GAILEARAÍ: Togha na tallaine ag craobhchomórtas Scléip Ghael Linn 2016!
Feabhra 8, 2016
Scéim teanga Roinn na Gaeltachta imithe in éag le naoi mí, ach ceann nua ar na bacáin
Feabhra 8, 2016
Tá scéim teanga nua á dréachtadh ag Roinn na Gaeltachta agus a scéim teanga imithe in éag le naoi mí.
Is ar Roinn na Gaeltachta atá an cúram scéimeanna a aontú le ranna eile rialtais agus le heagraíochtaí stáit sara gcuirtear faoi bhráid Oifig an Choimisinéara Teanga iad.
Thug urlabhraí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie go raibh ‘dréachtscéim teanga nuashonraithe na Roinne’ á breithniú ag foireann na Roinne i láthair na huaire.
Dúirt an t-urlabhraí ‘go meastar’ go bhfoilseofar an scéim nua laistigh de choicís ach anailís a bheith déanta ar pé tuairimí ina taobh a thiocfaidh ar ais ó fhoireann na Roinne. Chuaigh scéim Roinn na Gaeltachta in éag ar an 1 Bealtaine 2015.
Sa scéim atá faoi láthair ag an Roinn deirtear go mbeidh an scéim féin “i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana” ón 1 Bealtaine 2012, “nó go dtí go mbeidh Scéim nua daingnithe ag an Aire de bhun alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, cibé dáta is túisce.”
De réir na foclaíochta sin – ‘cíbe data is túisce’ – tá an Roinn ag feidhmiú gan aon scéim teanga acu le naoi mí anuas.
Dúirt urlabhraí na Roinne le Tuairisc.ie gur botún a bhí sa bhfoclaíocht sin agus gur ‘cibé dáta is déanaí’ seachas ‘cibé dáta is túisce’ ar cheart a bheith sa scéim. In ainneoin an bhotúin sin, tá feidhm i gcónaí le scéim na Roinne toisc go mbíonn tús áite i gcónaí ag Acht na dTeangacha Oifigiúla ar scéimeanna teanga.
I mí na Nollag seo caite, bhí 285 comhlacht poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus gan aon scéim teanga aontaithe acu le Roinn na Gaeltachta agus tá deich mbliana ann ó chéadiarradh ar sé cinn de na comhlachtaí sin scéim teanga a dhréachtú.
Is faoi chóras na scéimeanna teanga a leagtar dualgais teanga ar leith ar chomhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Tá sé ráite go minic ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go bhfuil córas na scéimeanna teanga lochtach agus gur chóir córas nua a thabhairt isteach. Bhí na laigí a chonacthas dó a bhí ar chóras na scéimeanna teanga i measc na gcúiseanna a luaigh an tIar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, lena chinneadh éirí as an ról i mí Feabhra 2014.
Thug an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh, le fios sa Dáil go raibh sé sásta le córas na scéimeanna teanga.
www.tuairisc.ie
Folúntas: Stiúrthóir Naíonra á lorg ag Naíonra Céimeanna Beaga, Inis.
Feabhra 5, 2016
Tá stiúrthóir breise ag teastáil ó Naíonra Céimeanna Beaga, Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg, Inis, ón 26ú lá Lúnasa 2016 ar aghaidh.
Cáilíochtaí: ‘B.Ed’ nó céim 8 i gcúram leanaí & oideachas na luathbhlianta. Líofacht sa Ghaeilge riachtanach. Litir iarratais, C.V. agus litreacha molta chuig: naionragmc@gmail.com roimh an 1ú Márta 2016
Folúntas: Gaelscoil Míde, Baile Átha Cliath
Feabhra 5, 2016
Tá cúntóir riachtanais speisialta nua de dhíth i nGaelscoil Míde. Tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc thíos:
http://educationposts.ie/adverts/primary_level/employee/24793/
Folúntas: Gaelcholaiste Cheitinn, Tiobraid Árann
Feabhra 5, 2016
Tá ionadaí de dhíth i nGaelcholáiste Cheitinn. Tuilleadh eolais ar fáil thíos:
http://educationposts.ie/adverts/second_level/employee/17559/
Faoiseamh go bhfuil scoil nua le dul do Gaelscoil Bharra
Feabhra 5, 2016
Comhdháil CAER 3ú/4ú Márta 2016
Feabhra 5, 2016
Is cúis áthais don Fhoras i gcomhpháirtíocht le Gaelscoileanna Teo. Comhdháil CAER a reachtáil in Éirinn ar an 3/4 Márta.
Is comhdháil oideachais do mhionteangacha é CAER. Gheobhaidh daoine i láthair an deis ceisteanna a phlé le saineolaithe ar oideachas trí mhionteangacha ó réigiúin éagsúla mar aon le daoine ó gach cúlra gaelscolaíochta ar an oileán. Tá scoth na gcainteoirí againn don chomhdháil; An Dr Julia Barnes ó Ollscoil Mondragon i dTír na mBascach, An Dr Hywel Lewis ó Ollscoil na Breataine Bige, An Dr T.J. Ó Ceallaigh ó Ollscoil Luimnigh i measc go leor eile. Is deis ar leith é seo foghlaim faoi conas dul i ngleic le dúshlán bunaithe ar réiteach a d’oibrigh le mionteanga eile.
