Folúntas: Ionadaí ag teastáil i nGaelcholáiste Dhoire láithreach
Deireadh Fómhair 24, 2017
GAELCHOLÁISTE DHOIRE, DÚN GEIMHIN
Teastaíonn ionadaí láithreach bonn go ceann tamaill ó Ghaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin, Contae Dhoire sna hábhair ghinearálta .i. na healaíona, drámaíocht, FSO etc. Glaoigh ar an phríomhoide sa choláiste ag 028 7774 1015 nó cuir rphost chuig info@gcd.doire.ni.sch.uk
Folúntas: Múinteoir Tacaíochta á fhostú ag Gaelscoil Uí Earcáin, Baile Átha Cliath 11
Deireadh Fómhair 24, 2017
Dáta Deiridh d’Iarratais: 1 Samhain 2017
Seol iarratais chuig:
An Cathaoirleach, Gaelscoil Uí Earcáin, Fionnghlas, Baile Átha Cliath 11
Sonraí Teagmhála: 018643544 nó priomhoideleah@gmail.com
Suíomh Idirlín: www.gsue.ie
Breis eolais anseo: http://www.educationposts.ie/post/view/94856.pdf
ÉISTEACHTAÍ Á REÁCHTÁIL AG MEANGADH FÍBÍN AG OIREACHTAS NA SAMHNA I MBLIANA
Deireadh Fómhair 24, 2017
Ar mhaith leat a bheith ar an gcéad réalt nua teilifíse?
Tá tallann nua don scáileán á lorg ag Meangadh Fíbín le haghaidh sraith shiamsúil nua teilifíse dírithe ar leanaí réamhscoile. Tá cailín agus buachaill óg ag teastáil chun dul ar eachtraí spraíúla mórthimpeall na tíre. Cén áit níos fearr chun an tallann seo a aimsiú ná ag féile mhór na nGael, Oireachtas na Samhna i gCill Airne!!
Más buachaill nó cailín tú idir 6-12 bliain d’aois ba bhreá linn dá ndéanfá éisteacht dúinn. Tar chomh fada le Seastán Meangadh Fíbín in Aonach an Oireachtais chun tuilleadh eolais a fháil le linn na féile. Cuirfear fáilte roimh dhaoine óga le taithí asteoireachta ach níl sé riachtanach.
Ná bígí buartha mura ndéanann sibh chomh fada le Cill Airne é is féidir éisteacht a dhéanamh ar fhíseán agus é a sheoladh ar aghaidh chugainn ar ríomhphost chuig kathleen@fibinmedia.ie roimh an Aoine 10 Samhain 2017!
Ní gá dul thar dhá nóiméad leis an bhfíseán ina mbeidh an buachaill/cailín ag labhairt Gaeilge agus ag déanamh cur síos ar ábhar ar bith a bhfuil spéis acu ann.
Ba chóir go ndéanfadh duine fásta maoirseacht ar gach iarratas ríomhphoist. Coinneofar go príobháideach na físeáin a chuirtear isteach agus scriosfar iad chomh luath agus a bheidh an próiseas roghnúcháin críochnaithe.
Bí i dteagmháil le Meangadh Fíbín le haghaidh tuilleadh eolais 091-505855/kathleen@fibinmedia.ie
Gach eolas ar www.fibinmedia.ie
Dianchúrsa cónaitheach Drámaíoctha & Scríbhneoireachta do dhaltaí Idirbhliana
Deireadh Fómhair 24, 2017
Tapaigh do dheis anois le linn na hIdirbhliana chun dianchúrsa seachtaine a dhéanamh leis an Scríbhneoir agus Stiúrthóir drámaíochta aitheanta Darach Mac Con Iomaire ar an gCeathrú Rua i gcroílár Chonamara áit a mbeidh deis agat bualadh le scríbhneoirí agus aisteoirí óga eile ó ar fud na tíre i bhfóram fuinniúil, spraoiúil agus spreagúil. Tá an Sárscoil speisialta seo dírithe ar dhaltaí Idirbhliana a bhfuil suim ar leith acu i gcúrsaí drámaíochta stáitse nó teilifíse agus a bhfuil fonn orthu taithí agus léargas ghairmiúil a fháil ar cé mar a fheidhmíonn an earnáil seo agus iad ag forbairt a gcuid scileanna aisteoireachta, scríbhneoireachta agus cruthaitheachta.
