Méid an Téacs

Lá Dearg i mBéal Feirste

Márta 3, 2014

Ag leanúint ó ‘Lá Mór na Gaeilge’ i mBaile Átha Cliath agus léirsiú ‘Slán le Seán’ i gConamara, tá beartaithe ‘Lá Dearg’ a eagrú ó thuaidh ar an Satharn, 12 Aibreán, i mBéal Feirste.

Shiúil suas go 10,000 duine ó cheann ceann na tíre, thuaidh agus theas, ar shráideanna Bhaile Átha Cliath coicís ó shin chun a gcearta teanga agus comhionannas don Ghaeilge a éileamh.

Tús feachtais a tugadh ar ‘Lá Mór na Gaeilge’ agus is cinnte go bhfuil dlús curtha leis an ngluaiseacht ó shin leis an léirsiú a reáchtáladh sa Spidéal an tseachtain seo caite, agus an mórshiúil a bheas ar siúl mí Aibreán.

Deir eagraithe An Lá Dearg á eagrú “chun Cearta, Cothromas agus Cóir a bhaint amach don Ghaeilge agus dá lucht labhartha”.

I mí Eanáir, chinn tuairisc de chuid Choiste na Saineolaithe ar Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh go bhfuil bac ar an nGaeilge ó thuaidh. Thuairiscigh an Coiste Saineolaithe go maireann dearcadh naimhdeach i leith na Gaeilge i Stormont agus cé gur moladh i dtuairisc dheiridh an Choiste i 2009 go gcuirfí polasaí cuimsitheach Gaeilge i bhfeidhm, tuairiscíodh nár glacadh céim ar bith i dtreo bheartais ó shin agus gur ábhar thar a bheith conspóideach é fós cur chun cinn na Gaeilge sna sé chontae.

Tá lucht an fheachtais ag éileamh ar Thionól Thuaisceart Éireann:

  • Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe a achtú ó thuaidh
  • Go gcomhlíonann an Stát ó thuaidh a ndualgas reachtúil le go bhforbrófar Córas Gaeloideachais Cuimsitheach
  • Go gcuirfear acmhainní cuí ar fáil d’fhorbairt Phobal na Gaeilge

Ag labhairt thar cheann an Grúpa Oibre Feachtasaíochta, dúirt Caoimhe Ní Chatháil, “Creideann muid go láidir go gcaithfear an deis agus an ceart a thabhairt do na daoine a roghnaíonn an Ghaeilge í a úsáid. Beidh cruinnithe poiblí ar fud an oileáin chun tacaíocht a mhealladh don mhórshiúil seo agus tá muid ag iarraidh teachtaireacht diongbháilte, láidir a thabhairt do na hÚdaráis”.

“Iarrann muid ar Phobail na hÉireann, áitiúla agus ar fud an oileáin seasamh linn don LÁ DEARG. Tá fáilte roimh gach saoránach a chreideann i dtodhchaí na Gaeilge agus i gcearta daonna i gcoitinne”.

Fágfaidh an mórshiúil, Cultúrlann McAdam Ó Fiach ar an Satharn 12 Aibreán 2pm le dul chuig Cearnóg Theach an Chustaim, i lár na Cathrach i mBéal Feirste.

Foilsithe ar Gaelport.com

 

Ná bac leis na hOscair, seo chugaibh buaiteoirí Scléip 2014!

Márta 3, 2014

Amharclann an Axis, Baile Átha Cliath, 1 Márta 2013

Bhí lá den scoth againn san Axis, le 14 scoil ag dul in iomaíocht sa chraobh agus ag cur siamsaíocht agus spreagadh ar stáitse romhainn. Bhí ríméad orainn roinnt de bhaill Kìla a bheith linn don lá; bhí Rossa Ó Snodaigh mar fhear a’ tí agus Rónán Ó Snodaigh i mbun moltóireacht in éineacht le Fionntán Fitzgerald agus Aonghus Ó Lochlainn. Bhí dúshlán acu buaiteoirí a roghnú toisc feabhas agus ard-chaighdeán na léirithe ar fad agus thug siad ard-mholadh do na rannpháirtithe uile as an muinín agus tallann a léirigh siad os comhar an tslua. Tá moladh ag dul don slua chomh maith, na tuismitheoirí, múinteoirí agus comhscoláirí a thug tacaíocht iontach do na hiomaitheoirí i rith na bliana agus ar lá na craoibhe féin; go raibh maith agaibh as bheith linn agus tá bualadh bos mór tuilte agaibh!

