Eileamh leanúnach ar chúrsaí Gaeilge sna hOllscoileanna
Lúnasa 24, 2011
Is cosúil go bhfuil éileamh leanúnach ar na cúrsaí ollscoile a reáchtáiltear trí mheán na Gaeilge in ollscoileanna na tíre de réir staitisticí bunaithe ar na tairiscintí a d’eisigh an Lár-Oifig iontrála inné.
Bhí an treocht sin le feiceáil ach go háirithe i gcúrsaí iriseoireachta agus craoltóireachta. Tháinig méadú ar líon na bpointí a bhí ag teastáil do roinnt de na cúrsaí iriseoireachta a reáchtáiltear trí mheán na Gaeilge nó a bhfuil an Ghaeilge mar chomh-ábhar iontu.
Iriseoireacht
Tháinig méadú de 15 phointe ar líon na bpointí a bhí ag teastáil don chúrsa sa Ghaeilge agus san Iriseoireacht a bhíonn ar siúl in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (465 pointe).
Bhí an scéal amhlaidh i Ollscoil na hÉireann Gaillimh áit a raibh éileamh níos mó ar an gcúrsa cumarsáide i mbliana (330 pointe). Chomh maith leis sin, bhí méadú de 30 pointe i gceist leis an mbunchéim sa Ghaeilge agus na Meáin a bhíonn á reáchtáil in Ollscoil Luimnigh (400 pointe).
Oideachas
Bhí laghdú de chúig phointe nó mar sin le feiceáil i measc na gcúrsaí bunmhúinteoireachta sna coláistí oideachais ach amháin i gColáiste Phádraig, áit a raibh méadú de chúig phointe ar líon na bpointí a bhí ag teastáil ó iarrthóirí ón nGaeltacht (440 Pointe).
Na Dána
Bhí laghdú beag ar líon na bpointí a bhí ag teastáil do chéimeanna sna Dána i mórán de na hollscoileanna. I gColáiste na hOllscoile Corcaigh bhí laghdú de cúig phointe ann i mbliana (345 pointe)agus thit líon na bpointí don chúrsa sna Dána i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath go 440 pointe.
Tháinig méadú áfach ar líon na bpointí a bhí ag teastáil don bhunchéim sna Dána (Léann an Aistriúcháin)in Ollscoil na hÉireann Gaillimh (405 pointe).
Tráchtáil agus Gnó
Bhí laghdú beag le feiceáil sa réimse seo chomh maith. Thit líon na bpointí a bhí ag teastáil don bhunchéim Tráchtáil le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh ó 450 pointe go 440 pointe i mbliana. Bhí laghdú le feiceáil i mBaile Átha Cliath chomh maith. Bhí 330 pointe ag teastáil ó iarrthóirí ar an gcúrsa Gnó agus Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, laghdú de 10 bpointe ón bhliain seo caite. Bhí 410 pointe ag teastáil ó iarrthóirí a bhí ag iarraidh an chéim sa Ghaeilge agus sa Ghnó a dhéanamh in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge.
Bhí laghdú beag le feiceáil sna cúrsaí dlí chomh maith agus thit líon na bpointí don bhunchéim sa Dlí agus sa Ghaeilge a bhíonn á tairiscint ag Coláiste na hOllscoile Corcaigh go 500 pointe.
Cúrsaí eile
Tá Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath fós ag glacadh le hiarratais don bhunchéim BA (Onóracha) sa Ghaeilge don Saol Proifisiúnta. Ní raibh an cúrsa seo san áireamh i lámhleabhar na Lár-Oifige iontrála i mbliana agus más maith le hiarrthóirí iarratais a dhéanamh don chúrsa seo is fearr teagmháil a dhéanamh le Scoil na dTeangacha ann www.dit.ie/schooloflanguages.
©Foilsithe ar Gaelport.com 23 Lúnasa 2011
BunGhaeilge do Thuismitheoirí
Lúnasa 19, 2011
Sheol Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) leagan nua den leabhrán BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí, Dé Máirt, 16 Lúnasa 2011. Bhí Mia Cooper, ceannaire Ceolfhoireann Cheolchoirme RTÉ, agus Bláthnaid Ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach Ghaelscoileanna Teo., i láthair ag an ócáid in Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath 9.
