Méid an Téacs

Seomraí ranga úra ag Gaelscoil Léim an Mhadaidh

Deireadh Fómhair 2, 2014

Beidh seomraí ranga úra ag Gaelscoil Léim an Mhadaidh arís i 2015. Thosaigh an scoil i 2010 le 6 daltaí agus tugadh seomraí ranga úra dóibh i 2013 nuair a d’aithin an roinn oideachais an dul chun cinn a bhí déanta ag an scoil. Anois tá 53 dalta sa scoil agus 21 sa Naíscoil. Mar gheall air seo beidh 2 sheomra ranga eile acu don scoilbhliain 2015. “Tá áit lárnach ag an scoil sa phobal anois, tá muid ag dul ó neart go neart agus tá mé féin cinnte go mbeidh níos mó seomraí tugtha dúinn amach anseo!” a dúirt príomhoide na scoile Charmaine Uí Dhaighre.

www.comhairle.org

Folúntas: Scoil Naithí

Deireadh Fómhair 2, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Folúntas: Gaelscoil Bhrian Bóroimhe

Deireadh Fómhair 2, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Folúntas: Meánscoil San Nioclás

Deireadh Fómhair 2, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Folúntas: Gaelscoil de hÍde

Deireadh Fómhair 2, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Folúntas: Gaelscoil Chluain Dolcáin

Deireadh Fómhair 1, 2014

Sonraí ar www.educationposts.ie.

Deireadh seachtaine eachtraíochta

Deireadh Fómhair 1, 2014

Tá deireadh seachtaine eachtraíochta á eagrú ag Glór Na nGael do theaghlaigh Ghaeilge don Samhain. Beidh an t-imeacht ar siúl in Ionad Eachtraíochta Chip Iúir i gCill Mhantáin ar 31 Deireadh Fómhair agus 1 Samhain 2014.

Cosnóidh an t-imeacht (oíche amháin agus lá) €50 an duine ach beidh Glór na nGael ábalta lacáiste a thabhairt a laghdóidh an costas go €30. Beidh de rogha ag teaghlaigh fanacht don dara oíche ar a gcostas féin ar €35 eile leaba agus bricfeasta.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Ghlór na nGael ag marcas@glornangael.ie nó ag 086 171 9755.

Dhá fholúntas – Comhairle na Gaelscolaíochta

Meán Fómhair 30, 2014

Eagraíocht bheag, bheo, fhuinniúil is ea CnaG, atá ar lorg daoine chun an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn agus chun feidhmiú ar fhoireann ghairmiúil, thiomanta.

Tá 2 fholúntas i bpoist shinsearacha againn faoi láthair:

Oifigeach Sinsearach Forbartha (Buan)
TAG: 101
TUARASTAL: NJC 41-44-£34,894-£37,578 +Pinsean +Liúntas Cairr
SUÍOMH: Béal Feirste

Oifigeach Sinsearach Pleanála Ceantar (Post bliana le síneadh mar fhéidearthacht ag brath ar mhaoiniú)
TAG: 102
TUARASTAL: NJC 41-44-£34,894-£37,578 +Pinsean +Liúntas Cairr
SUÍOMH: Béal Feirste

Is féidir leat pacáiste iarratais a iarraidh ach teagmháil a dhéanamh le: Foireann Earcaíochta CnaG, An Dara hUrlár, an Foirgneamh Metro, 6-9 Cearnóg Dhún na nGall Theas, Béal Feirste, BT119EW. Guthán: 08001300330. Ríomhphost: earcaiocht.comhairle@capita.co.uk

Ní mór duit d’ainm, do sheoladh agus an uimhir thagartha thuas luaite a lua ar gach iarratas.

Is cóir d’iarratasóirí ar mian leo tuilleadh eolais a fháil maidir leis na poist roimh dóibh iarratas a dhéanamh orthu glao a chur ar Phól Ó Mórdhaar

028 90321475 nó ríomhphost a chur chuige ag pomordha@comhairle.org.

