Méid an Téacs

‘Cuireadh Chun Cainte’ ar fud na tíre!

Deireadh Fómhair 5, 2011

‘Cuireadh Chun Cainte’ ar fud na tíre!

Cuireadh cóip den DVD ‘Cuireadh Chun Cainte’ chuig gach scoil sna 26 contae an tseachtain seo caite, agus sna seachtainí romhainn, cuirfear sraith de sheimineár ar fáil do bhaill Chomhar na Múinteoirí Gaeilge chun iad a chur ar an eolas faoi na bealaí is fearr leas a bhaint as an DVD mar áis teagaisc.

Treoir phraiticiúil ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge atá sa chlár ‘Cuireadh Chun Cainte,’ atá curtha i láthair ag Marcus Lamb, dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoi Bhéaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta ó 2012 ar aghaidh.

Beidh dúshlán ag baint leis an siollabas nua a thiocfaidh i bhfeidhm don Ardteistiméireacht sa bhliain 2012.  Scrúdú comónta don Ghnáthleibhéal agus don Ardleibhéal a bheidh ann agus beidh sé dúshlánach freastal ar riachtanais daltaí ag gach leibhéal cumais. Ó 2012 ar aghaidh, beidh 40% de mharcanna ag brath ar an mbéaltriail leasaithe agus beidh na marcanna seo le gnóthú i dtréimhse ghairid ama, a mhairfidh thart ar 15 nóiméad.

Tá ceithre mhír sa bhéaltriail: Fáiltiú, Léamh na Filíochta, Cur síos ar Shraith Pictiúr agus Comhrá.  Tugann an DVD seo eolas duit ar gach mír den bhéaltriail chomónta do dhaltaí atá ag tabhairt faoin ngnáthleibhéal nó faoin ardleibhéal.

Tugann an clár seo léargas do mhúinteoirí agus do dhaltaí ar cad le bheith ag súil leis sa scrúdú agus cén struchtúr a bheidh air. Cuirfidh an ghné seo na daltaí ar a suaimhneas agus iad ag ullmhú don scrúdú.  Tá an clár seo oiriúnach do dhaltaí ag gach leibhéal cumais mar go mbeidh comhairle phraiticiúil ann maidir le conas na botúin choitianta a sheachaint agus le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis an scrúdaitheoir.  Tá cuid den chlár dírithe ar dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu le cuidiú leo cur lena líofacht, lena stór focal agus lena scileanna cumarsáide roimh an scrúdú.

Tá lámhleabhar, agus cártaí sracfhéachana ar fáil ar an DVD mar chúnamh do mhúinteoirí agus do dhaltaí, chomh maith le taifead den láithreoir, Marcus Lamb ag léamh na ndánta. Is féidir na hábhair a phriontáil ón DVD féin, nó a íoslódáil ó www.gaelport.com/cuireadhchuncainte.

Tá an pacáiste teagaisc seo oiriúnach do mhúinteoirí agus do dhaltaí araon agus tá sé feiliúnach do scoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht, Gaelcholáistí agus scoileanna a bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc iontu.

Chuir ionadaithe ó Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge seimineár ar fáil do mhúinteoirí Chorcaí an tseachtain seo caite maidir le Béaltriail Ghaeilge na hArdteistiméireachta, agus sna seachtainí romhainn díreofar ar Phort Laoise (04 Deireadh Fómhair), Cora Droma Rúisc (11 Deireadh Fómhair), Sligeach (13 Deireadh Fómhair), Luimneach (27 Deireadh Fómhair), Cill Airne (04 Samhain) agus Má Nuad (11 Samhain).

Tá gach eolas ar fáil faoi amanna agus ionaid na seimineár thuas ach glaoch ar Saffron Rosenstock, 01 6398448.

Chuir An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Foras na Gaeilge, agus Líonra Proifisiúnta Múinteoirí maoiniú ar fáil don áis teagaisc ‘Cuireadh Chun Cainte’.

