Méid an Téacs

Lá na cinniúna d’eagrais Ghaeilge

Nollaig 11, 2012

Buailfidh airí ón Rialtas ó dheas agus ó thuaidh lena chéile in Ard Mhacha amárach, 12 Nollaig, mar a fhógrófar cinneadh maidir le todhchaí na n-eagras bunmhaoinithe Gaeilge.

Tá roinnt de na heagrais tar éis díomá a léiriú nár tugadh an deis dóibh breathnú ar an bplean is déanaí atá beartaithe don earnáil roimh chruinniú na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT).

Is é seo an múnla is déanaí atá molta ag Bord Fhoras na Gaeilge ó tugadh treoir don Fhoras sa bhliain 2009 athstruchtúrú a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear maoiniú ar fáil don earnáil bhunmhaoinithe Ghaeilge.

Tá an cuíchóiriú ar na 19 n-eagraíocht dheonacha Gaeilge, atá idir lámha ag Foras na Gaeilge ina cnámh spairne idir iad agus na heagrais ó shin i leith.

Múnla nua Maoinithe
Ag tús na míosa seo scríobh Fóram na nEagras Gaeilge chuig an Aire Stáit Dinny McGinley TD agus chuig an Aire Cultúir ó thuaidh Cáral Ní Chuilín MLA. Léiríodh díomá arís faoin easpa comhairliúcháin ar an múnla is déanaí atá molta ag an bhForas.

Ní bheidh cóip den mhúnla á chur faoi bhráid na n-eagras go dtí go mbeidh sé glanta ag an gCATT amárach in Ard Mhacha.

Dúradh sa litir go raibh an-bhuairt ann “nach raibh aon ionchur ag na heagrais bhunmhaoinithe sa phróiseas seo, próiseas ar a mbeidh impleachtaí tromchúiseacha mar thoradh air don earnáil, do na seirbhísí a sholáthraítear do phobal na Gaeilge agus do thodhchaí na Gaeilge ar oileán na hÉireann”.

Tá gearán ann chomh maith faoin mbealach ar tugadh faoin múnla seo a chur le chéile ó caitheadh an múnla conspóideach eile sna traipisí in earrach na bliana seo.

“ Bíodh is go raibh roinnt cruinnithe aonair, agus cruinnithe téamacha leis na heagrais, is mian leis an bhFóram é a chur ar an taifead nach raibh aon chomhairliúchán ceart déanta leis na heagrais i dtaca le haon mholadh/mholtaí nua maoinithe. Diúltaíodh d’iarratais idir Foras na Gaeilge agus an earnáil bhunmhaoinithe agus diúltaíodh go minic d’iarratais ar eolas breise”.

D’ainneoin sin, is cosúil go bhfuil Foras na Gaeilge ag ullmhú don chéad chéim eile sa phróiseas agus an tseachtain seo caite fuair ceannairí na n-eagras bunmhaoinithe litreacha ag iarraidh ar na heagrais gan conarthaí buana nó fadtéarmacha ar bith a aontú le páirtithe eile.

Anuas air sin, tháinig sé chun solais an tseachtain seo caite nuair a foilsíodh miontuairiscí ón gCoiste Stiúrtha, coiste atá comhdhéanta d’ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge agus ionadaithe ó na Ranna Urraíochta, ag an gcruinniú den Choiste sin den 19 Samhain 2012 gur “nótáladh nach raibh aon fhreagracht ar Fhoras na Gaeilge ná ar na Ranna urraíochta maidir le híocaíochtaí iomarcaíochta don fhoireann sna heagrais bhunmhaoinithe”

Cad atá sa mhúnla nua?
Cé go bhfuil diúltaithe ag Foras na Gaeilge aon ábhar i scríbhinn a chur ar fáil go dtí seo maidir leis an múnla nua maoinithe, tuigtear go mbaineann an múnla nua seo le comhpháirtíochtaí a fhorbairt le roinnt eagraíochtaí chun roinnt mór-réimsí oibre straitéiseacha a tha-bhairt chun cinn.

