Méid an Téacs

Gaelscoil Shliabh Rua – Cead Pleanála Faighte!

Meitheamh 3, 2014

Táimid an-sásta le rá go bhfuil cead pleanála faighte ag an scoil don suíomh nua ar an mBóthar Baile Uí Ógáin. Más mian le haon duine na pleananna a fheiceáil, tá siad ar fáil san oifig. Tá an Roinn Oideachas & Scileanna tar éis conradh a shíniú le Western Building Systems. Beidh an tógáil don fhoirgneamh nua ag tosú go luath agus beidh muid ag bogadh isteach go luath i 2015.

Gaelscoil Shliabh Rua

De La Salle Palmerston RFC
Páirc Kirwan
Cill Tiarnáin
BÁC 18

fón 01-2921774

www.gaelscoilshliabhrua.ie

GS Shliabh Rua logo

 

GS Shliabh Rua

Eolas d’Iarrthóirí sa Teastas Sóisearach agus san Ardteistiméireacht

Meitheamh 3, 2014

Tá eolas faoi na scrúduithe don Teastas Sóisearach agus don Ardteistiméireacht, ar a n-áirítear nuashonruithe rialta i gcaitheamh thréimhse na scrúduithe, le fail ó shuíomh gréasáin Choimisiún na Scrúduithe Stáit www.examinations.ie. Is í an uimhir ghutháin do gach fiosrúchán ná 090 6442700.

I gcaitheamh tréimhse na scrúduithe scríofa (4ú go dtí 20ú Meitheamh 2014), bíonn baill den bhfoireann ar fáil chun déileáil le fiafraithe ó 8.30am go dtí 9.00pm laethe na scrúduithe agus ó 9.30am go dtí 1.00pm na deireadh seachtainí. Lasmuigh de na huaire seo is féidir teagmháil a dhéanamh tríd an bpríomhuimhir 090 6442700 agus teachtaireacht ghearr a fhágáil leis an bhfoireann slándála.

www.education.ie

An Dioplóma i Múineadh na Gaeilge (Foghlaimeoirí Fásta) 2014

Bealtaine 28, 2014

Tá an-éileamh ar an gcúrsa Dioplóma i Múineadh na Gaeilge (Foghlaimeoirí Fásta) ó bunaíodh é i 2012. Bunaithe ar thaighde ar an dea-chleachtas in oiliúint múinteoirí, cuirtear béim láidir ar an gcleachtadh teagaisc sa seomra ranga. Tá béim ar an bhféin-anailís, ar an bpiar-mheasúnú agus ar thacaíocht phraiticiúil don mhúinteoir.

Tá an Dioplóma seo á thairiscint ag Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann Má Nuad sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus foinsí maoinithe eile.

Tuilleadh Eolais – Bróisiúr 2014

Turas Óige Feachtas

Bealtaine 28, 2014

Tá Feachtas Óg-Ghluaiseacht na Gaeilge ag eagrú turais óige chuig Ionad Eachtraíochta Chipiúr ar an 28ú Meitheamh. Tá an turas seo dírithe ar Ghaeilgeoirí óga idir 12-18 bliana d’aois. Beidh deis ag na daoine óga roinnt gníomhaíochtaí eachtraíochtaí éagsúla a dhéanamh, mar aon le scileanna nua a fhoghlaim. Is deis iontach é seo do na Gaeilgeoirí óga bualadh le daoine eile ar chomhaois leo agus lá spraíúil trí Ghaeilge a bheith acu.

Clár ama an lae:

08.30 Bualadh le chéile ag Banc Ceannais na hÉireann (Beidh an bus in ann daoine a bhailiú i dTamhlacht ar an mbealach)

09:45 Landáil ag Eastáit Chipiúr

10:00 Tús le gníomhaíochtaí eachtraíochta (Meascán díbh seo: An Léim Ard – High All Aboard – Na Pollaí Cothromaíochta – Rópaí Ísle – Tascanna Foirne – Rianadóireacht). Féach ar an suíomh seo chun tuilleadh a fhoghlaim:

http://www.adventurewicklow.com/outdooractivities/adventure_days.htm

13:00 Críoch agus Lón.