Seo thíos na scoileanna a bhí linn ar an lá:

  • Coláiste an Phiarsaigh, Corcaigh
  • Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath
  • Coláiste de hÍde, Baile Átha Cliath
  • Coláiste Feirste, Co. Aontroma
  • Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath
  • Coláiste Oiriall, Muineacháin
  • Gaelcholáiste Chiarraí
  • Gaelcholáiste Luimnigh
  • Gaelcholáiste Mhuire AG, Corcaigh
  • Meánscoil Gharman, Loch Garman
  • Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Ciarraí
  • Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill
  • Scoil Chaitríona , Baile Átha Cliath
  • Scoil Iosaf, Tír Eoghain

Seolfar CD leis na grianghraif amach chuig na scoileanna go luath, agus beidh siad le feiceáil ar an suíomh anseo chomh maith. Coinnigh súil ar Saol na míosa seo – bhí Colm Ó Torna ann lena cheamara ar an lá!

Ba mhór linn buíochas ó chroí a ghabháil le gach éinne a chabhraigh linn Scléip a chur ar stáitse i mbliana; na scoileanna, na múinteoirí, na daltaí agus a dtuismitheoirí, na moltóirí agus láithreoirí, foireann na hamharclann, Kìla, Niamh Spain (a rinne na duaiseanna) agus Foras na Gaeilge. Táimid ag súil le bheith ar ais arís an bhliain seo chugainn le Scléip 2015!

Seo thíos liosta na mbuaiteoirí, comhghairdeas mór libh uilig.

Ceol nua-aimseartha (aonair):

  • Emily Downey, Meánscoil Gharman (sóisear)
  • Aoife Nic Artain, Coláiste Íosagáin (sinsear)

Ceol nua-aimseartha (grúpaí):

  • An Smugairle Róin Leictreach, Scoil Chaitríona (sóisear)
  • Chewie agus an Bhuíon, Meánscoil Gharman (sinsear)

Rince cruthaitheach (aonair):

  • Sarah Ní Mheilbhín, Coláiste Cois Life (sóisear)

Rince cruthaitheach (grúpaí):

  • An Cogadh, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
  • Beo le Ceol, Coláiste de hÍde (sinsear)
Drámaíocht/Mím (aonair agus grúpaí):
  • Easaontas Ceoil, Pobalscoil Chorca Dhuibhne (sóisear)
  • Filleann an Feall ar an bhFeallaire, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Comórtas Ilchineálach (aonair agus grúpaí):
  • Laura Ní Dhuibhir, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
  • Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhualacháin, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)

Duais an Spotsholais: Bronnta ar an ngrúpa go bhfeiceann na moltóirí cumas iontu; nach bhfuil an duais rannóige buaite acu i mbliana ach gur fiú faire amach dóibh sna todhchaí

  • Cailíní Óga, Scoil Iosaf
Duais Kíla: Bronnta ar iomaitheoir le tallann agus spiorad ar leith, a chuireann beocht, nuálaíocht agus spraoi Kíla i gcuimhne do na moltóirí
  • Cian Ó Maoláin, giotáraí le Flúirse Fonn, Gaelcholáiste Mhuire AG
Duais Scléip: Bronnta ar an ngrúpa is mó a sheas amach ó na buaiteoirí rannóige
  • Filleann an Feall ar an bhFeallaire, Pobalscoil Ghaoth Dobhair

Lascainí do scoileanna le Scoil FM

Márta 1, 2014

Tá lascaine ag Scoil F.M.  le ‘Paperpunch’ – tá liosta do na praghasanna thíos – agus feicfidh tú go bhfuil na praghasanna ar an liosta an-mhaith.

Sa bhreis, is féidir 750g Nescafe a fháil saor in aisce i gcomhair seomra na múinteoirí – chun iad a choiméad ina dhúiseacht! Tá luach € 44.00 ar an gcaife. (Sin le haon ordú thar € 150). Tá praghasanna maithe ag Scoil F.M. ar cartúis printéara chomh maith. Déan teagmháil le Mark ar 087 383 0990.

