Méid an Téacs

Dhá Chluiche Nua don Seomra Ranga ó Ghaelchultúr

Deireadh Fómhair 14, 2013

Tá áthas ar Ghaelchultúr dhá chluiche nua don seomra ranga, Réalta an Ranga agus Póstaer Pearsan, a fhógairt.

Réalta an Ranga
Is acmhainn spraíúil agus luachmhar é Réalta an Ranga atá oiriúnach do dhaltaí scoile agus d’fhoghlaimeoirí fásta araon. Cuireann an cluiche deis ar fáil do lucht a imeartha cleachtadh a dhéanamh ar cheisteanna a chur agus a fhreagairt, tuiscint a fháil ar an difear atá idir an aimsir láithreach agus an aimsir ghnáthláithreach, agus stór focal úsáideach agus frásaí úsáideacha a fhoghlaim.

Tá trí théama éagsúla i gceist in Réalta an Ranga: gairmeacha beatha, spórt agus ainmhithe. Tá 12 chárta ann do gach téama agus go leor cóipeanna de na cártaí ar fáil chun gur féidir le 32 dhalta an cluiche a imirt ag an am céanna.

Tá na nithe seo a leanas le fáil in Réalta an Ranga:
• 288 cárta álainn ildaite do chluiche tomhais taitneamhach
• leabhrán ina bhfuil treoracha imeartha don chluiche tomhais agus eolas maidir leis an ngramadach atá ag teastáil chun é a imirt.

Póstaer Pearsan
Tá na forainmneacha réamhfhoclacha ar cheann de na gnéithe is deacra de ghramadach na Gaeilge le foghlaim – agus le múineadh. Is gné lárnach den teanga iad, áfach, agus tá sé ríthábhachtach go mbeidís ar eolas ag daltaí chun gur féidir leo cumarsáid éifeachtach a dhéanamh trí Ghaeilge.

Is minic a fhoghlaimítear na forainmneacha réamhfhoclacha de ghlanmheabhair ach nach mbítear ábalta iad a úsáid go cruinn in abairtí. Cabhróidh Póstaer Pearsan le daltaí agus le múinteoirí dul i ngleic leis an deacracht seo agus éascóidh an cluiche idirghníomhach próiseas na foghlama.

Tá na nithe seo a leanas le fáil sa phacáiste:

• breis is 100 cárta daite a bhfuil na forainmneacha réamhfhoclacha priontáilte orthu
• póstaer mór ar a bhfuil pictiúir tharraingteacha agus spásanna leis na cártaí a ghreamú iontu
• leabhrán ina bhfuil treoracha do chluiche spreagúil a chuirfidh ar chumas foghlaimeoirí na forainmneacha réamhfhoclacha a úsáid i gceart
• réimse frásaí a bheidh foghlaimeoirí ábalta a úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla agus a chuirfidh go mór lena saibhreas Gaeilge.

Tá Póstaer Pearsan oiriúnach do dhaltaí scoile agus d’fhoghlaimeoirí fásta araon.

Tá siad ar fáil ó oifig Ghaelchultúr www.gaelchultur.com (01) 484 5220 / 1890 252 900 nó trínár siopa ar líne, www.siopa.ie.

Comórtas Staire do Scoileanna

Deireadh Fómhair 10, 2013

Comórtas staire uile-oileáin ‘Deich mBliana na gCuimhneachán’ do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna

Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna in Éirinn agus an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann ag obair le chéile chun “Deich mBliana na gCuimhneachán” a chomóradh le comórtas staire uile-oileáin do scoileanna.

Tugtar cuireadh do scoláirí ag leibhéil uile na mbunscoileanna agus na n-iarbhunscoileanna ar fud oileán na hÉireann tionscadal a chur isteach a aithníonn eachtra nó duine ar leith ó na deich mbliana 1912 – 1922 agus a scrúdaíonn an tionchar a bhí ag an eachtra sin nó an duine sin ar a gceantar áitiúil. Is féidir le tionscadal díriú ar aon eachtra nó duine ón tréimhse 1912-1922 nó, de rogha air sin, is féidir leis díriú ar thionchar na ndeich mbliana mar iomlán ar an gceantar áitiúil.

