Seanscéalta Éireannacha á n-athinsint do ghlúin úr – Leabhair chlóite agus ríomhleabhair arna bhfoilsiú
Deireadh Fómhair 4, 2013
Tá an chéad cheann de shraith nua leabhar do pháistí á sheoladh ag Inis Publications, agus é mar aidhm acu an mhiotaseolaíocht agus na finscéalta Éireannacha a thabhairt ar ais isteach sa seomra ranga…
“Nuair a bhí mo pháistí níos óige agus ag tabhairt leabhair Ghaeilge abhaile ón nGaelscoil, b’ábhar díomá dom go raibh a laghad sin de sheanscéalta na hÉireann iontu. Agus mé féin ag freastal ar an mbunscoil, bhíodh na finscéalta sna leabhair léitheoireachta againn, agus thaitin siad go mór liom, “ arsa Trish Hegarty, an t-údar agus stiúrthóir Inis Publications.
Is é The Brown Bull of Cooley – An Donn Cuailgne an chéad leabhar den sraith nua seo, ina ndéantar finscéalta Éireannacha a athinsint do ghlúin úr. Beidh na scéalta á bhfoilsiú mar leabhair chlóite agus mar ríomhleabhair. Déanann an t-údar Trish Hegarty, iar-iriseoir leis an BBC, na scéalta a athinsint go simplí i mbealach a oireann go maith don scéalaíocht. Tá na leabhair maisithe go galánta ag John Quigley, an t-ealaíontóir Ceilteach, agus aistrithe go Gaeilge ag Daire Ní Laoi, múinteoir naíscoile agus aistritheoir as Binn Éadair i mBaile Átha Cliath.
Sa chéad leabhar, insítear scéal Mhéibhe, Banríon Chonnacht, a théann sa tóir ar an Donn Cuailgne chun a chruthú dá fear céile gurb ise an duine is saibhre in Éirinn. Leabhar an-oiriúnach é seo le léamh do pháistí óga, nó mar leabhar léitheoireachta do phaistí ó 7 – 10 mbliana d’aois.
Tá The Brown Bull of Cooley – An Donn Cuailgne ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge, mar leabhar clóite agus mar ríomhleabhar. Is féidir cóipeanna clóite a ordú ar www.inispublications.com nó ar iarratas ó do sholáthraí áitiúil leabhair scoile. Tá an leagan Béarla agus an leagan Gaeilge den ríomhleabhar le ceannach ar Amazon agus ar Kindle.
Bileog nua foilsithe – Tacaíocht do Thuismitheoirí
Deireadh Fómhair 1, 2013
Tá bileog nua ar fáil ó GAELSCOILEANNA TEO. maidir le tacaíochtaí na heagraíochta do thuismitheoirí, is féidir cóipeanna a ordú saor in aisce trí ríomhphost a sheoladh chuig oifig@gaelscoileanna.ie agus seolfar amach sa phost chugat iad. Tá tuilleadh eolais agus freagraí ar na ceisteanna is coitianta a chuireann tuismitheoirí maidir leis an oideachas lán-Ghaeilge ar fáil anseo, agus is féidir na bileoga a íoslódáil mar PDF thíos.
- Tacaíocht do Thuismitheoirí – Bileog Eolais (taobh 1)
- Tacaíocht do Thuismitheoirí – Bileog Eolais (taobh 2)
BBnaG i nGaillimh agus Liatroim
Deireadh Fómhair 1, 2013
Seimineár, ‘Buntáiste Breise na Gaeilge’, do scoláirí ag teacht chuig Gaillimh agus Liatroim.
Cuirfear tús i gceann coicíse le sraith an fhómhair de sheimineáir fhostaíochta do dhaltaí sa cheathrú, cúigiú agus séú bliain in iar-bhunscoileanna ar fud na tíre arna eagrú ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Go dtí seo, ghlac os cionn dhá chéad iar-bhunscoil agus 7,000 dalta scoile páirt sa tsraith de sheimineáir seo in ionaid éagsúla timpeall na tíre. Le linn an tseimineáir pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairme beatha. Bíonn cur i láthair na n-aoichainteoirí spreagúil, spleodrach, agus rachaidh taithí na gcainteoirí i bhfeidhm ar an lucht éisteachta, le go gcuimhneoidh siad ar an nGaeilge agus iad ag roghnú a ngairmeacha beatha féin amach anseo. Ar Dé Céadaoin, 16 Deireadh Fómhair beidh an seimineár ar siúl i gCora Droma Rúisc i gCo. Liatroma agus ar Déardaoin, 17 Deireadh Fómhair cuirfear an seimineár ar fáil i mBóthar na Trá i gCo. na Gaillimhe.