Praghsanna PaperPunch2014

www.scoilfm.com

An féidir le páistí le fadhbanna urlabhra an dara teanga a fhoghlaim?

Feabhra 28, 2014

Alt shuimiúil maidir le taighde a léiríonn gur féidir le páistí le fadhbanna urlabhra an dara teanga a fhoghlaim, agus gur féidir leis bheith ina bhuntáiste dóibh: The Hanen Centre

Imeachtaí as Gaeilge san Ardmhúsaem, Sráid Chill Dara

Feabhra 27, 2014

Dé Domhnaigh 2 Márta
Gach aois. Buail isteach idir 2-4pm

Seachtain na Gaeilge: Casann Tiarnaí Gaelacha agus Ridirí Meánaoiseacha

Casann Tiarnaí Gaelacha agus Ridirí Meánaoiseacha ar an seandálaí Dave Swift agus an aisteoir Marcus Seóighe chun tuilleadh a fháil amach faoi na hairm a bhí acu idir an 11ú agus 16ú haois agus na slite troda éagsúla a bhí acu siúd a mhair an uair sin in Éirinn, idir Thiarnaí Gaelacha agus Ridirí Meánaoiseacha.

NÍ gá áirithint a dhéanamh.

Dé Céadaoin 12 Márta
1-1.40pm
Turas – aois 14+
Saor in aisce

Sean Iarsmaí ó Chontae Chiarraí san Árd Mhúsaem Seandálaíochta

Sean Iarsmaí ó Chontae Chiarraí san Árd Mhúsaem Seandálaíochta, turas agus comhrá sna Taispeántaisí, ag taisteal ón Cré Umha Aois go dtí na Meán Aoise, le Leas-Coimeádaí Nessa O’Connor.

NÍ gá áirithint a dhéanamh.
Mary-Jane Fitzsimons
Education and Outreach Department
National Museum of Ireland-Archaeology
Kildare Street
Dublin 2
mjfitzsimons@museum.ie
Tel: +353 (0) 1 648 6332

‘Cúram, Cothú agus Ceannaireacht’ – Comhdháil an Fhorais

Feabhra 27, 2014

Beidh Liam Ó Néill, uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, ina aoi speisialta ag Comhdháil an Fhorais Phátrúnachta a bheidh ar siúl ar an Satharn beag seo (1 Márta 2014) in Red Cow Moran Hotel, Baile Átha Cliath.

Tá An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge, ar an bhfód le 20 bliain anuas ag an bpointe seo agus 67 scoil faoina phátrúnachta. Is é ‘Cúram, Cothú agus Ceannaireacht‘ téama na comhdhála i mbliana.

Pléifear bearta frithbhulaíochta, dualgais an bhoird bhainistíochta, ceisteanna dlí, éitis na scoileanna, teicneolaíocht agus eile ar an lá.

Seolfar leagan Gaeilge de leabhrán ilchreidhmeach do scoileanna agus fógrófar buaiteoirí Chomórtas Ealaíne an Fhorais Phátrúnachta, comórtas nua atá tosaithe ag an eagraíocht i mbliana.

Tugann an ócáid seo deis do phríomhoidí, do chathaoirligh, do mhúinteoirí, do bhaill de bhoird bhainistíochta agus do dhaoine atá ag obair in earnáil an oideachais, teacht le chéile chun mórcheisteanna a phlé.

Beidh Eileen Flynn (saineolaí oideachais), Antoin Delap (Dlíodóir), Terry Allen (comhairleoir oideachais), Keith Young (saineolaí teicneolaíochta)i láthair chun píosaí cainte a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt.

Beidh an deis ag toscairí breathnú ar sheastáin ó Fhoras na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta, TG4, Allianz, O2, Rith 2014, TEG agus eile.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta: “Táim ag súil go mór leis an gComhdháil ar an Satharn. Tá aoi-chainteoirí den scoth againn chun an t-eolas is déanaí agus is tábhachtaí a roinnt le scoileanna ar chúrsaí oideachais, dlí, teicneolaíocht, riaradh boird agus cur chun cinn sainspiorad.

“Leis an méid sin athruithe atá tagtha ar chúrsaí oideachais le roinnt blianta anuas, bíonn dualgais ar Bhoird agus ar Phríomhoidí a bheith suas chun dáta mar gheall ar na h-impleachtaí a bhaineann leo. Is deis iontach é an Chomhdháil chun an t-eolas seo a fháil agus chun naisc a dhéanamh le scoileanna eile faoi phátrúnacht an Fhorais.”

