Campaí Samhraidh ar fud na tíre
Bealtaine 29, 2012
Is gearr go mbeidh scoileanna ar fud na tíre ag dúnadh don samhradh ach beidh deiseanna ag daltaí óga feabhas a chur ar a gcuid scileanna Gaeilge ag campaí samhraidh ar fud na tíre.
Feachtas
Lártíre-beidh Feachtas ag eagrú campa samhraidh do dhaltaí idir 10 agus 15 bliana d’aois i gcoláiste Naomh Fhinín sa Mhuileann gCearr i mí Iúil.
Beidh an campa samhraidh ar siúl ón 9 -13 Iúil agus beidh réimse leathan imeachtaí ann i rith na seachtaine mar shampla drámaíocht, ealaín, amhránaíocht agus spóirt éagsúla.
Tá tríocha spás ar an gCampa Samhraidh agus tá costas €70 an duine air. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Fheachtas ar 01 672 25940
Ógras
Ar fud na tíre-Tabharfar an deis do pháistí níos óige freastal ar champaí samhraidh a bheidh ar siúl ag an óg-eagraíocht Ógras i rith an tsamhraidh.
Bíonn roinnt mhaith de na campaí seo ar siúl i gCúige Laighean agus bíonn campaí eile ar siúl i Maigh Eo, i nGaillimh, i dTír Chonaill, i gCiarraí agus i nDoire.
Beidh go leor imeachtaí éagsúla ar siúl le linn na gcampaí samhraidh – ina measc beidh cluichí Gaelacha, cispheil, peil, drámaíocht, ceol, céilí, comhrá, ealaín agus cluichí boird.
Óige na Gaeltachta
Dún na nGall: Beidh campa samhraidh á reáchtáil i nGleann Cholm Cille in Ionad CLG naomh Columba. Beidh an Campa ar siúl ón 10.00am-3.00pm Breis eolais le fáil ó Sheán ag 0872441842 nó Síle 0749532956
Connacht/Laighean: Beidh campaí samhraidh ar siúl ar 16 Iúil – 20 Iúil i dTuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo. Beidh an Campa ar siúl ón 10.00am-3.00pm Breis eolas uaidh: Joanne ag 087-9092543 nó 091-506014
Na Déise: Reáchtálfar campa eile sa Rinn ón 16 Iúil – 20 Iúil
Corcaigh: Beidh Campaí Samhradh na Mumhan ar siúl i mí Iúil agus i mí Lúnasa. Cuirfear tús leo i mBéal Átha an Ghaorthaigh an tseachtain dar tús 9 Iúil agus beidh campa samhraidh eile ar siúl ón 23 Iúil – 27 Iúil ar Oileán Chléire. Ina dhiaidh sin beidh dhá champa samhraidh i gCúil Aodha ón 30 Iúil go dtí 10 Lúnasa.
Ciarraí: beidh campa samhraidh i gCorca Dhuibhne ón 13 Lúnasa – 17 Lúnasa Beidh an Campa ar siúl ón 10.00am-3.00pm gach lá. Breis eolais ó Debra ag 026-65883
Foilsithe ar Gaelport.com
Cá bhfuil an Obair?
Bealtaine 29, 2012
Is tráthúil ar fad téama an chláir raidió,’ Cá bhfuil an Obair’, sraith nua ina bpléifear deiseanna oibre in earnáil na Gaeilge.
Ghlac daltaí idirlín ó Choláiste Chillian, Cluain Dolcáin agus ó Mheánscoil Naomh Doiminic, Baile Formaid, Baile Átha Cliath a gcéad gcéimeanna mar thuairisceoirí raidió san earrach agus beidh toradh a gcuid oibre le cloisteáil sa tsraith raidió ‘Cá bhfuil an Obair’ an tseachtain seo.
Craolfar an tsraith ar an stáisiún raidió pobail West Dublin Access Radio. Beidh an chéad chlár le cloisteáil Dé Máirt 29 Bealtaine ar 10.30am. Leanfar leis gach lá an tseachtain seo ag an am sin agus beidh sé le cloisteáil ar an idirlíon ar www.wdar.ie.
Sraith raidió dátheangach is ea é ina bpléifear na deiseanna oibre atá ann in earnáil na Gaeilge. Díreofar ar réimsí éagsúla ina measc ateangaireacht, oideachas, cumarsáid agus na meáin agus cur chun cinn na Gaeilge.
