Méid an Téacs

Folúntas: Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath

Eanáir 27, 2015

Sonraí ar fáil ag: www.educationposts.ie

SIAMSAÍOCHT DEN SCOTH AG CRAOBHCHOMÓRTAS SCLÉIP GAEL LINN 2015!

Eanáir 26, 2015

Bhí siamsaíocht den scoth ag craobh Scléip Gael Linn 2015 i mBaile Átha Cliath ar an Satharn, 24 Eanáir 2015.

Comórtas talainne í Scléip, ina gcuirtear béim ar na healaíona comhaimseartha, agus atá dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Bhí ceithre réamhbhabhta cháilithe réigiúnacha ar siúl ag deireadh mhí na Samhna/tús mhí na Nollag – i mBaile Átha Cliath, i nDoire, i gCorcaigh agus i nGaillimh – ag a roghnaíodh na hiomaitheoirí do bhuaicphointe seo an chomórtais.

Chruinnigh scoláirí ó Dhún na nGall go dtí an Daingean, mar aon lena gcuid múinteoirí agus a gcuid tuismitheoirí, in amharclann ‘Clasach’, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath, go luath maidin Shathairn don mhórócáid, agus bhí an halla lán go doras ! Thosaigh an lá amach leis na comórtais do na scoláirí sóisearacha, agus thug aisteoirí, rinceoirí, amhránaithe, ceoltóirí agus gleacaithe fiú, taispeántais den scoth ar stáitse ! I ndiaidh am lóin, bhí deis ag na scoláirí sinsearacha míreanna sna comórtais Sceitse, Ilchineálach, Rince Cruthaitheach agus Ceol Comhaimseartha a léiriú, agus caithfear a rá go raibh an lucht féachana ag racáil nuair a chuaigh na bannaí ceoil ar stáitse ag deireadh an lae ! Ba iad Seán Ó Ceallaigh ó Gael Linn agus Sinéad Ní Uallacháin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí mar chomhláithreoirí ar an seó talainn iontach seo, agus choinnigh siad an lucht féachana ar an eolas go paiteanta i rith an ama!

Bhí sceitimíní ar na hiomaitheoirí uilig ag fanacht ar na torthaí ! I dtosach báire, thug na moltóirí Tomaí Ó Conghaile, Sibéal Davitt, agus Enda Reilly, le cabhair ó Shinéad Ní Uallacháin chomh maith, léirmheas ar a bhí feicthe acu ar ardán agus thugadar ardmholadh do phobal óg na Gaeilge as míreanna de ardchaighdeán a chur i láthair. Bhí buaiteoirí le roghnú i ngach comórtas, agus bronnadh duais don dara háit, chomh maith, ins na rannóga ina raibh sé (6) iomaitheoir nó níos mó.

Is iad seo a leanas na duaiseoirí ar fad:
Sceitse ( Sóisear ): Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Sceitse ( Sinsear ): Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Oileáin Árainn
Rince Cruthaitheach Aonair ( Sóisear): Sinéad Ní Fhearraigh, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Rince Cruthaitheach Aonair ( Sinsear ): Tara Ní Dhuinnín, Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, Co. Chiarraí
Rince Cruthaitheach Grúpaí ( Sóisear ): Alannah, Claire agus Aoife, PS Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Rince Cruthaitheach Grúpaí ( Sinsear ):Laoise agus Holly, Coláiste Cois Life, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath
Comórtas Ilchineálach ( Sóisear ): Clodagh Ní Ghallchóir, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Comórtas Ilchineálach ( Sinsear ): Cathal Ó Curráin, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
Ceol Comhaimseartha Aonair ( Sóisear ): Andi Snyder, Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh
Ceol Comhaimseartha Aonair ( Sinsear ):
An chéad áit – Eve Belle, Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola, An Fálcarrach, Co. Dhún na nGall
An dara háit – Sorcha Ní Bhriain, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí
Ceol Comhaimseartha Grúpaí ( Sóisear ):
An chéad áit – Emma de Róiste & Ann Marie Beinéid, Coláiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath
An dara háit – ‘Na Fómharaigh’, Coláiste Pobail Ráth Chairn, Co. na Mí
Ceol Comhaimseartha Grúpaí ( Sinsear ):
An chéad áit – ‘Dysania’, Coláiste Oiriall, Muineachán
An dara háit – ‘Cró Crú’, Coláiste Oiriall, Muineachán

Bronnadh duaiseanna, a bhí deartha go speisialta don ócáid ag an seodóir Neil Conway, orthu uilig. Chomh maith leis sin, bhí Gradam Scléip le bronnadh ar an duine nó ar an ngrúpa is mó a sheas amach as iomlán na n-iomaitheoirí. Bhí na moltóirí ar aon fhocal go raibh an duais seo tuillte go mór ag Cathal Ó Curráin ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, as ucht spiorad Scléip a léiriú go hiontach ! Bhí lúchair an domhain ar an réalta óga glacadh leis an ngradam speisialta seo ó Phríomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin .

Ghabh Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, buíochas leis na múinteoirí as a dtacaíocht don chomórtas agus dúirt: ‘Is é seo an chéad bhliain do Gael Linn a bheith i mbun an chomórtais ‘Scléip’, agus táimid an-sásta leis an spéis atá á léiriú ag na scoileanna ann, agus leis an talainn iontach atá feicthe againn go dtí seo! Táimid buíoch de Gaelscoileanna Teo. a chuir tús leis, agus a bhí ina bun ón mbliain 2005 i leith, agus ach go háirithe de Claire Spáinneach agus de Chiara Ní Bhroin as a gcomhairle agus a gcúnamh uilig i mbliana’.

