Oíche Eolais – Do pháiste a thógaint le Gaeilge
Márta 11, 2011
A Free information night for parents who are interested in raising their children through the medium of Irish or enrolling them in Irish Language Education
Gael-Taca, i gcomhair le Comhluadar agus na Naíonraí Gaelacha
Bí linn ar an Luan 14ú Márta @ 7 a chlog i.n.
Monday 14th March
Saor in aisce/ free event
Ionad: Gael-Taca, 22 Port Uí Shúilleabháin, Cathair Chorcaí
Location: Gael-Taca, 22 Sullivan’s Quay. Cork City
Scoil Raifteirí now enrolling for September 2011
Márta 11, 2011
COSAIN an CÓIMHEAS sna Gaelscoileanna!
Márta 10, 2011
Seolfar feachtas ‘Cosain an Cóimheas!’ Dé Máirt seo chugainn, 15 Márta i mBaile Átha Cliath. Tá GAELSCOILEANNA TEO. ag socrú céilí/ ceoil sráide lasmuigh de Dáil Éireann, Sráid Chill Dara ag 11.30i.n. chun aird a tharraingt ar ionsaí na Roinne Oideachais agus Scileanna ar ngaelscolaíocht tríd an cóimheas daltaí le múinteoirí a ardú. Díreach roimhe seolfar an feachtas ag 11.00 ag preas ócáid in Áras na Comhdhála, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, BÁC.
Ba mhór againn dá bhféadfadh do scoil bheith páirteach sa léirsiú lasmuigh den Dáil ag 11.30 trí cúpla duine a chur ar fáil le bheith i láthair (beir leo uirlisí ceoil/ brógaí rince más mian leo!), idir múinteoirí, daltaí, tuismitheoirí, baill Boird Bainistíochta srl. Táimid ag díriú ar an bhfeachtas a bheith feiceálach, ach go háirithe le linn Seachtain na Gaeilge agus deis a bheith againn grianghraif den ócáid a ghlacadh le scaipeadh ar an bpreas. Chuige sin bheadh muid ana-bhuíoch dá bhféadfá nóta gairid a sheoladh ar ríomhphost chugainn (oifig@gaelscoileanna.ie) nó glaoch a chur ar an oifig (01-8535195) le léiriú dúinn an líon duine gur féidir leo bheith i láthair, agus má tá aon chabhair gur féidir libh a thabhairt dúinn maidir le ceol a chur ar fáil/ damhsóirí/ póstaeir srl.
Cad í an fhadhb?
Tá an cóimheas daltaí le múinteoirí i ngaelscoileanna á ardú ag an Roinn Oideachais & Scileanna ó Mheán Fómhair na bliana seo. I roinnt cásanna, beidh ar scoileanna 20 páistí sa bhreis a mhealladh isteach chun na scoile chun líon na múinteoirí atá acu a choimeád. Aon uair a athraíodh an cóimheas daltaí le múinteoirí roimhe seo ní raibh ach 1-2 dalta i gceist mar dhifríocht!
Cén fáth go raibh cóimheas níos fábharaí ag gaelscoileanna?
Bhí bunús láidir oideachasúil agus teangeolaíochta leis an gcóimheas a bheith níos fábharaí. Cur chuige a bhí ann a d’aithin na dúshláin bhreise atá roimh na gaelscoileanna, dúshláin ar a n-áirítear cur i bhfeidhm curaclaim iomlán trí mheán na Gaeilge, agus éagothroime sna hacmhainní agus sna tacaíochtaí atá ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge.
An raibh an cóimheas níos fábharaí i bhfeidhm i ngach gaelscoil?
Ní raibh, díreach i ngaelscoileanna le h-idir 3 agus 9 múinteoirí iontu, le tacú leo agus iad ag am criticiúil i bhforbairt na scoile.
Bhí bunús oideachasúil leis an athrú seo mar sin?
Ní raibh. Tá cinneadh na Roinne bunaithe ar réasúnaíocht airgeadais amháin seachas réasúnaíocht oideachasúil.
Cén toradh a bheidh ar an gcinneadh seo?
Caillfidh roinnt scoileanna múinteoir ranga amháin; i roinnt scoileanna, caillfear beirt mhúinteoirí agus beidh ar an bPríomhoide Riaracháin filleadh ar ais ar an seomra ranga. Ardóidh líon na ndaltaí i ranganna agus beidh a lán ranganna meascaithe ann dá bharr.
