Féasta Sráide 2018 – deis iontach do scoileanna agus naíonraí imeacht spraíúil a eagrú dá bpobail
Márta 5, 2018
Féasta Sráide/Street Feast – 10 Meitheamh 2018
Is lón pobail é Féasta Sráide, tagann daoine le chéile ar shráideanna, i bpáirceanna, i ngarrántaí, nó i gcarr clóis, tógann gach duine rud le hithe agus roinntear an béile le chéile.
Ceann de na rudaí is tarraingtí faoin bhFéasta Sráide ná go bhfuil sé dírithe ar an dteaghlach agus ar an bpobal uile, agus ní mórán ócáidí na laethanta seo a bhíonn dírithe ar gach aoisghrúpa.
Is ar an 10 Meitheamh a bheidh Street Feast ar siúil in 2018 agus tá Oireachtas na Gaeilge ag iarraidh suas go 20 Féasta Sráide Ghaelacha a chur chun cinn i mbliana.
Chuige sin, tá leagan Gaeilge de phacáiste tacaíochta á chur ar fáil againn do ghrúpaí áitiúla Gaeilge. Séard a bhíonn sa phacáiste tacaíochta ná bratacha, treoirleabhar, póstaeir, cuirí, srl.
Feictear dúinn gur deis iontach í seo do ghrúpaí pobail agus áitiúla, do naíonraí agus scoileanna lán-Ghaeilge/Gaeltachta, do chomharchumainn Gaeltachta agus do ghrúpaí Gaeilge i gcoitinne páirt a ghlacadh in ócáid thaitneamhach, shóisialta Ghaeilge a bheidh á cur chun cinn go náisiúnta.
Ní bheadh mórán oibre i gceist, seachas ionad/spás a aimsiú, cead a fháil lena úsáid, agus an ócáid a fhógairt go háitiúil. Beidh muid ag cur na hócáidí uile chun cinn go náisiúnta freisin, agus ar ndóigh beidh siad liostáilte ar shuíomh http://streetfeast.ie/.
Le spéis a léiriú, nó tuilleadh eolais a fháil, ní gá ach rphost a chur chuig Majella majella@antoireachtas.ie anois!
Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh ag Naíonra Teanga Beo
Márta 5, 2018
Beidh Naíonra Teanga Beo, Baile Formaid, ag ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge le tae beag. Is féidir leat cupán tae a fháil ag úsáid do chúpla focal.
Beidh pleananna an naíonra don bhliain amach romhainn á roinnt agus beidh an obair reatha atá idir lámha á taispeáint.
Teanga Beo will be celebrating seachtain na Gaeilge with Afternoon tea. Come along and enjoy some tea and cake while using do chúpla focal.
We’ll also be displaying our plans for the year and opening doors to show the hard work that’s been done over the past year.
Bígí linn!
Riachtanais na Scoileanna Oileáin á nAithint
Feabhra 28, 2018
Fáiltíonn Gaeloideachas roimh an aitheantas atá á thabhairt do na dúshláin atá ag scoileanna ar oileán le seoladh tuarascála de chuid an Chomhchoiste um Oideachas agus Scileanna inniu. Tuarascáil thábhachtach í seo, a léiríonn tacaíocht traspháirtí d’fhorbairt córais agus scéimeanna tacaíochta níos iomchuí don oideachas oileáin, agus a chuirfeadh bonn níos láidre faoin oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Impítear go nglacfaidh an tAire Oideachais agus Scileanna leis na moltaí réasúnta atá leagtha amach, gur moltaí iad a d’eascair as comhairliúchán le pobail na scoileanna agus a gcuid eagraíochtaí tacaíochta, agus go ndéanfaí an infheistíocht bheag riachtanach san earnáil seo atá ag fulaingt le fada de bharr easpa aitheantais agus tacaíochtaí.
Ocht moladh san iomlán atá sa tuarascáil, anuas ar an mbunmholadh go bhforbrófaí polasaí don oideachas oileáin. “Tá sé tábhachtach comhtháthú a dhéanamh ar fhorbairt pholasaí oideachais oileáin leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta agus ar fhorbairt polasaí náisiúnta stáit don oideachas lán-Ghaeilge amach anseo – polasaí ar mhaith linn go gcuirfí tús leis an díospóireacht agus an plé ina leith faoi”, a deir Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Gaeloideachas.
Ag labhairt faoin seoladh inniu, dúirt ní Ghréacháin gur “ábhar mór misnigh a bhí sa tuarascáil, ní hamháin ó thaobh ábhar na moltaí ciallmhara atá ann, ach ó thaobh an cur chuige uileghabhálach comhairliúcháin a tugadh faoi, agus an dúthracht agus dílseacht do chothrom na féinne do scoileanna oileáin a léirigh an Comhchoiste”. Thréaslaigh sí leis an gCathaoirleach, an T.D. Fíona Ní Lochlainn agus a stiúir éifeachtach agus leis an Seanadóir Trevor Ó Chlochartaigh as a chuid tiomantais agus saintuisceana ar chúrsaí oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta”.
