All-Irish schools fight for teachers
Márta 16, 2011
Call for separate Irish language and literature courses
Márta 16, 2011
Language chief suggests splitting Irish into two
Márta 16, 2011
IRISH could be taught as two separate subjects in the future, Language Commissioner Sean O Cuirreain has suggested.
Mr O Cuirreain said a huge investment was being made in the teaching of the language, with children receiving a total of 1,500 hours of tuition over 13 years of primary and secondary schooling. “But they are not getting that basic ability in Irish,” he said. Speaking at the launch of his annual report in Galway yesterday, the commissioner pointed out that there was a school of thought that there should possibly be two Irish courses, along the lines of maths and applied maths. “One would be a communications course, where the emphasis would be on writing, reading and speaking Irish — and only on that. A second course would be for people with a natural interest in the language — literature, poetry, drama and so on.
“The two courses would run the same way as we have maths and applied maths — as two separate courses. “So we could have a similar system where everybody would leave school with a basic command of the language, enough where they could watch TG4 or read a newspaper or order a pizza in Irish,” he said. Mr O Cuirreain backed the Government’s announcement for a fundamental review of the way in which Irish was taught, but cautioned against abandoning it in school. “If it’s a choice of abandoning it or reforming it, the first choice has to be for reforming it.”
Complaints
The report revealed that more than a quarter of government departments and state agencies had been consistently failing to provide even the most basic level of service in the Irish language to people contacting them by phone. The level of service provided by a further 29pc of state bodies was deemed to be inadequate to meet their statutory obligations. Topping the list of public bodies which failed to comply with the specific requirements of language legislation over the last year was the Department of Education and Skills, while the Department of Communications, Energy and Natural resources, Dublin City Council, Clare County Council, Iarnrod Eireann and Kildare VEC were also negligent. “This level of failure is all the more significant as the audit we carried out covered only those public bodies which had statutory language plans in place for more than four years”, Mr O Cuirreain said.
Throughout 2010, a total of 700 complaints were made to the office of the Irish Language Commissioner about problems experienced by members of the public accessing state services through Irish. This was the biggest number of complaints made in any year since the Office of the Commissioner was first established. The vast majority of cases were resolved informally by the commissioner’s office or by providing advice to the complainants. Most of the complaints (41pc) came from Dublin, with significant numbers also coming from Clare (9.5pc), Galway (9pc), Kerry (6pc), Donegal (4pc). Almost one in five of the complaints came from Gaeltacht areas.
Irish Independent – Brian McDonald
Leabhair do pháistí le fail saor in aisce
Márta 16, 2011
Tá Forbairt Naíonraí Teoranta ag tabhairt cóipeanna den fhoilseachán An Chéad Chéim amach saor in aisce do thuismitheoirí agus d’fhostaithe a bhíonn ag obair le páistí óga.
Is bunchúrsa Gaeilge é An Chéad Chéim atá dírithe ar dhaoine a oibríonn le páistí i naíolanna, Naíonraí, grúpaí súgartha agus seirbhísí iarscoile. Tá an foilseachán roinnte i gcaibidlí éagsúla mar ‘Fáiltiú ar maidin’, ‘Am lóin’ agus ‘Ag dul abhaile’. Tugtar focail agus frásaí bunúsacha i ngach caibidil, mar aon le rainn a bhaineann leis an ábhar. Tá lámhleabhar eile How to Enjoy Irish with Young Children á fhorbairt ag an eagraíocht faoi láthair chomh maith. Tá tuilleadh eolais mar gheall ar na leabhair áisiúla seo ar fáil ar an suíomh Gréasán www.naionrai.ie
Ábhar dóchais agus éadóchais ag an Choimisinéir Teanga
Márta 16, 2011
CHUIR AN Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, fáilte roimh ghealltanas an Rialtais nua go ndéanfaí athbhreithniú ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Dúirt Ó Cuirreáin leis an cholún seo inné go raibh litir seolta aige chuig Aire na Gaeltachta, Jimmy Deenihan, agus chuig an Aire Stáit ar Ghnóthaí Gaeltachta, Dinny McGinley, ag fáiltiú roimh an gheallúint i bhforógra an Rialtais nua maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Acht. D’fhoilsigh Ó Cuirreáin a Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2010 i nGaillimh inné agus ghlac sé leis go raibh “pictiúr duairc” inti go háirithe maidir le soláthar seirbhísí duine le duine trí Ghaeilge. Deirtear i gclár an Rialtais nua go ndéanfar athbhreithniú ar an Acht le cinntiú go bhfuil airgead á chaitheamh go héifeachtach, go bhfuil an caiteachas sin dírithe ar fhorbairt na teanga agus go bhfuil dualgais á gcomhlíonadh bunaithe ar éileamh an phobail.