Is cosúil gur roghnaigh Foras na Gaeilge na mór-réimsí oibre seo i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, na Dréacht-Straitéise le Forbairt na Gaeilge a Chosaint agus a Fhea-bhsú ó thuaidh agus Acht na Gaeltachta 2012.

Tuigtear gurb iad seo a leanas na príomhréimsí atá roghnaithe ag an bhForas ach nach bhfuil siad seo greanta i gcloch.

• Gaeloideachas
• Oideachas trí mheán an Bhéarla agus d’Aosaigh
• Forbairt Pobail
• Forbairt Gréasáin agus Deiseanna Úsáide Gaeilge don Óige
• Imeachtaí Tacaithe agus Úsáide Gaeilge
• Ardú Feasachta Teanga agus Ionadaíocht

Is ar bhonn croímhaoinithe a bheadh na réimsí oibre á maoiniú, agus bheadh de chead ag na príomheagraíochtaí conarthaí seirbhíse a bhronnadh ar eagrais eile do thréimhse nach fada ná 18 mí.

Ní bheadh Foras na Gaeilge ag súil go mbeadh aon chonarthaí seirbhíse fós i bhfeidhm tar éis Eanáir 2015, agus faoin am seo go mbeadh pé taithí, saineolas nó acmhainní a bheadh de dhíth ar fáil laistigh de na sé phríomheagraíocht.

Tuigtear nach bhfuil cuireadh faighte ag aon cheann de na heagrais a fheidhmíonn i dTuais-ceart Éireann amháin chun plé a dhéanamh le Foras na Gaeilge ar fheidhmiú mar phríom-heagraíocht in aon cheann de na sé réimse.

An tSamhail Nua Mhaoinithe
Bhí dhá phróiseas comhairliúcháin poiblí ar mhúnla conspóideach ‘An tSamhail Nua Mhaoinithe’.

I mí Bealtaine 2010, d’fhógair Foras na Gaeilge Samhail Nua Mhaoinithe, a bhí glanta i bprionsabal ag an gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas.

Punann scéimeanna a bhí i gceist: scéim raidió áitiúil; scéim na n-ealaíon; scéim oideachais; scéim tacaíochta teaghlaigh; scéim chumasaithe pobal; scéim óige agus scéim abhcóideachta.

Léirigh Fóram na nEagras Gaeilge díomá faoin bhealach ar tugadh faoin gcomhairliúcháin poiblí a reáchtáladh Mí Dheireadh Fómhair 2010 agus nach raibh dóthain ama tugtha d’eagrais agus don phobal páirt a ghlacadh sa phróiseas.

Léirigh na heagrais díomá nach raibh an tsamhail bunaithe ar bhunphrionsabail na pleanála teanga agus go gcruthódh sé iomaíocht ghéar idir eagrais. Chomh maith leis sin léiríodh díomá nach raibh tuiscint ar fhealsúnacht na hearnála deonaí agus ról an tsaorálaí san obair dheonach.

Reáchtáladh próiseas comhairliúcháin breise in earrach na bliana 2012 agus d’fhoilsigh Comhchoiste Oireachais tuarascáil ar an ábhar i mí an Mheithimh 2012.

Sa tuairisc moladh gur cheart bunmhaoiniú a sholáthar do na heagraíochtaí comhpháirtíochta chun soláthar a chothabháil do phobal na Gaeilge. Chomh maith leis sin moladh ann nár cheart go mbeadh scéimeanna á reáchtáil trí thairiscintí iomaíocha.

Luadh sa tuarascáil chomh maith go mbeadh impleachtaí ann do neamhspleáchas na n-eagras faoin tsamhail agus dúradh gur mhéadaigh an tSamhail “an ceannas atá ag Foras na Gaeilge ar a gcuid acmhainní agus laghdaíonn sé neamhspleáchas na n-eagras maoinithe”.

Foilsithe ar Gaelport.com

Parental Survey on Cross Border Education

Nollaig 11, 2012

Education in the Border Area – Attitudinal Survey

The North South Ministerial Council (NSMC) brings together Ministers from the Northern Ireland Executive and the Irish Government. Its aim is to develop consultation, cooperation and action within the island of Ireland on matters of mutual interest such as education. Ministers recognise the importance of facilitating parental preference in participation in schools. The change in population on both sides of the border and how this might impact on schools has been noted.