Nár aithin an ‘Plean 20 Bliain don Ghaeilge’ ról lárnach na ngaelscoileanna?
D’aithin.
Tugtar tacaíocht chuí agus cothrom na féinne do na gaelscoileanna mar sin?
Ní thugtar, faraor. Tá 75% de na scoileanna a bheidh thíos leis seo i gcóiríocht shealadach, cuid mhaith acu le blianta fada. Tá scoileanna i gceantair faoi mhíbhuntáiste ach nach bhfuil aitheantas mar scoileanna faoi mhíbhuntáiste acu in ainneoin go bhfuil an stádas sin ag scoileanna eile taobh leo. Ionsaí eile ar an nGaelscolaíocht atá sa chinneadh seo.
Cad ata ag teastáil mar sin?
An cinneadh leatromach seo a aisiompú láithreach agus cothrom na féinne a thabhairt don Ghaelscolaíocht.
Tá bileog eolais agus póstaeir le híoslódáil anseo:
Clár oibre an Rialtais
Márta 10, 2011
Tá tacaíocht geallta don Phlean Straitéise 2010 – 2030 i gClár Oibre an Rialtais nua de réir na cáipéise a foilsíodh an Domhnach seo caite, cé go bhfuil an tacaíocht seo beagáinín doiléir sa mhéid is go ndeirtear go ndéanfar seachadadh ar na spriocanna ar fad atá “indéanta”.
Ní nach ionadh, i gcomhthéacs na díospóireachta ar fad le linn an Olltoghcháin, is é cúrsaí oideachais is mó atá luaite sa chlár oibre ó thaobh na Gaeilge de, agus é ráite ann go ndéanfar athchóiriú bunúsach ar mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachas, le marcanna breise ag dul don scrúdú cainte. Deirtear go nglacfar céimeanna chun cur le caighean agus éifeacht múineadh na Gaeilge agus gur ag an bpointe a bhfuil na céimeanna seo á fheidhmiú a ndéanfar cinneadh faoin nGaeilge a bheith mar chroí-ábhar don Ardteist.
Ar na rudaí eile atá luaite sa cháipéis tá athbhreithniú ar mhaoiniú earnáil na Gaeilge agus athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá tacaíocht geallta do chúrsaí craolacháin agus don Ghaeltacht, cé nach bhfuil aon rud sonrach luaite faoin nGaeltacht seachas go mbeidh sí in ann teacht i dtír ar an infheistíocht ghinearálta i gcúrsaí forbartha agus infreastruchtúr ar fud na tíre.
Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha
Bua don teanga agus í de dhíth san Ardteist -Imní faoi chiorruithe in earnáil na Gaeilge áfach
Márta 10, 2011
Tá feachtasóirí Gaeilge ag ceiliúradh an tseachtain seo toisc go bhfuil sé aontaithe ag Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre an Ghaeilge a choinneáil mar ábhar éigeantach go fóill.
Tá an baol ann áfach go mbeidh ciorruithe i ndán d’eagraíochtaí Ghaeilge agus athbhreithniú ar an gcaoi ina gcaitear airgead orthu ar an mbealach. Is bua é ceist na Gaeilge mar ábhar éigeantach dóibh siúd a bhí i mbun feachtais le cúpla seachtain anuas in aghaidh pholasaí Fhine Gael ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge don Ardteist. Dheimhnigh Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre sa chlár don rialtas nua, go gcuirfidh siad feabhas ar chaighdeán mhúineadh na Gaeilge agus nach ndéanfar machnamh ar ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge go dtí go gcuirfear roinnt athruithe eile i bhfeidhm ar dtús. Dúirt Éamonn Mac Niallais, feachtasóir de chuid Ghuth na Gaeltachta le Foinse: “Cinnte is dul chun chinn é seo toisc go bhfuil an rialtas nua chun seans a thabhairt do na hathruithe eile sula mbreathnóidh siad ar an gceist arís. “Is maith an rud é freisin go bhfuil siad ag rá go dtabharfaidh siad tacaíocht don Straitéis 20 Bliain, ceann de na moltaí bhí againn.”