©Foilsithe ar Gaelport.com

Comhdháil na Scoileanna Gaeltachta

Deireadh Fómhair 5, 2011

Reáchtálfar Comhdháil Oideachais agus Cruinniú Cinnbhliana Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta TEO (ESG) ar an Aoine 14 DeireadhFómhair 2011 in Óstán an Ard Oileáin i nGaillimh.

Tá Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ionadaíoch go náisiúnta do thuismitheoirí agus múinteoirí sna Gaeltachtaí ar fad,

Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht seo oideachas trí Ghaeilge a neartú agus a bhuanú i Scoileanna Gaeltachta.

Pléifidh na haoichainteoirí ábhair thábhachtacha a bhaineann leis an oideachas sa Ghaeltacht ag an gCruinniú.

I measc na gcainteanna a thabharfar ar an lá, labhróidh Deirbhile Nic Craith (INTO)ar na himpleachtaí fostaíochta a bhaineann le cónascadh a dhéanamh idir scoileanna beaga.  Pléifidh Maolsheachlainn Ó Caollaí ceist na Gaeilge san
Ardteistiméireacht, agus beidh daltaí Gaeilge agus na scrúduithe stáit faoi chaibidil ag Muireann Ní Mhóráin, (COGG).

Déanfar plé freisin ar shainriachtanais oideachais, agus na saincheisteanna ar an ábhar seo, mar a bhaineann sé le scoileanna Gaeltachta.

Beidh toghchán á reáchtáil i rith an Chruinnithe Cinnbhliana do Ghnáthstiúrthóirí na heagraíochta agus ceapfar Coiste na nOifigeach ó na stiúrthóirí sin tar éis an chéad chruinnithe ag an bhord nuacheaptha.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach dul i dteagmháil dhíreach le Treasa Ní Mhainín, oifig@esg.

Teacht le chéile lucht na Naíonraí Gaelacha

Deireadh Fómhair 5, 2011

Tionólfar comhdháil agus cruinniú cinnbhliana na Naíonraí Gaelacha i bPortLaoise ón 7 – 9 Deireadh Fómhair.

Seolfaidh Dr. Máire Mhic Mhathúna an chomhdháil  go hoifigiúil ar an 7 Deireadh Fómhair ag 6.30pm. Ba í an Dr Mhic Mhathúna a rinne taighde faoin aistriú ón naíonra go dtí an ghaelscoil agus  mar thoradh ar sin foilsíodh an leabhrán ‘An Traein’. Táthar ag súil go mbeidh deiseanna líonraithe ann.

Foinse

Samhail nua mhaoinithe le hathrú ó bhonn a dhéanamh

Deireadh Fómhair 5, 2011

AN TÉ a léann cáipéis nua Fhoras na Gaeilge – Samhail Nua Mhaoinithe – tuigfidh sé láithreach cad chuige a bhfuil imní ar chuid mhór de na heagrais dheonacha go bhfuil a rás rite.

Tá ocht scéim sa cháipéis agus 19 eagras le sásamh. Ar líne a d’fhoilsigh an foras an cháipéis seo gan mórán poiblíochta a thabhairt di ach athrú ó bhonn ar chúrsaí maoinithe na teanga atá i gceist léi. Tá an foras ar lorg iarrthóirí ar Scéim Abhcóideacha (trí bliana, EUR2m); Scéim Áiseanna Foghlama (trí bliana, EUR1.8m); Scéim na nEalaíon (trí bliana, EUR1.9m); Scéim Óige (trí bliana, EUR1.6m); Scéim Raidió Pobail (trí bliana, EUR1.6m); Scéim Tacaíochta Oideachais (trí bliana, EUR1.9m); Scéim Réamhscolaíochta (trí bliana, EUR2.1m) agus Scéim Tacaíochta Pobail (trí bliana, EUR3.5m). Bua, mar sin, do chur chuige nua agus do chlár oibre nua? An í seo an cháipéis a thabharfaidh dúshlán na críochdheighilte agus a chuirfidh bonn buan faoi fhorbairt na teanga ar fud na hÉireann? Ba dheas sin a cheapadh ach caithfidh tú ceist a chur faoi chumas an fhorais na scéimeanna a riar agus ceisteanna a chur an féidir leo athrú chomh suntasach agus chomh radacach a chur sa siúl go sásúil? Lena chois sin, caithfidh tú ceist a chur faoi na scéimeanna féin agus an tionchar – maith, olc nó measartha – a imreoidh siad ar fhorbairt na teanga. Tá réamhrá na cáipéise féin líon lán leis an bhéarlagair a mbeifeá ag súil leis ón fhoras. Tugann an foras le fios gur eagras é a chaitheann airgead poiblí agus “ní mór an luach is fearr ar an airgead sin a chinntiú”. Go breá.