To take forward greater parental preference in schools in the border region, the Council decided to conduct a joint survey to inform cross-border pupil movement and school planning. The purpose of the survey is to provide the best possible indication of how much interest there would be in cross-border primary and post-primary schooling, assuming no restrictions.

This survey is being undertaken in respect of specific students as follows:

families with Junior Infants and/or 6th Class children attending any of the primary schools within 6 miles of the border; and
families with 1st Year children attending any of the post-primary schools within 12 miles of the border.
Our colleagues in the Department of Education Northern Ireland are conducting a similar survey.

We would be grateful if you would fill out the online survey.

The surveys should be submitted by January 18th 2013.

All information collected in the survey will be treated as strictly confidential. Individualized data will not be made available to third parties. Aggregate data will be used only for statistical purposes and to inform policy. Security standards will be implemented to prevent unauthorised access, and it will be subject to the Data Protection Act.

A paper version (in both English and Irish) of the survey is available for anyone who wishes. Please contact Forward Planning section of the Department of Education and Skills at (057) 932 4447 and we will arrange to have one sent out to you.

EDUCATION.IE

Minister Quinn announces 50 major school building projects as part of €2bn five year plan

Nollaig 10, 2012

Projects to provide over 25,000 permanent school places and 4,000 jobs

The Minister for Education and Skills, Ruairí Quinn, T.D., has today announced the 50 school projects which are scheduled for construction in 2013.

A €2 billion five-year capital investment programme, launched by Minister Quinn last March, gave details of 275 new major school building projects to begin over the period 2012-2016.

The projects being announced today are part of the five year plan.

Some €370 million will be spent on primary and post-primary infrastructure next year, with a projected expenditure on large scale projects of more than €240 million.

The major projects scheduled to proceed to construction in 2013 comprise:

22 new schools at primary level
12 extensions at primary level
13 new schools at second-level
3 extensions at second-level

Together with ongoing projects from 2012, this means that a total of 113 major school projects will be on site next year.

In addition, the Minister confirmed that a total of 53 major school projects have now reached substantial completion in 2012.

The 2013 construction plan will deliver over 25,000 permanent school places. Of these, almost 21,000 will be additional places and the remainder will replace temporary or unsatisfactory accommodation.

Announcing details of the building programme Minister Quinn said, “These major school projects are great news for communities the length and breadth of the country.

“Alongside the 25,000 permanent school places that are being built, this significant investment will lead to the creation of some 3,400 direct jobs and 680 indirect jobs. This is a welcome boost not only to the construction industry but to the communities where building will take place.”

Minister Quinn continued, “We are facing massive increases in our school going population in the coming years. Total enrolment in both primary and post-primary schools is expected to grow by over 70,000 between now and 2017 – over 45,000 at primary level and 25,000 at post primary – and will continue to grow up to at least 2024 at second level.”

“We have to ensure that every child growing up in Ireland can access a place in a classroom when they go to school.

“Today’s announcement is part of the Government’s plan to provide more than 100,000 permanent school places over the course of the five year plan.”

As 2013 progresses, projects scheduled to begin building in 2014/15 will be assessed to see if they are ready to go to construction earlier than planned, and if there is financial scope to do so.

Details of the progress of all major projects listed in the Five Year Plan will continue to be maintained and updated on the Department’s website, www.education.ie

Projects for 2013

Substantial completions- 2012

Ongoing projects- 2012

Seachtain na Gaeilge 2013

Nollaig 10, 2012

Le linn Seachtain na Gaeilge 2013 beidh ceiliúradh mór á dhéanamh ar ár dteanga dúchais, ár n-oidhreacht agus ár gcultúr fur na tíre agus thar lear ón 4 – 17 Márta 2013.

Cuireann Seachtain na Gaeilge úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn anseo in Éirinn agus thar lear mar chuid d’fhéile choicíse a ritear i mí an Mhárta gach uile bhliain. Tugann an fhéile deis do gach uile dhuine, idir chainteoirí dúchasacha agus iad siúd a fhaigheann a gcéad bhlaiseadh den teanga, spraoi a bheith acu leis an nGaeilge.