13:30 Dul abhaile. Beidh muid ar ais i mBaile Átha Cliath timpeall 14.30.

Má tá suim agat sa turas seo, déan teagmháil le Ciara ar 087 904 6136 / ciara.feachtas@gmail.com chun foirm cheada agus na mionsonraí ar fad a fháil.

Costas an duine:

€20 praghas luathlascaine (má íoctar roimh an 13ú Meitheamh)
€25 (tar éis an 13ú)

Ciara Ní Bhroin
Oifigeach Forbartha
Feachtas
Oifig a 8
Teach Coghill
64 Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2

Cúrsa Teaghlaigh sa Ghaeltacht Iúil 2014 – Scoláireachtaí ar fáil

Bealtaine 28, 2014

Tá Foras na Gaeilge ag cur 10 scoláireachtaí, ar fiú €1000 an ceann iad, ar fáil do Chúrsa Teaghlaigh sa Ghaeilge atá a reáchtáil ag Cumann an Phiarsaigh i nGaoth Dobhair le linn na seachtaine 19-26 Iúil 2014.

Caitheann na teaghlaigh seachtain i nGaoth Dobhair ag freastal ar ranganna agus imeachtaí tré Ghaeilge a bheidh ar siúl i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá a thuilleadh eolais faoin chúrsa féin ar an suíomh idirlíon www.piarsaigh.ie

Tabharfaidh an scolaireacht an deis do bheirt dhaoine fásta agus beirt pháistí freastal ar an chúrsa agus íocfar liúntas de €400 leo chun cuidiú le cúrsaí lóistín.

Is ar theaghlaigh atá san earnáil Gaelscoilaíochta faoi láthair atá na scolaireachtaí dírithe, sé sin le rá do theaghaligh a bhfuil páiste ag freastal ar ghaelscoil, ar ghaelcholáiste nó scoil ina bhfuil oideachas tré Ghaeilge a chur ar fáil.

Beidh dhá scolaireacht a bhronnadh ar an chlár Binneas Béil (2pm-4pm) ar RTE RAIDIO NA GAELTACHTA gach lá ón Luan 9ú Meitheamh go Aoine 13ú Meitheamh.

Tá Cumann an Phiarsaigh go mór faoi chomaoin ag Foras na Gaeilge as an tacaíocht seo a thabhairt don chúrsa.

Is féidir eolas breise a fháil ó Joe Ó Gallchóir, stiúrthóir an chúrsa, ag 086 8288764.

Irish Grammar App – Gramadach na Gaeilge

Bealtaine 28, 2014

Is aip nua í ‘Irish Grammar App – Gramadach na Gaeilge’ a thabharfaidh deis do mhúinteoirí, daltaí, tuistí agus éinne a bhfuil suim acu sa Ghaeilge feabhas a chur ar a gcuid gramadaí. Beidh sé ar fáil ar iTunes agus Android ón 13ú Bealtaine 2014.

Is aip í seo a chabhróidh go mór le múinteoirí sa seomra ranga agus le tuistí agus daltaí sa bhaile. Is deis iontach í do dhaltaí atá ag tabhairt faoin Ardteiste agus Teastas Sóisearach chun a gcuid gramadaí a chleachtadh. Is féidir na rialacha gramadaí a fhoghlaim roinn ar roinn agus ansin tabhairt faoi scrúdú ag an deireadh. Is féidir í a úsáid sa seomra ranga nó sa bhaile ar do luas féin. Is aip idirghníomhach í a thugann aiseolas. Tá scrúdú ag deireadh gach roinn, áit a bhfaighidh tú cur síos agus míniú ar do fhreagraí.