Beidh dhá dhianchúrsa ar bun i mí na Samhna 2017:
Cúrsa A: Dé Luain 20 go hAoine 24 Samhain.
Cúrsa B: Dé Luain 27 go hAoine 1 Nollaig.
Costas €350 atá ar an gcúrsa a chlúdaíonn lóistín, bia agus costas an chúrsa féin.
Is ar bhonn éisteachta a roghnófar na rannpháirtithe agus ní thabharfar ach cuireadh do 25 dalta ó ar fud na tíre freastal ar na cúrsaí seo. Ní féidir ach le beirt ó aon scoil amháin freastal ar an gcúrsa céanna. Tá taithí ar leith ag Darach Mac Con Iomaire a bheith i mbun ceardlanna drámaíochta le daoine óga agus tá sé aitheanta de bharr a chuid fuinnimhe agus an spreagadh a thugann sé do dhaoine. Is é a scríobh agus a stiúraigh an tsraith drámaíochta teilifíse Corp+Anam a ghnóthaigh dhá ghradam IFTA agus iliomad gradaim Oireachtais agus Ceilteach.
Más spéis leat a bheith páirteach sa Sárscoil Samhna seo, déan teagmháil le Fíbín @ 087 2995452 nó www.fibin.com
(English) Review of Special Education Teacher Allocation
Deireadh Fómhair 24, 2017
The application forms for schools to request a Review of their Special Education Teacher Allocation are now available on www.ncse.ie
Íoslódáil anseo/Download here:
Primary Schools Review Application
Post Primary Schools Review Application
MOONFISH THEATRE presents STAR OF THE SEA BUNAITHE AR AN ÚRSCÉAL LE JOSEPH O’CONNOR DEVISED BY MOONFISH THEATRE
Deireadh Fómhair 20, 2017
Scéal díoltais agus maithiúnais.
In 1847 the Famine-ship Star of the Sea sets sail for New York. Among the passengers are those with secrets to hide – a silent maidservant, a ruined landlord, and an infamous murderer.
Suite i gConamara, i Londain agus ar long an Ghorta Mhóir, pléann Star of the Sea ceisteanna teanga, talún agus cultúir.
Blending language, song, movement and imagery, this exciting and inventive production by award-winning Moonfish Theatre brings Joseph O’Connor’s epic novel to the stage as part of their national tour.
Díoladh amach Star of the Sea nuair a léiríú don chéad uair é le linn Féile Idirnáisiúnta Ealaíne na Gaillimhe 2014, mar chomhléirú leis an dTaibhdhearc. Ná caill an seans an dráma spreagúil seo a fheiceáil!
Léirithe i meascán idir Gaeilge agus Béarla.
Máirt go Déardaoin, 7 – 9 Samhain. Níos mó eolais ar fáil anseo. Ráta speisialta €9 do scoláirí/mhic léinn!
Solas le Seo Linn: DD FOGHLAIM NA GAEILGE + LEABHAR OIBRE
Deireadh Fómhair 20, 2017
Ná caill amach ar an tairiscint speisialta seo!
Leabhar amháin + DD ar €5**
NÓ
Má cheannaítear 30 cóip nó níos mó ar €3 an ceann**
Chun an praghas speisialta seo a fháil, seol ríomhphost go: Jessica@seolinn.ie
Is tionscadal é ‘’Solas’’ a chruthaigh an grúpa Gaelach Seo Linn. Is í an aidhm don acmhainn ná ‘Solas’ a chur ar an tábhacht a bhaineann lenár dteanga agus cultúr a chaomhnú, agus a thaispeáint do dhaoine idir óg agus aosta, gur teanga bheo í gur féidir a úsáid go laethúil. Tá an leabhar líonta le liricí, nótaí ceoil, cordaí, cluichí agus agallaimh le himreoirí spóirt cáiliúla agus bíonn an fhoghlaim bunaithe ar bheith gníomhach agus tú ag eisteacht leis an gceol. Tá muid ag déanamh ár ndíchill chun an Ghaeilge a thabhairt timpeall an domhain ar fad!