Tabharfar duaiseanna do na trí thionscadal staire is fearr i ngach cúige. Cuirfear duais amháin ar a laghad i ngach cúige ar leataobh do bhunscoileanna/daltaí bunscoile.

Fágann sé sin go mbeidh dhá thionscadal déag san iomlán ina mbuaiteoirí. Roghnófar ceann amháin den dá thionscadal déag seo mar bhuaiteoir foriomlán.

Féadfar aitheantas a thabhairt do thionscadail eile a mheasann an painéal breithiúnais go bhfuil fiúntas ar leith leo, trí fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Scoilnet nó ar bhealach eile.

Is é 04 Aibreán 2014 an spriocdháta do thionscadail chríochnaithe agus fógrófar na buaiteoirí, agus bronnfar na duaiseanna, roimh dheireadh mhí Bealtaine 2014.

Tuilleadh eolais ar fáil ar www.education.ie

An bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge ag do pháirtí?

Deireadh Fómhair 10, 2013

Tá go leor cainte ann i measc phobal na Gaeilge faoi láthair faoi phleanáil teanga, an Ghaeltacht / an Ghalltacht, athneartú teanga sa phobal is araile. Nuair is cúrsaí an chroí atá i gceist, an amhlaidh an scéal?

D’iarr Meon Eile ar Ghaeilgeoirí an raibh sé tábhachtach go raibh an teanga ag a gcuid leathbhadóirí agus iad i gcomhluadar a chéile.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie.

VIFAX don Ghaeilge – Nuacht TG4 sa Seomra Ranga

Deireadh Fómhair 9, 2013

Tá an chéad eagrán de VIFAX 2013 ar fáil anois: http://www.nuim.ie/language/vifax/index.shtml

Acmhainn teagaisc agus foghlama atá fíorúsáideach (agus saor in aisce!) don mhúinteoir Gaeilge agus don fhoghlaimeoir féinriartha araon. Ábhar ar fáil ag bonnleibhéal, meánleibhéal agus ardleibhéal.

The first VIFAX of 2013 is now available. A most useful (and free of charge!) resource for teachers and learners alike, based on weekly TG4 news bulletins. Materials available at elementary, intermediate and advanced levels: http://www.nuim.ie/language/vifax/index.shtml

Gradaim Idirlín do Scoláirí Óga

Deireadh Fómhair 8, 2013

Beidh comórtas idirlín, Gradaim na nDamhán Alla de chuid Eircom, á oscailt go luath do scoláirí óga, chun aitheantas a thabhairt do shaothar teicneolaíochta dhaltaí scoile agus a múinteoirí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna na tíre.

I measc na gcatagóir uile, tá gradaim ar leith don suíomh Gaeilge is fearr, bíodh sin ina suíomh Gaeilge amháin, nó ina suíomh dátheangach. Is féidir láithreán gréasáin nó blag a chur san áireamh don chomórtas seo, ach go mbeidh an Ghaeilge á húsáid ann ar bhealach cruthaitheach agus nuálach. Tá an catagóir don ‘Suíomh is Fearr’ urraithe ag Foras na Gaeilge.

Roinntear an comórtas i réimsí ar leith: MEGA do bhunscoileanna; GIGA d’ iar-bhunscoileanna, blianta 1-3; agus TERA d’iar-bhunscoileannta, blianta 4-6. Faoi gach aon réimse tá catagóirí ar leith d’ábhar áirithe.

Anuraidh ba iad Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath a thóg leo an duais TERA don suíomh Gaeilge is fearr leis an suíomh ‘Níos Aclaí Anois’ agus bhí an bua ag Coláiste Cholmáin, Maigh Eo sa chatagóir céanna ag leibhéal GIGA lena suíomh ‘Irish Exam Guide’.

Osclófar an comórtas ar an 10 Samhain 2013, agus beidh go dtí 07 Feabhra 2014 ag scoláirí agus ag scoileanna chun cur isteach ar an gcomórtas. Eiseofar an gearrliosta ar an 19 Feabhra 2014, agus bronnfar na gradaim ag ócáid speisialta ar an 04 Márta 2014, san RDS i mBaile Átha Cliath 4. Beidh deis acu siúd ar fad a bhain an babhta ceannais amach a láithreáin ghréasáin a chur os comhair an phobail ag an ócáid seo.

Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas seo ar fáil ar www.juniorspiders.ie

Fearg agus Frustrachas i measc na Naíonraí

Deireadh Fómhair 8, 2013

Ag Comhdháil Bhliantúil na Naíonraí Gaelacha a bhí ar siúl i Luimneach an deireadh seachtaine seo caite, pléadh Fís Fhoras na Gaeilge d’Earnáil na Luathbhlianta.

Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Oideachais Fhoras na Gaeilge a bhí i láthair na comhdhála thar ceann an Fhorais. Ag deireadh Mheitheamh na bliana seo, chinn Bord Fhoras na Gaeilge go gcuirfí deireadh leis an scéim fhóirdheontais do naíonraí atá á riaradh ag Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ó 1999, gearradh é seo de bhreis agus €875,000 sa bhliain don earnáil réamhscolaíochta. Chuir Foras na Gaeilge in iúl ag an am nach bhfeictear don Fhoras “go bhfuil an Fóirdheontas criticiúil d’inmharthanacht naíonraí Gaeilge”.

Comhthéacs Reatha

Thagair Ó Coinn don chomhthéacs reatha ina bhfuil Foras na Gaeilge ag feidhmiú agus dúirt go bhfuil isteach agus amach le €1M gearrtha ó bhuiséad Fhoras na Gaeilge gach bliain le blianta beaga anuas, agus go leanfar le ciorruithe ar an mbonn seo go dtí 2015 ar a laghad. Luaigh sé na feidhmeanna agus na dualgais reachtúla atá ar Fhoras na Gaeilge go háirithe mar a bhaineann le húsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh mar aon le tacaíocht a chur ar fáil don oideachas trí mheán na Gaeilge agus múineadh na Gaeilge.

Réimse “Scartha”

Chuir Ó Coinn in iúl gur mheas sé go raibh mórán de ghnéithe den Ghaeilge á bhforbairt go neamhspleách ar a chéile, idir gaeltacht agus galltacht, thuaidh agus theas, idir na réimsí éagsúla: forbairt phobail scartha ó fhorbairt an oideachais – laistigh de réimse an oideachais féin go bhfuil an tacaíocht a chuirtear ar fáil don oideachas scartha: an réamhscolaíocht idir an tuaisceart, an deisceart agus an Ghaeltacht; réamhscolaíocht ó ghaelscolaíocht, scolaíocht trí mheán an Bhéarla ó scolaíocht trí mheán na Gaeilge. Léirigh Ó Coinn go dteastaíonn ó Fhoras na Gaeilge go mbeidh na snáithe éagsúla den réimse ag comhoibriú agus ag comhphleanáil lena chéile, go mbeidís ag ullmhú a straitéisí i gcomhar lena chéile, agus go mbainfear buntáistí as sin, go háirithe más pleanáil teanga ag leibhéal an phobail an toradh a thagann as comhtháthú thar réimsí oibre.

An Straitéis 20 Bliain

Leagtar an-tábhacht sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar an oideachas réamhscolaíochta áit a ndeirtear: “Is gnéithe tábhachtacha d’athneartú na Gaeilge iad foghlaim neamhfhoirmiúil agus foghlaim réamhscoile. Léiríonn an taighde ar fad sa réimse seo gur sna luathbhlianta is fusa teanga nua a shealbhú. Tá sé i gceist mar sin go mbeidh leibhéal éigin d’oideachas Gaeilge réamhscoile ar fáil i ngach áit”.

Agus é ag plé na Straitéise 20 Bliain, dúirt Ó Coinn má tá oideachas réamhscoile le cur ar fáil i ngach áit go mbeidh gá díriú ar sholáthar nua a fhorbairt in áiteanna nua, in áit a bheith ag tacú leis an rud atá bunaithe cheana féin. Ag labhairt faoi inbhuanaitheacht na naíonraí aonair, mhínigh Ó Coinn go bhfuil súil ag Foras na Gaeilge gur féidir le tionscadail a mhaoinítear leanúint ar aghaidh tar éis a mhaoinithe nuair atá siad bunaithe mar is ceart, agus gur sa chomhthéacs seo atá siad ag breathnú ar na naíonraí aonair atá bunaithe go dtí seo.