€30 atá ar thicéad. Is féidir ticéad a chur i áirithe trí ghlaoch a chur ar an oifig 01-6294110 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig eolas@foras.ie

Doire réidh le Seachtain na Gaeilge 2014 a cheiliúradh

Feabhra 27, 2014

Tá Seachtain na Gaeilge ag druidim linn agus tá Doire réidh leis an Ghaeilge agus gach rud atá Gaelach a cheiliúradh le clár lán imeachtaí a bheas ar siúl ón 1ú go dtí an 17ú Márta.

Ceiliúrtar Seachtain na Gaeilge ag pobail Ghaeilge ar fud fad oileán na hÉireann agus ar fud an domhain agus tugann an fhéile deis d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus chainteoirí líofa araon a gcuid Gaeilge a úsáid agus an cultúr Gaelach a cheiliúradh.

Tosaíonn Seachtain na Gaeilge 2014 i nDoire le hÉigse Cholm Cille, imeacht bliantúil de chuid Ollscoil Uladh a chíorann stair litríocht na Gaeilge. Beidh Éigse 2014 ar siúl ón Aoine 28ú Feabhra go dtí an Satharn 1ú Márta agus is é téama na bliana seo ná ‘Scoláirí Gaeilge Iarthar Uladh’.

Filleann Féile Bheag na Leabhar arís i mbliana, féile leabhar agus scéalaíochta do pháistí arna eagrú ag Comhairle Cathrach Dhoire i gcomhar le Cultúrlann Uí Chanáin. Beidh an fhéile bheag ar siúl ar Lá Domhanda na Leabhar (Déardaoin 6 Márta) agus é mar chuspóir aici suim i leabhair Ghaeilge, scéalaíocht agus i litríocht na Gaeilge a mhúscailt agus a chothú i measc páistí. Ceiliúrfar Féile Bheag na Leabhar le seó le páistí do pháistí dar teideal Lúrapóg Larapóg agus ceardlann scéalaíochta leis an tseanchaí iomráiteach Connallach Gearóidín Bhreathnach.

Ar an Satharn 8ú Márta ceiliúrfar Lá Idirnáisiúnta na mBan 2014 le sraith imeachtaí faoi inspioráid an téama ‘Ceol na mBan’. Tá sraith imeachtaí á n-eagrú le ról na mban sa cheol Gaelach a thaiscéaladh: ag 1:00in ar an lá, beidh painéal ban ag plé ‘Mná sa cheol traidisiúnta’ le seisiún ceoil ina dhiaidh. San oíche chéanna beidh ceolchoirm dar teideal ‘Ceol na mBan’ ar siúl a ndéanfaidh ceiliúradh ar cheol na mban i gceol tíre agus i gceol traidisiúnta na hÉireann ina mbeidh roinnt taibheoirí iontacha ag léiriú a gcumas i gceird an cheoil.

Ón 10ú go dtí an 12ú Márta beidh Scéim an Fháinne ar siúl ag Cultúrlann Uí Chanáin le deis a thabhairt dóibh siúd atá ag foghlaim na Gaeilge sa chathair agus sa dúiche fáinne airgid nó fáinne óir a bhaint amach trí scrúdú béil a dhéanamh. Beidh Bronnadh na bhFáinní ar siúl ag imeacht speisialta ar an Déardaoin 13ú Márta nuair a bronnfar teastais agus fáinní orthu siúd a d’éirigh leo sna scrúduithe béil. Beidh deiseanna labhartha Gaeilge ar fail i rith na féile le Ciorcail Chomhrá ar an 5ú agus ar an 14ú Márta. Ná caill an deis le snas a chur ar do chuid Gaeilge nó le bualadh le foghlaimeoirí agus cainteoirí líofa eile.

I rith Sheachtain na Gaeilge beidh deis ag an phobal cuairt a thabhairt ar thaispeántas úrnua dar teideal ‘Scéal na Gaeilge’ a léiríonn stair na Gaeilge sa cheantar ó thus ama go dtí an lá atá inniu ann. Chuir Comhairle Cathrach Dhoire an taispeántas seo le chéile i ndlúthpháirtíocht le pobal na Gaeilge le Bliain na Gaeilge 2013 a cheiliúradh agus le leagáid de Bhliain na Cathrach Cultúir a chur ar fáil do na glúine atá le theacht.

