Méid an Téacs

Acmhainní oideachais nua – Bunachar Logainmneacha na hÉireann

Aibreán 15, 2013

Tá na hacmhainní oideachais seo á soláthar mar áis do theagascóirí agus d’fhoghlaimeoirí. Cuid lárnach d’oidhreacht na hÉireann is ea na logainmneacha. Tá súil againn mar sin go spreagfaidh na hacmhainní seo spéis daoine iontu. Tá na hacmhainní i nGaeilge agus tá siad inphriontáilte.

Tá tuilleadh eolais agus na hacmhainní féin ar fáil ar www.logainm.ie.

Athchóiriú ar luach €435,266 ceadaithe d’áis phobail sa Cheathrú Rua

Aibreán 15, 2013

D’fhógair an tAire Stáit, Donncha Mac Fhionnlaoich go gclúdófar 80% de chostas athchóirithe ar sheanmhonaracha sa Cheathrú Rua.

Tá an liúntas seo de luach €435,266 á bhronnadh ar Chomharchumann Mhic Dara chun go rachaidh an an seanmhonarcha seo in oiriúint do riachtanais an phobail agus mar chóiríocht do choláistí Gaeilge sa cheantar.

Dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich go “treiseofar iarrachtaí an chomharchumainn agus an phobail araon an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar” mar thoradh ar an mór-infheistíocht seo.

Cuirfidh an t-athchóiriú 8 seomra ranga, 4 oifig, halla spóirt, leithris agus seomraí feistis ar fáil in aon ionad amháin.

Tá na coláistí Gaeilge Coláiste Chiaráin agus Coláiste Cholumba ag feidhmiú i gceantar na Ceathrún Rua le blianta fada anuas. Mar gheall ar easpa spáis oiriúnaigh, bíonn an dá choláiste seo ag brath ar raon leathan cóiríochta sa cheantar — idir na scoileanna áitiúla, hallaí pobail, chomh maith le cóiríocht eile ar nós oifigí sa chomharsanacht. Beidh an t-ionad úr mar thacaíocht mhór don obair leanúnach a bhíonn ar bun ag na coláistí.

Anuas air seo, cuideoidh an infheistíocht le cúrsaí pleanála teanga ar an gCeathrú Rua sa tslí is go mbeidh lárionad tacaíochta teaghlaigh agus Gaeilge ar an suíomh mar atá molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Foilsithe ar Gaelport.com

Deiseanna oibre den scoth leis an Aontas Eorpach

Aibreán 15, 2013

Cuirfidh síos ar na deiseanna oibre den scoth atá ar fáil san Aontas Eorpach do chéimithe le Gaeilge le linn seimineár ar an Aoine 26, Aibreán 2013 (4-6i.n) sa Léachtlann thuas staighre in Óstaí an Rí, Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath 1.

Beidh an seimineár faoi chathaoirleacht an Onóraigh Colm Mac Eochaidh, Breitheamh den Ardchúirt ar na deiseanna fostaíochta le hInstitiúidí an AE do chéimithe le Gaeilge líofa.

In ainneoin poist den scoth a bheith ar fáil le hinsitiúidí an Aontais do chéimithe le Gaeilge líofa, ní chuireann líon an-ard iarrthóirí isteach orthu le hais teangacha eile.

Tá maolú sealadach ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den AE – mar a bhíodh i gcás na Mailtise – toisc deacrachtaí praiticiúla tosaigh maidir le hearcú dlí-theangeolaithe, aistritheoirí, ateangairí agus foireann tacaíochta.

Tá an leibhéal fostaíochta sna haonaid Ghaeilge níos ísle ná mar atá sna haonaid teanga eile cosúil le Mailtis nó Eastóinis. Gan maolú meastar go gcruthófaí suas le 200 folúntas. Tá an maolú seo le breithniú i mí na Nollag 2015.

Seo deis na geallshealbhóirí éagsúla: Institiúidí an AE, an Rialtas, forais oideachais tríú leibhéil, mic léinn agus céimithe, a thabhairt le chéile chun na deiseanna seo a phoibliú agus a phlé.

Clár an tSeiminéir
16:00 Fáiltiú an Chathaoirligh, An tOnórach Colm Mac Eochaidh, Breitheamh den Ardchúirt
16:10 Lucinda Creighton TD, Aire um Ghnóthaí Eorpacha
16:30 Colmcille Ó Monacháin, Ceann Aonad na Gaeilge, An Coimisiún Eorpach
16:50 Seán Hade, Ceann Aonad na Gaeilge,
17:10 Séamus Howard, Dlítheangeolaí, Comhairle an Aontais Eorpaigh
17:30 Ceisteanna agus Freagraí
17:50 Achoimre ón rapporteur, Dáithí Mac Cárthaigh BL, Comhordaitheoir Dlí & Gaeilge;
17:55 Focal scoir an Chathaoirligh.