Dúirt Ó Cuirreáin chomh maith go raibh sé ag éileamh ar an Rialtas nua geallúint chinnte a thabhairt go ndéanfaí leasú ar chóras earcaíochta na seirbhíse poiblí amach anseo chun a chinntiú go bhfostófaí dóthain daoine le cumas sa dá theanga. Dúirt sé go raibh “ceachtanna foghlamtha” ó tháinig an tAcht i bhfeidhm i 2003 agus go raibh sé ag súil le comhoibriú le Roinn na Gaeltachta agus an Rialtas nua maidir leis an athbhreithniú atá molta. Dúirt sé nár chóir “sceanairt” a dhéanamh ar an Acht ach go mbeadh sé féin ag cur moltaí dearfacha faoi bhráid na Roinne ag am tráth maidir le hathruithe chun feabhais a dhéanamh ar fheidhmiú na reachtaíochta. Thug sé le fios ina thuarascáil gur theip go leanúnach ar bhreis agus an cheathrú cuid de Ranna agus Oifigí Rialtais fiú an leibhéal seirbhíse is bunúsaí ar fad a sholáthar trí Ghaeilge do chustaiméirí ar an teileafón. Anuas air sin, theip ar 29 faoin gcéad eile de Ranna agus Oifigí Rialtais oiread seirbhíse trí Ghaeilge a chur ar fáil agus a chinnteodh go raibh a ndualgais reachtúla á gcomhlíonadh acu.
Dúirt sé nach dtiocfaidh aon fheabhas suntasach ar an easpa seirbhísí Gaeilge seo ceal gníomh cothromaíochta éigin maidir le hearcú daoine le Gaeilge sa státchóras:
“Faoi láthair, cuirtear dualgas ar dhaoine an Ghaeilge a fhoghlaim ach ní chuirtear na deiseanna ar fáil dóibh an Ghaeilge a úsáid. Tá lúb ar lár sa chóras sin agus muna bhfuil an fhoireann agat chun na deiseanna sin a sholáthar tá fadhb bhunúsach agat. “Tá cosc ar earcaíocht sa státchóras faoi láthair ach ba chóir geallúint a thabhairt anois maidir le cur leis an líon foirne le cumas sa dá theanga amach anseo.” Dúirt Ó Cuirreáin go raibh sé “scanrúil” nach raibh ach 1.5 faoin gcéad d’fhoireann riaracháin na Roinne Oideachais agus Scileanna a raibh ar a gcumas seirbhísí a sholáthar i nGaeilge chomh maith le Béarla. B’ionann sin agus laghdú 50 faoin gcéad le cúig bliana anuas, a dúirt sé. Ní den chéad uair léirigh sé imní ina thuarascáil faoin mhoill a bhain le daingniú scéimeanna teanga le comhlachtaí poiblí. De réir na tuarascála, bhí 51 de na 105 scéim daingnithe imithe in éag faoi dheireadh na bliana 2010 agus bhí 12 de na 51 scéim sin imithe in éag le breis agus dhá bhliain.
Bhí 26 comhlacht poiblí eile ann a raibh an chéad dréachtscéim iarrtha orthu ach nach raibh siad aontaithe ná daingnithe fós mar scéimeanna ag Aire na Gaeltachta. I gcás deich gcinn acu sin, bhí breis agus ceithre bliana imithe ó iarradh orthu an dréachtscéim a ullmhú. Tugann an tuarascáil aghaidh chomh maith ar an tuairimíocht choitianta go gcaitear airgead mór ar aistriú cháipéisí go Gaeilge. “Finscéal,” a bhí ann, a dúirt sé. Léiríonn a thuarascáil gur costas iomlán EUR10,112 a bhain le haistriúchán Gaeilge a dhéanamh ar dhréachtphlean forbartha Chomhairle Contae an Chláir don tréimhse sé bliana idir 2011 agus 2017. Is ionann an costas sin agus níos lú ná an tríú cuid den mhéid a maíodh i dtuairisc nuachtáin. Thaispeáin imscrúdú de chuid a oifige go raibh ollchostas EUR350,000 i gceist le hullmhú na cáipéise i mBéarla amháin. Sheol Oifig an Choimisinéara 11 imscrúdú foirmiúil le linn na bliana 2010. I gcás amháin chinn Ó Cuirreáin gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Scileanna foráil de chuid an Achta Oideachais (1998) trí raon suíomhanna gréasáin oideachasúla a sholáthar trí Bhéarla amháin. Rinneadh 700 gearán leis an gCoimisinéir Teanga le linn 2010, an líon ba mhó gearán ó bunaíodh a oifig.