Críochnaíonn Seachtain na Gaeilge ar Lá Fhéile Pádraig agus tá imeachtaí ag tarlú ar fud fad na cathrach agus sa cheantar comhairle faoin inspioráid an téama ‘Ceol, Miotais agus Draíocht’ – tá clár iomlán Lá Fhéile Pádraig ar fáil trí cuairt a thabhairt ar www.derrycity.gov.uk/stpatricksday

Bí ar an eolas is déanaí faoi gach imeacht atá ag tarlú mar chuid de Sheachtain na Gaeilge trí shúil a chaitheamh ar leathanach Gaeilge de chuid Chomhairle Cathrach Dhoire www.derrycity.gov.uk/gaeilge nó caith súil ar ár leathanach Gaeilge ar Facebook www.facebook.com/foramphobalnagaeilge. Nó más maith leat eolas faoi imeachtaí atá ag tarlú ag Cultúrlann Uí Chanáin cuir glaoch ar T: (028) 71 264132 nó seol r-phost chuig fiachra@culturlann-doire.ie.

SEACHTAIN NA GAEILGE 2014
Doire Cholm Cille
1ú – 17ú Márta
Ceiliúrfar Seachtain na Gaeilge i mbliana ón 1ú go dtí an 17ú Márta agus tá réimse imeachtaí ag tarlú i gceantar Chomhairle Cathrach Dhoire. I mbliana beidh Cultúrlann Uí Chanáin ina lárionad don fhéile. Seo thíos blaisín den chlár:
Aoine 28 Feabhra & Satharn 1 Márta
ÉIGSE CHOLM CILLE
Ollscoil Uladh, Campas Mhig Aoidh, Doire
Comhdháil bhliantúil ar Litríocht na Gaeilge. I mbliana pléifear an téama: ‘Scoláirí Gaeilge Iarthar Uladh’
Tuilleadh eolais: Nioclás Mac Cathmhaoil, T: (028) 71 675 770, r-phost: nm.mccaul@ulster.ac.uk
Saor in aisce

Luan 3 Márta – Luan 17 Márta
SCÉAL NA GAEILGE
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire
Taispeántas nua a léiríonn scéal na Gaeilge i nDoire sa stair agus sa lá atá inniu ann.
Tuilleadh eolais: Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire, T: (028) 71 376 579, r-phost: gaeilge@derrycity.gov.uk
Saor in aisce

Máirt 4 Márta, 7:00in
SEISIÚN CEOIL TEAGHLAIGH
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire
Seisiún ceoil do theaghlaigh agus ranganna ceoil
Tuilleadh eolais: Odhrán Ó Maoláin, T: (028) 71 264 132, r-phost: odhran@culturlann-doire.ie

Céadaoin 5 Márta, 12:00in
CIORCAL COMHRÁ
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire
Ciorcail chomhrá ag bunleibhéal, meánleibhéal agus ardleibhéal.
Tuilleadh eolais: Fiachra Mackel, T: (028) 71 264 132, r-phost: fiachra@culturlann-doire.ie
Saor in aisce

Déardaoin 6 Márta, 10:00rn-2:30in
FÉILE BHEAG NA LEABHAR
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire
I mbliana beidh Féile Bheag na Leabhar ag tarlú ar Lá Domhanda na Leabhar – 6 Márta 2014. Beidh ceardlann scéalaíochta leis an tseanchaí clúiteach as Tír Chonaill – Gearóidín Bhreathnach agus seó le páistí do pháistí – Lúrapóg Larapóg. Eagraítear Féile Bheag na Leabhar ag Comhairle Cathrach Dhoire i gcomhar le Cultúrlann Uí Chanáin.
Tuilleadh eolais: Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire, T: (028) 71 376 579, r-phost: gaeilge@derrycity.gov.uk
Oscailte do Ghaelscoileanna i gceantar Chomhairle Cathrach Dhoire.

Satharn 8 Márta
LÁ IDIRNÁISÚNTA NA mBAN
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire
Is é téama Lá Idirnáisiúnta na mBan i mbliana ná ‘Ag spreagadh athraithe’. Beidh Cultúrlann Uí Chanáin ina lár-ionad do dhíospóireacht phainéil agus cheolchoirm le ceoltóirí ban ó shaol an cheoil thraidisiúnta.

