Laurel Hill Coláiste FCJ Luimneach – Éacht agus buaicphointe i Stair na Scoile.
Lúnasa 30, 2016
Comhghairdeas le gach éinne atá bainteach le Laurel Hill Coláiste FCJ, ainmnithe mar an scoil is fearr sa tír san Sunday Times ar an Domhnach don tríú bhliain as a chéile. Ta ríméad orainn go bhfuil scoil lán- Ghaelach ar bharr an liosta. ‘Is cúis áthais agus bhróid dúinn go bhfuil an scoil seo ‘gainne, atá ar an bhfód ó 1935 ar aghaidh, tar éis an t-aitheantas seo a fháil. Ina theannta san, tá áthas orainn go bhfuil ag éirí chomh maith san le scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre’ arsa Aedín Ni Bhriain, príomhoide Laurel Hill Coláiste FCJ.
BRÉALÚ: An Ceoldráma’ ag Electric Picnic
Lúnasa 29, 2016
Clár Iomlán:
Íoga ar Scoil
Lúnasa 29, 2016
Folúntais ar Phoist
Lúnasa 29, 2016
• Gaelcholáiste Cheatharlach ag lorg ionadaí do shaoire mhaithreachais.
http://www.educationposts.ie/post/view/75215
• Gaelscoil an Bhradáin Feasa, ag lorg múinteoir ar théarma seasta.
http://www.educationposts.ie/post/view/75267
• Gaelscoil an Bhradáin Feasa, múinteoir tacaíochta foghlama do shaoire mháithreachais.
http://www.educationposts.ie/post/view/75269
• Gaelscoil Donncha Rua, ag lorg ionadaí do mhúinteoir ranga.
http://www.educationposts.ie/post/view/75302
• Gaelscoil na Ríthe,ag lorg múinteoir tacaíochta foghlama ar théarma seasta.
http://www.educationposts.ie/post/view/75331
• Coláiste Cois Life, ag lorg múinteoir.
http://www.educationposts.ie/post/view/75338
Teidil nua ag Cois Life.
Lúnasa 26, 2016
Tá leathanaigh réamheolais ar theidil nua Cois Life le feiceáil ag na naisc thíos. Foilseofar na leabhair seo ar an 15 Meán Fómhair. Is scéinséar den scoth é An Tearmann, an cúigiú leabhar ag an údar agus iriseoir Alex Hijmans, agus oirfidh sé dóibh siúd ar mhaith leo an taobh eile – an taobh bundúchasach – den Bhrasaíl a bhlaiseadh. In Cinnlínte: Saol an Iriseora, scríobhann Deaglán de Bréadún ( Eagarthóir an Tuaiscirt le The Irish Times nuair a bhí na comhráití do Chomhaontú Aoine an Chéasta ar siúl ) faoi na buaicphointí ina shaol gairmiúl.
2016 AIS_Eng-Gae_Cinnlínte_saol-an-iriseora
Nuacht ó Scoil Náisiúnta Ros Dumhach , Béal an Átha, Co Mhaigh
Lúnasa 26, 2016
Buaiteoirí Náisiúnta
Comhghairdeas do Hayden O Murchú, Madison Ní Mhurchú Kale Markwick agus a phriomhoide Dr. Anita Ní h- Éilí a bhuaigh an chéad áit náisiúnta do chlár Radió a chum siad do Seachtain na Gaeilge. Seo an deichiú duais Náisiúnta do scoil Náisiúnta Ros Dumhach, Béal an Átha, Co Mhaigh Eo thar na blianta le h-aghaidh scéaltaí, dánta, cláir raidió, Ealaín agus dramaíocht.
Comortáis Éalaine
Comhghairdeas do Oisín Mac Aodha, Scoil Náisiúnta Ros Dumhach , Béal an Átha, Co Mhaigh Eo a bhuaigh Teastas mar gheall ar an obair Ealaíne a rinne sé ar “ Caora & Uan” le h-aghaidh an comortais náisiúnta do Texaco. Fuair sé ard-mholadh mar gheall ar a phictiúr. Tá Oisín le feiceáil lena príomhóide, Dr. Anita Ní h- Eilí.
Dianchúrsa Gaeilge/Irish Crash Course
Lúnasa 25, 2016
Folúntas poist – Post shaoire maithreachais i bhFionnghlas
Lúnasa 25, 2016
Tá post lánaimseartha ag múineadh na Gaeilge ar fáil i gColáiste Eoin. Ba chóir don iarratasóir a bheith cáilithe chuig gach bliain (1-6) chomh maith leis an Idirbhliain agus an Ardteist fheidhmeannach. Tá na ranganna beag go leor (12-16 daltaí) agus meascán idir bun, ard agus gnáthleibhéil ann i ngach rang. Is scoil beag, cairdiúil í, agus níl ach rang amháin i ngach bhliain.
Má tá suim agat ann, téigh i dteagmháil leis an bpríomhoide, Paula O’Brien, ag na sonraí thíos.
Cappagh Road Finglas west, Dublin 11
01 8341426
info@colaisteeoin.ie
www.colaisteeoin.ie
Níos mó eolais faoin bpost ar EducationPosts.ie
Clár spreagúil do dhaoine óga fógartha ag Gael Linn don scoilbhliain 2016/2017!
Lúnasa 23, 2016
Tabharfar deis do dhaoine óga a bheith gníomhach i ngnéithe éagsúla de shaol na Gaeilge faoin gclár cuimsitheach scéimeanna atá leagtha amach ag Gael Linn don scoilbhliain 2016/2017, a bhformhór urraithe ag Foras na Gaeilge.
Beidh spéis ar leith ag scoláirí Gaelscolaíochta sna comórtais díospóireachta, ceoil, drámaíochta agus caint phoiblí a leanas a bheidh ag tosú go luath:
Comórtas Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain: Comórtas díospóireachta do iar-bhunscoileanna a ndéantar teagasc trí Ghaeilge iontu
Scléip: Comórtas tallainne dírithe ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge – an bhéim ar chomhaimsearthacht. Coirm: Féilte siamsaíochta stáitse ar fud na tíre dírithe ar ghaelscoileanna agus ar bhunscoileanna gaeltachta Siansa: Comórtas agus ceardlanna ceoil do ghrúpaí traidisiúnta le ceoltóirí óga idir 12 agus 19. Craobhchomórtas sa Cheoláras Náisiúnta, le duaischiste €4,500.
Abair: Comórtas cainte poiblí d’iar-bhunscoileanna i gCúige Uladh
Tráth na gCeist: Sraith de ócáidí quizbhoird do iar-bhunscoileanna i gCúige Uladh
Tá gach eolas, mar aon le foirmeacha iarratais, ar fáil anois ar www.gael-linn.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le Gael Linn 01: 6751200 /eolas@gael-linn.ie.
Folúntais ar Phoist
Lúnasa 23, 2016
• Gaelscoil na gCloch Liath ag lorg múinteoir tacaíochta foghlama páirt-aimseartha.
http://www.educationposts.ie/post/view/75000
• Gaelscoil Chluain Dolcáin ag lorg múinteoir buan.
http://www.educationposts.ie/post/view/75019
• Coláiste Chilliain ag lorg múinteoir pairt-aimseartha.
http://www.educationposts.ie/post/view/75025