Foilsithe ar Gaelport.com
Roma – ‘you’re the best’ teacher
Bealtaine 29, 2012
School’s girl power still going strong at 85
Bealtaine 29, 2012
Minister Sherlock announces new course for teachers of maths
Bealtaine 28, 2012
‘Childish political point scoring’ – SF hit back at Overend Irish school remarks
Bealtaine 28, 2012
Príomhoide Gaelscoile, Co. na Gaillimhe
Bealtaine 28, 2012
Tá príomhoide scoile á lorg ag Scoil Iognáid, Co. na Gaillimhe.
Is scoil lán-ghaelach Íosánach, Caitliceach í Scoil Iognáid (Uimhir Rolla: 19371Q). Tá an scoil faoi phátrúnacht Easpag na Gaillimhe.
Fáilteofar roimh iarratais ar ghnáth fhoirm iarratais do Phríomhoideacht Bhunscoile, atá ar fáil ó:
Peadar Ó hAilín, Uasal
Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta, (Scoil Iognáid)
f/ch. 10, Sráid Phroinsias, Gaillimh.
Tuilleadh eolais: 091-584491 nó peter@macdallen.ie
Caithfear iarrataisí a bheith curtha (tríd an bpost)roimh 5:00p.m. ar an Aoine, 8ú Meitheamh, 2012.
Príomhoide Gaelscoile, Co. Laoise
Bealtaine 28, 2012
Tá príomhoide scoile á lorg ag Gaelscoil Thromaire, Co. Laoise.
Post sealadach ag feidhmiú mar phríomhoide ar feadh bliana ag tosú ón 1ú Meán Fómhair 2012 go dtí 31ú Lúnasa 2013. Is scoil lán-ghaelach í Gaelscoil Thromaire le beirt oide, múinteoir tacaíochta foghlamtha roinnte, rúnaí páirt-aimseartha agus 35 dalta.
Beidh an t-iarrthóir ráithiúil líofa sa Ghaeilge.
Is scoil lán-ghaelach í Gaelscoil Thromaire atá faoi phátrúnacht Deoise Chill Dara agus Laighean le beirt oide agus ranganna beaga atá feiliúnach d’ábhair éagsúla mar drámaíocht, corp oideachais, snámh, rince gaelach chomh maith leis na príomh-ábhair.
Iarratais:
Fáilteofar roimh iarratais ar ghnáth fhoirm iarratais do Phríomhoideacht Bhunscoile.
Seolfar iarratais chuig:
FAO: An tAthair Seosamh ó Bróithe
Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta,
Bóthar PhortLaoise,
Maighean Rátha,
Co. Laoise.
Caithfear iarratais a bheith curtha (tríd an bpost)roimh an Aoine, 6ú Meitheamh, 2012.
Tuilleadh eolais: joembrophy2@eircom.net
Múinteoir Gaelscoile, Co. Mhuineacháin
Bealtaine 28, 2012
Tá múinteoir á lorg ag Gaelscoil Ultain, Co. Mhuineacháin le tréimhse mháithreachais a chlúdú.
Cuirfear tús leis an tréimhse oiliúna ar 28 Lúnasa 2012.
Iarratais:
Caithfear iarratais a chuir, roimh 15 Meitheamh 2012, chuig:
FAO: An Cathaoirleach
Gaelscoil Ultain
An Cnoc
Muineachán
Co Mhuineacháin
Bíodh na foirmeacha seo a leanas iniata le gach iarratas:
-Litir chlúdach
-Teistiméireachtaí scríofa
-Teistiméireachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
-Tuairiscí cigireachta
-CV (Neamhcheangailte/Unbound)
-Clárú na Comhairle Múinteoireachta
-Ghnáth fhoirm iarratais don Mhúinteoireacht
Múinteoir Gaelscoile, Co. Lú
Bealtaine 28, 2012
Tá múinteoir á lorg ag Gaelscoil Dhún Dealgan.
Cuirfear tús leis an tréimhse oiliúna ar 11 Meitheamh 2012.
Iarratais:
Caithfear iarratais a chur ar ríomhphost chuig gaelscdd@eircom.net nó tríd an bpost go:
FAO: Pádraig Mac Canna
Gaelscoil Dhún Dealgan
Muirtheimhne Mór
Dún Dealgan
Co. Lú
Bíodh na foirmeacha seo a leanas iniata le gach iarratas:
-Teistiméireachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
-Clárú na Comhairle Múinteoireachta
-Ghnáth fhoirm iarratais don Mhúinteoireacht
Is é 1 Meitheamh 2012 an spriocdháta.
Tuilleadh eolais: 042 9339389 nó gaelscdd@eircom.net.