Méid an Téacs

Caint, comhrá agus comhluadar i ranganna Ghaelchultúir an t-earrach seo

Eanáir 30, 2014

Cuirfidh Gaelchultúr (www.gaelchultur.com) tús leis an gcéad chúrsa eile teanga do dhaoine fásta an tseachtain dar tosach 3 Feabhra in ionad na cuideachta ag 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, agus i mbaile Cheatharlach freisin. Beidh ranganna ar fáil ag suas le sé leibhéal éagsúla: bunrang 1, bunrang 2, meánrang 1, meánrang 2, ardrang 1 agus cruinneas 1. Is cuma, mar sin, cé acu atá duine ag filleadh ar an teanga i ndiaidh dó bheith as cleachtadh le blianta fada, á foghlaim den chéad uair nó go díreach ag iarraidh barr feabhais a chur ar a chuid gramadaí, tá cúrsa ag Gaelchultúr dó.

Déanfaidh na rannpháirtithe freastal ar rang dhá uair an chloig (7–9pm) oíche amháin sa tseachtain ar feadh deich seachtaine. €200 an táille atá i gceist. Beidh imeacht saor in aisce, Blaiseadh den Ghaeilge, á reáchtáil ag Gaelchultúr ina cheanncheathrú ar Shráid an Chláraigh, Dé Sathairn, 1 Feabhra. Beidh deis ag an bpobal bualadh isteach chuig ionad na cuideachta ar an uair nó ar an leathuair idir 2.00pm agus 4.30pm, eolas a fháil faoi chúrsa an earraigh agus rang samplach a thriail chun blaiseadh a fháil den stíl mhúinteoireachta. Déanfar a gcumas sa Ghaeilge a mheas agus beidh siad in ann clárú do chúrsa an earraigh freisin, más mian leo, ach ní bheidh sé seo riachtanach.

Beidh deis acusan nach mbeidh ar fáil le freastal ar an ócáid thuasluaite tabhairt faoi mheasúnú in ionad Ghaelchultúir ar an 28, 29 nó 30 Eanáir. Má bhuaileann siad isteach am ar bith idir 5pm agus 7pm, déanfaidh duine de mhúinteoirí na cuideachta a gcuid Gaeilge a mheas agus déarfar leo cén rang ab fhearr a d’fheilfeadh dóibh. Beidh an measúnú seo saor in aisce, ní thógfaidh sé ach timpeall fiche nóiméad agus ní gá é a chur in áirithe roimh ré. “Tagann daoine isteach chugainn go minic agus muinín caillte acu ó thaobh na Gaeilge de,” a deir Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, “ach braitheann siad ar a suaimhneas láithreach mar gheall ar an chur chuige múinteoireachta a úsáidimid sna ranganna oíche . Cuirimid an bhéim ar an teanga labhartha agus ar chleachtaí idirghníomhacha, agus taitníonn an cur chuige sin leis na foghlaimeoirí.”

Tá eolas breise le fáil faoi na ranganna teanga, agus faoi imeachtaí eile Ghaelchultúir, ach glaoch ar (01) 484 5220 nó scríobh chuig eolas@gaelchultur.com. Is féidir cuairt a thabhairt ar www.gaelchultur.com chomh maith agus an bróisiúr do chúrsa an earraigh a íoslódáil. Tá Riarthóir Acadúil Ghaelchultúir, Róisín Ní Mhaolchallann, ar fáil le hagallaimh a dhéanamh leis na meáin. Sonraí teagmhála: (01) 484 5224; roisin@gaelchultur.com

Foilsithe ar Gaelport.com

Lá Mór na Gaeilge – an scéal is déanaí

Eanáir 29, 2014

Is léir go bhfuil an-obair ag dul ar aghaidh do LÁ MÓR NA GAEILGE. Tá busanna á chur in áirithe i mBoirche Íochtar, Ard Mhacha, Gaoth Dobhair, Corcaigh, Tiobraid Árainn, agus dhá cheann i nGaillimh cheana féin. Chomh maith leis sin beidh cruinnithe poiblí ar siúl go luath sna háiteanna seo a leanas le díriú ar an LÁ MÓR agus le gníomhaíochtaí eile gur féidir a dhéanamh go háitiúil a aontú:

30/01/2014 20.00 Acadamh, Gaoth Dobhair
03/02/2014 20.00 Seanscoil Sailearna, Conamara
03/02/2014 19.30 Óstán Clarion, Corcaigh – Gael-Taca
04/02/2014 19.30 Cultúrlann, Béal Feirste
06/02/2014 20.00 Baile Bhúirne, Corcaigh
07/02/2014 20.00 Halla an Phobail, Cill Mhichíl, An Clár

Tá sé i gceist físeán spreagúil a chur le chéile mar bholscaireacht don lá agus ba bhreá le Conradh na Gaeilge taifid a fháil de dhaoine ar fud na tíre ag rá na bhfocal ‘Tá Mé’ nó ‘Tá Muid’ nó ‘Tá Siad’ i slí an-spreagtha. Is leor taifead ó ghuthán póca nó eile agus é a chur ar an ríomhphost nó trí nasc youtube chugainn ag lagaeilge@cnag.ie faoi Dé Sathairn, 1 Feabhra más féidir in aon chor. Ba bhreá leo canúintí agus suíomhanna éagsúla a fháil don fhíseán.

Lá Mór na Gaeilge – litir do thuismitheoirí ó Chonradh na Gaeilge

Eanáir 28, 2014

Lá Mór na Gaeilge – Litir

Cruinniú Poiblí ar son cothrom na féinne do phobal na Gaeilge & Gaeltachta

Eanáir 28, 2014

Tabharfar deis do phobal Chorcaí díospóireacht a dhéanamh ar na hionsaithe leanúnach atá a dhéanamh ag an Stát ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, ag Cruinniú Poiblí a bheidh ar siúl De Luain 3ú Feabhra in óstán Clarion, Lapps Quay. Cuirfear tús leis an gcruinniú ag 7.30pm.

Tá an cruinniú á eagrú mar chuid d’fheachtas cearta atá bunaithe mar thoradh ar an ngéarchéim a cruthaíodh nuair a d’fhógair An Coimisinéir Teanga (ar nós Ombudsman na Gaeilge), Seán Ó Cuirreáin, go mbeadh sé ag éirí as oifig de bharrna heaspa éisteachta atá faighte aige ón Rialtas ó dheas.

Tá an cruinniú seo á chomhordú ag Gael-Taca bunaithe ar na héilimh a tháinig chun cinn ag an gcruinniú poiblí a eagraíodh i Halla na Saoirse, Baile Átha Cliath ar an 11 Eanáir. D’fhreastail breis agus 200 duine ar an gcruinniú sin agus aontaíodh feachtas uile-oileánda a eagrú chun ceart na teanga a sheasamh.

Is é Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge a bheidh mar aoichainteoir ag an gCruinniú Poiblí agus is í Gael-Taca a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

Tá an cruinniú oscailte don phobal uilig agus beidh deis ann díriú ar na céimeanna ar gá a thógáil anois chun troid a dhéanamh ar son chothrom na féinne do lucht labhartha na Gaeilge.

Helena Ní Dheá
Oifigeach Forbartha
Gael-Taca,
22 Port Uí Shúilleabháin,
Corcaigh.

www.gael-taca.com
(021)4310841

An Straitéis a thabhairt slán

Eanáir 28, 2014

An dtabharfaí aird do mholtaí an Fhreasúra ag eascairt as an gcruinniú den Fhochoiste Oireachtais?

Ba léir fearg agus frustrachas bhaill an Fhochoiste Oireachtais um Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Rudaí Gaolmhara ag cruinniú a tionóladh an tseachtain seo caite. Agus an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ag tuairisciú don Fhochoiste don uair dheireanach sula n-éiríonn sé as a ról ar 23 Feabhra 2014, léirigh baill an Choiste a bhí i láthair an chruinnithe déistin do staid reatha na Gaeilge ag leibhéal an Stáit.

Cé go bhfuil ionadaithe de chuid an Chomhrialtais mar bhaill – Michael McCarthy T.D. (Páirtí an Lucht Oibre agus Cathaoirleach an Fhochoiste); Kevin Humphries T.D. (Páirtí an Lucht Oibre) agus an Seanadóir Hildegarde Naughton (Fine Gael), níor raibh i láthair ag an gcruinniú ach baill Choiste de chuid an Fhreasúra. Mhaígh an Teachta Peadar Tóibín gur léirigh easpa ionadaíochta an Rialtais “drochmheas” d’údarás an Choimisinéara Teanga agus do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Ag eascairt as an gcaint cháinteach a thug an Coimisinéir le linn an chruinnithe, ba léir tacaíocht agus ardmheas na mball a bhí i láthair do Sheán Ó Cuirreáin agus cuireadh neart moltaí chun cinn le dul i ngleic leis an gcur i gcéill a chuir an Coimisinéir síos air. Ar mholadh ón Seanadóir Trevor ó Clochartaigh, d’aontaigh gach ball gur chóir don Fhochoiste seasamh i bhfad níos láidre a ghlacadh sa phróiseas agus go bhfuil géarghá le gníomhaíocht láithreach.