Is athchló agus uasdátú ar an leabhar frásaí BunGhaeilge do Thuismitheoirí atá san fhoilseachán seo. Tá an leabhrán roinnte i gcaibidlí le téamaí éagsúla, mar shampla ‘Ar maidin’, ‘An Naíonra’, ‘Sa siopa’, ‘Sa ghairdín’. Mar is léir ón teideal, bun-Ghaeilge atá sa leabhrán agus é dírithe ar theaghlaigh gur mian leo cúpla focal a úsáid agus gnásanna agus gníomhaíochtaí an lae ar siúl acu.
Tá CD leis an leabhrán, mar chabhair le foghraíocht, agus cloistear gach frása atá sa leabhrán ar an CD. Tá ceithre leagan den CD ar fáil, ceann do gach canúint (Connacht, Mumhan, Uladh agus canúint chaighdeánach). Beidh BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí ar díol ar €10 ó FNT agus ó shiopaí leabhar ar fud na tíre.
Dar le Clíona Frost, Príomhoifigeach FNT ‘Is í aidhm an leabhair seo ná Gaeilge nádúrtha a úsáidtear le linn gnáth-ghnásanna laethúla sa bhaile, a sholáthar. Tosaigh le gníomhaíochtaí nó gnásanna ar leith a roghnú, agus bain úsáid as focail agus frásaí Gaeilge mar chuid de na gníomhaíochtaí seo.’
Creideann Máire Uí Bhriain, Cathaoirleach FNT ‘Is aoibhinn le páistí a bheith ag spraoi le smaointe agus focail nua. Cuirfidh úsáid an leabhair seo leis an spraoi agus an taitneamh a bhaineann páistí as teanga nua a shealbhú.’
Tá raon leathan áiseanna Gaeilge eile ar fáil ó Fhorbairt Naíonraí Teoranta. Tuilleadh eolais ar na háiseanna seo ar
www.naionrai.ie.
Nóta don Eagarthóir:
Is cuideachta dheonach uile-Éireann í Forbairt Naíonraí Teoranta, a thacaíonn le seirbhísí, cúram agus oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliabháin ar aghaidh. Cuireann Forbairt Naíonraí Teoranta tacaíocht ar fáil chun na seirbhísí trí Ghaeilge seo thíos a bhunú, a bhuanú agus a riaradh: naíolanna, naíonraí, seirbhísí aois scoile, campaí samhraidh, agus grúpaí tuismitheoirí/caomhnóirí agus leanaí. Tuilleadh eolais ar fáil ó www.naionrai.ie.
Faigheann Forbairt Naíonraí Teoranta maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.
Lámh cúnta do thuismitheoirí- leabhrán úr seolta
Lúnasa 18, 2011
Seoladh áis luachmhar an tseachtain seo a bheidh ina chabhair do thuismitheoirí gur mian leo cúpla focal a úsáid lena bpáistí óga gach lá.
BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe leanaí is teideal don leabhrán atá curtha le chéile ag an cuideachta deonach Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT).
Dar le Clíona Frost, Príomhoifigeach FNT ‘Is í aidhm an leabhair seo ná Gaeilge nádúrtha a úsáidtear le linn gnáth-ghnásanna laethúla sa bhaile, a sholáthar. Tosaigh le gníomhaíochtaí nó gnásanna ar leith a roghnú, agus bain úsáid as focail agus frásaí Gaeilge mar chuid de na gníomhaíochtaí seo.’
Tá Gaeilge shimplí sothuigthe sa leabhrán úr agus tá CD ag gabháil leis an leabhrán mar chabhair le fógraíocht.
Chomh maith leis sin tá ceithre leagan den CD ar fáil atá oiriúnach do chanúintí éagsúla: Connacht, Mumhan, Uladh agus canúint chaighdeánach.
Tá an leabhrán ar fáil le ceannach ar €10 ó FNT www.naionrai.ie agus i siopaí leabhar.
©Foilsithe ar Gaelport.com 18 Lúnasa 2011
Comhghairdeas le Rang na hArdteiste 2011
Lúnasa 17, 2011
Beidh lucht na hArdteiste fud fad na tíre ag bailiú a gcuid torthaí ar maidin, ina measc siúd an deichniúr a fuair torthaí den scoth agus ocht A1 ina ghlac acu go léir.
Ó thaobh na Gaeilge de léiríonn na staitisticí a eisíodh inniu go ndearna 14,359 dalta scoile an ábhar ag an Ardleibhéal agus astu siúd, theip ar 144 duine.