Bhí ceist na Gaeilge ina chnámh spairne idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre le linn an fheachtais olltoghcháin agus tá neart conspóide cruthaithe aige le cúpla seachtain anuas. D’aontaigh Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre tacaíocht a thabhairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.Tá sé geallta acu go mbainfidh siad na spriocanna atá molta ann amach. Tá sé ar intinn ag an rialtas nua líon na ndaltaí a dhéanann scrúdú Gaeilge na hArdteiste ag an ardleibhéal a dhúbailt faoi 2018. Léiríonn na staitisticí is déanaí nach ndearna ach 14,650 dalta ón 57,839 dalta a rinne an Ardteist an samhradh seo caite an Ghaeilge ag an ardleibhéal. Tá sé aontaithe ag na páirtithe athnuachan a dhéanamh ar an gcuraclam Gaeilge chomh maith leis an gcaoi ina múintear an teanga i scoileanna timpeall na tíre. Ardóidh an rialtas nua líon na marcanna don scrúdú béil go 50 faoin gcéad den mharc iomlán.
Ta Séan Kyne TD, a toghadh in Iarthar na Gaillimhe le déanaí, sásta le pleananna an rialtais nua don teanga. Dúirt sé: “Cuirim fáilte roimh iarrachtaí an rialtais nua feabhas a chur ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na Gaeilge. “Athdheimhneoidh an polasaí seo go bhfuil Fine Gael sa rialtas nua ag iarraidh an rud is fearr d’ár dteanga dhúchais a dhéanamh.” Déanfaidh an rialtas nua athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla le cinntiú go bhfuil an t-airgead a chaitear ar an nGaeilge, á chaitheamh ar an gcaoi is fearr ó thaobh forbairt na teanga de. Breathnófar ar na cláir infheistíochta agus ar na cláir mhaoinithe a mbaineann eagraíochtaí Gaeilge tairbhe astu. Déanfar a chinntiú uaidh sin go bhfuil an luach is fearr ar a gcuid airgid a fháil ag saoránaigh na hÉireann uathu. Tá imní ar an Uasal Mac Niallais áfach toisc nach bhfuil Údarás na Gaeltachta luaite sa chlár don rialtas nua. Dúirt sé le Foinse: “Is é an cheist anois ná céard a tharlóidh don Údarás, níl tagairt ar bith déanta don eagraíocht sa chlár.”
Foinse – Orla Bradshaw
Nuachtlitir ScoilNet ar fáil i nGaeilge anois!
Márta 10, 2011
BA (Onóracha) sa Ghaeilge don Saol Proifisiúnta
Márta 10, 2011
Tá an BA úrnua seo á thairiscint ag Scoil na dTeangacha, Coláiste na nEalaíon agus na Turasóireachta, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.
Le hachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, stádas oifigiúil a bheith bainte amach ag an nGaeilge san Aontas Eorpach, maraon le foilsiú Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus go leor forbairtí áitiúla eile le blianta, tá deiseanna fostaíochta ag méadú i gcónaí dóibh siúd a bhfuil ardscileanna teanga acu sa Ghaeilge. Díreofar ar oiliúint chuimsitheach theangeolaíoch a chur ar scoláirí i réimse leathan ábhar a ullmhóidh iad i dtreo gairmeacha beatha éagsúla a bhaineann úsáid as an nGaeilge san earnáil phoiblí is lasmuigh di.
Is céim uathúil, sainiúil í seo ina leagtar béim ar chruinnúsáid ghníomhach na Gaeilge ar bhonn taitneamhach trí mheán an tumoideachais.
Mar aon le staidéar cuimsitheach a dhéanamh ar an nGaeilge í féin, clúdófar réimse leathan d’ábhair trí mheán na Gaeilge ar an gcúrsa: Ardscileanna Teanga, Scileanna Ríomhaireachta, Staidéar an Aistriúcháin, Litríocht, Na Gairmeacha Cumarsáide, Gnó & Riarachán, Margaíocht, Caidreamh Poiblí, Obair Phobalbhunaithe, Amhránaíocht, Ceol, Béaloideas, Scileanna Raidió & Teilifíse, Bainisteoireacht, Cuntasóireacht, Scríbhneoireacht Chruthaitheach, Scriptscríbhneoireacht, Scannánaíocht, Áisitheoireacht Teanga, Taighde, Bainisteoireacht Airgeadais, Eagrú Ócáidí, Na hEalaíona Cruthaitheacha agus ábhair reatha eile nach iad.