Glacann Gaeloideachas buíochas le gach scoil a bhí páirteach sa chomhairliúchán agus a roinn a gcuid tuairimí agus moltaí linn agus an eagraíocht i mbun comhairliúcháin thar a gceann.
Curaclam Teanga na Bunscoile Céim 3 agus 4: Léirigh do thuairimí
Feabhra 28, 2018
Tá dréachtsonraíocht Curaclam Teanga na Bunscoile/Primary Language Curriculum Céim 3 agus 4 ar fáil anois le haghaidh Comhairliúcháin. Reáchtálfar an comhairliúcháin go dtí 20ú Mí Aibreáin 2018.
Táimid ag bailiú aiseolas ó mhúinteoirí ‘sna bhealaí seo a leanas:
Ceistneoir ar líne: Tá suirbhé ar líne ar fáil ag ncca.ie
Scoileanna Pilóta: Mar bhaill de líonra scoile tá roinnt múinteoirí agus príomhoidí ag baint triail as gnéithe ar leith den dréachtsonraíocht agus ag tabhairt aiseolas ar ais dúinn.
Seimineáir Chomhairliúcháin:
12ú Márta, Midlands Hotel, Portlaoise
13ú Márta, Silver Springs Hotel, Corcaigh
20ú Márta, Harbour Hotel, Gaillimh
Aighneachtaí Scríofa: Cuir aighneachtaí scríofa chuig consultations@ncca.ie.
Tá do chuid aiseolais an-thábhachtach dúinn.
Chun cur lenár gceistneoir ar líne – Téigh chuig ár láithreán gréasáin www.ncca.ie. Is féidir leat teacht ar an gceistneoir ar an leathanach baile trí chliceáil ‘Léirigh do thuairimí’.
Chun iarratas a dhéanamh chun freastal ar na seimineáir chomhairliúcháin – clárú le do thoil trí do chuid sonraí a chur ar r-phost (Ainm, ról agus scoil) chuig languageconsultation@ncca.ie faoi 3pm ar 8 Márta 2018. Tá áiteanna oscailte do mhúinteoirí bunscoile agus do phríomhoidí. Beidh na seimineáir ar siúl ó 10:30 am-2.30pm agus soláthrófar clúdach ionadaíochta do lucht freastail.
Maoiniú Áiseanna Teagaisc/ Foghlama Gaeilge agus Sparánachtaí Taighde
Feabhra 26, 2018
Tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais: www.cogg.ie
Dáta deiridh d’iarratais: Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4pm Dé Máirt 20 Márta 2018.
Comhdháil Chomhairle na Gaelscolaíochta & CAER
Feabhra 26, 2018
Fógraíonn Comhairle na Gaelscolaíochta, an forás ionadaíochta ar son na gaelscolaíochta agus CAER, (Cumann Oideachais na Réigiún Eorpach), a chuireann chun cinn agus a fhorbraíonn oideachas trí theangacha neamhfhorleathana, go mbeidh Comhdháil chomhpháirteach ar siúl ar an 15ú Márta 2018 i gColáiste Ollscoile Naomh Muire & ar an 16ú Márta 2018 i gColáiste Feirste, Béal Feirste.
Is í ceann de na comhdhálacha is mó den chineál seo ar oileán na hÉireann í, a mheallfaidh toscairí as Gaelscoileanna ó thuaidh agus ó dheas agus cuid mhór eagraíochtaí Gaeilge eile, idir chultúrtha agus oideachasúla agus i mbliana agus anois le comhpháirtíocht CAER, beidh cainteoirí idirnáisiúnta ar an tumoideachas ó cheann ceann na hEorpa.
I mbliana beidh atmaisféar láidir idirnáisiúnta le brath agus cainteoirí ó gach cearn don Eoraip i láthair. Inma Muñoa ó Thír na mBascach agus Ester Magis ón Bheilg, a chuirfidh a gcuid taighde faoi bhráid na comhdhála chomh maith le taighdeoirí agus acadóirí as an Bhreatain Bheag, as Albain agus as Éirinn i láthair.
Beidh an chomhdháil ar siúl i gColáiste Mhuire agus i gColáiste Feirste i mbliana agus tá Comhairle na Gaelscolaíochta agus CAER an-bhuíoch dóibh as an ócáid a óstáil i mbliana; dhá aonad iad atá aitheanta fud fad na tíre as a dtiomantas i leith chur chun cinn na Gaeilge.