Agus Bliain na Gaeilge á ceiliúradh mar aon le Tóstal Éireann i 2013, beidh Seachtain na Gaeilge 2013 ar an bhféile is idirnáisiúnta go dtí seo. Beidh idir chainteoirí líofa agus fhoghlaimeoirí na Gaeilge ó thíortha thar lear á mealladh go hÉirinn le páirt a ghlacadh sa spraoi ó 4 – 17 Márta 2013, áit go mbeidh imeachtaí spraíúla go leor ag spreagadh an pobal chun a gcuid Gaeilge a úsáid

Mar ambasadóirí ar Sheachtain na Gaeilge 2013 beidh an láithreoir ar an gclár an Jig Gig Róisín Ní Thiomáin as Gaillimh, an láithreoir Spóirt le RTÉ Evanne Ní Chuilinn as Cill Chainnigh agus ar ndóigh an dornálaí aitheanta Paddy Barnes as Béal Feirste, fear óg a rinne ionadaíocht ar son na tíre seo ag na cluichí Oilimpeacha i Londain in 2012.

Beidh ceiliúradh mór á dhéanamh ar an nGaeilge agus ár n-oidhreacht le neart ceoil traidisiúnta, damhsa, litríochta, chultúr le linn an tréimhse sin in ionaid éagsúla timpeall na tire seo agus thar lear. Beidh ceolchoirmeacha éagsúla agus an Ghaeilge i measc an phobail go mór.

Beidh leabharlainne ar fud na tire mar aon le Ard-Mhúsaem na hÉireann ag glacadh páirt sa cheiliúradh le imeachtaí éagsúla cultúrtha agus stairiúla agus an-deis ag daoine comhrá as Gaeilge.

I measc na n-imeachtaí bíonn siúlóidí stairiúla, filíocht, ceardlainne éagsúla, imeachtaí do ghasúir, scéalaíocht, ranganna tonnmharcaíochta, scóráil scioptha as Gaeilge, ceolchoirmeacha agus ar ndóigh bíonn ciorcal comhrá arna eagrú i go leor caiféanna timpeall na tire mar aon le go leor imeachtaí Gaelacha eile .

Tá gach eolas ar fáil faoi imeachtaí na bliana seo ar www.snag.ie

Foilsithe ar Gaelport.com

Tóstal na Gaeilge 2013

Nollaig 10, 2012

Reáchtálfar Tóstal na Gaeilge 2013 mar sheimineár lae Dé Satharn, 16 feabhra 2013 in Óstán an Hilton, Plás Charlemont, B.Á.C. 2.

Is comhdháil débhliantúil atá sa Tóstal ag a mbailíonn pobail Ghaeilge na tíre agus cairde na teanga lena chéile chun plé a dhéanamh ar mhór nithe an lae i dtaobh na Gaeilge. Beidh scoth na gcainteoirí ag díriú isteach ar an cheisteanna éagsúla a bhaineann leis an teanga agus an Ghaeltacht.

Is comhdháil débhliantúil é an Tóstal ag a mbailíonn pobal Gaeilge na tíre agus cairde na Gaeilge lena chéile chun plé a dhéanamh ar mhór nithe an lae i dtaobh na Gaeilge agus an tsochaí Gaelach.

Foilsithe ar Gaelport.com

Aip úr eile don óige seolta ag TG4

Nollaig 10, 2012

Seoladh an ceathrú aip don óige de chuid TG4, ‘Ag Spraoi le Claude’ bunaithe ar an tsraith chlúiteach do pháistí, an tseachtain seo caite agus é ar fáil anois ar stór iTunes.

Cartún is ea ‘Ag Spraoi le Claude’ a bhaineann le béar bán a bhogann ón Mol Thuaidh go cathair ghréine agus bíonn neart le foghlaim aige toisc an suaitheadh cultúir mór a bíonn i gceist. Is mór an chabhair é dlúth chara Claude, Brian, a chuidíonn leis aithne a chur ar a shaol nua.