Ach ó tharla go bhfaigheann an foras airgead poiblí, cad chuige nach ndearnadh athbhreithniú ar bith ar chaiteachas an eagrais féin ó bunaíodh é? Bíodh do bharúil féin agat ar an chúis ar bunaíodh an foras ach tá sé dochreidte nach ndearnadh athbhreithniú poiblí ar a chuid oibre ó tháinig ann dó sa bhliain 1999. Cé mhéad a chaith an foras ar scéimeanna dá gcuid féin go dtí seo – neamhspleách ar mhaoiniú na n-eagras deonach – agus cén toradh (má bhí aon toradh) a bhí ar an chaiteachas sin? Cár chaith an t-eagras an t-airgead sin? Scríobhann an foras faoin mhéid airgid a chaitheann an earnáil dheonach ar thuarastal ach ní insíonn siad cá mhéad a chaitheann siad ar thuarastal dóibh féin, ar tháillí, ar chostais agus ar sheirbhísí seachtracha, cúrsaí comhairleoireachta agus poiblíochta, mar shampla. I mbeagán focal, cén costas atá ar an chomhairle a chuireann an foras ar eagrais eile? Molann an foras “trédhearcacht iomlán” agus cúrsaí maoinithe na n-eagras faoi chaibidil. Is féidir le lucht na Gaeilge an iarraidh chéanna a dhéanamh ar an fhoras – ach ní bheidh mórán acu ag súil le freagra gasta ar an cheist sin. Airgead mór atá i gceist leis an tsamhail nua i gcomhthéacs na Gaeilge de ach an é an bealach is ciallmhaire é leis an acmhainn atá ar fáil a chaitheamh agus an leor é?

Tóg an Scéim Abhcóideacha. EUR2m le stádas na Gaeilge a ardú; eolas ábhartha a sholáthar do phobal na Gaeilge agus do phobal an Bhéarla agus ” seo ceann a thaitníonn go mór liom féin ” “stádas na Gaeilge a chosaint ar ionsaithe/drochphoiblíocht”.(Litreacha a scríobh go dtí an Irish Times sa chás go léann lucht an fhorais rudaí ar Thuarascáil nach dtaitníonn leo!) Nár cheart go mbeadh an obair seo ar siúl ag an fhoras féin, eagras “atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann”? Tá scéimeanna áiseanna foghlama, óige, tacaíochta oideachais agus réamhscolaíochta uilig ag teacht le chéile ina gcuspóirí ginearálta, bhraithfeá, agus ba ghá leanúnachas agus comhoibriú bheith eatarthu leis an toradh is fearr a bhaint astu. Ach tá an foras ag iarraidh scéim ar leith i ngach réimse agus gan cinnteacht ann go mbeidh toradh ar bith fiúntach i gceann ar bith acu. Thairis sin, an mbeidh na soláthóirí sna réimsí sásta oibriú le chéile nó an mbeidh siad in iomaíocht le chéile lena gconradh féin a chosaint? Ní dócha gur féidir scéimeanna uile-oileánda a reáchtáil ar na réimsí gan dhá chlár ar leith a fhorbairt – ceann do Thuaisceart Éireann agus ceann don Stát seo – rud a aithníonn an foras ar ócáidí gan a admháil gurb ionann an dá dhlínse a aithint agus a aithint gur gá beirt sholáthóirí. Níl sa chur chuige “uile-oileánda” go minic ach cur i gcéill. Cad é a tharlaíonn ag deireadh trí bliana sa chás go bhfuil an soláthóir i réimse amháin fabhtach agus an soláthóir i réimse eile ar fheabhas?