Foilsithe ar Gaelport.com

Scileanna Agallaimh: Ríomh-fhoghlaim le Mentor Gaeilge

Aibreán 12, 2013

Reáchtáiltear ranganna i Scileanna Agallaimh ag Mentor Gaeilge. Beidh na cúrsaí ar siúl go leanúnach beo ar líne i rith 2013.
Díreofar go speisialta ar mhianta na rannpháirtithe mar shampla ar ullmhúcháin d’agallamh Gaeilge Dioplóma Iarchéime nó agallamh san ionad oibre.

Gach eolas le fáil ó eolas@mentorgaeilge.ie nó glaoch ar (064) 66 26486.

Foilsithe ar Gaelport.com

Nuachtlitir Futa Fata

Aibreán 12, 2013

Nuachtlitir Futa Fata

Comórtas Díospóireachta do mhic léinn mar chuid d’Ard Fheis Shinn Féin

Aibreán 11, 2013

Reáchtálfar comórtas díospóireachta do mhic léinn mar chuid d’Ard Fheis Shinn Féin i gCaisleán an Bharraigh ar an Aoine, 12 Aibreán.

Cuirfear fáilte roimh mhic léinn óráid ar fhaid 4 nó 5 nóiméad a thabhairt ar a rogha féin ábhair agus a gcuid tuairimí a chur i láthair os comhar an phobail.

Dúirt Liadh Ní Riada, Oifigeach Náisiúnta Gaeilge Shinn Féin: ‘Is ócáid faoi leith é seo chun tacú le mhic léinn na tíre seo agus chun ardán agus éisteacht a thabhairt dóibh ar na ciorraithe agus constaicí a tá dúshlánach i saol na mic léinn’.

Duais €500, urraithe ag Foras na Gaeilge, mar aon le dearbhán de luach €200, urraithe ag Gael Linn, a bheidh ag dul don bhuaiteoir agus don dara háit beidh dearbhán de luach €200 agus goodies ó Chonradh na Gaeilge.

Is é an láithreoir aitheanta de chuid TG4, Páidí Ó Lionáird, a bheidh mar fhear an tí ar an lá agus beidh an cinneadh deacair le déanamh ag na moltóirí Caitríona Ruane, MLA agus Iar-Aire Oideachais; Eoghan Mac Cormaic, Glór na nGael agus Piaras Ó Rathallaigh, Mayo TV.

Tá lá amháin fágtha ag mic léinn clárú don chomórtas más mian leat a bheith páirteach ní mór ríomhphost a chur chuig liadh.niriada@sinnfein.ie. Buailfidh na hiomaitheoirí uilig san Óstán Harlequin roimh 2 i.n. agus beidh treoir ar fáil dóibh uaidh sin.

Foilsithe ar Gaelport.com

Nuachtlitir Gaelchultúr

Aibreán 11, 2013

Tá neart alt spéisiúil ar réimse ábhar tráthúil in eagrán na míosa seo de Nuachtlitir Ghaelchultúir, cinn faoi fhoilseachán nua an chomhlachta, Gníomhaíochtaí Gasta, agus an aip iontach úr PoetryBeo ina measc. Tá neart comhairle agus eolais ann freisin faoi chúrsaí teanga éagsúla atá á reáchtáil ag Gaelchultúr agus ag eagraíochtaí eile.

Is féidir an nuachtlitir a léamh ar líne anseo.

Turais Scoile na nGaelscoileanna, Bealtaine 2013

Aibreán 10, 2013

Thíos tá foirmeacha iarratas do thurais scoile na nGaelscoileanna in Ionad Náisiúnta Óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mí.

Is turas í seo atá á reáchtáil ag Coláiste na bhFiann le trí bliana anuas go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tugann sé deis iontach do pháistí na nGaelscoileanna éagsúla bualadh lena chéile agus an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh de gheataí na scoile.

I measc na n-imeachtaí a bhíonn ar siúl ar na turais scoile áirítear:

  • Ceardlanna Drámaíochta, Drumaíochta, Amhránaíochta & Damhsa
  • Tráth na gCeist
  • Múineadh Rincí & Céilí
  • Imeachtaí Spraíúla

Tabhair faoi deara go bhfuil dátaí faoi leith ar an bhfoirm atá dírithe ar dhaltaí na nGaelscoileanna:

  • Dé Céadaoin 22/05/2013 Rang a 3&4
  • Déardaoin 23/05/2013 Rang a 4&5
  • Dé hAoine 24/05/2013 Rang a 5&6

Má tá ceist ar bith agat nó ag múinteoirí na scoile faoi na turais seo, nó más mian libh folúntais ar dháta faoi leith a fhiosrú, ní gá ach teagmháil a dhéanamh liom ag traic@cnb.ie nó 01-8259342.