Fuair 790 duine (5.5%) A1 sa Ghaeilge ag an Ardleibhéal.
Rinne 25,200 duine scrúdú sa Ghaeilge ag an ngnáthleibhéal agus theip ar 1,311 duine sa scrúdú sin.
Tuairiscítear ar shuíomh Gréasáin The Irish Times ar maidin gur thit líon na ndaltaí a ndearna an Ghaeilge sna scrúduithe san iomlán arís mar gheall nár thug ach 44,300 faoin ábhar sna scrúduithe i mbliana. Laghdú de 1,200 ó 2009 a bhí ann de réir na tuairisce.
Ag labhairt dó sa Chlochán i gContae na Gaillimhe inniu thréaslaigh an tAire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn TD na scoláirí agus dúirt sé gurbh cheart dóibh a bheith bródúil as gaisce a dhéanamh sna scrúduithe.
©Foilsithe ar Gaelport.com 17 Lúnasa 2011
High failure rate in maths and science mark Leaving results
Lúnasa 17, 2011
Trí Ghaelcholáiste nua ar an bhealach
Lúnasa 15, 2011
D’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna go mbeadh trí Ghaelcholáiste nua ag oscailt in 2014 ach tá roinnt ceantar fós ag lorg Gaelcholáistí, go háirithe Maigh Nuad agus Droichead Átha.
Cé go bhfuil sé ráite ag an Roinn go bhfuil a fhios acu go bhfuil Gaelcholáistí ag teastáil sna ceantair seo, tá imní ar Ghaelscoileanna Teo. nach bhfaighidh siad na scoileanna seo roimh 2014. Tá coistí ag obair i Maigh Nuad ó bhí 2005 ann agus i nDroichead Átha ó 2009 chun Gaelcholáistí a fháil. Tá Gaelscoileanna Teo. ag lorg cruinniú leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun an cheist seo a phlé. I Maigh Nuad, táthar ag obair le Coiste Gairmoideachais Chill Dara chun an Gaelcholáiste a fháil. Tá plean acu bunscoil agus meánscoil lán-Ghaeilge a bhunú agus a chur ar an gcampas céanna. Deir Máirín Ní Chéileachair ón gcoiste go bhfuil siad ag súil le go mbeadh 1000 dalta sa mheánscoil agus thart ar 500 sa bhunscoil. “Rinneamar an-chuid taighde ar an éileamh ar na scoileanna seo agus tá 90% de na tuismitheoirí ó Chill Choca, Dún Búinne agus Maigh Nuad, ar labhraíomar leo, sásta a bpáistí a sheoladh chuig an nGaelcholáiste seo,” a dúirt Máirín.
Gaelscéal – Katie McGreal
New classes in Carndonagh with Spraoi agus Sport
Lúnasa 15, 2011
Spraoi agus Spórt are hosting a playground games club on Monday 22nd and Tuesday 23rd August for children who are starting school in September.
This club will provide an opportunity for your child to meet other children in his/her class while learning some playground games which they can then play together during lunchtime. The class will last for one hour each day and cost 10 euro. Call or text 0868420203 to book your place. Active Play and Súgradh as Gaeilge for children aged 2-12 will commence again in September. Music classes for children and adults coming too – guitar, fiddle, tin whistle, bodhran and keyboards. Check out our new website www.spraoiagussport.ie for more information.
Derry Today
Saol na hOllscoile-trí Ghaeilge
Lúnasa 12, 2011
Is é an t-am sin den bhliain nuair a bheidh daltaí Ardteiste ag fáil torthaí na scrúduithe agus ag pleanáil dá dtodhchaí.
Dár ndóigh beidh a lán acu ag bogadh óna gceantar dúchais chun freastal ar Ollscoileanna agus Institiúidí Oideachais ar fud na tíre.
Leis seo beidh orthu neart foirmeacha a comhlán, costais a íoc agus eolas a bhailiú agus ní mór dóibh a bheith ar an airdeall go bhfuil an ceart acu seirbhísí a fháil trí Ghaeilge má theastaíonn sé uathu.
Tagann an chuid is mó de na hOllscoileanna agus Institiúidí Oideachais faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla a bhfuil sé mar aidhm aige líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal a mhéadú agus a fheabhsú, ar bhealach eagraithe, thar thréimhse ama.