Go simplí, is í an sprioc ná an Ghaeilge a dhéanamh chomh taitneamhach agus is féidir agus go mbeadh teacht níos fearr ag daoine uirthi. Tá an-dul chun chinn déanta leis an tionscadal go dti seo, ach go háirithe lenár gcuid oibre ar líne le Seo Linn agus TG Lurgan. Anois tá bhur gcúnamh ag teastáil an Ghaeilge a scaipeadh agus a chur ar fáil d’éinne thart timpeall na cruinneoige!
Is féidir tuilleadh a fhoghlaim faoi seo ónár suíomh idirlín www.seolinn.com
Ná bíodh moill oraibh dul i dteagmhail le jessica@seolinn.ie má bhíonn aon cheist agaibh.
**Níl costais phostála san áireamh
NÓTA:
Is acmhainn aonair é an leabhar oibre ‘Solas’ do dháltaí scoile ar dtús báire. Tá muid ag iarraidh go mbeadh na daltaí in ann an leabhar a thabhairt ABHAILE agus na cleachtaí ‘scluichí a dhéanamh leis an DD. Cinnte is féidir le múinteoirí an leabhar oibre a cheannacht mar acmhainn dóibh féin ach LE BHUR dTOIL déanagaí an rogha a ofráil do na dáltaí an pacásite Solas a ordú dóibh féin.
Dearadh an leabhar oibre idirghníomhach seo ag Seo Linn – is múinteoirí bunscoile cáilithe triúr as an gceathrar agus tá siad tar éis an-chuid oibre a chur isteach ann le go mbeadh sé ar ardchaighdeán agus líonta le hábhar tairbheach. Ba mhór go mór linn dá staonfadh sibh ó aon fhótóchóipeáil a dhéanamh de mar tá sé mar chuid de shaothar Seo Linn.
Tá freagra iontach faighte againn go leor scoileanna agus tá súil againn go leanann sé se oar aghaidh.
Go raibh míle maith agaibh,
Seo Linn
Breacadh don scoilbhliain 2017/18
Deireadh Fómhair 18, 2017
Breacadh – Iris do dhaoine óga a thaitneoidh le gach duine (idir bhuachaillí agus chailíní) mar tá sé barclíonta ó chlúdach go clúdach leis na scéalta is deireanaí.
Is féidir orduithe don iris Breacadh a dhéanamh anois don scoilbhliain 2017/18 http://www.cogg.ie/wp-content/uploads/breacadh-foirm-ordaithe-2017.pdf
Is iris í seo atá feiliúnach do dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile araon.
Feargal Ó Cuilinn imithe ar shlí na fírinne
Deireadh Fómhair 17, 2017
Déanann Gaeloideachas comhbhrón ó chroí le muintir, cairde agus comhghleacaithe Fheargail Uí Chuilinn. Beidh cuimhne againn uile air mar fhear a raibh grá agus dílseacht don Ghaeilge agus don ghaelscolaíocht go mór ina chroí istigh agus mar bhunchloch dá shaol. Áireoimid uainn é mar dhíograiseoir teanga, a thug faoi fhorbairt na teanga go croíúil, go fonnmhar, go dearfach agus le meangadh mór air i gcónaí. Suaimhneas síoraí dá anam.
CUIREADH: Scéalta na nÉanlaithe
Deireadh Fómhair 12, 2017
Ba mhór ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta tú a bheith i láthair
nuair a sheolfaidh an Dr Éanna Ní Lamhna
Scéalta na nÉanlaithe: Cuairteanna agus Cuairteoirí le Helen Ó Murchú,
leabhar do dhaoine óga faoin mbagairt éiceolaíochta agus mhorálta is mó
atá roimh aos óg an lae inniu.
Ionad: An Taisce, Halla na dTáilliúirí, An Lána Cúil, Baile Átha Cliath 8
Am: 6PM, Déardaoin 19 Deireadh Fómhair