Leabhar nua: Smokie
Aibreán 4, 2016
Scríobh Bríd Brien scéal i mBéarla faoi a cat Smokie agus aistríodh go Gaeilge Dhún na nGall é le déanaí.
‘Smokie’ is a heartfelt tale of love, despair, friendship and freedom. Athraíonn a saol compordach nuair a bhuaileann sí lena húinéirí nua, Hannah agus Eoghan. Like a caged animal, she’s confined to the house and longs for the day to be free again. Nuair a thagann deis chun éalú go dtí an garraí, helped by Blossom, an madra teaghlaigh, she sets off on an adventure she’ll never forget.
Toisc gur leabhar dátheangach é, tá sé éasca é a léamh agus níl gá le foclóir a usáid. Más maith leat cóip crua a fháil, bí i dteagmháil le Brí ar: bridbrien@gmail.com
Costas €10.
Taighde iarchéime ar an luath-thumoideachas i scoileanna lán-Ghaeilge
Aibreán 4, 2016
Bhí mac léinn ón Máistreacht Ghairmiúil sa Bhunoideachas i dteagmháil linn. Mar chuid den chúrsa seo, tá tráchtas ar bun aici ar an luath-thumoideachas sna ranganna naíonán i scoileanna lán-Ghaeilge. Tá múinteoirí á lorg aici le ceistneoir a líonadh isteach. Má tá taithí agat bheith ag múineadh ranganna naíonán i scoil lán-Ghaeilge, bheadh Jennifer an-bhuíoch díot as cúpla nóiméad a thógáil chun ceistneoir a líonadh isteach chun cabhrú lena cuid taighde.
Tá an ceistneoir le fáil anseo
Dráma nua: Ó Pheann an Phiarsaigh
Aibreán 4, 2016
Internet sites
Aibreán 4, 2016
There are now hundreds of Irish internet sites. There is a very comprehensive guide available to Irish speakers.
‘Gaeilge ar an Ghréasán’,a site with more than 800 links operated by Sabhal Mòr Ostaig (A university college in the Scottish Gaeltacht. Caoimhín Ó Donnaile, an Irishman and a former member of the Gaelic League in Glasgow is on the staff.) If you are interested in Scottish Gaelic, go to ‘Gàidhlig air an Lìon’.
I would like to mention a couple of sites this week. Comhaltas Ceoltóirí Éireann/The Irish Minstrels’ Association, publishes a list of poems and stories for young Fleadh competitors. But it would be helpful to any learner. A beginner is better learning a poem by heart rather than a complicated rule. For example, it is more useful to learn a poem like ‘Seán agus an Dall’ than ‘In the first declension, the nouns are masculine and end in a broad consonant. The final consonant is slenderised to form the genitive singular’. Got that? The poem illustrates the rule clearly. (Go to Comhaltas – education.)
Read more: http://www.derryjournal.com/news/columnists/internet-sites-1-7303570#ixzz44qThMF91
Taighde maidir le scoláirí le disléicse i scoileanna lán-Ghaeilge
Márta 31, 2016
Bhí mac léinn ón Máistreacht Ghairmiúil sa Bhunoideachas i dteagmháil linn. Mar chuid den chúrsa seo, tá tráchtas ar bun aici ar dhaltaí le disléisce atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Tá múinteoirí á lorg aici le ceistneoir a líonadh isteach. Má tá taithí agat bheith ag múineadh dalta(í) le disléicse i scoil lán-Ghaeilge, ba bhreá le hAisling Ní Chaoimh cloisteáil uait. Tá ceistneoir curtha le chéile aici mar chuid dá taighde agus tá sí ag iarraidh go líonadh roinnt múinteoirí isteach é chun cabhrú leis an taighde.
Má tá aon cheisteanna faoin taighde seo nó más maith leat páirt a ghlacadh ann, déan teagmháil le hAisling ag aislingnichaoimh91@gmail.com
Seónna spleodracha ar stáitse ag COIRM GAEL LINN !
Márta 31, 2016
Léiríodh seónna spleodracha ó Ghaelscoileanna fud fad na tíre ar stáitse ag féilte Coirm Gael Linn 2016 ! Bhí suas le 3,500 aisteoirí, ceoltóirí agus damhsóirí óga ar fad ar stáitse ag naoi gcinn de fhéilte a reáchtáladh in amharclanna ó Ard Mhacha go Trá Lí i rith mhí Feabhra agus mhí an Mhárta ! Roghnaigh gach scoil téama dá seó féin, agus bhí meascán de mhíreanna – drámaíocht, ceol, amhránaíocht, scéalaíocht, aithriseoireacht, rince agus a leithéid – i ngach ceann acu. Chomh maith le bheith ar stáitse iad féin, bhí deis ag na scoláirí seónna breátha ó scoileanna eile a fheiceáil.
Cé nach bhfuil comórtas i gceist le Coirm Gael Linn, bíonn léirmheastóir aitheanta i láthair ag gach féile a thugann moltaí scríofa do na múinteoirí ar conas barr feabhais a chur ar ghnéithe áirithe dá léirithe. Anuas air sin, tugtar aitheantas (i bhfoirm gradaim) do sheónna nó do mhíreanna as seónna a léiríonn ardchaighdeán ag gach féile. Ní bhíonn aon teorainn leis an líon gradam a mbíonn cead ag an léirmheastóir a bhronnadh agus bíonn cead aige/aici iad a bhronnadh ar ghrúpaí nó ar dhaoine aonair. I measc na léirmheastóirí a bhí ag na féilte éagsúla ar fud na tíre i mbliana bhí Síle Ní Dhuibhne, Gerry Motherway, Liam Mac an Mhaoir, Tomás Ó Nialláin agus Mairéad Ní Ghallchóir. Thugadar ardmholadh do na múinteoirí díograsacha uilig a léirigh seónna de ardchaighdeán tríd síos.
Bhí lucht féachana mór i láthair ag na hócáidí uilig, agus bhain an fear grinn ‘Giggles’ gáire as an lucht féachana mór a bhí i láthair lena chuid geaitsíochta idir mhíreanna !
Dúirt Seán Ó Ceallaigh, Bainisteoir Scéimeanna Náisiúnta Gael Linn: “Tá áit lárnach ag Coirm Gael Linn ar an bhféilire bunscoile go bliantúil anois. Trí ócáidí taitneamhacha, spraíúla a chur ar fáil, tá súil againn i nGael Linn spéis na bpáistí seo sa Ghaeilge a neartú agus deis a thabhairt dóibh í a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga”.
CRÍOCH
Tuilleadh eolais: Niamh de Búrca 01:6753303/niamh@gael-linn.ie