Tá scéim teanga ag neart Ollscoileanna agus Institiúidí Oideachais ina dtugtar gealltanais maidir leis na seirbhísí a bheidh á gcur ar fáil acu i nGaeilge nó go dátheangach. Orthu sin a bhfuil scéim acu tá;
- Coláiste na hOllscoile Corcaigh,
- Coláiste na Tríonóide,
- Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath,
- Ollscoil na hÉireann, Gaillimh,
- Ollscoil Luimnigh,
- Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad,
- Institiúid Teicneolaíochta Trá Lí,
- Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo,
- Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn,
- Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan,
Is féidir le daltaí scoile agus le mic léinn gach eolas a fháil faoi na seirbhís Gaeilge atá ag na hOllscoileanna agus Institiúidí Oideachais ó na hOifigigh Gaeilge nó Oifig na Gaeilge ar an gcampas nó ar shuíomh idirlín an Choimisinéara Teanga www.coimisineir.ie.
Gaelport.com
Trí Ghaelcholáiste nua ag teacht
Lúnasa 10, 2011
D’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna an tseachtain seo caite go mbeidh ar a laghad trí Ghaelcoláiste nua ag oscailt amach anseo.
Táthar ag súil go mbeidh na Gaelcholáistí ag oscailt i mBaile Átha Cliath agus i gContae Chorcaí. Dúirt Gaelscoileanna go mbeadh siad ag iarraidh ar an Roinn cinneadh á dhéanamh ar shainmheon teanga agus ar phátrúnacht na scoileanna nua seo.
Foinse – Nuacht na hEarnála le Gaelport.com
10 Lúnasa 2011
www.foinse.ie
An dátheangachas i bpobail mhionteanga á scrúdú i leabhar nua
Lúnasa 10, 2011
An dátheangachas aontreoch comhuaineach ina phríomhchúis ag géarchéim na mionteangacha.
Sin é príomhthéama leabhair nua atá faoi bhealach ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge An Chonair Chaoch: an Mionteangachas sa Dátheangachas atá á fhoilsiú ag an gcomhlacht Leabhar Breac. Cnuasach alt atá sa leabhar a chíorann éifeacht an dátheangachais ar phobail mhionteanga na Gaeilge agus a eascraíonn as páipéir a tugadh ag na Scoileanna Earraigh don Phleanáil Teanga a d’eagraigh Aonad na Pleanála Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le dhá bhliain anuas. I measc na n-údar a scríobh alt don leabhar tá iarscoláirí an MA sa Phleanáil Teanga a reáchtáiltear in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá sé d’aidhm ag an leabhar plé oscailte macánta agus dioscúrsa leathan a chothú agus tuiscintí míbhisiúla a cheistiú maidir leis an mionteangachas i gcomhthéacs an dátheangachais aontreoch.
Maítear in ailt éagsúla sa leabhar gurb é an dátheangachas aontreoch comhuaineach is bunús le géarchéim na mionteangacha, is é sin go sealbhaíonn go leor cainteoirí óga arb í an mhionteanga a gcéad teanga, go sealbhaíonn siad an dara teanga chomh luath céanna lena gcéad teanga, ach go bhfanann formhór mór na mórtheangóirí aonteangach ó thaobh feidhme agus gnáis de, den chuid is mó. Tá an dátheangachas roghnach i bhfeidhm i measc mórtheangóirí agus an dátheangachas éigeantach i measc mionteangóirí. Tá an leabhar á chur in eagar ag Conchúr Ó Giollagáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus Brian Ó Curnáin, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, agus ag an iriseoir agus taigdeoir an Acadaimh, Ciarán Lenoach. Is iad na húdair eile atá rannpháirteach sa togra foilsitheoireachta: Pádraig Ó Duibhir, Coláiste Phádraig, Droim Conrach; Laoise Ní Thuairisg, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge; Éamonn Ó Bróithe, Oifig an Choimisinéara Teanga; Aoife Ní Chonchúir, Pobalscoil an Daingin agus Paula Nic Cionnaith, comhlacht Spraoi.
