Ceiliúradh na nGaelscoileanna
Meitheamh 10, 2015
Ba mhó ná sásta a bhí Comhairle na Gaelscolaíochta agus iad i láthair nuair a rinne John O’Dowd comhghairdeas le scoileanna ag ‘barr an ranga’.
Scoil na Fuiseoige agus Naíscoil an Iúir a bhí i measc na scoileanna ar fud an tuaiscirt a ghnóthaigh iontach maith nó barr feabhais amach i dtuairiscí cigireachta ón Chigireacht Oideachais agus Oiliúna agus bronnadh teastais orthu ag imeacht ar an Chéadaoin 3ú Meitheamh ag Cnoc an Anfa leis an éacht a cheiliúradh.
Ag caint ag an imeacht, dúirt an tAire O’Dowd: “Aithníonn an ócáid seo inniu ar bhealach, an tsárobair atá á déanamh i scoileanna lá i ndiaidh lae le go n-éireoidh lenár ndaoine óga sna scoileanna, ina n-áit oibre agus iad ag dul chun cinn ina saol. Níor chóir dúinn riamh ról na scoileanna a mheas faoina luach agus inniu tugaim buíochas do na gobharnóirí, príomhoidí, múinteoirí, cúntóirí, tuismitheoirí agus do phobal mór na scoileanna as a gcuid obair mhór, a ngairmiúlacht agus a dtiomantas.
Foirmeacha & Fógraí don Naíonra
Meitheamh 9, 2015
Tá samplaí thíos d’fhoirmeacha agus fógraí gur féidir a íoslódáil agus a chur in oiriúint dod’ naíonra féin. Níl iontu ach samplacha, áfach, agus is faoin naíonra a chinntiú go bhfuil siad cuí dá suíomh féin. Is féidir cóipeanna crua d’aon cheann de na foirmeacha agus fógraí thíos a fháil ó Gaelscoileanna Teo. ach teagmháil a dhéanamh linn ar 01 8535195 nó oifig@gaelscoileanna.ie. Tá súil againn cuir leis an liosta seo go leanúnach, agus má tá foirm nó fógra in úsáid agat sa naíonra gur mian leat a roinnt ar seirbhísí eile, déan teagmháil linn.
- Ag cur aithne ar do pháiste (dátheangach)
- Comhaontú maidir le cóir leighis (dátheangach)
- Foirm chlárúcháin datheangach (dátheangach)
Oscailt Oifigiúil Ghaelscoil Shliabh Rua
Meitheamh 5, 2015
Is cúis mhór áthais dúinn a fhógairt go mbeidh an tAire Oideachais & Scileanna, Jan O’Sullivan TD ag teacht chuig Gaelscoil Shliabh Rua, Bóthar Bhaile Uí Ógáin, Baile Átha Cliath 18, ar an 17 Meitheamh chun an foirgneamh agus an scoil a oscailt go hoifigiúil.
Is scoil lán-Ghaeilge, ilchreidmheach agus chomhoideachais í Gaelscoil Shliabh Rua faoi choimirce Fhóras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge. Osclaíodh an scoil don chéad uair i Mí Lúnasa 2013. Bhíodh an scoil lonnaithe ar thailte Chlub Rugbaí, DLSP, i gCill Tiarnáin. I mí Aibrein 2015, bhogamar chuig foirgneamh nua ar Bhóthar Bhaile Uí Ógáin, BÁC 18.
Tuilleadh eolais ar fáil faoin lá oscailte nó faoin scoil ag:
01 2958589
Gaelscoil Shliabh Rua
Bóthar Bhaile Uí Ógáin
BÁC 18
www.facebook.com/gaelscoil.shliabhrua
Cruinniú Poiblí maidir le hIarbhunscoil lán-Ghaeilge a bhunú i bPort Laoise
Meitheamh 5, 2015
Feachtas do Gaelcholáiste i gContae Laoise a bhunú
Campaigning for the Establishment of an Irish-medium Secondary School in Portlaoise
Cruinniú Poiblí
Public Information Evening
Wednesday June 17th 2015 7.30pm
O’Loughlin’s Hotel, Main St, Portlaoise
Guest speakers on the night from the founding committee,
Gaelscoileanna Teo, Jim Cannon of Gaelcholáiste Cill Dara and more.