Seo í an chéad aip mar seo, le os cionn 1000 ceacht gur féidir a úsáid i meánscoileanna agus bunscoileanna nó sa bhaile. Tá oll-scrúdú ag an deireadh ar fad le 50 ceist. Tá an aip seo dírithe ar éinne a bhfuil suim acu i nGramadach na Gaeilge chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Tá roinn ar leith le nathanna cainte agus seanfhocail a chabhróidh le saibhreas na Gaeilge. Is trí mheán na Gaeilge ar fad atá an aip seo seachas na rialacha a bhaineann léi. ‘Sé an sprioc is mó atá aici ná go dtabharfaidh sí an Ghaeilge isteach i ngach tigh sa tír agus thar lear! Cabhróidh sí le muintir Gaeltachta le cursaí gramadaí agus cuirfidh sí iad ag caint faoi chruinneas!

Tá an aip forbartha ag Áine McGillycuddy. Is  múinteoir í le breis is 13 bliana anuas i gColáiste Ráithín, scoil lán gaelach i mBré. Tá Gaeilge agus Gnó á mhúineadh aici ón gcéad bhliain suas go dtí na hArdteiste. Tá ‘Irish Grammar- Gramadach na Gaeilge’ ar uimhir 1 sa roinn oideachais ar iTunes ón uair gur tháinig sí amach.  Tá céim onóracha ag Áine sa Ghaeilge agus Eacnamaíocht, iarchéim san Oideachas chomh maith le Máistéireacht san Oideachas ó Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.

Gaelscoil na gCrann – Curaidh na Féile Náisiúnta Scoldrámaíochta

Bealtaine 28, 2014

Rinne Baill Tionóil Stormont ceiliúradh ar Ghaelscoil na gCrann ar na mallaibh toisc iad a bheith ar an chéad Ghaelscoil ó thuaidh le príomhdhuais na Féile Náisiúnta Scoldrámaíochta a thabhairt leo. Léirigh páistí na hÓmaí dráma faoi theaghlaigh a díbríodh óna dteach in aimsir na dtiarnaí talún. Bhí comhaltaí den Tionól Reachtach, tuismitheoirí na bpáistí agus pobal na scoile i measc lucht an cheiliúrtha ar an chnoc. Seo chugaibh buaicphointí an léirithe agus caint ó na páistí, pobal na scoile agus ionadaithe na hearnála; féach an físeán ar www.meoneile.ie.

Oiliúint Bhord Bainistíochta

Bealtaine 27, 2014

Tá Foras Pátrúnachta na Scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaelscoileanna Teo. ag cur clár oiliúna do bhoird bainistíochta na mbunscoileanna lán-Ghaeilge ar fáil le dhá bhliain anuas agus tá cuireadh á thabhairt do bhaill na Boird Bainistíochta a bheith rannpháirteach ann. Tá an oiliúint seo ar fáil trí pháirtithe éagsúla oideachais agus tá sí aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Tá an oiliúint seo á chur ar fáil do chúig módúil atá curtha le chéile ar bhonn náisiúnta idir an Roinn Oideachais agus Scileanna agus na páirtithe oideachais bunscoile. Ina measc tá:

  • Nósanna Imeachta Ceapacháin
  • An Bord Bainistíochta mar Aonán Corparáideach
  • Airgeadais Boird agus Ról an Chisteora
  • Ceisteanna Dlí
  • Caomhnú Leanaí

Is féidir nótaí ó na modúil a íoslódáil trí cliceáil anseo.

 

Seachtain na Gaeilge 2014 i nGaelcholáiste Luimnigh

Bealtaine 27, 2014

Bhí seachtain den chéad scoth ag daltaí Ghaelcholáiste Luimnigh le haghaidh Seachtain na Gaeilge arís i mbliana. Bhí réimse ollmhór de ghníomhaíochtaí spraíúla curtha ar fáil dóibh agus bhain gach éinne sár-thaitneamh astu.

Thosaigh an tseachtain amach le cluichí biongó ar siúl sna ranganna ag bliain 1 fad is a bhí na ranganna ar fad sa chéad, dara agus tríú bliain ag maisiú póstaeir don chomórtas póstaeir. Is éard a bhí le déanamh acu ná pictiúr a tharraingt chun míniú a thabhairt ar roinnt seanfhocail Gaeilge. Sampla amháin de na seanfhocail seo ná an ceann a rinne bliain 2, “Aithnítear cara i gcruatan.”