I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid spreagúil in óstán An Landmark i gCora Droma Rúisc beidh Ciarán Mac an Bhaird, Léachtóir le Gnó agus le Bainistíocht in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Labhróidh an craoltóir cumasach Barbara Nic Dhonnacha freisin, agus í ag cur síos ar a post mar láithreoir ar chlár dátheangach le iRadio. Cuirfidh Barra Mac Thiarnáin, a tógadh i gCill Tiobraid, Co. Liatroma cur síos ar na buntáistí a thug an teanga dó agus ar a chuid oibre leis an óige le Cumann na bhFiann. I measc na gcainteoirí eile beidh Seán Ó Súilleabháin as Achadh na Cloiche, Co. Longfort atá an-ghníomhach leis an nGaeilge go háitiúil i gCo. Liatroma le fada anois. Tabharfaidh Seán léargas iontach don lucht éisteachta ar an tríocha bliain a chaith sé ag obair mar leabharlannaí i mBéal an Átha Móir i gCo. Liatroma. Ar Déardaoin, 17 Deireadh Fómhair, tabharfar aghaidh siar ar Bhóthar na Trá, i gCo. na Gaillimhe áit a mbeidh lá iontach geallta do dhaltaí iar-bhunscoile na Gaillimhe. Déanfaidh iar-iománaí de chuid na Gaillimhe, Joe Connolly cur síos ar an tábhacht atá ag baint lenár dteanga dúchais mar aon leis na deiseanna a thug an teanga dó féin go pearsanta. Beidh cuimhne go deo ag daoine ar an óráid stairiúil a thug Joe i bPáirc an Chrócaigh agus é ag glacadh le Corn Liam Mhic Chárthaigh le linn cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann i 1980.
Déanfaidh an t-aisteoir aitheanta Lochlann Ó Mearáin ag a bhfuil páirt Dara aige sa sobalchlár Ros na Rún ar TG4 ar na deiseanna a fuair sé ina ghairm beatha mar aisteoir de bharr go raibh Gaeilge aige. Tabharfaidh an Láithreoir Nuachta le RTÉ, Siún Nic Gearailt agus Láithreoir ar an gclár Jig Gig ar TG4, Róisín Ní Thomáin, léargas ar a gcuid oibre agus iad ag déanamh cur síos ar dheiseanna don Ghaeilge sna meáin chumarsáide. Cuirfear seimineáir ar fáil i mí na Samhna in Óstán an Silversprings i gCorcaigh áit a mbeidh iar-iománaí de chuid Chorcaí, Seán Óg Ó hAilpín chun comhairle a chur ar dhaoine óga i dtaobh na Gaeilge mar aon le scoth na gcainteoirí eile. Leanfar leis na seimineáir i gCill Airne ar an 14 Samhain áit a mbeidh an craoltóir aitheanta, Mícheál Ó Muircheartaigh, mar aon le painéil d’aoichainteoirí den scoth ag roinnt a gcuid saineolais agus a dtaithí féin le scoláirí Chiarraí.
Le linn gach seimineár, cuirtear fáilte roimh cheisteanna ó na daltaí agus tugtar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na haoichainteoirí labhairt.
Más múinteoir scoile tú agus más spéis le do scoil páirt a ghlacadh i seimineár i do cheantar, déan teagmháil le Brígíd Ní Ghríofa, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge chun do scoil a chlárú go luath.
[T: 01 679 4780 | Rphost: brighid@comhdháil.ie]
Tá míle fáilte roimh an bpobal freastal ar na seimineáir seo ach clárú roimh ré.
Tá neart eolais maidir leis an tionscadal Buntáiste Breise na Gaeilge ar fáil ar: www.gaelport.com/bbnag
Foilsithe ar Gaelport.com
ESG le scor
Deireadh Fómhair 1, 2013
Ag cruinniú urghnách an Satharn seo caite, chinn Bord Stiúrtha Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta (ESG) go ndéanfaí an eagraíocht a scor.
Bunaíodh ESG, atá lonnaithe i mBaile Bhuirne i gContae Chorcaí, sa bhliain 2006 mar scátheagraíocht do bhunscoileanna agus meánscoileanna Gaeltachta. Tá diúltaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta aon mhaoiniú a chur ar fáil don eagraíocht ó thús na bliana seo chugainn ar aghaidh. Ó 2007 tá €780,000 ceadaithe ag an Roinn chun cur ar chumas ESG Príomhfheidhmeannach agus Oifigeach Riaracháin a fhostú agus oifig a riarú.
Creideann Bord ESG go bhfuil ról tábhachtach agus lárnach ag ESG i bhfeidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus ag déanamh ionadaíochta agus stocaireachta thar ceann na hearnála oideachais Ghaeltachta go náisiúnta.