Roghanna

Chuir Ó Coinn earnáil na réamhscolaíochta i gcomparáid le scéimeanna deontais eile a bhíonn á riaradh ag Foras na Gaeilge ar nós Scéim Pobal Gaeilge agus an maoiniú a chuirtear ar fáil do dhá stáisiún raidió pobail. D’ardaigh Ó Coinn an cheist, má tá an maoiniú ag dul i laghad agus má leantar ag tacú leis an soláthar reatha, cé as a thiocfaidh an fhorbairt? Dúradh go bhfuil trí rogha ag Foras na Gaeilge agus iad ag machnamh ar thodhchaí na réimsí seo:

a. Maoiniú a bhaint de thionscadal reatha agus ligean dóibh titim as a chéile
b. Gan maoiniú a chur ar fáil do sholáthar nua
c. Inbhuanaitheacht a chinntiú ionas gur féidir le tionscadal maireachtáil tar éis a bhaintear a mhaoiniú.

Agus é ag breathnú chun tosaigh, dúirt Ó Coinn gur gá teacht ar bhealach atá comhphleanáilte, agus comhtháite le bheith cinnte gur féidir teacht ar mhúnla maoinithe a bheidh inbhuanaithe. Dúirt sé go bhfuil sé riachtanach go ndéanfaí forbairt, agus fiú mura bhfuil sé daonlathach, inghlactha ag an earnáil, nó cóir gur gá féachaint i dtreo na gceantar atá faoi mhíbhuntáiste nó go bhfuil an daonra íseal iontu, agus tús áite a thabhairt dóibh sin agus do na ceantair is mó ina bhfaighfear toradh ar an infheistíocht.

Dúirt Ó Coinn gur aithin Foras na Gaeilge rí-thábhacht na réamhscolaíochta d’fhorbairt na Gaeilge ag cuid mhór leibhéal sa phobal, san oideachas agus le tuismitheoirí. Chuir sé in iúl gur mheas sé gur bhain cur chun cinn agus tacaíocht don réamhscolaíocht ní hamháin leis na 4 eagraíocht réamhscolaíochta (Altram, FNT, Na Naíonraí Gaelacha agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta), ach leis na heagraíochtaí eile bunmhaoinithe atá ag cur na Gaeilge chun cinn ag leibhéal an phobail.

Labhair Ó Coinn faoi institiúidí eile stáit agus dúirt go bhfuil sé tábhachtach go meallfadh gluaiseacht na Gaeilge na hinstitiúidí sin chun freagracht a ghlacadh ar fhorbairt reatha na Gaeilge, agus go gcuirfidís maoiniú ar fáil do thionscadail trí Ghaeilge laistigh dá réimsí cúraim féin.
Aisfhreagairt na Naíonraí

Nuair a bhí Ó Coinn críochnaithe lena chuid cainte, bhí deis ag an lucht féachana, arbh stiúrthóirí naíonra iad a bhformhór, tuairimí a nochtadh maidir le cinneadh an Fhorais i leith an fhóirdheontais agus i leith dhearcadh an Fhorais ar an earnáil réamhscolaíochta.

Chuir Stiúrthóir Naíonra ó Bhaile Brigín in iúl gur bhunaigh sí naíonra sa bhliain 2005, a thosaigh amach le seisear páiste ach atá anois ag freastal ar os cionn deich oiread sin, agus go mbeidh uirthi an naíonra sin a dhúnadh an bhliain seo chugainn, agus ligean leis an ochtar atá fostaithe aici. Léirigh sí, trí fhigiúirí a roinnt ar an slua, gur cinneadh gearr-radharcach a bhí glactha ag Foras na Gaeilge chun airgead a shábháil, mar sa fadtéarma go gcosnódh an cinneadh seo airgead ar an stát, trí laghdú sa cháin a ghintear ar lámh amháin, agus trí íocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar an lámh eile.

