Méid an Téacs

Ceadú tugtha d’iarbhunscoil lán-Ghaeilge i nDún Geimhin, Doire

Nollaig 10, 2014

Scéal ar fad ag:  www.derrynow.com

Folúntas: Gaelscoil Uí Earcáin, Baile Átha Cliath

Nollaig 10, 2014

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19265/

Cuairt daltaí ó Ghaelcholáiste an Phiarsaigh ar Thithe an Oireachtais

Nollaig 10, 2014

Thug scoláirí Ghaelcholáiste an Phiarsaigh cuairt ar Thithe an Oireachtais (Dáil agus Seanad Éireann), Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Raidió Na Life i rith na seachtaine. Baineadh taitneamh agus tairbhe as an aistear foghlama seo chun na cathrach agus d’fhoghlaim na scoláirí go leor rudaí nua.

gc_anp

rnal

rnal2

Folúntas: Meanscoil San Nioclas, Co. Phort Láirge

Nollaig 9, 2014

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/11123/

Líon iontrálacha níos airde ná riamh do Chomórtas an Eolaí Óig 2015 do bhunscoileanna

Nollaig 9, 2014

I mbliana, bhí ardú 43% ar líon na n-iontrálacha a bhfuarthas do Chomórtas an Eolaí Óig do bhunscoileanna, le leath de na hiarratais seo ag teacht ó scoileanna nár chuir isteach air cheana. Chiallaigh sé seo go raibh ró-éileamh de 130% ar an gcomórtas.

I mí Eanáir, glacfaidh níos mó ná 2,700 dalta ó rang a ceathair, cúig agus sé, páirt sa chomórtas seo i gCumann Ríoga Bhaile Atha Cliath. I measc na scoileanna a ghlacfaidh páirt ann, tá na scoileanna lán-Ghaeilge/Gaeltachta seo: Scoil na Maighdine Muire Gan Smál, Camus, Gaelscoil Eois, Cluain Eois, agus Gaelscoil Aonach Urmhumhan, Gort Lán Rua, an tAonach. Déanfaidh a gcuid tionscadal ranga na ceisteanna suimiúla seo a fhreagairt: ‘Cén toradh citris a bhfuil an méid is mó vitimín C ann?’, ‘Cén tionchar atá ag siúcra ar do leibhéal corpacmhainne?’ agus ‘Blas. Cén fáth go n-athraíonn sé?’.

Tiocfaidh daltaí ó 26 contae éagsúla ar fud na hÉireann agus beidh na 120 tionscadail ar taispeáint ag Taispeántas Eolaí Óg agus Teicneolaíochta BT ón 8ú-10ú Eanáir.

Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar www.rds.ie/primarysciencefair

Talainn sa Taibhdhearc ag Scléip Gael Linn 2015 !

Nollaig 9, 2014

Bhí taispeántas tallainne den scoth i dTaibhdhearc na Gaillimhe inniu ag réamhbhabhta an iarthair de Scléip Gael Linn 2015. Rinne scoláirí ó Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Oileáin Árainn, Coláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus Gaelcholáiste Luimnigh, léiríu ar sceitsí, ar rince chruthaitheach, agus ar cheol chomhaimseartha, agus bhain an lucht féachana
ard-taitneamh as an seó uilig !

Mhol an moltóir, Colm Mac Lochlainn, gach éinne a bhí ar stáitse, agus thug sé aischothú agus moltaí dóibh a bheidh ina gcabhair acu amach anseo. Leanfaidh na míreanna a leanas na buaiteoirí ó réamhbhabhtaí an oirthir, an tuaiscirt agus an deiscirt, go Baile Átha Cliath don chraobhchomórtas in amharclann Clasach, Fionnradharc, ar an Satharn, 24 Eanáir 2015:
Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) Sóisear: ‘Seomra Breagáin’, Gaelcholáiste Luimnigh, Luimneach
Sceitse ( Sinsear ): Colaiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Oileáin Árainn
Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) Sóisear: Cian O’Brien, Gaelcholaiste Luimnigh, Luimneach
Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) Sinsear: Róisín Ní Fhloinn,Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, Oileáin Árainn
Ceol Comhaimseartha ( Grúpaí ) Sóisear: ‘Cuspóir’, Gaelcholaiste Luimnigh, Luimneach
Ceol Comhaimseartha ( Grúpaí) Sinsear: ’Gaiscíoch’, Gaelcholáiste Luimnigh, Luimneach

Coinnigh súil amach ar leathanach Facebook ‘Scléip Gael Linn 2015 ‘ do ghrianghraif ón ócáid in am tráth!

Gaelcholaiste Luimnigh

Scoláirí ó Ghaelcholáiste Luimnigh a rinne rince cruthaitheach dár teideal ‘Seomra Bréagáin’ Ó Chlé: Ellie Ní Dhonnchú, Jade McMahon, Orla de Búrca Chun tosaigh: Leah Carter, Taylor McEvoy, Becky Toal

Leah, Alana, Hazel agus Mollaí

Grúpa ceoil chomhaimseartha Choláiste an Eachréidh – ó chlé: Leah Ní Mhuirgheasa, Alanna Ní Chinnéide, Hazel Ní Bhroin, Mollaí Ní Fhoghlú

Folúntas: Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh, Cill Dara

Nollaig 9, 2014

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19255/

Folúntas: Scoil Cholmcille, An Tulach, Co. na Gaillimhe

Nollaig 9, 2014

Sonraí ar fáil ag:  http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/19250/

Folúntas: Coláiste an Phiarsaigh, Co. Chorcaí.

Nollaig 9, 2014

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/11101/

Páistí ó Ghaelscoil an Chaistil ag spreagadh sábháilteacht ar na bóithre le “Ditch the Dark”

Nollaig 9, 2014

Scéál iomlán ag: www.ballymoneytimes.co.uk

« Previous PageNext Page »