The Irish Times – Pól Ó Muirí
Áiseanna digiteacha úra sa seomra ranga
Márta 16, 2011
Seoladh tionscnamh nua in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a thugann deis do mhúinteoirí áiseanna digiteacha a úsáid sa seomra ranga.
Chruthaigh mic léinn an Dioplóma Iarchéime san Oideachas (DIO) i Scoil an Oideachais OÉ Gaillimh, ceachtanna idirghníomhacha ilmheánacha as Gaeilge ag baint úsáid as Matchware Mediator.
Teicneolaíocht ar leith atá anseo, urraithe ag COGG (Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta), agus beidh na háiseanna ar fáil do mhúinteoirí agus do dhaltaí ar fud na tíre. Tugann sé seo deis do mhúinteoirí acmhainní digiteacha a úsáid ar bhealach cruthaitheach, núálach.
Díríonn siad ar theagasc na Gaeilge agus ar theagasc ábhair eile an churaclaim trí mheán na Gaeilge chomh maith. Tagann sé seo le fís COGG a deireann -“freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge.”
Dúirt an tOllamh Chris Curtin, Ceann Scoil an Oideachais, “Tabharfaidh an fhorbairt seo eispéiris atá tarraingteach agus bríoch le cuidiú le mic léinn foghlaim ar bhealaí atá spreagúil”
How Quinn can make a difference
Márta 16, 2011
Feachtas ‘Cosain an Cóimheas’ Seolta Inniú
Márta 15, 2011
‘Cosain an Cóimheas’ seolta ag GAELSCOILEANNA TEO. i gcoinne fógra na Roinne go mbeidh ardú suntasach sa Chóimheas Daltaí le Múinteoir i ngaelscoileanna
Sheol GAELSCOILEANNA TEO. feachtas ‘Cosain an Cóimheas!’ inniu ag preas ócáid in Áras na Comhdhála, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus le céilí/ceol sráide lasmuigh de Dáil Éireann a rinne ceiliúradh ar rath na ngaelscolaíochta le linn ‘Seachtain na Gaeilge’.
Feachtas is ea ‘Cosain an Cóimheas’ i gcoinne fógra na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le deireadh a chur leis an socrú reatha cóimheas daltaí le múinteoirí atá i bhfeidhm sna gaelscoileanna. Tá sé fógartha go mbeidh na gaelscoileanna ar aon leibhéal leis na scoileanna a dhéantar teagasc trí mheán an Bhéarla ó Mheán Fómhair 2011, athraithe a bheidh an-tromchúiseach do na scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil idir triúr agus ochtar múinteoirí acu, ach go háirithe.
Chosain Mícheál Ó Broin, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO. an córas reatha: “Faoin gcóras reatha tá cur chuige i bhfeidhm a aithníonn na dúshláin bhreise atá ag na gaelscoileanna atá beag trí chóimheas daltaí-múinteora a cheadú atá níos fábharaí ná an gnáthchóimheas. D’aithin an córas reatha na dúshláin breise atá le sárú sna gaelscoileanna, ar a n-áirítear cur i bhfeidhm curaclam iomlán trí mheán na Gaeilge, agus éagothroime sna hacmhainní agus sna tacaíochtaí atá ar fáil dóibh. Ceadaíodh an cóimheas mar léiriú ar an riachtanas a bhaineann le caomhnú agus le láidiriú an chórais tumoideachais agus sainmheon na Gaeilge sna scoileanna a chosaint. Bhí bunús láidir oideachasúil agus teangeolaíochta leis an gcóimheas a bheith níos fábharaí. Tá cinneadh na Roinne an cóimheas a athrú bunaithe ar réasúnaíocht airgeadais amháin seachas réasúnaíocht oideachasúil.”
Tá suas go 31 scoil a chaillfidh múinteoir amháin, caillfidh ceithre scoil eile beirt mhúinteoir agus beidh ar na príomhoidí filleadh ar ais ar an seomra ranga i gcás 6 scoil. Ardófar líon na ndaltaí sna ranganna agus beidh go leor ranganna meascaithe ann le líon ard daltaí iontu dá bharr. Bheadh ar roinnt scoileanna idir 17-23 daltaí sa bhreis a thabhairt isteach sa scoil i Meán Fómhair 2011 leis na múinteoirí thuasluaite a choimeád, líon nach bhfuil réadúil dóibh mar nach scoileanna atá ag forbairt atá iontu don chuid is mó. Aon uair a athraíodh an sceideal go dtí seo is dalta nó beirt sa bhreis a bhí de dhíth!
