Folúntas: Gaelscoil Lorgan
Bealtaine 26, 2014
Post bliana atá ann. Cuirfear painéal iarrthóirí le chéile agus má tá aon folúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir leis an phost bheith líonta ón painéal sin.
Sonraí ar www.educationposts.ie.
Folúntas: Gaelscoil Eois
Bealtaine 26, 2014
Sonraí ar www.educationposts.ie
Folúntais: Coláiste Ghlór na Mara
Bealtaine 26, 2014
Is meánscoil lán-Ghaelach í Coláiste Ghlór na Mara a osclóidh i mBaile Brigín, Co. Bhaile Áth Cliath i mí Meán Fómhair 2014.
Tá An Foras Pátrúnachta ina phatrún ar an nGaelcholáiste. Freastalóidh an scoil, a bhfuil éiteas ilchreidmheach aici, ar an éileamh mór atá ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge i dtuaisceart Fhine Gall, An Mhí Thiar agus deisceart an Lú.
Tá postanna le fail sna h-ábhair seo a leanas; Gaeilge , Béarla, Fraincís Spáinnis, Mata, Eolaíocht , Tír Eolas,Stair, Ceol, Gnó , Reiligiún, Teicneolaíocht, Eacnamaíocht Bhaile, Ealaíon, Corp oideachas, OSPS agus OSSP. Buntáiste bheith in ann níos mó ná ábhar amháin a mhúineadh. Táimid ag lorg múinteoirí fuinniúla, solúbtha le dúil mór sa ghaeloideachas agus in úsáid teicneolaíochta sa seomra ranga.
Deis iontach í seo bheith mar chuid d’fhoireann ag obair chun scoil dalta lárnach a chruthú agus ag cur ard caighdeán gael oideachas chun tosaigh sa cheantar.
Braitheann na postanna seo ar chead ón Stiúrthóir Athlonnaithe.
Sonraí: www.educationposts.ie
Folúntas: Gaelscoil Míde
Bealtaine 26, 2014
Seol litir agus CV go Rúnaí an Bhoird Bainistíochta, Colaiste Íde, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí nó ríomhphost go dtí aine@colaisteide.com roimh 4:00 Dé hAoine 30 Bealtaine.
Post bliana atá ann. Cuirfear painéal iarratasóirí le chéile agus má tá aon fholúntas sa scoil taobh istigh de thréimhse 4 mhí is féidir leis an phost a bheith líonta ón phainéal sin.
Déanfar gearr liostú más gá.
Sonraí ar www.educationposts.ie
Folúntais: Pobalscoil na Tríonóide
Bealtaine 26, 2014
Sonraí ar educationposts.ie:
Folúntas: Scoil Naithí
Bealtaine 26, 2014
Sonraí ar www.educationposts.ie.
Folúntas: Coláiste Íde
Bealtaine 26, 2014
Seol litir agus CV go Rúnaí an Bhoird Bainistíochta, Colaiste Íde, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí nó ríomhphost go dtí aine@colaisteide.com roimh 4:00 Dé hAoine 30 Bealtaine.
Déanfar gearr liostú más gá.
Sonraí ar www.educationposts.ie
Folúntas: Coláiste Íde
Bealtaine 26, 2014
Seol litir agus CV go Rúnaí an Bhoird Bainistíochta, Colaiste Íde, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí nó ríomhphost go dtí aine@colaisteide.com roimh 4:00 Dé hAoine 30 Bealtaine.
Déanfar gearr liostú más gá.
Sonraí ar www.educationposts.ie
M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge
Bealtaine 23, 2014
Ré Nua don Oideachas Lán-Ghaeilge
An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach
2014-2016
Beidh an clár iarchéime, An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge curtha ar fáil arís i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach, i Meán Fómhair 2014. Sa clár ilchodach seo, An M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge, díreofar ar oideolaíocht agus teoiric an tumoideachais agus an dátheangachais ag tagairt go sonrach do riachtanais um fhorbairt ghairmiúil agus d’inniúlachtaí teangeolaíochta na múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.
Beidh an clár cumaisc foghlama seo curtha ar fáil ar bhonn páirtaimseartha thar thréimhse dhá bhliain acadúla.Beidh an fhoghlaim chumaisc mar ghné lárnach den chlár, i. cuid den chlár curtha ar fáil ar líne agus an chuid eile curtha ar fáil ar láthair ag an deireadh seachtaine – 6.30i.n. – 9.30i.n. ar an Aoine agus 9.30r.n. – 12.30i.n. ar an Satharn. Cuirfear soláthar for-rochtana san áireamh ag brath ar riachtanais na mac léinn. Is é a bheidh i gceist le gné foghlama ar an láthair de mhodúil áirithe ná seimineár ar feadh deireadh seachtaine a reáchtálfar sa Ghaeltacht.
Beidh an clár curtha ar fáil ar bhonn uaireanta foghlaim-threoraithe, seimineár ar líne agus ar láthair, taithí phraiticiúil agus scoil samhraidh. Mar thoradh ar an gcur chuige cumaisc agus ar dhearadh an chláir, beidh taighdeoirí tábhachtacha idirnáisiúnta i láthair agus pléifidh siad torthaí agus saincheisteanna nua i réimse an tumoideachais, an oideachais dhátheangaigh agus an dara teanga ar líne leis na mic léinn le linn an chláir.
Glacfar suas le fiche duine ar an gclár sa bhliain acadúil 2014/2015. Glacfar le h-iarrataisí ón lá inniu suas go dtí 20 Meitheamh 2014.
Cuirfear fáilte mhór roimh phlé neamhfhoirmeálta roimh iarratas a chur isteach. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Dr. T.J. Ó Ceallaigh, Comhordaitheoir an Chláir nó le lár-oifig iontrála an choláiste ag na sonraí thíos:
Dr T.J. Ó CEALLAIGH Comhordaitheoir an Chláir |
LÁR-OIFIG IONTRÁLA |
An Roinn Teanga, Litearthachta agus Matoideachais
COLÁISTE MHUIRE GAN SMÁL OLLSCOIL LUIMNIGH An Cuarbhóthar Theas, Luimneach, Éire. T +353 61 204325 |
COLÁISTE MHUIRE GAN SMÁL
OLLSCOIL LUIMNIGH An Cuarbhóthar Theas, Luimneach, Éire. T +353 61 204348/204929 R admissions@mic.ul.ie |
Tuilleadh Eolais: M Oid san Oideachas Lan Ghaeilge 1 2014 web
Folúntas: CNCM, Oifigeach Oideachais
Bealtaine 23, 2014