Scoláirí óga ó Ghaelscoil Thulach na nÓg, Dún Búinne ar stáitse ag Coirm Gael Linn san Áras Ealaíne, An Mhuileann gCearr. Ghnóthaigh a seó ‘An tAsarlaí ó Oz’, trí ghradam!

Bronnadh trí ghradam ar scoláirí Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Ceatharlach ag féile Coirm Gael Linn i Ros Mhic Thriúin dá fheabhas a ndráma ‘Matilda’ – seo radharc as !

Thug saighdiúirí óga ó Scoil Mhuire, An Turlach Beag, Rosmuc, trí ghradam leo dá ndráma ‘Bairbre’ le Pádraig Mac Piarais ag féile Coirm na Gaillimhe a reáchtáladh thar dhá lá in Amharclann na Cathrach.

Aisteoirí óga ó Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, ag baint suilt as Coirm Gael Linn in amharclann Siamsa Tíre ar an mbaile !

I measc na nduaiseoirí ag féile Coirm Gael Linn i Mainistir Fhear Muí, bhí scoláirí Ghaelscoil Dhochtúir Uí Shúilleabháin, An Sciobairín, a léirigh an seó ‘Aladdin’.
Todhchaí na Gaelscolaíochta idir chamáin i gCarn Tóchair
Márta 31, 2016
Ba i gCarn Tóchair, Contae Dhoire, a eagraíodh comhdháil bhliaintúil Chomhairle na Gaelscolaíochta ar na mallaibh, áit a ndearnadh plé, anailís agus scagadh ar thodhchaí na hearnála, cothú pobail Ghaeilge agus dúshláin an Ghaeloideachais.
Thug Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, Liam Ó Flannagáin, le fios go bhfuil 68 aonad, idir naíscoileanna, bhunscoileanna agus mhéanscoileanna sna Sé Chontae, rud a fhágann breis agus 5,000 páiste cláraithe san earnáil ó thuaidh.
Tugadh le fios fosta go bhfuil 33 páiste i ndiaidh iarratas a dhéanamh chuig Gaelcholáiste Dhoire don Fhómhar seo chugainn, rud a fhágfaidh 49 cláraithe sa scoil i dtréimhse bliana.
Seachtain na Gaeilge ina seachtain iontach don Ghaeloideachas – Conradh na Gaeilge
Fuair Bunscoil an tSléibhe Dhuibh i mBaile Uí Mhurchú, Co. Aontroma, tuairisc barr feabhais cigireachta ón Chigireacht Oideachais agus Oiliúna (COT). Is forbairt shuntasach eile don earnáil é an fógra go bhfuil figiúirí cláraithe tar éis dúbailt do Ghaelcholáiste Dhoire, an dara mheánscoil lánGhaeilge neamhspleách ó thuaidh.
Ar a bharr sin, cuireadh dhá bhunscoil lánGhaeilge – Gaelscoil Aodha Rua i nDún Geanainn, Co. Thír Eoghain, agus Gaelscoil Éanna ar an Ghleann Ghormlaith, Co. Aontroma – ar liosta caipitil na Roinne Oideachais de bharr fhás agus fhorbairt ghasta na scoileanna.
“Is ábhar ceiliúrtha iad an dá scéal iontacha seo i dtaca le hoscailt oifigiúil Ghaelcholáiste Dhoire agus dea-thuairisc chigireachta Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh,” arsa Ciarán Mac Giolla Bhéin, Conradh na Gaeilge.
Lean Mac Giolla Bhéin…“Bhí bearna soiléir sa réimse iar-bhunscolaíochta le fada an lá agus tá pobal Dheisceart Dhoire i ndiaidh bunchloch láidir a leagan síos do thodhchaí na Meánscolaíochta Gaeilge ó thuaidh. Léiríonn figiúir iontrála na scoile don bhliain seo chugainn go bhfuil an pobal i gcoitinne ag glacadh go fonnmhar leis an fhorbairt seo agus go bhfuil dúshraith láidir leagtha síos don athbheochan teanga sa cheantar.”
Físeán le feiceáil anseo
Folúntas: Stiúrthóir Naíonra