Caithfidh lucht réamhscolaíochta, abair, fanacht le soláthóir nua ach leanann lucht áiseanna foghlama ar aghaidh” Rithfeadh ceisteanna den sórt céanna leat faoi na scéimeanna eile agus d’fhéadfadh cúpla scéim eile a lua nach bhfuil ar chlár an fhorais ar chor ar bith. Ba chuidiú é dá dtabharfadh siad míniú ar a réasúnaíocht. Scríobhann siad go bhfuil an gaol idir an Stát agus eagrais faoi athbhreithniú ag an dá rialtas (nach stáit a ba cheart a bheith ann sa chás sin?); gur cuid nádúrtha den ghaol idir stát agus eagras athbhreithniú a dhéanamh ar an obair agus gur shocraigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas gur ghá múnla “cuíchóirithe agus éifeachtach” a shocrú don am atá le teacht. An leor é sin mar bhunús le hathrú chomh mór a dhéanamh san earnáil? Níl ceart ó Dhia ag dream ar bith ar airgead – an foras san áireamh – ach má chreideann siad nach raibh ag éirí leis na heagrais go dtí seo, ba cheart dóibh a gcuid taighde féin a fhoilsiú lena gcás a léiriú. Más gá cúrsaí a athrú, is faoin fhoras atá sé fianaise don athrú sin a thabhairt. Níl sin déanta leis an tsamhail nua mhaoinithe – rud nach ionann agus a rá nach leanfaidh an foras ar aghaidh léi. ‘Reachtaíocht de dhíth’  TÁ “reachtaíocht de dhíth” le bonn mar is ceart a chur faoi chúrsaí Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Dúirt ceannasaí an ghrúpa Pobal, Janet Muller, le comhdháil i mBéal Feirste Dé Céadaoin seo caite gur ghá acht cuimsitheach agus ceartbhunaithe teanga lena háit cheart a thabhairt don Ghaeilge sa tsochaí.

Ba ghá gealltanas Chill Rimhinn maidir le hAcht Gaeilge a chomhlíonadh agus daingniú níos treise a dhéanamh ar Chuid III de Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Bhí sí ag caint ar phleananna Pobal le plean straitéiseach a ullmhú do lucht teanga sa Tuaisceart. Chuir Muller béim ar leith ar ról na hearnála deonaí i soláthar seirbhísí don phobal. Ba chóir “saineolas na hearnála teanga a chosaint agus a chothú” agus “an guth neamhspleách a éascú agus a chur chun cinn” san obair ar fad. Ba “chúis mhór imní” ag an eagras moltaí Shamhail Nua Mhaoinithe Fhoras na Gaeilge agus “an dóigh a raibh siad á gcur chun cinn”. Chuir roinnt ionadaithe plécháipéisí i láthair na comhdhála inar chuir siad síos ar chúrsaí cumarsáide, oidhreachta agus ealaíon. “Cuid de phróiseas” a bhí sa chomhdháil agus bhí an t-eagras “ag dúil le dul ar aghaidh le tuairimí agus riachtanais an phobail a chur faoi bhráid polaiteoirí agus an próiseas a leathnú,” a dúirt Muller.

