh an teanga.
Ag trácht dó ar an gcóras pleanála teanga a cuireadh ar bun sa Ghaeltacht dúirt sé “gur chaith an Roinn [Roinn na Gaeltachta] an fhreagracht sin ar Údarás na Gaeltachta” ar dúradh leo “déanaigí an phleanáil teanga nó bainfimid airgead díbh”.
Ina dhiaidh sin, a dúirt sé, chuir an tÚdarás an fhreagracht ar na heagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht ar deineadh an bhagairt chéanna orthu mar gheall ar mhaoiniú is a deineadh ar an Údarás féin.
Dúirt Mac Fhlannchadha nach raibh “aon cheannaireacht” á tabhairt ag an Rialtas maidir le ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go raibh “sceanairt” déanta ar bhuiséad an Údaráis agus buiséad Fhoras na Gaeilge.
Dúirt sé go raibh “cinneadh polaitiúil le déanamh againn mar thír – an bhfuilimid ag iarraidh an Ghaeilge a thabhairt slán?”.
Más amhlaidh go bhfuil, is é an chéad rud a theastódh ná go gceapfaí Aire Sinsearach chun cosaint a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, a dúirt Mac Fhlannchadha.
Dúirt Sorcha Ní Chéilleachair ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta go raibh “an chaint ar fad déanta agus gur gníomh a theastaíonn anois”.
Dúirt Ní Chéilleachair gur “pictiúr fírinneach, réadúil, ionraic” de staid na teanga a bhí sa Nuashonrú.
“Cén fáth go mbeifí á shéanadh mar sin? Ní féidir ligint don mhórtas cine ná don gcur i gcéill ná do chúiseanna a bhaineann le maorlathas na ranna stáit dallamullóg a chur orainn – seo mar atá cúrsaí agus sin é,” a dúirt sí.
Bhain Ní Chéilleachair earraíocht as samhlacha a bhaineann le saol an tuismitheora chun a pointe a threisiú.
“Má tá nappy salach le n-athrú – ní haon mhaith bheith ag caint faoi, caithfear an nappy a athrú nó beidh impleachtaí i gceist. Má tá ocras ar an leanbh – ní haon mhaith bheith ag caint faoi, caithfear é a bheathú. Má tá an leanbh ag gol – ní haon mhaith bheith ag caint faoi caithfear an leanbh a shuaimhniú.
“Agus más rud é go bhfuil imní ort faoi do pháiste agus go dtugann tú go dtí an dochtúir é agus go ndeir an dochtúir go bhfuil an páiste sin tinn, an-tinn – ach – dá ndéanfaí cúram de agus na cógais chearta a thabhairt dó – go bhfuil seans maith go dtiocfaidh sé as. Ní haon mhaith a thuilleadh cainte ag an staid sin. Agus ní haon mhaith an tinneas a shéanadh,” a dúirt urlabhraí Tuismitheoirí na Gaeltachta.
Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go raibh an Stát mar a bheadh “an tImpire ag imeacht ina chraiceann dearg” fad is a bhain sé le ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Dúirt sé chomh maith nach raibh eagraíochtaí teanga atá ag brath ar an Stát “ag rá sách láidir leis an Aire [Aire Stáit na Gaeltachta] nach bhfuil an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge “ag obair”.
D’easontaigh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ó Fhianna Fáil le háiteamh Uí Chlochartaigh gur cheart “dearmad” a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus plean nua a chur ina háit.
Dúirt Ó Cuív gur cheart an Straitéis mar atá a chur i bhfeidhm, rud nach bhfuil á dhéanamh, dar leis, agus cur léi más gá ina dhiaidh sin.
Is í “an mhoill” atá “ag marú” na Straitéise, a dúirt Ó Cuív.
Dúirt sé nach mairfeadh an Ghaeltacht gan “an teanga a bheith aitheanta mar theanga náisiúnta”.
Dúirt cathaoirleach an choiste Labhrás Ó Murchú gur aithin sé “an phráinn” a bhain le cás na teanga sa Ghaeltacht agus mhol sé go mbeadh cruinniú eile ann faoi cheann coicíse chun tuilleadh ple a dhéanamh ar an Nuashonrú.
Molfar ag cruinniú Oireachtais inniu ‘go gcaithfí i dtraipisí’ an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Deireadh Fómhair 20, 2015
Molfar inniu do choiste Gaeilge an Oireachtais go gcaithfí i dtraipisí an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go gcromfaí ar phlean teanga a cheapadh as an nua.