Dúirt Hilda de Róiste, Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta i nGaelscoil Phádraig i mBaile Breac, Co. Átha Cliath: “De réir an sceidil nua do cheapachán múinteoirí ó Mheán Fómhair 2011, caillfimid post amháin agus bhíomar ag súil go mbeimid i dteideal múinteoir breise a fhostú i Meán Fómhair 2011 bunaithe ar na sean-figiúirí. Tá forbairt agus fás tagtha ar Ghaelscoil Phádraig in ainneoin cuid mhaith deacrachtaí ar nós easpa aitheantais ar feadh dhá bhliana, easpa airgid agus easpa foirgnimh. Táimid i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste agus níl stádas DEIS againn, cé go bhfuil sé ag na scoileanna eile sa cheantar. Táimid fós lonnaithe i suíomh beag sealadach i seomraí réamhdhéanta, agus anois, tagann buille uafásach eile! Níl sé seo cothrom in aon chor. Conas is féidir le héinne a rá go bhfuil sé inghlactha iarraidh ar scoileanna 20 páistí sa bhreis a thógáil isteach i Meán Fómhair 2011, in aon bhuille amháin, lena gcuid múinteoirí a choinneáil? Conas is féidir leis an Roinn é sin a chosaint? Is ionsaí é an cinneadh seo ar an ngaelscolaíocht a bhréagnaíonn ráitis an Rialtais go bhfuil tábhacht agus éifeacht ag baint leis na scoileanna lán-Ghaeilge. Ba chóir don Roinn an cinneadh seo a aistharraingt láithreach.”
Athrú raidiceach, tromchúiseach atá san athrú seo a fhágfaidh scoileanna le caillteanas foirne, ranganna móra agus laghdú iomlán ar eispéaras éifeachtach foghlama an pháiste. Tá impleachtaí tromchúiseacha ann d’fhostaíocht múinteoirí, ach go háirithe dóibh siúd nach bhfuil cearta painéal acu agus i bhfianaise nach bhfuil painéal cuí ann do mhúinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge.
Cháin Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí, Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge Teo., an cinneadh: “Braitheann ár scoileanna go bhfuil neamhaird agus ionsaí á dhéanamh ag an Roinn orthu. Má leantar leis seo caillfidh múinteoirí postanna agus níl painéal ceadaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna do scoileanna an Fhorais Pátrúnachta fós, cé gur aontaíodh i bprionsabal leis an Roinn go gcruthófaí painéal don Fhoras i 2004. Má chuirtear é seo in éineacht leis an easpa cóiríochta atá ag tromlach de na scoileanna, ardaítear ceisteanna maidir le dearcadh na Roinne i dtreo an Ghaeloideachais. Tá an Foras Pátrúnachta tiomanta chun cinntiú nach ndéantar dochar don oideachas lán-Ghaeilge agus táimid ag tacú go láidir leis an bhfeachtas seo.”
D’éiligh Mícheál Ó Broin cothrom na féinne don ghaelscolaíocht agus ‘beart de réir briathar’ ón Rialtas: “In anneoin na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a d’aithin ról lárnach na ngaelscoileanna, tá tacaíocht á bhaint ón earnáil seachas tacaíocht bhreise a bheith tugtha mar ba chóir. Ardaíonn an cinneadh seo ceisteanna arís maidir le dearcadh na Roinne i dtreo an ghaeloideachais. Is buile marfach i ndiaidh buile marfach atá ag teacht. Ní hamháin go bhfuil na gaelscoileanna ag fulaingt go míchothrom de bharr cúinsí drochchóiríochta, agus éagothroime sa chóras ó thaobh tacaíochta de, ach anois tá an bonn á bhaint den chóras trí bhrú breise a chur ar acmhainní fíor-shrianta. Tá sé scannalach agus doghlactha go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge thíos leis arís. Éilím ar an Aire nua an cinneadh leatromach seo a aisiompú láithreach agus cothrom na féinne a thabhairt don Ghaelscolaíocht.”
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.
Críoch.
Tuilleadh eolais: Mícheál Ó Broin 087-9467700 / Nóra Ní Loingsigh 087-6737560
Gaelscoil Bharra agus Gaelscoil Sáirséal ar TV3
Márta 11, 2011
Féach ar anseo: MidWeek
Gaelspraoi
Márta 11, 2011
12-6 Domhnach 20ú Márta Cearnóg Muirfean, BÁC 2
SAOR IN AISCE!
Tá fáilte roimh chách sult a bhaint as an lá agus an teanga faoi bhrat an Phuball Gaeilge, le fear an tí Aodhán Ó Deá. Grinn, drámaíocht, ceol, rince, spraoi – agus duaiseanna don chlann uilig (saoire clainne i dTrabolgan ina measc!) – bígí linn!
Clár an lae anseo: PUBALL GAEILGE @ an La Mor