1:00in –Díospóireacht Phainéil agus Seisiún Ceoil
‘Mná sa cheol traidisiúnta’ le Lynette Fay, Laoise Kelly, Alana Henderson agus Emma Sweeney.
Saor in aisce

8:00in – Ceol na mBan
Ceiliúrfar saibhreas ceoil na mban le ceoilchoirm a léiríonn na ceoltóirí ban is fearr ó shaol an cheoil thraidisiúnta.
Tuilleadh eolais: Odhrán Ó Maoláin, T: (028) 71 264 132, r-phost: odhran@culturlann-doire.ie
Cead isteach: £8

Luan 10 – Céadaoin 12 Márta, 9.30rn – 5.00in
SCÉIM AN FHÁINNE
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire
Tugann Scéim an Fháinne deis d’fhoghlaimeoirí ar fud fad na cathrach fáinne a ghnóthú ag leibhéal ‘Cúpla Focal’, ‘Airgead’ nó ‘Ór’.
Scrúduithe béil ón Luan 10 go dtí an Chéadaoin 12. Ní mór d’áit a chur in áirithe.
Tuilleadh eolais: Fiachra Mackel, T: (028) 71 264 132, r-phost: fiachra@culturlann-doire.ie

Déardaoin 13 Márta, 8:00in
BRONNADH FÁINNÍ & TRÁTH NA gCEIST
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire
Bronnfar fáinní ar fhoghlaimeoirí a chuaigh faoi scrúdú béil i rith Sheachtain na Gaeilge. Reáchtáilfear Tráth na gCeist i ndiaidh an bhronnta.
Tuilleadh eolais: Fiachra Mackel, T: (028) 71 264 132, r-phost: fiachra@culturlann-doire.ie

Aoine 14 Márta, 11.00in
CIORCAL COMHRÁ
Cultúrlann Uí Chanáin, 37 Mórshráid Shéamais, Doire
Ciorcail chomhrá ag bunleibhéal, meánleibhéal agus ardleibhéal.
Tuilleadh eolais: Fiachra Mackel, T: (028) 71 264 132, r-phost: fiachra@culturlann-doire.ie
Saor in aisce

Satharn 15 Márta, 7.30in
OÍCHE GHAELACH & CÉILÍ
Coláiste Mhuire gan Smál, Bóthar an Trinse, Doire
Ticéid ar fáil saor in aisce ó oifig na scoile.
Tuilleadh eolais: Caitríona Uí Dhoibhlín – cdevlin278@icc.derry.ni.sch.uk

Luan 17 Márta
LÁ FHÉILE PÁDRAIG
Cuirtear fáilte roimh an phobal bualadh isteach chuig Cultúrlann Uí Chanáin ar Lá Fhéile Pádraig le sult a bhaint as lá lán de cheol agus imeachtaí teaghlaigh. I measc na n-imeachtaí atá geallta beidh:

12.30-2.00 & 4.00-6.00
Siamsaíocht le The Fanzini Brothers agus Seisiún Mór le Ceoltóirí na Cultúrlainne agus Cairde eile

Sparánacht taighde agus maoiniú áiseanna ar fáil ó COGG

Feabhra 25, 2014

Tá fógartha ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) an tseachtain seo go mbeidh siad ag cur fáilte roimh iarratais mhaoinithe d’áiseanna teagaisc mar aon le hiarratais do sparánacht taighde.

Maoiniú

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair, ó ghrúpaí, ó chomhlachtaí, agus ó fhoilsitheoirí a bhfuil suim acu áiseanna a sholáthar a bhaineann le foghlaim nó le teagasc na Gaeilge nó teagasc trí Ghaeilge.

Sparánacht Taighde

Fáilteofar freisin roimh iarratais ó mhic léinn ag leibhéal dochtúireachta nó ó thaighdeoirí iardhochtúireachta ar mian leo taighde a dhéanamh ar Theagasc nó ar Fhoghlaim na Gaeilge, ach glacfar freisin le hiarratais ar ábhair ábhartha eile a bhaineann leis an nGaeilge.