Le breis agus dhá bhliain anuas, bhí ESG agus Gaelscoileanna Teo. i gcomhchainteanna maidir le cónascadh a shocrú idir an dá eagraíocht, ach cuireadh bac ar na cainteanna seo toisc nár éirigh leis an dá mhaoinitheoir a bhí i gceist – Foras na Gaeilge agus An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta – teacht ar aon réiteach maidir le cúrsaí maoinithe. Tá curtha in iúl inniu ag an Roinn nach bhféadfadh sí páirt a ghlacadh i gcomhráití idir dhá eagraíocht dheonach maidir le cónascadh na n-eagraíochtaí sin fad is a bhí an próiseas sin ag dul ar aghaidh.
Ag deireadh mhí na Bealtaine, agus é ag caint ag Comhdháil na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i mBaile Átha Cliath d’fhógair Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais, Seán Ó Foghlú, go bhfuil athbhreithniú iomlán le déanamh ar sholáthar oideachais trí Ghaeilge sna scoileanna Gaeltachta go luath.
Chuir an tArd-Rúnaí in iúl gurb é cuspóir an athbhreithnithe seo ná “roghanna éagsúla a aithint maidir le hoideachas trí Ghaeilge a sholáthar a bheidh ag teacht le riachtanais na bpobal Gaeltachta agus le riachtanais phleanála na gceantar Gaeltachta de réir Acht na Gaeltachta 2012”. Tá cinneadh na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun deireadh a chur le maoiniú ESG ag teacht roimh thorthaí an athbhreithnithe sin.
Deir Mairéad Ní Chualáin, Cathaoirleach Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta gur “am cinniúnach é seo don oideachas Gaeltachta i bhfianaise an athbhreithnithe atá fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus na hathruithe atá le teacht i bhfeidhm sna curaclaim i gceann bliana. Fágfar anois na scoileanna gan aon ghuth aontaithe don oideachas Gaeltachta chun ionchur a dhéanamh sna próiseas seo”.
Foilsithe ar Gaelport.com
Nuachtán nua Gaeilge do scoláirí
Deireadh Fómhair 1, 2013
An tseachtain seo caite, cuireadh tús le nuachtán nua Gaeilge, ‘Seachtain’, san Irish Independent a thagann mar chomharba ar an nuachtán ‘Foinse’.
Beidh Dáithí Ó Sé agus Micheál Ó Muircheartaigh ag soláthar ábhair go rialta don nuachtán seachtainiúil seo, agus bhí ailt leis na hiriseoirí Tomaí Ó Conghaile agus Ciarán Dunbar le feiceáil sa chéad eagrán. Chomh maith leis an nuachtán 8 leathanach a bheidh ar fáil saor in aisce leis an Irish Independent, beidh nuachtán eile, ‘Ar Fheabhas’, á chur ar fáil ag Independent Media do scoileanna ar fud na tíre.
Cuireadh iontas ar an bpobal roinnt seachtainí ó shin, nuair nár fhill ‘Foinse’ mar fhorlíonadh san Irish Independent ag tús na scoilbhliana nua. Bunaíodh ‘Foinse’ i 1996, agus cuireadh nuachtáin náisiúnta Gaeilge ar fáil go seachtainiúil go dtí samhradh 2009 le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Nuair a theip ar an maoiniú seo, rinneadh athsheoladh ar ‘Foinse’ i bhfómhar na bliana 2009, le leagan amach úr agus modh seachadta nua agus é ar fáil mar fhorlíonadh san Irish Independent.
Ag tús na bliana seo, d’fhógair Foras na Gaeilge go raibh cinneadh glactha acu chun deireadh a chur le conradh an nuachtáin seachtainiúil ‘Gaelscéal’ roimh dheireadh oifigiúil thréimhse an chonartha. Is í an chúis a thug Foras na Gaeilge leis an ngearradh seo ag an am ná nach raibh ag éirí leis nuachtán ó thaobh díolacháin de. Tugadh figiúr de 1,300/1,400 cóip in aghaidh na seachtaine mar líon iomlán an díolacháin sna siopaí.
I ráiteas a d’eisigh Foras na Gaeilge i mí Feabhra na bliana seo, cuireadh in iúl go “léiríonn cinneadh bhord Fhoras na Gaeilge, agus na cúiseanna a bhain leis, nach é an fhormáid chlóite an bealach is oiriúnaí le seirbhís nuachta a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge”. Cé go bhfuil Foras na Gaeilge i mbun taighde ar an ábhar seo ó earrach na bliana seo, agus gur reáchtáladh fócasghrúpaí agus cruinnithe poiblí maidir le seirbhísí nuachta Gaeilge timpeall na tíre, is cosúil nach bhfuil mórán dul chun cinn déanta go fóill maidir leis an scéim úr chun foilseachán nua a chur ar fáil in áit ‘Gaelscéal’.
