Folúntas: Naíonra Lámha Beaga, an Mhí
Bealtaine 17, 2016
Job Description
Naíonra Childcare Worker required to work with children aged 3 – 5 years old within an ECCE setting. The candidate must have excellent experience and extensive knowledge of young children’s needs as well as great communication skills to interact with children, parents and colleagues. The position will require the employee to be flexible.
Skills and Qualifications
- Relevant qualifications (minimum FETAC Level 6)
- Minimum of 3 years’ experience in a similar environment.
- Proven classroom management skills
- Proven communication and organisational skills
- Fluent English/Irish both spoken and written
- Ability to use own initiative and work as part of a team
- A Knowledge of relevant legislation & regulations
- A working knowledge of Aistear & Siolta
- Two written references
- First Aid/Manual Handling & Garda Vetting are an advantage
Personal Attributes required:
Sincere and genuine love of children
To be self motivated and have a vibrant and energetic approach to work. Good organizational skills. Excellent interpersonal and communication skills. To be flexible and a team player willingness to attend workshops, training and staff meetings. Demonstrate initiative and the ability to cope under pressure in a professional manner at all times.
Key Responsibilities of the position
- To ensure the smooth day-to-day running of the Naíonra Class
- To ensure the welfare of the children in your care and act as a role model for Lámha Beaga with parents.
- Keep the Managers informed of any issues as they arise.
- Planning and implementing Curriculum for Naíonra Class
- Planning the daily activities of the Room
- Planning a curriculum based on children’s emergent interests
- Ensuring the overall safety & well being of the children
- Ensuring a good standard of hygiene
- Ensuring that equipment is well maintained & safe to use
- Maintaining Daily Records
- Communicating with Parents
- Adhering to Policies and Procedures at all times
- Attending Meetings when required
- Attending Training Sessions when required
Cúig cheanneagraíocht nua roghnaithe ag Údarás na Gaeltachta don phleanáil teanga
Bealtaine 17, 2016
Tá cúig cheanneagraíocht Ghaeltachta eile roghnaithe ag Údarás na Gaeltachta le dul i mbun pleananna teanga sa Ghaillimh, i Maigh Eo, i nDún na nGall agus sa Mhí.
Réiteoidh na cúig cheanneagraíocht sin plean teanga do na Limistéir Pleanála Teanga (LPT) atá faoina gcúram. Tá dhá bhliain anois ag na heagraíochtaí an plean a réiteach dá gceantar féin.
Ceadaíodh maoiniú idir €20,000 agus €40,000 do gach eagraíocht chun tacú leo san obair atá le déanamh acu.
Tá 18 ceanneagraíocht ag obair i gcomhar leis an Údarás agus le grúpaí pobail le pleananna teanga a réiteach agus 27 ceanneagraíocht ar fad a bheas ann.
Tá an tÚdarás ag súil go mbeidh fógraí á ndéanamh go luath maidir leis na limistéir eile agus beidh siad ag lorg iarratas ó eagraíochtaí ar suim leo tabhairt faoi phleananna teanga sna ceantair sin nach bhfuil ceanneagraíochtaí ainmnithe iontu fós.
Na ceanneagraíochtaí nua:
Comhar Caomhán Teo: Oileáin Árann
Gaeilge Iorrais: Maigh Eo Thuaidh (Ceantar Iorrais)
Comharchumann Ráth Cairn Teo: Ráth Chairn agus Baile Ghib
Céim Aniar Teo: Tuaisceart Dhún na nGall (ceantar Fhánada agus Gleann Bhairr, Ros Goill agus An Tearmann
Comharchumann Thoraí Teo: Toraigh
CURAIDH FÉILE PEILE GAEL LINN ÓN MHUILEANN gCEARR!
Bealtaine 16, 2016
Bhí ríméad ar fhoireann peile Ghaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr, tar éis dóibh Féile Peile Gael Linn a bhuachan. Is i Ráth Chairn ghlas na Mí a bhí féile Laighean ar siúl, Dé Máirt 10, agus Dé Céadaoin, 11 Bealtaine 2016.
Is iad foireann Gaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr, a thug leo Corn Gael Linn ag Féile Peile Gael Linn i Ráth Chairn le déanaí ! Fuaireadar an ceann is fearr sa Chraobh ar fhoireann Ghaelscoil Uí Riada, Cill Chóca, agus bhí ríméad an domhain orthu!
Is ar Dé Máirt, 10 agus Dé Céadaoin, 11 Bealtaine a bhí an fhéile peile ar bun – an chéad cheann den tsraith bhliantúil cúige a eagraíonn Gael Linn do Ghaelscoileanna agus bunscoileanna Gaeltachta. Bhí suas le160 scoláire ar fad ó ocht scoil, mar aon lena gcuid múinteoirí, i Ráth Chairn don ócáid taitneamhach seo – Scoil na gCeithre Máistrí, Áth Luain, Gaelscoil Uí Riada, Cill Chóca, Gaelscoil Chill Dara, Gaelscoil Thulach na nÓg, Dún Búinne, Gaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr, Gaelscoil Phort Laoise, seaimpíní na bliana seo caite, Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc, Ceatharlach agus an fhoireann baile, Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn. Bhí an aimsir go breá, agus na scoláirí ar bís le gabháil chun páirce !