Chomh maith le seo, beidh tréimhse de thaithí oibre san earnáil Ghaeilge agus/nó sa Ghaeltacht, mar chuid riachtanach den chúrsa.
Iontráil Dhíreach a bheidh ann i mbliana.
Tuilleadh eolais:
http://www.dit.ie/schooloflanguages/
Scoil na dTeangacha,
Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath,
Sráid Chaoimhín,
Baile Átha Cliath 2
languages@dit.ie
01 402 4673 / 01 402 2843
Oifig na Gaeilge,
Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath,
Sráid Aungier,
Baile Átha Cliath 2.
gaeilge@dit.ie
01 402 7043
An Chomhdháil ag Fáiltiú Roimh bhunú an 31ú Dáil
Márta 10, 2011
Déanann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge comhghairdeas le Enda Kenny, T.D., ar a thoghadh mar Thaoiseach inné sa Dáil. Treaslaíonn an Chomhdháil leis na hAirí Rialtais nua-cheaptha agus guímid gach rath orthu agus iad i mbun ghnó mar bhaill den Rialtas sa 31ú Dáil. Déanaimid comhghairdeas ach go háirithe leis an Aire Jimmy Deenihan, T.D., ar a cheapachán mar Aire Gnóthaí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Bhí súil ag an gComhdháil, agus na Ranna Rialtais á bhfógairt, nach mbeadh cúlú ón ngealltanas sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go mbeadh Aireacht shinsearach ar a mbeadh lárfhreagracht maidir le cúrsaí Gaeilge. Tréaslaíonn an Chomhdháil leis an Rialtas nua, as beart a dhéanamh de réir a briathar tríd an Roinn Gnóthaí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhunú, mar aon le freagrachtaí speisialta ar ghnóthaí Gaeltachta a bhronnadh ar Aire Stáit.
Dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge: “Maidir le Clár an Rialtais 2011 – 2016, tá go leor rudaí dearfacha i leith na Gaeilge sa chlár sin. Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag tnúth le comhoibriú leis an Taoiseach, leis an Aire Deenihan, agus leis an Aire Stáit a bheidh freagrach as gnóthaí Gaeltachta, ar cheisteanna chur chun cinn na Gaeilge amach anseo. Féachfaidh an Chomhdháil chuige go ndíreoidh an Rialtas ar chur i bhfeidhm an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus go neartófar seasamh na Gaeilge trí fheidhmiú Chlár an Rialtais sa tréimhse 2011-2016”.
Eagraíochtaí teanga ag cur fáilte roimh Chlár an Rialtais
Márta 10, 2011
“WE WILL take steps to improve the quality and the effectiveness of the teaching of Irish at second level. When these steps have been implemented, we will consider the question of whether Irish should be optional at Leaving Certificate.”
Sin a scríobhann Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre i gClár an Rialtais a foilsíodh Dé Domhnaigh. Níl caint ar bith ann faoin Ghaeilge a bhaint mar ábhar riachtanach Ardteiste ach tá rún ag an chomhrialtas tabhairt faoi “a thorough reform of the Irish curriculum and the way in which Irish is taught at primary and second levels of education”.
Tá rún acu béim bhreise a chur ar chúrsaí cainte agus cluastuisceana agus 50 faoin gcéad de na marcanna a bhronnadh ar an scrúdú béil san Ardteist. Cuireann siad mar chuspóir rompu fosta sciar na mac léinn atá ag gabháil don ardleibhéal sa Ghaeilge san Ardteist a dhúbailt.
Scríobhann an dá pháirtí go dtabharfaidh siad tacaíocht don straitéis 20 bliain “and will deliver on the achievable goals and targets proposed” agus go ndéanfaidh siad infheistíocht sa Ghaeltacht i gcruthú post, i gcúrsaí fuinnimh, uisce agus leathanbhanda. Tabharfaidh siad tacaíocht fosta do chraoltóireacht na Gaeilge agus d’earnáil na n-ealaíon.
