Méid an Téacs

Cruinnithe Réigiúnacha Poiblí

Feabhra 28, 2012

Tá Foras na Gaeilge ag eagrú cruinnithe réigiúnacha poiblí ar na dátaí thíos chun deis a thabhairt don phobal tuairimí a nochtadh maidir leis an tSamhail Nua Mhaoinithe d’Earnáil Bhunmhaoinithe na Gaeilge.

Beidh na cruinnithe ar siúl sna hionaid a leanas ag tosú ar 7.00i.n.

Dé Luain, 5 Márta – Óstán Meadowlands, Páirc na Darach, Trá Lí, Co. Chiarraí
Déardaoin, 8 Márta – Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste BT12 6AH
Dé Luain, 12 Márta – Óstán Menlo Park, Gaillimh
Dé Céadaoin, 14 Márta – Ceannáras Fhoras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2

Eolas faoin tSamhail Nua Mhaoinithe agus na Doiciméid Chomhairliúcháin ar fáil ag: www.gaeilge.ie/samhail

Beidh seirbhís aistriúcháin chomhuaineach ar fáil.

Take away the school, kill the local community

Feabhra 27, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Sicíní Scoil Aonghusa

Feabhra 27, 2012

Thosaigh na huibheacha sa ghoradán ar an 20ú Eanáir. Bhíomar go léir i Rang 3 ag iarraidh fanacht ciúin agus iad sa seomra ranga. Bhí sé deacair ach ceapaim gur éirigh go maith linn! Caitheann na huibheacha tuairim is 21 lá sa ghoradán de ghnáth. Ar an Aoine an 10ú Feabhra chonaiceamar poll beag in ubh amháin. Thar an deireadh seachtaine bhris trí shicín amach as na huibheacha. Ghlaomar Wally, Happy Feet (mar is breá leis siúd bheith ag damhsa!) agus Aonghus orthu. D’fhéachamar ar ár sicíní ag teacht amach as na huibheacha ar Youtube ” sicíní “. Tá na sicíní fós sa seomra ranga lin . Tá siad an-ghlórmhar ach is breá linn iad!

Orlaith Ní Chearnaigh (9 mbliana d’aois) Scoil Aonghusa

http://www.youtube.com/watch?v=9I5gbc6Z-tQ

Seachain! – Cuireadh

Feabhra 24, 2012

Our language strategy is leaving us at a loss for the right words

Feabhra 24, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Buaiteoirí Scléip – babhta Mumhain

Feabhra 24, 2012

Bhí spraoi agus Scléip den scoth againn ag babhta Mumhain in amharclann an Firkin Crane ar an 22 Feabhra. Bhí 6 scoil linn ar an lá agus tá ardmholadh ag dul do na rannpháirtithe uile, bhí an caighdeán an-ard i mbliana agus ba dheacair na cinntí a bhí le déanamh ag na moltóirí. Seo thíos liosta na mbuaiteoirí, tá áit faighte acu sa chraobh ceannais:

Ceol nua-aimseartha (aonair):

  • Sinéad Toomey, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
  • Maitias Barker, Pobalscoil Chorca Dhuibhne (sinsear)

Ceol nua-aimseartha (grúpaí):

  • Na JJs, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
  • Na Comrádaithe, Gaelcholáiste Mhuire A.G (sinsear)

Rince cruthaitheach (aonair):

  • Shauna Ní Thuama, Gaelcholáiste Mhuire A.G (sóisear)
  • Áine Ni Loingsigh, Coláiste an Phiarsaigh (sinsear)

Rince cruthaitheach (grúpaí):

  • Húla Húpz! Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
  • Triail a hAon! Gaelcholáiste Luimnigh (sinsear)

Drámaíocht/mím (aonair agus grúpaí):

  • Anna & Nicole, Pobalscoil Chorca Dhuibhne (sóisear)
  • Aisteoirí na Ríochta, Gaelcholáiste Chiarraí (sinsear)

Ilchineálach (aonair agus grúpaí):

  • Dílseacht Gheal, Gaelcholáiste Chiarraí (sóisear)
  • Léiriú Gaelach den amhrán Addicted to Progress ó na Coronas, Pobalscoil Chorca Dhuibhne (sinsear)

Rogha na Moltóirí:

  • Na Rithimí! Gaelcholáiste Luimnigh (sinsear)

Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt, tá súil againn gur bhain sibh ard-taitneamh as an lá agus go bhfeicfimid san Axis arís sibh ar an 24 Márta don chraobh ceannais.

Clár na comhdhála ar litríocht na nÓg fógartha

Feabhra 23, 2012

Tabharfaidh an foilsitheoir Tadhg Mac Dhonnagáin eochairchaint na comhdhála ag an dara comhdháil ar litríocht na nÓg i Mí an Mhárta.

Tá clár leathan d’imeachtaí agus léachtaí fógartha don chomhdháil a bheidh ar siúl i gColáiste Phádraig, Droim Conrach thar dhá lá ar 23 agus 24 Márta.

Ar na téamaí a bheidh faoi chaibidil ag lucht léinn, lucht foilsitheoireachta agus ag scríbhneoirí  Dé hAoine beidh litearthacht agus litríocht na Naíonáin agus an leanbh sa Seansaol Gaelach.