The Irish Times – Pól Ó Muirí

Cruinnithe Poiblí Maidir le Gaelscoileanna nua i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh a phlé

Deireadh Fómhair 4, 2011

Beidh An Foras Pátrúnachta ag reáchtáil cruinnithe poiblí ar an Máirt, 4ú Deireadh Fómhair le hoscailt Ghaelscoil nua i mBaile an tSaoir agus An Chéim(B.Á.C.), i nDúglas(Corcaigh) agus Cnoc na Cathrach(Gaillimh) a phlé. Fáilte roimh chách.

Tá cruinnithe poiblí eagraithe ag An Foras Pátrúnachta, an phátrúnacht náisiúnta do scoileanna lán-Ghaeilge, agus le cabhair ón bhfeachtas Aitheantas, le heolas a thabhairt do mhuintir na gceantar thuasluaite faoi oscailt Ghaelscoileanna nua i mí Mheán Fómhair 2012 agus 2013. Tá fáilte ollmhór do thuismitheoirí agus daoine gur spéis leo oideachas lán-Ghaeilge á chur ar fáil sa cheantar. Is deis iontach í seo don phobal suim agus éileamh a thaispeáint sa Ghaelscolaíocht. Beidh deis ann chomh maith do thuismitheoirí agus caomhnóirí réamh-chlárú a dhéanamh dá bpáistí.

Beidh Caoimhín Ó hEaghra, ard-rúnaí An Fhorais Pátrúnachta, ag caint ag na cruinnithe faoi bhuanna agus  láidreachtaí An Fhorais Pátrúnachta mar phátrúin do Ghaelscoileanna. Ag tagairt don tábhacht a bhaineann le hoscailt Ghaelscoileanna nua sna ceantair seo, dúirt Ó hEaghra, “Feictear dúinn go bhfuil gá le Gaelscoileanna nua sna ceantair fháis seo mar gheall ar an mborradh atá feicthe ar Ghaelscoileanna fud fad na tíre. Tá fás suntasach tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sna ceantair seo le blianta beaga anuas, rud a chiallaíonn go mbeidh méadú ar an éileamh ón bpobal d’oideachas trí mheán na Gaeilge.” D’eagraigh An Foras Pátrúnachta trí cruinnithe poiblí le déanaí i mBaile an Chairpintéaraigh(B.Á.C.), Tamhlacht(B.Á.C.) agus Baile Chill Dara inar tháinig neart tuismitheoirí ag léiriú an-spéis san iarracht seo agus a rinne réamh-chlárú ar a gcuid bpáistí do na Gaelscoileanna nua atá molta. Lean Ó hEaghra ag rá, “Tá ríméad orainn leis an méid tacaíochta a bhfuileamar tar éis a fháil ó na ceantair i mBaile Átha Cliath agus i gCill Dara. Táimid ag súil go dtacóidh an pobal áitiúil linn sna ceantair eile le hoideachas lán-Ghaeilge a spreagadh agus a neartú agus go bhfeicfimid Gaelscoileanna nua ag teacht chun cinn go luath.”

Beidh urlabhraí agus príomhoidí Ghaelscoileanna ag caint ag na cruinnithe seo chomh maith ar an oideachas lán-Ghaeilge agus an tumoideas sa Ghaeilge do pháistí I naíonáin beaga agus móra. Beidh na hurlabhraí ar fáil le ceisteanna a fhreagairt i ndiaidh na cruinnithe.

Léirigh an Daonáireamh 2006 go bhfuil forbairt suntasach tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sna ceantair seo, le líon na nGaeilgeoirí i gCorcaigh ag méadú ó 200,657(Census, 2002) go 209,950(Census 2006), tháinig méadú ar mhuintir na Gaeilge i mBaile Átha Cliath chomh maith le líon na gcainteoirí ag méadú ó 394,240(Census, 2002) go 410,669(Census, 2006) agus i nGaillimh, tá 139,277(Census, 2006) cainteoirí Gaeilge ann i gcomparáid le 102,529 de réir an Census i 2002.  Cuireann na figiúir seo in iúl go bhfuil suim iontach mór ann sa Ghaeilge agus go bhfuil margadh ann do Ghaelscoileanna nua.