Díríonn Ciarán Lenoach ina altsa ‘An Ghaeilge Iarthraidisiúnta agus a Dioscúrsa’ ar ghnéithe éagsúla den dioscúrsa acadúil i dtaca le meath struchtúir na teanga agus an dlúthbhaint atá ag an bpróiseas leanúnach sin leis an dátheangachas sa Ghaeltacht. Scagtar go speisialta na laigí i gcur chuige an dioscúrsa cheannasaigh nach dtugann aghaidh ar fhabhtanna reatha an dátheangachais éagothroim. Pléitear na tréithe míbhisiúla a bhaineann leis an gcoibhneas seo i gcás na Gaeltachta, i gcomhthéacs na sochtheangeolaíochta idirnáisiúnta, in alt Chonchúir Uí Ghiollagáin ar ‘An Mionteangachas agus na hEolaíochtaí Teanga.’ Áitíonn Aoife Ní Chonchúir ina haltsa ‘Feasacht Sochtheangeolaíochta agus Riachtanais Siollabais Chainteoirí Dúchais na Gaeltachta,’ i dtaca le Corca Dhuibhne de, gur gá luí ar thábhacht an tsealbhaithe bhaile, ar riachtanas an treisithe shóisialta agus acadúil i gcomhthéacs an oideachais fhoirmiúil, agus ar éifeacht shuaithinseach na forbartha iomlánaithe sa phobal trí chéile. Tugann Brian Ó Curnáin ina alt ‘An Ghaeilge Iarthraidisiúnta agus Pragmataic an Chódmheasctha Thiar agus Theas’, faoi chatagóiriú na hurlabhra ó thaobh tréithe traidisiúnta agus iarthraidisiúnta de agus faoina míniú i gcomhthéacs na teangeolaíochta agus a fodhisciplíní – an dátheangachas agus an sealbhú teanga.
Pléann Paula Nic Cionnaith ina halt, ‘Loiceadh Córais: Léargas Tuismitheoirí ar an gCóras Oideachais sa Ghaeltacht’, téamaí gaolmhara maidir leis an oideachas Gaeltachta agus dearcadh na dtuismitheoirí ar fhóinteacht agus mhífhóinteacht an chórais reatha do riachtanais a gclainne. Ina alt siúd, ‘Scéim Labhairt na Gaeilge: Feidhm agus Mífheidhm’, scagann Éamonn Ó Bróithe go mion idirghabháil an Stáit i leith teaghlaigh Ghaelacha a chothú sa Ghaeltacht le deontas Scéim Labhairt na Gaeilge agus measann sé fiúntas aidhme na hidirghabhála sin. Is tráthúil an tsúil siar é i bhfianaise an chinnidh rialtais deireadh a chur leis an Scéim i 2011, cinneadh aontaobhach, d’ainneoin na bhfóram poiblí a heagraíodh i leith Straitéis 20 Bliain agus a lárnaí is atá moltaí i dtaobh athmhúnlú na Scéime sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007). Idirghabháil eile stáit, atá molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, a spíonann Laoise Ní Thuairisg ina halt ‘Ionaid Sealbhaithe Teanga na Breataine Bige: Eiseamláir don Ghaeltacht?’ Inoiriúnacht d’Éirinn an mhodha oibre atá á chleachtadh sa Bhreatain Bheag atá idir chamáin aici. ‘Cúrsaí oideachais agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030’ a phléann Pádraig Ó Duibhir ina altsa. Déanann sé comparáid idir na moltaí oideachais a bhaineann le Gaelscoileanna, scoileanna Gaeltachta agus le múineadh na Gaeilge mar ábhar curaclaim i scoileanna Béarla agus spíonann an cumasc mí-oiriúnach de na comhthéacsanna sin atá sa Straitéis.
Dírítear ar trí chéim shiosmaideacha sa chnuasach mar eiseamláir thábhachtach do mhionlaigh teanga an domhain:
i. Fabht bunúsach don mhionlach an dátheangachas comhuaineach aontreoch.
ii. Comhréiteach inmholta é an dátheangachas moillithe do phobal na mionteanga agus an dátheangachas treisithe do phobal na mórtheanga.
iii. Na pobail eitnitheangeolaíochta a athdhlúthú go sóisialta le feidhm éifeachtúil a thabhairt don dátheangachas moillithe.
Beartais dóchais iad na tuiscintí is nua-aimseartha ar an taithí seo a phlé go macánta i gcruth is go ndíreofar ar na ceisteanna is cinniúnaí i leith inmharthanacht na Gaeilge agus na Gaeltachta mar phobal sainiúil teanga.
Gaelscéal – Conchúr Ó Giollagáin
5 Lúnasa 2011