Is le cuidiú Bhriain agus Claude a imríonn páistí cluichí spraíúla i réimsí ar leibhéil éagsúla éascaíochta san aip. Foghlaimíonn páistí scileanna tábhachtacha; comhaireamh agus tomhas fuaimeanna ina measc agus iad ag baint spraoi as cluichí cuimhne, aimsithe agus péinteála agus míreanna mearaí. Tá an aip féin an-simplí le húsáid agus iomlán feiliúnach do pháistí réamhscoile.

Níl ach táille fíor bheag €1.79 ar an aip agus tagann sé sna sála ar na haipeanna eile a seoladh le déanaí – Cúlacaint 2 agus Olly an Veain Bheag Bhán, atá saor le híoslódáil. Is leor na focail Gaeilge, Cúla4 nó TG4 a úsáid mar fhocal cuardaigh agus tú le teacht ar an aip in iTunes.

Foilsithe ar Gaelport.com

Seirbhísí túslíne oideachais á gcosaint ag an Aire Quinn i gCáinaisnéis 2013

Nollaig 10, 2012

Níl aon athrú tagtha ar mhéideanna na ranganna i mbunscoileanna agus i scoileanna saora dara leibhéal

Inniu, thug an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D. cuntas ar an gcaoi a bhfuil seirbhísí túslíne i scoileanna agus institiúidí ardoideachais cosanta aige a mhéid is féidir é sa Cháinaisnéis.

Ainneoin an ghá le coigiltí móra a aimsiú sa Roinn, tá sé fógartha ag an Aire Quinn nach mbeidh aon laghdú ar an líon múinteoirí i mbunscoileanna agus scoileanna saora dara leibhéal mar thoradh ar an gCáinaisnéis seo. Ina theannta sin, tá sé ag cosaint seirbhísí riachtanas speisialta, rud a chiallaíonn nach mbeidh aon laghdú ar an líon Múinteoirí Acmhainne ná ar an líon Cúntóirí Riachtanas Speisialta. Tá scéim DEIS do scoileanna faoi mhíbhuntáiste cosanta go hiomlán chomh maith agus níl aon athruithe foriomlána déanta ar an leibhéal foirnithe ná ar an maoiniú mar thoradh ar an gCáinaisnéis seo.

Is é €8.514 billiún buiséad caiteachais reatha na ROS do 2013. Teastaíonn coigiltí de €90 milliún éigin don bhliain seo chugainn. Tá sé seo comhdhéanta de €77 milliún de choigiltí a fógraíodh faoin Athbhreithniú Cuimsitheach ar Chaiteachas anuraidh, mar aon le €13 milliún eile chun riaradh ar bhrúnna aníos a bhaineann go formhór leis na costais pá do mhúinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta.

“Ós rud é go gcaitear ceithre euro as gach cúig i m’Ollbhuiséad Reatha ar phá agus pinsin, ní raibh sé easca na coigiltí riachtanacha de €90 milliún a shainaithint. Tá mo dhícheall déanta agam, áfach, sa mhéid gur féidir é, an tiomantas i gClár an Rialtais a chomhlíonadh, is é sin tús áite a thabhairt don oideachas agus seirbhísí túslíne a chosaint,” adúirt an tAire Quinn.

D’fhonn cur leis an gcothroime i maoiniú scoileanna dara leibhéal, tabharfar isteach méadú 2 phointe sa chóimheas dalta múinteora (PTR) i scoileanna dara leibhéal táille i Meán Fómhair 2013. Tá 55 scoil ann faoi láthair, as 723 iar-bhunscoil, a ghearrann táillí ó leibhéal €2,550 go dtí leibhéal €10,065 ar dhaltaí lae. Faoi láthair, íocann an Stát tuarastal múinteora amháin in aghaidh gach 21 dalta sna scoileanna seo, i gcomparáid le tuarastal múinteora amháin in aghaidh gach 19 dalta i scoileanna sa Scéim Saoroideachais.