Fuair An Foras Pátrúnachta deimhniú ón Roinn Oideachais go mbeidh 20 bunscoil nua á mbunú acu sna sé bliana amach romhainn. Tá sé cinntithe go mbeidh bunscoileanna nua ag oscailt sna ceantair de chuid Baile an tSaoir, An Chéim, Dúglas agus Cnoc na Cathrach. Tá An Foras Pátrúnachta ag súil leis an oiread tacaíochta gur féidir a fháil ón bpobal sula gcuirtear na hiarratais go dtí an Roinn, ar an 7ú Deireadh Fómhair, 2011.

Tá réimse staidéir déanta a léiríonn go n-éiríonn le daltaí le hoideachas lán-Ghaeilge ard-caighdeán acadúil a bhaint amach, tá sé níos fusa dóibh an tríú teanga a fhoghlaim, forbraíonn siad tuiscint agus oscailteacht ar chultúir eile agus forbraíonn siad feidhmiú cognaíoch i leith cruthaitheacht agus cumarsáid.

Foilsithe ar Gaelport.com

Comhdháil Na Naíonraí Gaelacha

Deireadh Fómhair 3, 2011

Beidh comhdháil Na Naíonraí Gaelacha ar siúl i mbliana thar an deireadh seachtaine 7-9 Deireadh Fómhair 2011, sa Portlaoise Heritage Hotel.

Is é téama na comhdhála ná Sláinte, Leas agus Forbairt an Pháiste, i gcomhthéacs Aistear & Síolta.

Tuilleadh eolais ar fáil ó Na Naíonraí Gaelacha ar 085  736 8992/087 133 9431.

Cearta teanga

Meán Fómhair 30, 2011

“AGUS cad a d’fhoghlaimís ar scoil inniu, a stór?” “D’fhoghlaimíomar faoinár gcearta teanga agus faoin dtábhacht a bhaineann le féiniúlacht, náisiúntacht agus cultúr an duine.” “Ambaiste, ní cuimhin liom faic faoi chearta teanga nuair a bhíosa ar scoil.”

“Nach sibhse a bhí aineolach, a Dheaid. Tá ár gcearta teanga fréamhaithe i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine.”

“Mar sin é?”

“Sea, in Airteagail 2, 15 agus 19 le bheith beacht faoi.”

Seans go gcloisfear comhrá mar an ceann thuas i dteaghlaigh ar fud an Stáit má éiríonn le tionscnamh nua ilmheánach oideachais a sheol Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, i nGaillimh inné, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Tabharfaidh an tionscnamh nua, Cearta Teanga, a d’fhorbair Oifig an Choimisinéara Teanga, deis do gach dalta scoile dara leibhéal foghlaim faoi chearta teanga.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, leis an gcolún seo go bhféadfadh an tionscnamh nua a bheith ar an mbeartas “is tábhachtaí ag m’Oifig ó bunaíodh í má chiallaíonn sé go mbeidh an tábhacht atá le cearta teanga á teagasc do líon suntasach daltaí gach bliain”.

Múinfear an tionscnamh oideachais dátheangach nua mar chuid de chúrsa an Teastais Shóisearaigh san Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil agus painéal de mhúinteoirí OSSP a d’fhorbair an t-ábhar le cabhair ó eagraíochtaí eile.

Deineadh tástáil ar an tionscnamh ar bhonn píolótach i 15 scoil anuraidh agus, bunaithe ar an aiseolas, dúirt Ó Cuirreáin gur léir gur fheidhmigh Cearta Teanga “mar thaca do mhúineadh na Gaeilge féin”.