Foirm Turais Scoile na bhFiann PDF

Seimineár fostaíochta le Gaeilge i UCD

Aibreán 10, 2013

Ar mhian leat do chuid scileanna scríbhneoireachta agus eagarthóireachta a fhorbairt ar mhaithe le post a bhaint amach i réimse ar leith trí mheán na Gaeilge?
Más ag smaoineamh ar ghairm san iriseoireacht, san eagarthóireacht nó fiú sa dlítheangeolaíocht atá tú, déanfar cur i láthair praiticiúil ar na deiseanna éagsúla atá ar fáil duit ag seimineár eolais i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath.

Is mór an t-éileamh atá ar cháilíochtaí iar-chéime ó bunaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla in 2003, agus tá deiseanna fostaíochta spreagúla ar fáil in Éirinn agus thar lear, in institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil go háirithe.

Cuireann Roinn na Gaeilge UCD máistreacht i scríobh agus cumarsáid sa Ghaeilge ar fáil a dhíríonn ar scileanna a fhorbairt ar mhaithe le post a bhaint amach sna réimsí seo. Bíonn ar chumas na mac léinn speisialtacht ar leith a roghnú, ar nós, na meáin, cóipeagarthóireacht, riarachán, aistriúchán, ateangaireacht agus dlí. Bíonn tréimhse taithí oibre 8 seachtaine i gceist leis an MA chomh maith, gné luachmhar den chúrsa is ea é seo a thugann blaiseadh praiticiúil den saol oibre do mhic léinn.

Beidh an seimineár ar siúl ag C108, Áras Newman, Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath amárach, 11 Aibreán ag 17.00 agus is iad na cainteoirí a leanas a dhéanfaidh cur síos ar na réimsí éagsúla a chuireann an cúrsa ar fáil do mhic léinn:

Rónán Mac Murchaidh, Oifigeach Allamuigh, Aonad na Gaeilge, Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin, Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn

Dáithí Mac Cárthaigh BL, Comhordaitheoir Dlí agus Gaeilge, Óstaí an Rí

Bláithín Ní Chatháin, Comhlacht Teilifíse Nemeton

Dr. Ciarán Mac an Bhaird, Fiontar, DCU

Dr Caoimhín Mac Giolla Léith, Ceann na Nua-Ghaeilge, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann, na Teangeolaíochta, COBÁC.

Dr. Regina Uí Chollatáin, Stiúrthóir, MA: Scríobh agus Cumarsáid, Lárionad de Bhaldraithe, SICSIFL, UCD

Foilsithe ar Gaelport.com

Stocaireacht de dhíth le stádas COGG a chosaint

Aibreán 10, 2013

Teastaíonn ón Roinn Oideachais go ndéanfaí COGG a comhtháthú leis an CNCM agus iad a lonnú ina n-oifigí, rud a chiallódh nach mbeidh foireann COGG in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge mar a ndearnadar i gcónaí. Tá buairt ann go gcaillfidh an eagraíocht neamhspleáchas agus go mbeidh sí mar fho-rannóg den CNCM (An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim & Measúnaithe), go háirithe nuair a bheidh ré bhord reatha na heagraíochta thart i 2014. Chiallódh seo go mbeadh níos lú ionchur ón earnáil gaelscolaíochta agus Gaeltachta maidir leis na nithe a bheadh de dhíth orthu. Le cinntiú nach dtarlaíonn seo, tá tábhacht ar leith ann go leanfaí ag maoiniú na heagraíochta go díreach agus go mbeidh COGG go hiomlán i gceannas ar a buiséad féin mar a bhaineann sé lena clár oibre.

Mar chuid de stocaireacht náisiúnta faoi cur chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, tá Gaelscoileanna Teo. ag comhoibriú le 63 eagraíocht eile le cosaint a dhéanamh ar stádas COGG. Bheadh muid go mór faoi choimín dá bhféadfá na hachainí thíos a chur faoi bhráid na teachtaí dála áitiúla atá sa scoilcheantar ar mhaithe le todhchaí COGG:

1.    Go mbeidh buiséad COGG imfháilithe i gcónaí (sé sin nár cheart go mbeadh aon chumhacht ag an CNCM ar bhuiséad COGG)

2.    Go ndéanfaí neamhspleáchas Bord COGG a choimeád agus go bhfuil gá ag aontú scríofa a bheith ann ón Stáit ina leith (ní chóir go mbeadh bord COGG faoi smacht ag bord CNCM)

3.    Gur féidir le hoifig COGG a bheith mar shatailít den CNCM ach nach féidir foireann COGG a lonnú in oifigí an CNCM.

Íoslódáil an PDF anseo

Is féidir níos mó eolais a fháil faoi COGG ag www.cogg.ie

« Previous PageNext Page »