Ardófar an figiúr seo go dtí 23:1 i scoileanna a ghearrann táillí. Tá na hacmhainní ag na scoileanna seo, áfach, leis na táillí a ghearrtar, chun múinteoirí a fhostú go príobháideach, rud nach féidir do scoileanna nach bhfuil sa Scéim Saoroideachais a dhéanamh. Foilseofar tuarascáil faoin anailís a rinne an Roinn ar ioncam na scoileanna táille ón dteagasc sa Bhliain Nua.

Tá dhá bheart á nglacadh chun na costais ionadaíochta do mhúinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta i scoileanna a laghdú. I dtosach, comhchuibhreofar tagairtí saoire breoiteachta leo siúd a bhfuil feidhm acu sa státseirbhís. Ciallóidh sé seo go mbeidh ar scoileanna múinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta a chur ar aghaidh go dtí an tseirbhís sláinte gairme, gur ionann é is dochtúir na cuideachta, tar éis ceithre seachtaine de shaoire breoiteachta. Ar an dara dul síos, déanfar athbhreithniú ar na socruithe do shaoire mháithreachais-in-ionad do mhúinteoirí agus Cúntóirí Riachtanas Speisialta agus clúdófar teidlíochtaí na múinteoirí le dúntaí scoile. Ní rachaidh an beart seo i gcion ar a dteidlíocht reachtúil do 6 mhí de shaoire mháithreachais láníoctha agus do 16 seachtaine de shaoire neamhíoctha. Déanfar athrú comhchosúil leis sin i leith saoire uchtála-in-ionad.

Tríd an dá bheart seo a ghlacadh ag an am céanna, d’éirigh leis an Aire Quinn dóthain airgid a choigilt chun fanacht amach ó laghdú a dhéanamh ar an líon múinteoirí i scoileanna príomhshrutha.

Táthar chun an PTR i gcláir Iar-Ardteistiméireachta a chur ar chomhchéim leis an PTR i scoileanna príomhshrutha dara leibhéal, is é sin le rá, athróidh sé ó 17:1 mar atá faoi láthair go dtí 19:1. Ní móide go rachaidh sé seo i gcion ar an líon ionad i gcláir Iar-Ardteistiméireachta, áfach.

Ní dhéanfar méadú feasta, go dtí an uasmhéid de €188 in aghaidh na seachtaine, ar na híocaíochtaí nua do na rannpháirtithe ar chláir bhreisoideachais agus oiliúna SDOG, Ógtheagmhála agus FAS a bhogann ó íocaíochtaí Jobseekers, sa chás gur lú ná seo a liúntais Jobseekers. Leanfar, áfach, de ráta breisithe de €160 in aghaidh na seachtaine a íoc le daoine faoi bhun 25 bliain d’aois. Cé go bhfuil gá le laghdú, de bharr na ndeacrachtaí geilleagracha, beidh dreasacht airgeadais ann i gcónaí do dhaoine óga chun deiseanna breisoideachais agus oiliúna a thapú. Déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí an rud céanna i leith na Scéime Liúntais chun Filleadh ar an Oideachas.

Mar atá curtha in iúl cheana ag an Aire Quinn, ardófar ranníocaíocht an mhic léinn ag an tríú leibhéal de €250 in 2013 go €2,500, agus de €250 don dá bhliain ina dhiaidh sin go dtí uasmhéid de €3,000 faoi 2015. Beidh laghdú de 3% ann chomh maith faoin gCáinaisnéis ar an dtairseach ioncaim i gcomhair teidlíochta do dheontais mac léinn. Ardaíodh an tairseach seo gach bliain ó 1997 go 2009, de réir meántuillimh tionsclaíoch. Tháinig ísliú de 7.9% ar mheánioncaim le blianta beaga anuas, áfach, ach ní raibh aon laghdú dá réir sin ar thairseacha ioncaim chun críocha deontas ó tharla an cor chun donais. D’éirigh leis an Aire Quinn, áfach, na rátaí tacaíochta deontais atá ann faoi láthair a choinneáil dóibh siúd a cháileoidh in 2013.