Tráthnóna dé hAoine beidh pléifear éagsúlacht litríocht na n-óg  agus beidh gach aon rud idir mhiotaseolaíocht agus theicneolaíocht á bplé ag na haoichainteoirí  Órla Ní Chuilleanáin, Iarla Mac Aodha Bhuí  agus ag Meadhbh Ní Eadhra.
Ina dhiaidh sin labhróidh Mac Dhonnagáin ar an téama An Pocaide Gabhair i Lár an Aonaigh: Foilsitheoireacht Ghaeilge don óige mar ghníomh idé-eolaíoch agus mar ghníomh fiontraíochta’.

Dé Sathairn 24 Márta beidh bricfeasta liteartha eagraithe ag Comhar ag 10 rn le Laoise Ní Chléirigh, Seán Ó Dubhchon, Órla Ní Chuilleanáin agus Ríona Nic Congáil.

Agus táthar ag súil le díospóireacht bhríomhar ag an gcúigiú sheisiún ina mbeidh Éadaoin Ní Mhuircheartaigh ina cathaoirleach ann. Labhróidh Áine Ní Ghlinn,  Claire Marie Dunne  Colm Mac Séalaigh ar ghnéithe de chultúr na nÓg, filíocht agus litríocht na Gaeilge agus í á chur in i láthair an aosa óig.

Beidh dhá aoi-chaint ann Dé Sathairn leis an scríbhneoir cáiliúil, Eilís Ní Dhuibhne  agus le hAndrew Whitson a bheidh ag plé léaráidí sa ré dhigiteach.

Sraith Nua do dhaltaí atá ag réiteach do Bhéaltriail na Gaeilge

Feabhra 23, 2012

Tá tús á chur le sraith nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a thabharfaidh cúnamh do dhaltaí Ardteiste ullmhú do bhéaltriail na Gaeilge.

Anois agus 40% de na marcanna ag dul don bhéaltriail sa Ghaeilge, díreoidh A Rá, a bheidh ag tosnú Dé Luain 27 Feabhra,  ar dhaltaí atá ag réiteach don scrúdú sin. Leanfaidh an tsraith ar feadh ocht seachtainí as seo nó go dtosóidh na scrúduithe i mí Aibreáin.

Is í an láithreoir raidió agus teilifíse, Síle Ní Scanláin, a bheidh sa chathaoir d’A Rá, agus beidh sobaldráma nua do dhéagóirí, An Baile Beag, mar chuid den chlár.  Aisteoirí óga as Conamara a bheidh le cloisteáil ann, agus tá súil gur bealach spraíúil, cruthaitheach a bheidh anseo cur le foclóir na ndaltaí, agus cuidiú leo le cúrsaí gramadaí, gan é bheith ró-chosúil le rang scoile.

Beidh beirt shaineolaí sa stiúideo le Síle freisin gach seachtain, le moltaí do dhaltaí.  Is iar-scrúdaitheoir í Caoimhe Ní Chuinn, agus beidh sise ag cur comhairle maidir leis na rudaí a bheidh á lorg ag an scrúdaitheoir, na botúin is mó a dhéantar, agus conas iad a sheachaint.  Beidh an múinteoir Máirín Ní Dhomhnaill ar an gclár gach seachtain chomh maith agus leideanna aici do dhaltaí maidir leis an gcaoi is fearr le réiteach don scrúdú.

Le cois na míreanna seo, beidh agallamh ann le haoi speisialta atá i mbéal an phobail, agus ar chuid acu siúd a bheidh le cloisteáil beidh Gráinne Bleasdale a bhí i bpáirt Sophie sa dráma Aifric, beidh Brídín Ní Mhaoldomhnaigh atá le feiceáil i bpáirt Katie i Ros na Rún, agus beidh Úna Ní Fhlatharta ón dráma Corp + Anam. Cloisfear míreanna faoi leith freisin ar an bhfilíocht, agus ar Shraith na bPictiúr, gné nua den scrúdú i mbliana.

Beidh A Rá le cloisteáil maidin Dé Luain 10.15 am, le hathchraoladh maidin Dé Sathairn 11.30 am, agus beidh an chéad chlár ag dul amach ar 27 Feabhra.  Beidh na cláracha uilig le fáil ar Sheinnteoir Raidió RTÉ, www.rte.ie/radioplayer, agus beidh siad le fáil ar leathanach Facebook Raidió na Gaeltachta, leis.  Tuilleadh eolais le fáil ag www.rte.ie/rnag, nó cuardaigh Raidió na Gaeltachta Oifigiúil ar Facebook.

Is léiriú de chuid Meangadh Fíbín Teo do RTÉ Raidió na Gaeltachta é A Rá, agus léiríodh an tsraith le maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann.

School funds cut to pay for U-turn by Quinn

Feabhra 23, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Múinteoirí san Uisce

Feabhra 23, 2012

Tá Coláiste uisce, Coláiste Samhraidh atá lonnaithe i mBéal an Mhuirthead i dtuaisceart Mhaigh Eo, ag tabhairt cuiridh do mhúinteoirí freastal ar dheireadh seachtaine eachtraíochta atá á eagrú acu ar an 30 Márta.

Tabharfar deis do mhúinteoirí dhá lá a chaitheamh i mbun imeachtaí eachtraíochta trí mheán na Gaeilge agus é saor in Aisce.  Caithfidh uimhir oide a bheith ag gach múinteoir le freastal ar an gcúrsa seo.

Deir lucht an Choláiste tabharfaidh an deireadh seachtaine seo deis chun tuiscint a fháil ar an mbealach a spreagann muid na daltaí trí ghníomhaíochtaí eachtraíochta.

Tuilleadh eolas ó clodagh@uisce.ie.

GALWAY ADVERTISER

« Previous PageNext Page »