Tá Comhairle na Gaelscolaíochta agus CAER an-sásta go mbeidh an t-aoi speisialta leis an Chomhdháil a oscailt i mbliana, An Choimisinéir Teangan Rónán ó Domhnaill. Tá Comhairle na Gaelscolaíochta & CAER an-bhuíoch dó as a chuid ama a thabhairt dúinn le bheith i láthair ar an lá.
Agus é ag caint ar theacht na Comhdhála i mbliana, dúirt Liam Ó Flannagáin, , Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, go gcuirfí fáilte chroíúil roimh gach toscaire chuig an ócáid speisialta seo.
Beidh réimse leathán de sheastáin eolais ag eagraíochtaí cultúrtha, oideachais, Gaeilge agus spóirt ann ar an lá chomh maith.
Ní mór do mhúinteoirí a bheith cláraithe roimh ré chun freastal ar an Chomhdháil seo, a thosaíonn ag 9.00 sa dá ionad.
Tuilleadh eolais: Seán Ó Muireagáin somuireagain@comhairle.org Guthán 02980 321475
Cúrsaí Oiliúna leis An Foras Pátrúnachta
Feabhra 20, 2018
Beidh ceardlanna ar chosaint leanaí agus cosaint sonraí á reáchtáil ag An Foras Pátrúnachta i gceantair éagsúla ar fud na tíre. Má tá suim agat ionadaí/ionadaithe ó do scoil a chlárú, ní mór ríomhphost a chur chuig oiliuint@foras.ie Tá an oiliúint seo oscailte d’ionadaithe ó scoileanna lán-Ghaeilge/Gaeltachta faoi gach pátrún. Tá An Foras Pátrúnachta sásta seisiún breise a reáchtáil in ionaid má bhailíonn scoileanna 15 duine ar a laghad.
Cosaint Leanaí – 7pm i ngach cás | ||
Dáta | Scoileanna | Áit |
1/3/2018 | Corcaigh | Ionad Oideachais Chorcaí |
5/3/2018 | An Mhí | Gs na Mí |
7/3/2018 | BÁC | Óstán Beacon, Áth an Ghainimh BAC |
8/3/2018 | Cill Dara – Laois- Uibh Fhailí | Gaelscoil Mhic Aodha |
12/3/2018 | Áth an Rí | Óstán Raheen Woods |
8/3/2018 | Ros Comáin | Gaelscoil de híde |
12/3/2018 | Biorra | Gaelscoil na Laochra |
13/3/2018 | Baile Dhún na nGall | Gaelscoil na gCeithre Máistrí |
Cláraigh ar oiliuint@foras.ie – Luaigh an Dáta agus an tIonad
GDPR – Cosaint Sonraí – 7pm i ngach cáṡ | ||
Dáta | Scoileanna | Áit |
10 Aibreáin 2018 | BÁC | Óstán Beacon, Áth an Ghainimh BAC |
10 Aibreáin 2018 | Leitir Ceanainn | Óstán Mt Eireagail |
18 Aibreáin 2018 | Tiobraid Árainn | GS Charraig na Siúire |
18 Aibreáin 2018 | Cill Dara – Laois- Uibh Fhailí | Gaelscoil Mhic Aodha |
24 Aibreáin 2018 | Corcaigh | Ionad Oideachais Chorcaí |
25 Aibreáin 2018 | Ath an Rí | Óstán Raheen Woods |
26 Aibreáin 2018 | Loch Garman | GS Charman |
26 Aibreáin 2018 | Cábhán/Muineachán | GS Eois |
Cláraigh ar oiliuint@foras.ie – Luaigh an Dáta agus an tIonad
Earcaíocht
Seimineár Lae agus Ceardlanna Earcaíochta do Bhunscoileanna agus Meánscoileanna
Óstán Glen Royal Maigh Nuad
10am – 17 Aibreáin 2018
Cláraigh ar oiliuint@foras.ie – Luaigh an Dáta agus an tIonad
Comórtas do Bhunscoileanna
Feabhra 20, 2018
Tá comórtas á reáchtáil ag RTÉ Raidió na Gaeltachta do bhunscoileanna na tíre do Sheachtain na Gaeilge agus ní gá dóibh ach Amhráinín i Nóiméidín a thaifead le bheith san áireamh don duaischiste €1000. Is féidir amhrán, nó ceol uirlise, nó meascán den dá rud, mashup Gaelach, a chur isteach, ach gan é a bheith níos faide ná 60 soicind. Is féidir iad a thaifead ar fón cliste nó ar tháibléad. Tá siad ag glacadh le hiarratais ó anois go dtí 2 Márta, agus fógrófar na buaiteoirí ar 15 Márta. Beidh na hiarratais le cloisteáil ar an gclár An Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí, Luan go Déardaoin 3 pm – 5 pm, i mí an Mhárta. Cuir na hiarratais chuig Dónall ar wetransfer ag macruad@rte.ie agus tá breis eolais ag www.rte.ie/rnag
Ceardlann Oiliúna do Mhúinteoirí Gairmthreorach Iar-bhunscoile
Feabhra 20, 2018
Beidh ceardlann oiliúna do mhúinteoirí Gairmthreorach iar-bhunscoile a mhúineann trí mheán na Gaeilge in Óstán an Gresham, Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath ar an Aoine, an 2 Márta ón 11 r.n. – 2 i.n.