Labhair Stiúrthóir Naíonra as Leamhcán agus dúirt go gcuirfeadh an ciorrú is déanaí a bhí déanta ag Foras na Gaeilge ar na naíonra bac iomlán uirthi agus ar a foireann cur lena cuid oideachais chun caighdeán na seirbhísí a choimeád ag an leibhéal is airde.

Labhair na Stiúrthóirí Naíonra amach go láidir i gcoinne na gciorruithe agus cáineadh Foras na Gaeilge as an gcinneadh a fhógairt gan dul i gcomhairle leis na naíonraí. Fiafraíodh cén fáth a fuarthas réidh leis an bhfóirdheontas ina iomlána in áit méid an deontais a chiorrú de réir a chéile.

D’fhiafraigh bean amháin cén plean fadtéarmach a bhí ag Foras na Gaeilge do naíonraí amach anseo, agus d’impigh sí ar an bhForas athmhachnamh a dhéanamh ar a bhfuil beartaithe mar dár léi go bhfuil siad ag baint an bonn ón struchtúr reatha ar mhaithe le ‘forbairtí’ in áiteanna eile. Is iomaí Stiúrthóir a tharraing aird ar an infheistíocht fhadtréimhseach atá déanta acu féin sa struchtúr reatha, trí ionaid a cheannach nó a léasáil, agus trí ghréasáin leathan a bhunú, agus go bhfuil seo ar fad le tarraingt as a chéile, agus iad féin fágtha le fiacha móra mar gheall nach dtiteann siad isteach sna catagóirí atá faoi mhíbhuntáiste de réir mar atá á leagan amach ag Foras na Gaeilge.

Agus é ag tabhairt aghaidh ar cheisteanna an tslua, dúirt Seán Ó Coinn gur thuig sé frustrachas na Stiúrthóirí agus nach dteastaíonn ó Fhoras na Gaeilge go mbeidh “naíonraí á ndúnadh, nó go mbeidh deireadh á chur le seirbhísí réamhscolaíochta. Teastaíonn uainn ár bhfócas agus ár n-acmhainní a chur i dtreo tacaíochtaí a chur ar fáil don réamhscolaíocht in áiteanna nua, agus is gá dúinn mar sin idirdhealú a dhéanamh idir cheantair ar leith feiceáil cá bhfuil an riachtanas is mó, agus cár féidir an toradh is fearr a bhaint amach”.

Foilsithe ar Gaelport.com

Leabhair nua Mála Mór

Deireadh Fómhair 8, 2013

Leabhair nua Mála Mór

Slatiascaireacht Áineasa Éireann

Deireadh Fómhair 7, 2013

Is eagraíocht uile-Éireannach, dheonach, neamhbhrabúis é RAI a bhunaidh slataiscairí na tíre deich mbliana ó shin faoi choimirce An Chomhairle Spóirt agus An Príomh Bhord Iascaigh.

S’é príomh aidhm na heagraíochta ná daoine óga a chur ar eolas faoi shlatiascaireacht.

Glacaimid le grúpaí dhaoine óga (idir cailíní agus buachaillí atá idir 8 mbliana agus 18 mbliana) agus múinimid dóibh conas slat iascach a láimhséail agus gach a théann leis comh maith le meas an dtimpeallacht a spreagadh. De gnáth bíonn suas le fiche duine i ngach ngrúpa. Tá coitseálaithe cáilithe I bhfeighil na gcúrsaí seo ( cuid acu ina niar-mhúinteoirí)

Aon scoil gur mhaith leis bheith páirteach í gcúrsa mar seo cun leannaí scoile a chur ar eolas faoi shlataiscaireacht déan teagmháil le Patrick F Byrne, Hon. Secretary, Recreational Angling Ireland: Ríomh phost: pfbyrne5@gmail.com.

Eolas ar Éisc – Fish Facts

Chomh maith, tá leabhrán dháthangach foilsithe againn le déanaí d’ár teideal Eolas ar Éisc (Fish Facts) (leis an tOllamh Peter Wilson). Tá seo ar fáil do na scoileanna ar leath-phraghas: €5 an ceann nó 10 gcinn ar €40 ag an seoladh thuas.