Tá an fhoirm tinrimh agus clár na comhdhála ar fáil anseo
Foirgneamh úr £1.3 milliún ag Gaelscoil Ghleann Darach
Feabhra 4, 2016
Rinne an tAire Oideachais, John O’Dowd, foirgneamh nua Ghaelscoil Ghleann Darach i gCromghlinn, Contae Aontroma, a oscailt go hoifigiúil. Tógadh an foirgneamh ar chostas £ 1.3 milliún thar thréimhse cúig mhí i ndiaidh feachtas tiomsaithe airgid a ghlac 10 mbliana.
Tagann oscailt na scoile sna sála ar Ionad Teaghlaigh úr a tógadh in aice na scoile i gCromghlinn, rud a fhágann cóiríocht iomlán úr ar láthair Ghaelscoil Ghleann Darach.
Bunaithe sa bhliain 2002, ní raibh an scoil riamh i bhfad ó chúrsaí feachtasaíochta idir aitheantas roinne agus cóiríocht bhuan. Seo mar a labhair pobal na scoile, agus na húdaráis rialaithe, faoi dhúshláin agus obair an Ghaeloideachais in iardheisceart Aontroma…
Seoladh Leabhair
Feabhra 3, 2016
![]() |
Coláiste Uladh
1906 – 2016
Bheir Coiste Cuimhneacháin Choláiste Uladh cuireadh duit a bheith i láthair ag seoladh an lámhleabhair scoile
Éirí Amach na Cásca 1916
Oidhreacht Choláiste Uladh
Saothar atá curtha in eagar ag
Dr. Seosamh Ó Ceallaigh & Donnnchadh Mac Niallais
i nGaelscoil Lios na nÓg, Teach Feadha Chuileann, Bóthar Oakley, Raghnallach, BÁC 6
ar
Dé Céadaoin, 10 Feabhra 2016 ar 7.00 i.n.
Léacht: Dr. Seosamh Ó Ceallaigh
Coláiste Uladh agus Laochra 1916
Foilsíodh an leabhar seo le cuidiú ó na heagraíochtaí seo leanas:
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
Trí lá breise curtha le Carnabhal na nGaelscoileanna ag Cumann na bhFiann
Feabhra 2, 2016
Ar mhaith leat na páistí scoile a thabhairt ar thuras scoile iomláin trí mheán na Gaeilge, áit ina mbeidh siad ag bualadh le páistí ó Ghaelscoileanna eile? Beidh Carnabhal do dhaltaí Gaelscoile á reáchtáil ag Cumann na bhFiann arís i mbliana ó 23-05-2016 go 27-05-2016. Anuraidh d’fhreastail 9 scoil agus níos mó ná 400 dalta ar an turas scoile is mó trí mheán na Gaeilge thar dhá lá in Ionad Óige na hÉireann. Tá an-áthas ar Chumann na bhFiann trí lá de rogha bhreise a chur leis an gCarnabhal i mbliana, toisc go raibh éileamh an-ard air anuraidh.
Is éard is Cumann na bhFiann ann ná gréasán fairsing de chlubanna óige. Tá clubanna á reáchtáil go seachtainiúil faoi láthair i mbreis agus 60 baile timpeall na tíre. Bíonn clubanna ar leith ar fáil do dhaoine idir 10-13 bliana d’aois, agus clubanna eile dóibh siúd atá níos sine.
Tá tábhacht nach beag ag baint leis na clubanna óige seo do dhaltaí Gaelscoile, mar go dtugtar deis dóibh a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a fhorbairt lasmuigh den seomra ranga agus iad ag glacadh páirte in imeachtaí taitneamhacha sóisialta. I measc na n-imeachtaí a chuirtear ar fáil sna clubanna seachtainiúla bíonn ceol, spóirt agus drámaíocht, agus tugtar an deis do dhaoine óga a gcuid spéiseanna éagsúla a chruthú trí Ghaeilge. Trí pháirt a ghlacadh i gclubanna óige Chumann na bhFiann, cinnteofar meon dearfach i leith na teanga, agus athrófar íomhá na teanga ó ábhar scoile amháin go teanga beo atá lárnach i saol an duine óig.
Tá ceanncheathrú na heagraíochta lonnaithe i nDroim Rí, Co. na Mí, áit a bhfuil ionad eachtraíochta do thurais scoile, Ionad Óige na hÉireann, forbartha ag an eagraíocht le roinnt blianta anuas. I mbliana, tá deis á tabhairt ag Cumann na bhFiann do Ghaelscoileanna na tíre chun teacht ar cuairt chuig Ionad Óige na hÉireann agus páirt a ghlacadh i gCarnabhal na nGaelscoileanna. Le linn na hócáide seo, beidh an deis ag na páistí páirt a ghlacadh i réimse leathan d’imeachtaí, lena n-áirítear sóirbpheil, coraíocht súmó, agus balla dreapadóireachta inséidte!
Ócáid lántumtha atá i gceist le Carnabhal na nGaelscoileanna, agus is trí Ghaeilge amháin a chuirfear gach imeacht ar fáil. Beidh fáilte roimh ghrúpaí ó Rang 3 go Rang 6 ó Luan 23/05/2016 go 27/05/2016. Tá gach eolas ar fáil, ach teagmháil a dhéanamh le hOrlaith Nic Ghearailt, ag +353 1 825 9342 nó orlaith@cnb.ie