Tá comórtas ar siúl ag Ghaeltacht Coláiste na hOileán do Mheánscoileanna ar fud na tíre i rith Seachtain na Gaeilge.

Eanáir 26, 2015

Tá comórtas ar siúl ag Ghaeltacht Coláiste na hOileán do Mheánscoileanna ar fud na tíre i rith Seachtain na Gaeilge.

http://ow.ly/HWPDh

Folúntas: Coláiste an Phiarsaigh, Corcaigh

Eanáir 26, 2015

Sonraí ar fáil ag: www.educationposts.ie

Comórtais Uile Éireann Scór ag teach go Baile Átha Cliath

Eanáir 26, 2015

Beidh na comórtais Uile Éireann Scór ag teach go dtí Átha Cliath i mbliana. Is é Scór an comórtas cultúrtha den Chumann Lúthchleas Gael. Bunaíodh na comórtais chun seans a thabhairt don bhaill an C.L.G. rud éigean a dhéanamh i rith an Geimhreadh nuair atá na páirceanna dúnta agus an aimsir go dona. Tá an C.L.G bródúil chun tacú lenar gcultúr iomlán, ní amháin ár gcultúr spóirt.

Tá ocht catagóir sna comórtais:
1. Rince Foirne
2. Amhránaíocht Aonair
3. Ceol Uirlise
4. Scéalaíocht
5. Grúpa Bailéad
6. Léiriú/Drámaíocht
7. Rince Seit
8. Tráth na gCeist
Tosaíonn na comórtais go h-áitiúla idir na clubanna, ansin idir na contaetha agus ansin idir na Cúige. Bronnfaidh Úachtaráin an C.L.G. boinn uile-Éireann ar na buaiteoirí.
Tá dhá comórtais, Scór na nÓg (dóibh faoi 17 mbliana d’aois) agus Scór Sinsear (dóibh thar 17 mbliana d’aois).
Beidh comórtas ceannais Scór na nÓg ar siúl san Óstán Citywest ar an 14ú Feabhra.
Beidh comórtas ceannais Scór Sinsear ar siúl san Óstán Citywest ar an 25ú Aibreán.

Tuilleadh eolais ó Liam Ó Culbáird-086 3814422

Coláiste Ollscoile Naomh Muire i mbaol a dhúnta

Eanáir 26, 2015

Bhailigh na céadta ag Coláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste Déardaoin seo caite chun tacú leis an institiúid atá i mbaol a dúnta mar gheall ar chiorruithe na Roinne Fostaíochta agus Foghlama.

Cheadaigh an tAire Stephen Ferry ó Pháirtí na Comhghuallaíochta ciorrú 30% ar luach £1.1 milliún ó bhuiséad bliantúil na hOllscoile.

“Tuigimid go bhfuil ciorruithe le déanamh agus tá muid sásta comhoibriú leis sin. Ach ní féidir linn fanacht oscailte le cailliúnt den méid seo,” arsa Dr Gabriel Nig Uidhir ó Bhainistíocht Shinsearach na hOllscoile.

“Níl rud ar bith a tharlaíonn anseo i dTuaisceart Éireann nach bhfuil baint aige leis an pholaitíocht, agus tá seo ar maos i gcúrsaí polaitíochta,” ar sise.

Cuireann Coláiste Ollscoile Naomh Muire an t-aon chéim oiliúna d’ábhar oidí Gaelscolaíochta ar fáil i dTuaisceart na hÉireann.

“Tá earnáil na Gaelscolaíochta ag bráth go mór ar na múinteoirí atá ag teacht as an choláiste seo. Tá muid ag amharc ar an todhchaí anseo,” arsa Séamus Ó Donnghaile, Príomhóide Bhunscoil Mhic Reachtain.

Dúirt an tAire Fostaíochta agus Foghlama Stephen Farry sa Tionól gur aithin sé tionchar na gciorruithe ar Choláiste Mhuire ach nárbh ionann sin agus a chlabhsúr.

Thug an tAire foláireamh leis nach bhfuil an t-infreastruchtúr reatha fóirseantach agus nach féidir leis an ‘status quo’ a leanúint.

Tá ciorruithe amhlaidh beartaithe ag an Aire ar bhuiséad Coláiste Oiliúna an tSrutháin Mhilis. Tuigtear gur comhnascadh an dá institiúid oiliúna i mBéal Feirste bunsprioc na gciorruithe.

Dhiúltaigh Páirtí na Comhghuallaíochta d’iarratas Meon Eile ar agallamh trí mhéan na Gaeilge faoin cheist in ainneoin cainteoirí líofa a bheith i measc bhaill an pháirtí.

Tá fís a chur Meon Eile le chéile le feiceáil ag an nasc seo: www.meoneile.ie

Folúntas: Gaelscoil Chionn tSáile, Corcaigh

Eanáir 23, 2015

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19416/

Folúntas: Coláiste Chroí Mhuire, Co. na Gaillimhe

Eanáir 23, 2015

Sonraí ar fáil ag: www.educationposts.ie

UUP fury as vote bid over new Irish school is stymied

Eanáir 23, 2015

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Limerick school principal describes strike action as ‘absolute disgrace’

Eanáir 23, 2015

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

« Previous PageNext Page »