Roinneadh na foirne i ndá ghrúpa de cheithre fhoireann an ceann. Bhí dhá chluiche le himirt ag gach foireann ar pháirc peile Ráth Chairn tráthnóna Dé Céadaoin. Bhí na foirne meascaithe, le naonúr imreoirí an taobh, agus de réir na rialacha, bhí sé éigeantach go mbeadh ar a laghad ceathrar cailíní ar an bpáirc ag gach foireann i rith an ama. Ba é Éanna Ó Conghaile a bhí i mbun riaradh na gcluichí, agus ba air Kevin Ó Conghaile agus Mícheál Mac Donncha a thit jab crua na réiteoireachta !
Nuair a bhí na cluichí thart agus an dinnéar ite, ghlac na scoláirí páirt sa quiz boird, ceolchoirm agus céilí a cuireadh ar siúl dóibh san Ionad Pobail. D’eagraigh Comharchumann Ráth Chairn lóistín oíche do fhormhór na gcuairteoirí le muintir na háite. Bhí an tríú cluiche le himirt ag na foirne uilig maidin Dé Céadaoin, 11 Bealtaine agus chuaigh buaiteoirí an dá ghrúpa ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha agus ansin an Chraobh Cúige. Bhí coimhlint mhaith sa chraobh idir pheileadóirí Ghaelscoil Uí Riada, Cill Chóca agus Ghaelscoil an Mhuilinn, An Mhuileann gCearr, ach go háirithe sa chéad leath, ach bhí bua chuimsitheach ar deireadh ag foireann na hIarmhí, le scór 7- 4 go 1-5. Bronnadh Corn Gael Linn ar na captaein, Dónal Ó Maoilmhichíl agus Niamh Raeside, agus is cinnte go mbeidh na himreoirí óga ag ceiliúradh go ceann píosa lena múinteoirí, Dara Feirtéar agus Caroline Mhic Róibín, agus lena lucht tacaíochta !
Agus é ag tréaslú leis na buaiteoirí, dúirt Jamie Ó Tuama, Gael Linn: ‘Is mian leis an eagras deis a thabhairt do dhaltaí ó Ghaelscoileanna agus ó bhunscoileanna Gaeltachta bualadh le chéile ag imeachtaí spreagúla ar nós na féilte peile a eagraímid, ina mbíonn an Ghaeilge in uachtar mar theanga labhartha. Táimid i nGael Linn an-bhuíoch de Chomharchumann Ráth Chairn agus don chumann peile áitiúil as ucht a dtacaíochta leanúnach don ócáid bhliantúil seo’
Cuireadh an-fháilte ar ais chun na scoile roimh na curaidh, agus is cinnte go mbeidh na himreoirí óg ag ceiliúradh go ceann píosa lena gcomhscoláirí!
Críoch
Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie
Póstaer ar fáil ó COGG
Bealtaine 12, 2016
Tá cóipeanna de 2 phóstaer ar fáil saor in aisce ó COGG. Ceann a bhaineann le stair an hÉireann (dátaí tábhachtacha) agus ceann faoi 1916 (uimhreacha).
Má tá cóipeanna den phóstaer uait seol teachtaireacht chuig eolas@cogg.ie
Múinteoir Gaeilge
Bealtaine 12, 2016
Tá grúpa páistí atá ag fáil oideachais sa bhaile ag lorg múinteoir Gaeilge le ranganna a chur ar fáil gach dara maidin Aoine i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.
Grúpa an-óg agus grúpa níos sine agus cluichí, amhráin, rannta agus comhrá atá i gceist.
Déan teagmháil le eolas@cogg.ie le breis eolais a fháil.
Folúntais éagsúla i nGaelcholáiste Luimnigh
Bealtaine 12, 2016
Tá Gaelcholáiste Luiminigh i mbun earcaíochta ar mhúinteoirí do na hábhair seo a leanas faoi láthair:
- Spáinnis
- Ealaín
- Spáinnis is Fraincis
- Tír Eolas is Gaeilge
- Mata is Gaeilge
- Teicneolaíocht Ábhar Adhmad is Grafaic Theicniúil
- Ceimic is Eolaíocht
- Béarla is Gaeilge
Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 17 Bealtaine 2016
Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/
Folúntas: Múinteoir Gaeilge agus Ceoil, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Gaillimh
Bealtaine 12, 2016
Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 20 Bealtaine 2016
Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/
Folúntas: Múinteoir Spáinnise i gColáiste Ghlór na Mara, BÁC
Bealtaine 12, 2016
Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 30 Bealtaine 2016
Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/
Folúntas: Múinteoir Béarla i gColáiste Ghlór na Mara, BÁC
Bealtaine 12, 2016
Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 20 Bealtaine 2016
Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/
Folúntas: Múinteoir Eacnamaíochta Baile i gColáiste Ghlór na Mara, BÁC
Bealtaine 12, 2016
Dáta deiridh le haghaidh iarratas: 20 Bealtaine 2016
Tuilleadh eolais le fáil ag: http://www.educationposts.ie/