Gearrliosta ‘Leabhar na Bliana’ foilsithe

Deireadh Fómhair 7, 2013

Foilsíodh inniu gearrliosta na leabhar Gaeilge atá faoi scrúdú do ghradam ‘Leabhar na Bliana’. Roghnaíodh deich leabhar san iomlán, cúig cinn ar an ngearrliosta de leabhair do dhaoine óga agus cúig leabhar ar ghearrliosta an ghradaim de leabhair do dhaoine fásta. Foras na Gaeilge a chuireann ciste ar fáil don chomórtas agus Oireachtas na Gaeilge a dhéanann an riarachán ina leith

Bronnfar Gradam Réics Carló (daoine óga) ar cheann amháin de na leabhair seo:

  • Mise agus an Dragún, scríofa ag Patricia Forde, maisithe ag Steve Simpson, foilsithe ag Futa Fata
  • Gráinne Mhaol, scríofa ag Gisela Pizzatto, maisithe ag Bruno Bull, foilsithe ag Cló Mhaigh Eo
  • Báidín Fheidhlimidh, Ionad Oideachais Ghort an Choirce a léírigh an pacáiste, , maisithe ag Dara McGee agus Deirdre Brennan, foilsithe ag Eoghan Mac Giolla Bhríde & Éabhlóid Vaimpír san Áiléar, scríofa ag Orna Ní Choileán, maisithe ag Alan Keogh, foilsithe ag Cois Life
  • An Toirtís Chainteach, scríofa ag Aoife Ní Dhufaigh, maisithe ag Dómhnal Ó Bric, foilsithe ag Gathanna Gréine

Bronnfar Gradam Uí Shúilleabháin (daoine fásta) ar cheann amháin de na leabhair seo:

  • Conamara agus Boston, scríofa ag Máirtín Ó Catháin, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht
  • Leabhar Laethanta, scríofa ag Donla uí Bhraonáin, foilsithe ag Cois Life
  • Leabhar Mór na nAmhrán, curtha in eagar ag Mícheál O Conghaile, Lochlainn Ó Tuairisg agus Peadar Ó Ceannabháin, foilsithe ag Cló-Iar Chonnacht
  • An Blascaod Mór, le Daithí agus Mícheál de Mórdha, foilsithe ag The Collins Press
  • An Béal Bocht, scríofa ag Myles na gCopaleen, foilsithe ag Cló Mhaigh Eo

Fógrófar an bheirt bhuaiteoirí ag ócáid i mBaile Átha Cliath i lár Mhí na Samhna. “Meitheal mhistéireach is ea an scríbhneoir, an t-eagarthóir, an foilsitheoir agus an maisitheoir leabhar, an fhoireann dhlúth sin a thugann leabhar ar an saol”, a deir Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Is saothar ealaíne ann féin gach leabhar atá ar ár gcuid gearrliostaí inniu agus tréaslaím a gcruthaitheacht agus a ndúthracht leis na meithleacha a thug chuig an bpobal léitheoireacht iad. Cúis áthais d’Oireachtas na Gaeilge go bhfuil an t-aitheantas cuí á thabhairt do na foilseacháin úra seo.”

Ag tagairt don ghearrliosta, dúirt Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Tá caighdeán na leabhar Gaeilge ag dul i dtreise gach aon bhliain agus ní haon eisceacht é caighdeán na bliana seo. Le maoiniú €80,000 ó Fhoras na Gaeilge, tá feachtas mór ar bun mar thacaíocht d’obair fhoilsitheoirí leabhar Gaeilge chun spotsolas a scaladh ar líon agus ar ardchaighdeán na leabhar atá ar fáil agus beidh tréan-iarracht ar siúl ag an earnáil foilseachán leabhar Gaeilge, ag súil gurb í seo an bhliain díolaíochta is fearr riamh a bheidh acu – agus béim mhór á cur ar leabhair Ghaeilge mar bhronntanais Nollag”.

Tuilleadh eolais;
Conall Ó Móráin, The Media Group, 087 2463 111

Nuachtlitir Futa Fata

Deireadh Fómhair 7, 2013

Nuachtlitir Futa Fata

« Previous PageNext Page »