Tá an tAire Quinn ag iarraidh bainistíochta níos stuama ar iarmhéideanna airgid tirim, mar atá faoi láthair, ar na hInstitiúidí Ardoideachais trína leithdháileadh a laghdú ar bhonn aon-uaire de €25 milliún. Tá sé ag iarraidh ar an Údarás um Ardoideachas a chinntiú nach rachaidh an beart seo i gcion ar sheirbhísí túslíne do mhic léinn. Ar an gcaoi chéanna, laghdófar ar an leithdháileadh do CGOanna de €13.2 in 2013 ach arís ní móide go laghdóidh sé seo na leibhéil seirbhíse.

“Bíodh is go raibh sé deacair an leibhéal coigiltí a bhí ag teastáil a aimsiú, tá iarracht déanta agam bheith chomh cothrom is ab fhéidir tríd síos,

seirbhísí túslíne oideachais a chosaint a mhéid is féidir é, agus tús áite a thabhairt do na hearnálacha sin sa chóras oideachais a fhónann ar mhic léinn atá faoi mhíbhuntáiste nó a bhfuil riachtanais speisialta acu, “ adúirt an tAire Quinn.

“Mar aon leis na coigiltí a bhí orm a aimsiú, tá acmhainní aimsithe agam chomh maith chun leanúint ar aghaidh lenár gclár uaillmhianach leasúcháin chun torthaí níos fearr a chinntiú dár mic léinn ar fad.”

Tá ollchóiriú iomlán ar an tSraith Shóisearach faoi lán seoil anois, agus tabharfar tacaíocht dó le hinfheistíocht de €3 milliún in 2013, agus de €8.7 milliún in 2014. Tá an Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta á bhfeidhmiú i gcónaí, ar chostas de €6.5 milliún in 2013. Faoin gClár Tógála Scoileanna do 2013 cuirfear tús le 50 tionscadal do scoileanna nua agus síntí móra. Dá bharr seo, beidh 113 de na tionscadail mhóra atá beartaithe do scoileanna ar an suíomh in 2013, mar chuid de chaiteachas foriomlán caipitil ar scoileanna de bheagnach €370 milliún.

Táthar i gcónaí ag cur leathanbhanda ardluais i bhfeidhm i scoileanna dara leibhéal, agus súil le 200 scoil eile a bheith nasctha faoi Mheán Fómhair 2013. Táthar ag cur an Phlean Aicsin faoi Phátrúnacht agus Iolrachas san Earnáil Bhunscoile i bhfeidhm, agus cinnteoidh sé seo go mbeidh níos mó roghanna ann do thuismitheoirí. De bharr na rollachán méadaitheach ag an mbunleibhéal agus an iar-bhunleibheal araon, cruthófar tuairim is 900 glan de jabanna do mhúinteoirí an bhliain seo chugainn – 450 ag an mbunleibhéal agus 450 ag an iar-bhunleibheal.

Tá iomlán de €48 milliún curtha ar fáil chomh maith sa Chiste Náisiúnta Oiliúna do bhearta gníomhachtaithe saothair dóibh siúd atá dífhostaithe agus i gcomhair oiliúna spriocdhírithe i scileanna in 2013.

www.education.ie

Buiséad 2012: Cad a chiallaíonn sé do na Naíonraí agus don earnáil luath-óige?

Nollaig 10, 2012

An mórscéal do thuismitheoirí, tuismitheoirí ar ísealioncam go háirithe ná an ciorrú a fógraíodh do shochar linbh ach tá athraithe eile atá ar pháidrín na hearnála luath-óige mar a bhaineann sé leis an mbuiséad.

D’eisigh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige preaseisiúint inné ag fógairt go gcuirfear 6,000 spás ar fáil le haghaidh Scéim um Cúram Iarscoile Leanaí Aois Scoile, go gcuirfear €2.5milliúin ar fáil le haghaidh tionscnamh frith-bhochtaineacht leanaí le cur chuige ceantar-bhunaithe agus go rachaidh sábháiltí lámh le lámh le hathchóirithe agus athbhreithnithe luach ar airgead (níl sé soiléir ón bpreaseisiúint cad a chiallódh seo go praiticiúil).