Márta 30, 2016
Tir na nÓg Early Years Care and Education Centre, Athy Co. Kildare, is seeking a teacher to fill the position as Stiúrthóir Naíonra/ Childcare practitioner.
We are seeking a motivated, competent, adaptable, professional practitioner with experience in the early years sector with a high level of the Irish language.
Our centre follows the Aistear Early Years Curriculum and we have been Síolta validated by the Early Years Policy Unit.
We provide a high quality of care and education and are looking for a new practitioner to join our team that is excited to move with us.
We are looking for a person with a minimum of Fetac Level 6 qualification to do at least part-time hours.
We are looking for a person to start immediately.
If you are interested in applying for the position, please email Kathleen on info@tirnanogathy.ie or call 087-2662585.
Ó Pheann an Phiarsaigh – Liosta na n-imeachtaí
Márta 29, 2016
Seo liosta na n-ionad ina mbeidh muid ag léiriú an dráma i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin 2016.
Scaipigí an scéal, le bhur dtoil!
_______________________________
Halla Paróiste Chill Chartha – Déardaoin, 31 Márta
Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste – Dé Sathairn, 2 Aibreán
Regional Cultural Centre, Leitir Ceanainn – Dé Luain, 4 Aibreán
Club na Múinteoirí, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath – Dé Céadaoin-Dé Sathairn, 13-16 Aibreán 2016
Tábhachtach: I gcás sheó Bhaile Átha Cliath, ní bheidh ticéid ar díol ag an doras – is gá iad a cheannach roimh ré anseo: https://opheannanphiarsaigh.eventbrite.ie
_______________________________
Blaiseadh beag den dráma nuascríofa ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’ le Noel Ó Gallchóir:
http://tuairisc.ie/fisean-o-pheann-an-phiarsaigh-ag-griosadh-meanma-na-gcarad/
Comórtas AN TRIAIL
Márta 29, 2016
Tá Comórtas Dearadh Póstaer don dráma Ardteiste ‘An Triail’ seolta ag an gcompántas drámaíochta Fíbín i gConamara, a théann ar camhchuairt mórthimpeall na tíre gach bliain leis an dráma céanna. Beidh dearadh an bhuaiteora le feiceáil ar bhallaí in amharclanna ar fud na tíre agus in ábhar poiblíochta ar ár suíomh gréasáin agus sna meáin shóisialta!
Tá duaiseanna luach €800 le buachan, ina measc Táibléad Android duit féin, póstaer sínithe le fráma do do scoil chomh maith le 30 ticéad chuig ‘An Triail’ do do rang!! Ní hamháin sin ach gheobhaidh do rang seisiún príobháideach Ceisteanna & Freagraí leis na haisteoirí tar éis an seó!!
Níl ort ach íomhá a dhearadh, í a scanadh agus a sheoladh chugainn ar ríomhphost ar margaiochtfibin@gmail.com
20 Bealtaine an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha agus féach treoirlínte an chomórtais thíos;
• Déan do dhearadh ar pháipéar A3
• Úsáid péinteáil/líníocht/grianghraf nó do rogha íomhá
• Is féidir íomhá aisti féin a úsáid nó focail agus íomhá
• Caithfidh an íomhá a úsáideann tú a bheith bainteach leis an dráma
• Is féidir líne/línte ón dráma a úsáid
• Is féidir leat obair asat féin nó mar chuid d’fhoireann