Chuir an Teachta Éamon Ó Cuív trí mhórghníomh os comhair bhaill an Choiste agus mhol sé go láidir go gcuirfí gach ceann acu i bhfeidhm ar bhonn práinneach.

Mhol an Teachta Ó Cuív:

#1. Go dtiomsófaí tuarascáil traspháirtithe ar chúrsaí pearsanra sa státseirbhís agus go nglacfaí le múnla an Choiste um Chuntais Phoiblí ina leith. Is é sin go dtabharfaí gach grúpa a ainmnítear i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga os comhair an Chomhchoiste lena n-áirítear:

• An Garda Síochána

• An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

• An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil

• Suirbhéireacht Ordanáis Éireann

• Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte

• Banc Ceannais na hÉireann

• An tÚdarás Náisiúnta Iompair

• Ollscoil Luimnigh

• Comhairle Baile Inse

• Comhairle Contae Dhún na nGall

• Comhairle Contae Chill Dara

#2. Go ndéanfaí iniúchadh ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Sheol an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta tuarascáil ar fheidhmiú na Straitéise i mí Iúil 2013 ina raibh cur síos ar dhul chun cinn céimiúil, leanúnach na mbeartas. Ach dar le heagraíochtaí agus pobail Ghaeilge léirigh an tuarascáil easnaimh mhóra maidir le heaspa acmhainní, uaillmhian na spriocanna agus cur chuige an Rialtais. Aontaítear go léiríonn tuairisciú tromchúiseach an Choimisinéara Teanga drochstaid reatha na Straitéise agus d’aontaigh baill uile an Choiste gurbh ghá athbhreithniú agus iniúchadh ar dhéanamh ar ábhar na Straitéise.

#3. Go gcuirfí Cinn an Bhille i dtaca le hAcht na dTeangacha Oifigiúla faoi bhráid an Fhochoiste agus go n-ullmhófaí tuairisc ina leith. Luaigh Seán Ó Cuirreáin folús i dtaobh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a fógraíodh i mí na Samhna 2011 mar chúis eile lena chinneadh éirí as. Cé go bhfuil fógartha le déanaí go bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag súil leis an mBille nua a fhoilsiú roimh bhriseadh na tsamhraidh, ta curtha in iúl go bhfuil Cinn an Bhille fós le haontú óir nár cuireadh aon leasú faoi bhráid an Rialtais go dtí seo agus go bhfoilseofar torthaí an phróiseas chomhairliúcháin ar fhoilsiú Chinn an Bhille.

Cé gur tugadh cluas éisteachta don Teachta Ó Cuív chuir leas-Chathaoirleach an Fhochoiste, an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, in iúl nach ball den Fhochoiste é, ach ghabh sé buíochas leis as a chuid moltaí.

D’fhógair an leas-Chathaoirleach go mbeidh an tAire Stáit Donnachadh Mac Fhionnlaoich ag teacht os comhair an Fhochoiste go luath agus iarradh ar gach ball eile a gcuid moltaí a chur i scríbhinn chuig Rúnaí an Fhochoiste.

Foilsithe ar Gaelport.com

Tráth na gCeist Bórd Feachtas i gColáiste na Coiribe, Gaillimh

Eanáir 24, 2014

Beidh tráth na gceist boird á reáchtáil ag Feachtas do scoláirí dara leibhéal i i gColáiste na Coiribe, Gaillimh ar 29ú Eanáir 2014 ag 19.00. Má tá spéis agaibh foirne a chur chur isteach, déanaigí teagmháil le Ciara Ní Bhroin (ciara.feachtas@gmail.com), Oifigeach Forbartha Feachtas, chomh luath agus is féidir chun áit a dheimhniú ann. Bronnfar boinn agus teastais ar bhuaiteoirí na hoíche agus rachaidh siad ar aghaidh chuig ag gcraobh a bheidh ar siúl i mí an Mhárta.

Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain – Craobh na hÉireann

Eanáir 23, 2014

Beidh fáilte romhat ag Craobh na hÉireann den Chomórtas sa Téatar Poiblí/Halla Scrúdaithe, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar 4.30 p.m. Déardaoin, 30 Eanáir 2014

4.30 p.m. CRAOBH NA SÓISEAR

RÚN: Tá deireadh le ‘comhar na gcomharsan’ in Éirinn!

  • Foireann A: Gaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, Co. Chiarraí
  • Foireann B: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
  • Foireann C: Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath
  • Foireann D: Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall

6 p.m. CRAOBH NA SINSEAR

RÚN: Tá géarghá le páirtí nua polaitíochta i bPoblacht na hÉireann!

  • Foireann A: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
  • Foireann B: Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath
  • Foireann C: Coláiste Naomh Feichín, Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
  • Foireann D: Coláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú

Aoichainteoir: Mary Hanafin, Iar–Aire Rialtais

Gach eolas:
Seán Ó Ceallaigh
Gael Linn
35 Sráid an Dáma
BAILE ÁTHA CLIATH 2
01.6753299 087.2510980

www.gael-linn.ie

‘Draíodóir Oz’ i nGaelscoil Uí Riada

Eanáir 22, 2014

Bhí an liú “ Soilse, Ceamairí agus Cuirtín Suas” ag daltaí agus pobal uile Ghaelscoil Uí Riada i Wilton, Corcaigh nuair a léirigh na daltaí an Ceoldráma ‘Draíodóir Oz’ do lucht feachána ollmhór ar an 4ú agus 5ú Nollaig. Seo an ceoldráma is déanaí atá léirithe ag Gaelscoil Uí Riada agus arís bhí gach dalta páirteach agus ag aisteoireacht ar an stáitse.

Bhí an díalóg ar fad i nGaeilge agus bhí sé go hálainn rithim saibhir na Gaeilge a chlos ó na haisteoirí óga.

B’é seo an buaicphointe de roinnt seachtainní de chleachtadh agus ullmhúcháin agus chríochnaigh sé le dráma go hiomlán proifisiúnta – ealaín nua-dhéanta don chúlra, fuaim proifisiúnta, ceol beo agus gan dabht feistis iomlán le smidiú beoga.

Is deis foghlama iontach í seo do na daltaí sa slí is go bhfeiceann siad an cur chuige atá ag teastáil chun dráma a eagrú ó thus deireadh. “Tá súil againn go mbeidh cuimhní iontacha ag na daltaí ar fad ar an ócáid seo” a dúirt príomhoide na scoile, Aindrias Ó Maolanfaidh. “Gan dabht, ní fhéadfaimís léiriú mar seo a dhéanamh gan an obiar iontach agus comhoibriú ó na na daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí agus táimid fíorbhuíoch díobh uile”.

B’é ‘Draíodóir Oz’ an chéad dráma mar seo a léirigh pobal na scoile i 2005. Leanadar é sin le Oliver i 2007, Séis Cheoil / The Sound of Music i 2009 agus Rí na Leon/ The Lion King i 2011.

Cártaí Comhrá – ar fáil ag comhdháil an IPPN

Eanáir 22, 2014

Cártaí Comhrá

Tá na cártaí i nGaeilge amháin, oiriúnach do gach leibhéal agus ar fáil ag seastán L9 nó trí teagmháil a dhéanamh le Martha, info@clevermindtoys.com.

Tráth na gCeist Bórd Feachtas i gColáiste na Toirbhirte, Corcaigh

Eanáir 22, 2014

Beidh tráth na gceist boird á reáchtáil ag Feachtas do scoláirí dara leibhéal i gColáiste na Toirbhirte, Corcaigh ar 27ú Eanáir 2014 ag 19.00. Má tá spéis agaibh foirne a chur chur isteach, déanaigí teagmháil le Ciara Ní Bhroin (ciara.feachtas@gmail.com), Oifigeach Forbartha Feachtas, chomh luath agus is féidir chun áit a dheimhniú ann. Bronnfar boinn agus teastais ar bhuaiteoirí na hoíche agus rachaidh siad ar aghaidh chuig ag gcraobh a bheidh ar siúl i mí an Mhárta.

« Previous PageNext Page »