Bhí lá fíor-bheomhar againn sa scoil dé Máirt, le daltaí bliain 1 ag cleachtadh a gcuid scileanna damhsa nuair a bhí céilí iontach acu sa mhaidin. Chomh maith leis sin, chaith daltaí bliain 4, 5, 6 an tráthnóna ag imirt tag-rugbaí san ionad spóirt i Delta. Ní raibh aon dabht ach go raibh an comórtas an-láidir ar fad agus gach grúpa ag iarraidh an bua a bheith acu. Ag an deireadh bhí an bua ag rang Áine, agus iad ag troid go fíochmhar i gcoinne na múinteoirí.

Bhí na dána chun tosaigh ar an gCéadaoin, nuair a bhí an deis ag na daltaí éisteacht le ceol traidisiúnta agus amhráin a chleachtadh as Gaeilge. Anuas ar sin, bhí tráth na gceist eagraithe do lucht na céad bliana agus bhí seans ag daltaí bliain a dó féachaint ar roinnt gearrscannáin Gaeilge, cosúil le Yu Ming is ainm dom agus Clare sa Spéir. Bheifeá ag ceapadh gur san Omniplex a bhíodar!

Cuireadh deireadh leis an gceiliúradh ar fad do Sheachtain na Gaeilge ar an Déardaoin. Thosaigh an lá amach le blitz díospóireachta sa bhialann, le daltaí bliain 5 agus a 6 ag glacadh páirte. Is é an rún a bhí acu ná “Is iad na meáin chumarsáide a rialaíonn an tír seo.” Níl aon dabht ach gur chuir an rún seo na daltaí ag smaoineamh agus bhíodar an-phaiseanta ar fad maidir leis na hargóintí a bhí le déanamh acu. Cé go raibh an-chuid smaointí maithe ag bliain 5, bhí an t-ádh le lucht na séú bliana ag an deireadh agus an bua acu. Maith sibh ar fad!

Gan aon dabht, seachtain iontach spraíúil a bhí againn ar fad sa scoil i mbliana.

 

Tairiscint speisialta ar Forever Languages

Bealtaine 27, 2014

Tá tairiscint speisialta ar Forever Languages ar leabhair scoileanna On y va! 1 + 2. Téacsleabhair Fraincise d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge.

Tá On y va! an t-aon chúrsa Fraincise trí Ghaeilge atá ar fáil don Teastas Sóisearach.

Is don chéad bhliain iarbhunscoile On y va! 1 agus is don dara agus don tríú bliain On y va! 2. Tá an cúrsa seo foilsithe ag Authentik le tacaíocht ó COGG.

Tabharfar lacáiste 10% agus postas saor in aisce ar orduithe a íocfar roimh 30 Meitheamh 2014. Níl le déanamh ach Gaelscoileanna.ie a lua nó códfhocal GAEL a úsáid agus an t-ordú á dhéanamh agat ar ár suíomh gréasáin: www.foreverlanguages.com

Tá CD comh maith leis na leabhair le hábhar éisteachta agus tá nótaí múinteora le fáil ar an suíomh www.foreverlanguages.com

Tá ábhar breise nua anois ar www.foreverlanguages.com ar son On y va ! 1 agus 2 – cluichí, gníomhaíochtaí, lúbra focal, drag agus drop, abairtí measctha, péirí meaitseáil, litreacha ar iarraidh etc. Beimid ag cur níos mó ábhar agus cluichí ar an líonláithreán i rith an tSamhraidh.

Tabhair ríomhphost chuig marie@foreverlanguages.com le haghaidh tuilleadh sonraí.

Nasc linn ar Facebook www.facebook.com/ForeverLanguages

Lean muid ar Twitter @ForeverLangs

« Previous PageNext Page »