Ní mór Foirmeacha Iarratais comhlánaithe a chur ar ais le bheith seachadta tráth nach déanaí ná 12.00i.n., Dé hAoine, an 17 Deireadh Fómhair 2014.

Is fostóir comhionann as deiseanna é CnaG, a chuireann fáilte roimh iarratais ó bhaill den Phobal Protastúnach agus ó mhná go háirithe.

Design-a-card i nGaeilge

Meán Fómhair 30, 2014

Tá bealach úr-nua taitneamhach forbartha ag designacard.ie dod pháistí d’fhonn a gcuid cártaí féin a chruthú. Tig le scoileanna tairbhe a bhaint as an ngnó seo freisin trí tiomsú airgid a dhéanamh.

Lenar gcóras rianaithe uathúil, nua-theicneolaíocht priontáilte agus, dar ndóigh, le cúnamh na n-ealaíontóirí óga, cuirimid Cártaí Nollag saincheaptha ar fáil a bhfuil dearadh do phaistí féin orthu. (Agus, tig libh airgead sa bhreis a sholáthar don scoil!)

Tabhair cuairt ar www.designacard.ie le haghaidh tuilleadh eolas.

photo_montage

IMRAM 2014 – Clár na Féile

Meán Fómhair 30, 2014

Tá áthas ar an bhféile litríochta Gaeilge IMRAM clár 2014 a fhógairt ina bhfuil manglam measctha meisciúil – ceol, drámaíocht, filíocht agus prós, taispeántais, léachtaí, lainseálacha leabhar, díospóireachtaí, ceardlanna agus danphóstaeir i lár na cathrach.

Ag cur síos ar an gclár dó, arsa stiúrthóir IMRAM, LIAM CARSON:

‘Arís i mbliana, cruthaíonn IMRAM go bhfuil litríocht agus ealaíona na Gaeilge fuinniúil forásach agus ag cur thar maoil le saibhreas na samhlaíochta. Cúis áthais ar leith dúinn i mbliana Amhráin na Saoirse/ Redemption Songs a chur i láthair an phobail, amhráin mhóra le Bob Marley á rá ag Liam Ó Maonlaí agus Bréag agus aoi speisialta Natty Wailer (iarbhall de bhanna clúiteach Bhob); agus Port a’ tSaoil/ Jig of Life, amhráin mhóra Kate Bush á rá ag Caitríona O’Leary. Na hamhráin traschruthaithe i nGaeilge ghleoite ag an bhfile Gabriel Rosenstock. Beidh na liricí agus íomhánna comhoiriúnacha á dteilgean ar scáileán ag Margaret Lonergan.’

I measc na míreanna suntasacha eile tá The Wheelchair Monologues, seó aonair nua Aisling Ghéar, ina gcaitheann Gearóid Ó Cairealláin súil siar ar a shaol ó leag stróc é agus é ocht mbliana is dhá scór d’aois. Ná caill Tionscadal an Ríordánaigh, seó ilmheánach a cheiliúrann an Corcaíoch conspóideach, Seán Ó Ríordáin, file, colúnaí, dialannaí agus aoi speisialta, an t-amhránaí snagcheoil nótáilte Melanie O’Reilly.

Mar atá déanta aige ó thús, déanann IMRAM an litríocht a chomhtháthú le disciplíní eile agus i mbliana thug léachtóirí san Institiúid Teicneolaíochta, Clare Bell agus Brenda Dermody samplaí den fhilíocht chomhaimseartha dóibh siúd atá ag déanamh staidéir ar an dearadh agus ar an gclóghrafaíocht féachaint conas d’fhreagróidís dóibh. Roghnaíodh saothar le Doireann Ní Ghríofa, Marcus Mac Conghail, Gabriel Rosenstock, Séamus Barra Ó Súilleabháin agus Mícheál Ó hAodha le haghaidh an taispeántais. Tá triocha láthair i lár na cathrach faighte ag IMRAM chun saothar na mac léinn a phoibliú i gcaitheamh na féile. Coinnigh súil in airde!

CLAR IOMLÁN NA FÉILE: www.imram.ie

« Previous PageNext Page »