Bhí “folús” faoi láthair ann maidir le múineadh na Gaeilge mar go n-éilítear ar dhaltaí an Ghaeilge a fhoghlaim gan aon “chomhthéacs” d’fhoghlaim na teanga a thabhairt dóibh. “Thar rud ar bith eile ba cheart go gcinnteodh an tionscnamh seo go dtugtar comhthéacs d’fhoghlaim na Gaeilge do dhaltaí agus go mbeadh tuiscint agus meas acu ar an gcoincheap a bhaineann le cearta teanga,” a dúirt sé.

Mar chuid den phacáiste teagaisc, atá á dháileadh faoi láthair ar gach scoil dara leibhéal, tá sraith de cheachtanna scoile agus tionscadail ghníomhacha, leabhrán do mhúinteoirí, CD Rom, DVD de ghearrthóga físe, ag áireamh an ghearrscannáin aitheanta Yu Ming is Ainm Dom , agus póstaeir.

Irish Times

Athruithe móra ar an siollabas Gaeilge

Meán Fómhair 30, 2011

Tá athruithe móra tagtha ar shiollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta i mbliana.

Ó 2012 ar aghaidh, beidh 40 faoin gcéad de mharcanna an ábhair ag braith ar an mbéaltriail leasaithe agus beidh na marcanna seo le gnóthú i dtréimhse ghairid ama, a mhairfidh 15 nóiméad. Chun cabhrú le múinteoirí agus le daltaí araon ullmhú do na hathruithe seo, tá treoir phraiticiúil curtha ar fáil ag Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhar le Comhar na Múinteoirí Gaeilge le heisiúint an DVD ‘Cuireadh Chun Cainte’.  Tugann an clár seo eolas ar gach mír den bhéaltriail do dhaltaí atá ag tabhairt faoin ngnáthleibhéal nó faoin ardleibhéal. Tugann sé léargas do mhúinteoirí agus do dhaltaí faoi céard a bheidh i gceist sa scrúdú agus cén struchtúr a bheidh air. Tá ‘Cuireadh Chun Cainte’ oiriúnach do dhaltaí ag gach leibhéal cumais mar go mbeidh comhairle phraiticiúil ann maidir le conas na botúin choitianta a sheachaint agus le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis an scrúdaitheoir.  Tá cuid den chlár dírithe ar dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu le cabhrú leo cur lena líofacht, lena stór focal agus lena scileanna cumarsáide roimh an scrúdú. Cuirfear cóip saor in aisce chuig gach scoil sa tír agus déanfar an DVD a sheoladh go hoifigiúil le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne.

Tá an-áthas ar Glór Cheatharlach go bhfuil cabhair phraiticiúil ar fáil do lucht na hArdteistiméireachta i gCeatharlach chomh maith le bunú Ciorcal Gaeilge Iarscoile.  Tháinig an Ciorcal le chéile don chéad uair le déanaí agus is léir go bhfuil na rannpháirtithe ag baint idir taitneamh agus tairbhe as an deis chun Gaeilge a labhairt go nádúrtha lasmuigh den seomra ranga. Fáilteofar roimh mhic léinn eile ag an gCiorcal Gaeilge. Gach eolas agus foirmeacha iarratais ar fáil ó Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste  ar 059 9158105 nó 085 1340047.

The Nationalist – Glór Ceatharlach

Cruinniú in Ionad Chill Dara

Meán Fómhair 30, 2011

Cuirfear clabhsúr anocht le sraith de chruinnithe poiblí a bhí ar siúl an tseachtain seo maidir leis na deiseanna atá ann gaelscoileanna úra a bhunú.

Beidh an cruinniú deireanach á reáchtáil ag Aitheantas in Ionad Oideachais Chill Dara anocht 28 Meán Fómhair 2011 ag 9pm. Bhunaigh an comhfheachtas chun tacú le tuismitheoirí Ghaelscoil Ráth Tó i gCo. na Mí nuair a bhí aitheantas á éileamh acu don scoil i 2010

Foinse
28 Meán Fómhair 2011

Irish language pack for schools stresses rights

Meán Fómhair 30, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

« Previous PageNext Page »