Má tá suim agat freastal ar an gceardlann, ní mór ríomhphost a sheoladh chuig padraig@cogg.ie Tá líon na spásanna ar an gcúrsa teoranta, mar sin ní mór clárú go luath má tá sé i geist agat freastal air.
Seolfar tuilleadh sonraí ar aghaidh maidir le clár an lae nuair a bheidh rannpháirtithe na ceardlainne deimhnithe. Beidh Claire O’Halloran (Síceolaí Oideachais) ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) i láthair ar an lá chun caint a thabhairt ar thopaicí atá tráthúil i gcomhthéacs an déagóra iar-bhunscoile comhaimseartha.
Soláthar úr naíscolaíocht Ghaeilge faofa ag An Grúpa Oideachais Réamhscolaíochta do Chathair Ard Mhacha, Suaitreach & Droichead Thuama
Feabhra 19, 2018
Chuir Gearóid Mac Ádhaimh, Cathaoirleach Chomhairle na Gaelscolaíochta (an foras a bhunaigh an Roinn Oideachais leis an ghaelscolaíocht a fhorbairt), fáilte roimh an chinneadh déanach a rinne An Grúpa Oideachais Réamhscolaíochta do Chathair Ard Mhacha, Suaitreach & Droichead Thuama, Co Aontroma, an soláthar úr naíscolaíocht a fhaomhadh.
Creideann an t-uasal Mhic Ádhaimh go léiríonn an soláthar úr seo tuiscint an phobail ar bhuntáistí an oideachais dátheangaigh dá bpáistí. Dúirt sé; “Tá na pobail seo ar thuras oideachasúil a shaibhreoidh saol a bpáistí agus saol a bpobail féin mar aon. Táthar ag oscailt dorais do bhuntáistí oideachasúla agus cultúrtha a eascraíonn as an dátheangachas agus an tumoideachas.”
Lean sé leis, “Tá sé d’aidhm againn an Ghaelscolaíocht a chur ar fáil don oiread pobal agus is féidir sa tuaisceart agus seo déanta taobh istigh do chomhthéacs na Pleanála Ceantair. Tugann na naíscoileanna úra seo deis dúinn freagairt don éileamh d’fhorbairt na Gaelscolaíochta sa phobal.”
Is an-fhorbairt don earnáil bunú agus faomhadh trí naíscoil úra nó is é seo an chéad uair a bunaíodh trí naíscoil in aon bhliain amháin. Léiríonn sé go sonrach an t-éileamh sa phobal don ghaelscolaíocht. Tá anois 6000 dalta ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge san earnáil agus tá súil le méadú ar na huimhreacha sin sa bhliain amach romhainn.”
Mhol an t-uasal Mac Ádhaimh ról an phobail áitiúil a thug a gcuid ama agus fuinnimh le naíscolaíocht Gaeilge a bheith ar fáil ina bpobal féin. D’aithin sé chomh maith an choimitmint agus an tacaíocht airgeadais a thug Foras na Gaeilge (foras maoinithe uile-oileánda) agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta (ciste iontaobhais na gaelscolaíocht ó thuaidh) nuair a dúirt sé, Ní bheadh sé de mhian na bpobal seo soláthar gaelscolaíochta a bheith acu ach ab é creideamh, tiomantas agus coimitmint na n-eagraíochtaí agus na ndaoine seo.”
“Ba mhian liom buíochas agus aitheanta a thabhairt dár gcomhpháirtithe san eagraíocht Altram, an grúpa a thacaíonn le tionscadail réamhscolaíochta. Ba mhór agus luachmhar an tacaíocht a thug Altram le bunú na naíscoileanna seo.”
Tá Comhairle na Gaelscolaíochta ag súil le bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe uile agus muid ag tacú leis an trí fhorbairt úr gaelscolaíochta sna pobail seo agus muid ag cur comhairle agus tacaíocht ar fáil le go ndeachaidh siad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile de sholáthar an ghaeloideachais ina gceantair féin.
Le tuilleadh eolais a fháil nó le do pháiste a chlárú, déan teagmháil le:
Orlagh @ 0785112041 (Naíscoil na Caille, Armagh)
John @ 07855902093 (Naíscoil na Fíobha, Toomebridge)
Malachaí @ 07746930591 (Naíscoil Ghreanacháin, Swatragh)