Féach anseo
An tUachtarán ag tabhairt cuairte ar Ghaelscoil Mhichíl Uí Choileáin chun “20 bliain ag fás” a cheiliúradh
Meitheamh 3, 2015
President Higgins to visit Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin to celebrate “20 bliain ag fás”
Thursday 11th June will be a big day in the history of Gaelscoil Mhichíl Uí Choileáin, Clonakilty, when Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn and his wife Sabina will visit to mark the completion of the first 20 years of oideachas trí Ghaeilge, and the unveiling of a commemorative sculpture on the grounds of the “new school” that opened in Lúnasa 2013.
The President will arrive at noon and spend about an hour at the school.
Later that evening, Ireland’s most popular trad band, “Altan” play a celebratory concert at the Inchydoney Lodge and Spa that is open to the public to attend.
Tickets costing €20 each are available at the hotel and also O’ Donovan’s Hotel reception Clonakilty, and outlets in Bandon and Skibbereen.
A special ticket line is also set up. Ring 087-4445310 to book as Ticéid are going fast.
For the visit of the President earlier in the day, the school authorities have liaised with the local Gardaí and there will be no parking in the school grounds or nearby roads.
Thanks to Cumann Lúthcleas Gael parking is organised at the Ahamilla complex, with a shuttle bus service provided for invited guests attending the Gaelscoil event. Due to the short timescale of the visit, attendance is confined to páistí attending the school, their tuistí, past pupils and invited guests.
Cóineartú á chéiliúradh ag Rang a 7 Bhunscoil an Iúir
Meitheamh 2, 2015
Daltaí ó Rang a 7, Bunscoil an Iúir, an tIúr, ag céiliúradh ócáid a gcóineartaithe i Séipéal San Proinsias, an Lorgain, ar 23 Bealtaine 2015.
Ar Chúl: Aodhan O’Callaghan, Paul O’Hare, Ciaran Monaghan, Sean Owen McCaul, Cathal Feely, Jack Sands and Mathew McCartan. Chun Tosaigh: Mya McGaughey, Blinne Ní Choigligh, Bethany McElroy, Arabella Regan, Maire Murphy agus Eabha Ní Dhomhnaill
Beannacht faighte ag Gaelscoil Thulach na nÓg ó Mhoinsíneoir Dermot Farrell
Meitheamh 2, 2015
Scileannna Gnó léirithe ag daltaí Ghaelscoil Bharra
Bealtaine 28, 2015
Scéal ar fad ag: www.siliconrepublic.com
Seirbhísí Scoil FM
Bealtaine 27, 2015
Cuireann an comhlacht Scoil FM seirbhísí ar fáil do scoileanna a bhaineann le bainistíocht saoráidí; trealamh, cumhacht, ceannach agus soláthar, agus eile. Tá seirbhís nua ar fáil uathu, sé sin cúnamh maidir le ráiteas sábháilteachta a scríobh don scoil. Tá gach eolas ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Mark ar 087 3830990 nó mark@scoilfm.com.
Cúpla spás ar fáil i Naíonra Thír na nÓg, Port Laoise do MF 2015
Bealtaine 27, 2015
Tá roinnt spásanna do pháistí ar fáil i Naíonra Thír na nÓg, Port Laoise, do Mheán Fómhair 2015. Scéim ECCE i bhfeidhm agus bíonn seisiún ar siúl ó 9-12 chuile lá. Déan teagmháil le Eibhlín Ní Lorcáin ar 086 3572173/boughlone@gmail.com