Tá foirmeacha iarratais agus tuilleadh eolais ar fáil le híoslódáil ar www.cogg.ie. Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4pm, 19 Márta 2014.

Foilsithe ar Gaelport.com

Cluineann Teachtaí Dála agus Feisirí Pairliminte an t-éileamh ar Acht na Gaeilge sa Tuaisceart

Feabhra 25, 2014

Bhí toscaireacht de Theachtaí Dála, Sheanadóirí agus Feisirí Pairliminte i nDoire inné chun bualadh le gníomhaithe Gaeilge i gCultúrlann Uí Chanáin mar ar chuala siad éileamh go gcomhlíonann Rialtas na Breataine a ghealltanas Acht na Gaeilge a thabhairt isteach chun cearta phobal na Gaeilge sa tuaisceart a chaomhnú agus a chosaint.

Ag tabhairt aithisc do chomhaltaí An Chomhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta, dúirt Priomhfheidhmeannach na Cultúrlainne, Gearóid Ó hEára go raibh an staid reatha éagórach agus leatromach agus ní thabharfaí faoi i gceart ach trí reachtaíocht.

Dúirt an tUas Ó hEára, “Rinne Rialtas na Breataine gealltanas i gComhaontú an Chéasta gníomh diongbháilte a ghlacadh chun an teanga a chur chun cinn, ina dhiaidh shínigh siad an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, agus d’aontaigh ag Cill Rímhinn Acht na Gaeilge a thabhairt in reachtaíocht.

“Léiríonn an 4ú Tuairisc de Choiste na Saineolaithe ar an Chairt Eorpach go soiléir go bhfuil teipthe glan ar Rialtas na Breataine a dhualgais idirnáisiúnta maidir leis an Ghaeilge a chomhlíonadh. Is trí reachtaíocht amháin a bheidh cosaint dhlíthiúil ag pobal na Gaeilge. Ba cheart don ChomhChoiste brú a chur ar Rialtas na Breataine maidir leis an cheist thábhachtach seo.”

Mhol an tUas Ó hEára fosta gur chóir don ChomhChoiste dul i ngleic le haondachtas maidir lena mbuairimhse i leith na Gaeilge.

SpeakTalkChat.com

Feabhra 25, 2014

Is Gaeltacht ar líne SpeakTalkChat.com a chuireann ar chumas na mball comhrá le chéile tré Ghaeilge.

Cuireann úsáideoirí a bprofíl féin ar fáil bunaithe ar na hábhair a gcuireann siad suim iontú, ó gharraíodóireacht go hathrú aeráide. Is féidir leo ansin ceangal a dhéanamh leo siúd leis na hábhair suime céanna. Clúdaithe i bhfeidhmiúlacht SpeakTalkChat.com tá físchomhrá- ar an bpoinnte nó sceideáltha, cuartú úsáideoirí, grúpaí/fóraim agus córas teachtaireachta inmheánach. Is féidir leat do chumas le teangacha a chlárú ar cheann de thrí leibhéil -líofa, meánach nó mar thosnaitheoir.

Tá chúig chatagóir ballraíochta, le dhá cheann do dhéagóirí agus ceann do theaghlaigh san áireamh. Tá dhá pholasaí cosanta páistí sna catagóirí do dhéagóirí an chéad cheann dóibh siúd atá 13, 14 nó 15 bliain d’aois agus an dara ceann dóibh siúd atá 16 nó 17. Cuireann an catagóir teaghlaigh ar chumas teaghlaigh ceangal a dhéanamh le chéile.

Tá SpeakTalkChat ar fáil don PC agus do ghléasanna soghluaiste.

Tá catagóir ballraíochta freisin do Oideachasóirí ag an chéad, dara agus triú leibhéal agus ag an leibhéal aosach. Cuireann sé seo ar chumas Oideachasóirí ceangal a dhéanamh le chéile agus lena ndaltaí. Is féidir le múinteoirí rang a mhúineadh tré chianoideachas le SpeakTalkChat.com

Rinneadh an seoladh Beta de SpeakTalkChat ag Oireachtas na Samhna 2013 agus tá an ballraíocht cláraithe ag teannadh le 1000 faoi láthair.

Is áis breise é SpeakTalkChat a chuidíonn le daoine úsáid a bhaint as Gaeilge.

Cuirtear fáilte roimh thuairmí aiseolais.

« Previous PageNext Page »