Is é an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh a dhéanfaidh an moladh sin ag cruinniú tráthnóna mar gheall ar an tuarascáil Ghaeltachta ina maítear ‘nach bhfuil an Ghaeltacht inmharthana más pobal urlabhra Gaeilge a shamhlaítear leis an nGaeltacht’.
Beidh ionadaí Ó Údarás na Gaeltachta i láthair tráthnóna ag an gcruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais chun fianaise a thabhairt mar gheall ar ar an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta i ndeireadh mhí na Bealtaine.
Beidh ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Gaelscoileanna Teo. i láthair chomh maith ag an gcruinniú den fhochoiste Oireachtais.
Ní bheidh údair na tuarascála i láthair ag an gcruinniú, mar a bhí molta ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, atá ag éileamh le fada go ndéanfadh an coiste Gaeilge plé ar thorthaí an Nuashonrú.
Thug Conchúr Ó Giollagáin, duine d’údair na tuarascála le fios ar maidin, nach bhfuair sé “scéal ar bith” faoin gcruinniú. “Thiocfainn agus labhróinn ag an ócáid dá bhfaighinn cuireadh a bheith i láthair,”a dúirt sé.
Tá sé i gceist ag an Seanadóir ó Shinn Féin, aird a tharraingt ag an gcruinniú ar an easpa dul chun cinn, dar leis, atá á dhéanamh maidir le feidhm a thabhairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
“Beidh mé ag tarraingt airde ar cheist na Straitéise. Faoi láthair níl ar siúl ach píosaí beaga den phlean a phiocadh anseo agus ansiúd. Tá sé in am an Straitéis 20 Bliain a chaitheamh i dtraipisí agus tosú as an nua. Is léir go bhfuil géarchéim teanga ann agus tá plean níos radacaí ag teastáil,” a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh le Tuairisc.ie.
Cé go dtagann Iar-Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív le dearcadh Uí Chlochartaigh maidir leis an easpa dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le feidhm a thabhairt don Straitéis, feictear don Teachta Dála nach mbeadh aon chiall leis an bplean a chaitheamh i dtraipisí.
“An fhadhb atá ann ná go bhfuil an Straitéis anois cosúil leis an gcreideamh Criostaí agus an Roinn ag roghnú rudaí beaga as de réir mar a oireann dóibh. Bhí sé i gceist i gcónaí go gcuirfí an rud ar fad i bhfeidhm mar thuig muid nach mbeadh aon mhaitheas ann mura gcuirfí an rud ar fad i bhfeidhm.
“Ach ní hé leigheas an scéil fáil réidh léi. Ba chóir í a chur i bhfeidhm agus ansin rudaí breise a chur ann de réir a chéile agus de réir mar is gá. Dá bhfaighfí réidh léi bheadh trí nó ceithre bliana curtha amú agus bheadh mórán an rud céanna sa deireadh agat,” a dúirt Éamon Ó Cúiv.
www.tuairisc.ie
Sraith nua drámaíochta ar Meon Eile – ‘Idir Mise Agus Tusa’
Deireadh Fómhair 19, 2015
Tá tús á chur inniu le sraith nua drámaíochta ar Meon Eile, ‘Idir Mise Agus Tusa’. As seo go dtí an Nollaig beidh deich n-agallamh beirte le feiceáil ar an suíomh agus daoine óga as gach cearn de Chúige Uladh páirteach iontu.