Tá rún acu athbhreithniú a dhéanamh ar chláir mhaoinithe agus infheistíochta na n-eagras teanga “in order to achieve visible value for money for citizens and tangible outcomes on a transparent basis”.
Chuir príomhfheidhmeannach Ghael-Linn, Antoine Ó Coileáin, fáilte roimh an chlár, á rá gur mhaith “an rud nach bhfuil cinneadh láithreach le déanamh mar gheall ar an nGaeilge a bheith roghnach ag leibhéal na hArdteiste, rud a d’fhéadfadh a bheith ina thubaiste. Molaimid an cur chuige tomhaiste atá á bheartú chun go mbeidh breis éifeachta leis na beartais Ghaeilge atá ann.
“Fáiltímid roimh an athbhreithniú éifeachtúlachta agus luach airgid maidir le hobair na n-eagras Gaeilge agus aontaímid gur chóir go mbeadh torthaí inbhraite agus trédhearcacha ar chaiteachas na Gaeilge”.
Mhol sé sa chomhthéacs sin gur chóir éirí as “an tionscadal de chuid Fhoras na Gaeilge obair na Gaeilge a mhaoiniú ar bhonn scéimeanna. Níl aon rath ar an iarracht atá ar bun le trí bliana anuas agus atá ag cruthú an-éiginnteacht maidir le cláir oibre na n-eagras. Ba chóir go gcuimseodh an t-athbhreithniú rialtais gach maoiniú stáit don Ghaeilge i gcomhthéacs aidhmeanna na straitéise 20 bliain a bhaint amach”.
Dúirt stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, eagras comhordnaithe na n-eagraíocht deonach, Pádraig Mac Criostail, go raibh siad ag iarraidh go mbeadh bonn reachtúil faoin straitéis 20 bliain gan mhoill.
Ba chóir go mbeadh ról lárnach ag an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta san athbhreithniú ar churaclam na Gaeilge, a dúirt sé.
Ba mhaith leis go dtabharfadh leasú ar bith ar an churaclam líofacht na ndaltaí sin a raibh Gaeilge acu cheana féin, bíodh siad ina gcónaí sa Ghaeltacht nó lasmuigh di, san áireamh. Níor mhaith leis go mbeadh ísliú caighdeáin ar bith san Ardteistiméireacht agus an rialtas nua ag iarraidh líon na ndaltaí a roghnaíonn an páipéar ardleibhéil a mhéadú.
Thug an t-eagras teanga thuaidh/theas, Foras na Gaeilge, le fios gur chuir siad fáilte roimh an tacaíocht do chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge. D’aithin siad gur bhain tábhacht le trédhearcacht agus luach ar airgead agus, dá bharr sin, thacaigh siad leis an athbhreithniú ar chláir infheistíochta agus mhaoinithe do thionscadail Ghaeilge.
Thug siad le fios fosta gur mhaith leo “an cinneadh le hathbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an gcaoi a múintear an Ghaeilge ag an mbun agus ag an meán leibhéal a threaslú leis na páirtithe”.
Chuir an t-eagras fáilte roimh an chuspóir líon na scoláirí atá ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge ag an ardleibhéal a dhúbailt agus roimh na céimeanna atá beartaithe acu cur le caighdeán agus éifeacht theagasc na teanga. Bhí an t-eagras ag dúil le ról lárnach a imirt i bhfeidhmiú an chláir.
NÍL ÚDARÁS na Gaeltachta luaite ina n-ainm féin sa chlár rialtais. D’eisigh an tÚdarás ráiteas inar thug siad le fios go mbeadh bord agus bainistíocht an eagrais ar lorg cruinnithe leis an Aire nua Gaeltachta le cúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht a phlé.
D’aithin siad go raibh an comhrialtas nua ag tacú leis an straitéis 20 bliain agus chuir siad in iúl go raibh sé scríofa sa cháipéis sin go mbeadh ról fiontraíochta ag an Údarás san obair.
Dúirt Pádraig Mac Criostail ón Chomhdháil gur chuir siad fáilte roimh na gealltanais a bhí ann do chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht ach ba é dóchas na Comhdhála go gcuirfí an acmhainn agus an tacaíocht chuí ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le go mbeadh siad ábalta leanstan dá chúraimí fiontraíochta reatha.
Five new schools given approval
Márta 8, 2011