D’eisigh Start Strong preaseisiúint ag faire nach mbainfear córas cúram leanaí Lochlannach amach leis na bearta a fógraíodh sa Bhuiséad inné. Míníonn an preaseisiúint trí dhíriú ar sholáthar sheirbhíse do theaghlaigh ísealioncam amháin (an 6,000 spás do chúram iarscoile) seachas ag bogadh i dtreo córas uilíoch, d’fhéadfadh na bearta a fógraíodh muid a bhogadh i dtreo córas cúram iarscoile dhá leibhéal rud nach bhfuil le sonrú sa tsamhail Lochlannach.

I gcomhphreaseisiúint eisithe ag Start Strong, OPEN, Barnardos agus Comhairle Náisiúnta na mBan inné dhiúltaigh na heagrais luaite na bearta chun an Scéim um Cúram Leanaí iarscoile a bhunú ag maíomh gur chóir go mbeadh an rochtain céanna ag gach leanbh go dtí cúram leanaí. Mhínigh siad go raibh difríocht mhór idir an beart fógraithe inné sa bhuiséad agus an cur chuige straitéiseach d’fhorbairt cúram leanaí cuimsitheach do na leanaí go léir san aoisghrúpa 0-12 in Éirinn agus gur bhunaigh an beart nua córas dhá leibhéal a leithscarfaidh leanaí bunaithe ar ioncaim teaghlaigh.

Tá na heagrais ar lorg cruinniú práinne leis na hAirí Burton agus Fitzgerald ar an gceist seo.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le FNT má tá aon comhairle uait maidir leis an méid a fógraíodh sa bhuiséad mar a bhaineann sé leis an Naíonra: 01-8535101 nó eolas@naionrai.ie.

Litearthacht agus Scríobh an Ghearrscéil

Nollaig 10, 2012

Cúrsa Eisiach do Mhúinteoirí Bunscoile agus Dara Leibhéal le Ré Ó Laighléis.

Aidhmeanna an chúrsa: Tuiscint na rannpháirtithe a mhéadú ar leibhéil litearthachta na léitheoireachta agus a scileanna maidir le scríobh agus múineadh scríobh an Ghearrscéil sa seomra ranga a threisiú. Is scríbhneoir aitheanta é Ré Ó Laighléis a scríobhann idir ghearrscéalta agus úrscéalta agus drámaí srl., idir Ghaeilge agus Bhéarla. Is iarmhúinteoir é a bhfuil a iarchéimeanna agus a thraenáil sainiúil in Oideachas na Léitheoireachta aige.

Dáta: Satharn, 26 Eanáir 2013

Dhá sheisiún: idir 10r.n – 12.30i.n agus idir 2 – 4i.n

Ionad:
An Scríobhlann, áras traenála MÓINÍN
Baile Uí Bheacháin
Co. an Chláir.

Níl áit ach do ochtar ar an gcúrsa eisiach seo agus ní ghearrfar aon táille ar iarrthóirí.

Glacfar le hiarratais go dtí Déardaoin, 8 Nollaig, 2012.

Tá gach eolas ar fáil ó na hurraitheoirí:
Ruth Ní Shiadhail,
Gaeilge Locha Riach,
Fón: 091 870718
R-phost: oifig@lochariach.com

Tomás Breathnach, Timire Gaeilge
Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe
Fón: 091 874524/ 087 6826795
R-phost: tbreathnach@cogalvec.ie

Foilsithe ar Gaelport.com 03 Nollaig 2012

Gairmeacha le Gaeilge: An bhfuil deiseanna ann do dhaoine óga?

Nollaig 10, 2012

Bhí an 6ú Aonach Oibre ar siúl i gColáiste Feirste inné, 6 Nollag 2012.

Thug an tAonach seo deis do dhaltaí Gaeilge tuiscint a fháil ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an Ghaeilge sa lá atá inniu ann.

Bhí Meon Eile i láthair chun tuairimí na n-daltaí a fháil maidir le gairmeacha trí Ghaeilge amach anseo. Seo cad a bhí le rá acu: Meon Eile

« Previous PageNext Page »