Seo nasc leis an chéad ceann atá foilsithe inniu fá phóitín a smuigleáil isteach sa flaithis! http://www.meoneile.ie/ailt/idir-mise-agus-tusa-agallamh-beirte-uladh
DÁTA | AGALLAMH BEIRTE | PÁISTE 1 & SCOIL | PÁISTE 2 & SCOIL | CONTAE |
15/10 | An Peacach Glic
le Ray Mac Mánais |
Rónán Mac Eamharcaigh
Scoil Oilibhéir Pluincéid, Rann na Feirste |
Cathal Ó Cathasaigh
Scoil Oilibhéir Pluincéid, Rann na Feirste |
DnaG |
22/10 | Thuaigh vs Theas
le Pádraig Mac Suibhne |
Eimear Drain
Bunscoil Phobal Feirste |
Siún McSherry
Bunscoil Phobal Feirste |
Aontroim |
29/10 | Oíche Shamhna
le Antaine Ó Donnaile |
Sadhbh Ní Dhonnaile
Bunscoil Ard Mhacha |
Lughaidh Ó Donnaile
Bunscoil Ard Mhacha |
Ard Mhacha |
5/11 | Súgradh Istigh, Súgradh Amuigh
le Séamas Mac Annaidh |
Kirsten Roberts
Bunscoil Naomh Phádraig, Dún Phádraig |
Emmet Johnston
Bunscoil Naomh Phádraig, Dún Phádraig |
An Dún |
12/11 | Páistí ag Rialú an Domhain
le Antaine Ó Donnaile |
Sadhbh Ní Dhonnaile
Bunscoil Ard Mhacha |
Caoimhe Farnan
Bunscoil Ard Mhacha |
Ard Mhacha |
19/11 | Connallach vs Machach
le Antaine Ó Donnaile |
Emma Ní Ghallachóir
Scoil Oilibhéir Pluincéid, Rann na Feirste |
Lughaidh Ó Donnaile
Bunscoil Ard Mhacha |
DnaG
Ard Mhacha |
26/11 | Saol an Mhadaidh Bháin le Méabh Fields | Cadhla McCabe
Bunscoil Eoin Baiste Port an Dúnáin |
Aoife Ní Ágáin – Fontes
Bunscoil Eoin Baiste Port an Dúnáin |
Ard Mhacha |
3/12 | An Bhean Fháistine
le Ray Mac Mánais |
Aoife Murray
Bunscoil Phobal Feirste |
Caolán Johnston
Bunscoil Phobal Feirste |
Aontroim |
10/12 | Iomanaíocht na hIomána le Eithne Ni Ghallchobhair | Lucy Marie Cadden
Bunscoil an Traonaigh, Fear Manach |
Alyssa Ní Shúilleabháin
Scoil Oilibhéir Pluincéid, Rann na Feirste |
Fear M.
DnaG |
17/12 | An Trampailín
le Eithne Ni Ghallchobhair |
Lily-Jo Ní Chonchuir
Bunscoil Naomh Phádraig, Dún Phádraig |
Darragh Coyle
Bunscoil Naomh Phádraig, Dún Phádraig |
An Dún |
24/12 | Mura dTaga Leat Dar Leo le Seán Mac Labhraí | Bláithín Drain
Bunscoil Phobal Feirste |
Dúana Coleman
Bunscoil Phobal Feirste |
Aontroim |
Moill fós ann ar fhorbairt Gaelscoil de hÍde
Deireadh Fómhair 19, 2015
Ta moill fós ar scoil nua do Ghaelscoil de hÍde i gCorcaigh. Scéal iomlán ag an nasc thíos:
€91,000 an costas tosaithe ar Ghaelcholáiste Dhoire
Deireadh Fómhair 16, 2015
Scéal iomlán ag an nasc thíos:
Scoil Chonamara ag tabhairt faoi churiarracht dhomhanda i rás sealaíochta
Deireadh Fómhair 16, 2015
Ghlac daltaí ó Scoil Náisiúnta Cholm Cille, Ros a’ Mhíl, dúshlán mór le deireanas nuair a thug siad faoi churiarracht dhomhanda a bhaint amach i rás sealaíochta 5,000 méadar an fhaid is a bhí daltaí ó scoileanna eile timpeall na cruinne ag tabhairt faoin dúshlán céanna.
Ba é Sportshall, eagraíocht spóirt le haghaidh scoileanna i Sasana, a d’eagraigh an ócáid.
“Ba muide an t-aon bhunscoil in Éirinn a ghlac páirt ann, go bhfios dúinn, agus bhain muid an-taitneamh go deo as,” a dúirt Síle Nic Con Iomaire, príomhoide na scoile.
“Shocraigh muid i mbliana cur le haclaíocht sa scoil agus an múinteoir Mary Jennings i mbun traenála. Ghlac muid páirt i rásaí trastíre i Meán Fómhair agus tá sé i gceist ag Rang a cúig páirt a ghlacadh i rása 5k, a bheas ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua níos deireanaí sa mí.”
Ba i ngrúpaí a bhí na gasúir agus rith chuile dhuine acu timpeall na páirce (200m) uilig.
Ba iad an grúpa gorm a tháinig sa gcéad áit agus an rás rite acu in imeacht 20 nóiméad agus 49 soicind. 20:59 an t-am a bhí ag an bhfoireann ghlas; 21:04 a bhí ag an bhfoireann bhuí agus 21:10 a bhí ag an bhfoireann dhearg.
“Tá muid fíorbhuíoch do Cliff Jennings,”a deir Síle, a thug cúnamh agus tacaíocht dúinn agus do na cuiditheoirí a bhí ann ar an lá.
“Cé nár éirigh linn aon churiarracht a bhaint amach, bhí na gasúir fíorshásta leo féin,” a dúirt sí.