Méid an Téacs

Folúntas: Gaelscoil na Giúise

Deireadh Fómhair 28, 2014

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/18710/

Folúntas: Gaelscoil na Giúise

Deireadh Fómhair 28, 2014

Sonraí ar fáil ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/18708/

Folúntas: Gaelscoil Éadan Doire

Deireadh Fómhair 24, 2014

Sonraí ag: www.educationposts.ie

Agallamh maidir le Feachtas do Ghaelcholáiste i gCIll Dara Thuaidh ar KFM

Deireadh Fómhair 24, 2014

Nasc go dtí an podcast don agallamh a rinne an coiste bainteach le Gaelcholáiste a bhunú i gCIll Dara Thuaidh le KFM ar maidin.

www.kildaretoday.podomatic.com

Agallamh ar Cormac ag a Cúig maidir leis an bhfeachtas do Ghaelcholáiste i gCill Dara Thuaidh

Deireadh Fómhair 24, 2014

Agallamh ar Cormac ag a Cúig ar Raidió na Gaeltachta (Oifigiúil) maidir leis an bhfeachtas do Ghaelcholáiste i gCill Dara Thuaidh

Cormac ag a Cúig (21/10/2014)
www.rte.ie

Scéim Iompar Scoile d`Iarbhunscoileanna

Deireadh Fómhair 24, 2014

Ó thús na scoilbhliana 2012/2013 tháinig athruithe ar sholáthar iompar scoile iarbhunscoile i bhfeidhm.

I mí Dheireadh Fómhair 2012 eisíodh litir mar aon le Bileog Ceiste & Freagra faoi na hathruithe seo do gach bunscoil agus iarbhunscoil chun tuismitheoirí páistí a bhí sa 6ú rang ag an am sin a chur ar an eolas faoina bhfuil i gceist leis na hathruithe seo agus iarbhunscoil á roghnú acu dá bpáistí.

Go simplí, tá leanaí cáilithe don iompar scoile sa chás go bhfuil cónaí orthu níos faide ná 4.8km ón ionad iarbhunscoile is cóngaraí dóibh agus go bhfuil siad ag freastal ar an ionad sin.

Maidir le hiarbhunscoil a roghnú, tá sé tábhachtach go dtuigfidh tuismitheoirí na critéir cháilitheachta don sholáthar iompar scoile; ag éirí ó athruithe a tugadh isteach i Meán Fómhair 2012, tharlódh sé go mbeadh leanaí sa cheantar nó teaghlach céanna cáilithe um iompar chuig scoileanna éagsúla. Cé gur saincheart ag tuismitheoirí é a gcuid leanaí a sheoladh chuig an scoil is rogha leo, baineann cáilitheacht don iompar scoile leis an scoil is cóngairí.

Mar chabhair do thuismitheoirí maidir leis an scéim iompar scoile, tá bileog tacaíochta le ceisteanna agus freagraí ar fáil anois. Tá cóip ar fáil ag an nasc seo: C&F

Chomh maith leis sin tá Foirmeacha Iarratais ar fáil ar líne ag www.buseireann.ie agus caithfear iad a chur isteach roimh an Aoine dheireanach in Aibreán (24ú Aibreán 2015). Tá sé tábhachtach go ndéantar iarratais don scéim iompar scoile in am mar nach féidir suíocháin a rathú d’iarratasóirí déanacha.

Is féidir le tuismitheoirí tuilleadh eolais nó soiléiriú a fháil ag; www.buseireann.ie www.education.ie

Folúntas: Gaelscoil Átha Í

Deireadh Fómhair 23, 2014

Sonraí ar fáil ag:  http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/18686/

Fáilte curtha ag an Aire O`Sullivan agus Humphreys roimh Bheathaisnéis na hÉireann atá ar fáil saor in aisce do gach scoil

Deireadh Fómhair 23, 2014

Scéal iomlán ar fáil ag: www.education.ie

Scléip agus Siansa – ardán don óige le Gael Linn

Deireadh Fómhair 23, 2014

Comórtas do dhaltaí iar-bhunscoile is ea ‘Scléip’ a thugann deis dóibh a dtallann a léiriú os comhair lucht féachana agus moltóir proifisiúnta.
Tá Gael Linn, atá i gceannas an chomórtais den chéad uair i mbliana, ag glacadh le foirmeacha iontrála do na réamhbhabhtaí réigiúnacha i láthair na huaire.

Go dtí seo, ba Gaelscoileanna Teo a bhíodh á reáchtáil. Comórtas ealaíon a chuireann béim ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht atá i Scléip agus tugann sé ardán don óige buanna ceoil, amhránaíochta, damhsa agus aisteoireachta a thaispeáint ar stáitse.

Beidh trí chinn de réamhbhabhtaí ann ó cheann ceann na tíre roimh an gcraobhchomórtas san amharclann Clasach i mBaile Átha Cliath ar 24 Eanáir 2015.

Tá cáil cheana féin ar chomórtas eile de chuid Ghael Linn – is é sin ‘Siansa’, a áirítear ar cheann de phríomhchomórtais cheoil thraidisiúnta na hÉireann. Glacfaidh Gael Linn le hiontrálacha don chomórtas sin go dtí an 7 Samhain. Cuirfear fáilte roimh ghrúpaí ceoltóirí atá idir 12 agus 19 mbliana d’aois. Beidh ar na grúpaí, idir seisear agus ochtar, taifead díobh féin a chur isteach chun áit a fháil i gceardlann.

Ón gceardlann sin, roghnófar ocht ngrúpa don Chraobhchomórtas a bheas ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar 26 Aibreán 2015. “Cothaíonn Siansa ardchaighdeán ceoil agus comhluadar taitneamhach i measc na rannpháirtithe. Léiriú é Siansa ar thacaíocht agus spéis mhór an phobail sa chultúr Gaelach,” a dúirt Niamh de Búrca, riarthóir Siansa. Tá duaischoiste €4,500 ag Siansa 2015.

– Tá an t-eolas ar fad faoin gcomórtas le fáil ó Ghael Linn ar

01-675 1200 nó www.gael-linn.ie

Folúntas: Gaelscoil Míde

Deireadh Fómhair 23, 2014

Sonraí ag: http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/18676/

« Previous PageNext Page »