D’iarr Gaelport.com ráiteas ó Fhoras na Gaeilge ar an gceist seo agus cuireadh in iúl go bhfuil “ceist na seirbhísí nuachta Gaeilge le hathphlé ag Bord Fhoras na Gaeilge ag an gcéad chruinniú eile a bheidh ar siúl ar an 1 Samhain 2013”.
Bíodh is go bhfuil nuachtán nua Gaeilge seolta anois ag Independent Media le haghaidh scoláirí na tíre, níl nuachtán Gaeilge ar fáil chun spéis Ghaeilgeoirí sa scríbhneoireacht Ghaeilge a chothú. Ní fios cé chomh fada is a bheidh sé go dtí go mbeidh foilseachán rialta clóite ar fáil trí mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge do léitheoirí na Gaeilge. Beidh súil ag pobal na Gaeilge go dtuigeann lucht déanta na gcinntí go bhfaigheann na ba bás, fhad is a bhíonn an féar ag fás.
Foilsithe ar Gaelport.com
Nuachtlitir TEG Fómhar 2013
Meán Fómhair 30, 2013
Le heolas faoi Scrúduithe 2014, Teastais TEG bronnta ar na Gardaí Síochána agus Stiúrthóirí Naíonraí, Acmhainní Teagaisc nua agus Eile!
Coláiste Ghlór na Mara ag ullmhú do 2014
Meán Fómhair 30, 2013
Coláiste Ghlór na Mara is going full steam ahead. The school will open its doors to First Year students for the 2014/15 academic year.
The uniform has been chosen and at present a supplier is being sourced. We will reveal it here when we have it ready!
The Board is also actively looking into the possibility of pupils having an ‘electronic schoolbag’ as pupils of Coláiste Ghlór na Mara and again we will release that information as soon as we have a definite plan.
During the month of October the position of Príomhoide for Coláiste Ghlór na Mara will be advertised with a view to filling that post and having the Príomhoide appointed from February 2014.
In November the Board will make contact with those who have registered an interest in attending Coláiste Ghlór na Mara for the academic year 2014/15 with a view to registering the pupils that are currently in Rang 6.
http://colaisteghlornamara.com
Dea-scéal do Gaelscoil Shliabh Rua
Meán Fómhair 30, 2013
Tá suíomh buan faighte againn i mBaile Uí Ógáin sa Chéim. Táimid ag súil le bheith ag bogadh isteach i Mí na Samhna 2014!!
We now have a permanent site in Ballyogan Lands, Stepaside. We expect to move in in November 2014!!
BEO 2013 – Comórtas d’amhráin nuachumtha as Gaeilge
Meán Fómhair 30, 2013
Tá sé aontaithe ag Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta urraíocht agus tacaíocht a thabhairt do chomórtas BEO 2013 d’amhráin nuachumtha mar pháirt de cheiliúradh Bhliain na Gaeilge 2013.
Tá BEO ar siúl ó 2009 agus cuireadh tús leis le 4 aidhm bhunúsacha a bhaint amach .
- Ardán a thabhairt do bhannaí ceoil óga na hÉireann
- Togra a chuir le chéile gur féidir a úsáid i rang scoile nó i gclubanna óige.
- Scileanna bainistíochta praiticiúla a theagasc do dhéagóirí
- An Ghaeilge a chuir chun cinn
Beidh comórtas BEO 2013 dírithe ar ghaelscoileanna agus ar mheánscoileanna ar fud na tíre chomh maith le clubanna óige, Cumainn Lúth Chleas Gael, Cumainn CCE, Ógras, FORÓIGE, Óige na Gaeltachta agus araile
Duaiseanna;
- €3,000 don chéad áit
- €1,000 don dara háit
- €750 don tríú háit
- €500 don ceathrú – ochtú áit.
Chomh maith le sin beidh na buaiteoir a roghnófar sa bhabhta ceannais ag dul amach ar cheirnín Sheachtain na Gaeilge 2014 le Raidío Rí Ra a bheas le fáil i gcóip de Foinse i Márta 2014 agus tá súil ardán a fháil do na buateoirí ar PONC XL lena chois.
An féidir linne cur isteach air?
Tá seo dírithe ar an aoisghrúpa 11 – 18 bliain d’aois. Fáiltítear roimh iarratais ó mheánscoileanna, gaelscoileanna, clubanna óige, coláistí samhraidh, clubanna CLG, cumainn CCÉ., Ógras, Spleodar, Foróige etc, ó thuaidh agus ó dheas, thoir agus thiar, a fhad agus go gcloítear leis an choinníoll i dtaobh aoise.
- Caithfidh an t-amhrán bheith nuachumtha agus i nGaeilge.
- Caithfidh gach iarrthóir bheith faoi 18 agus thar 11 ar an 30/10/13.
- Is féidir meantóir thar 18 a úsáid le treoir agus comhairle a lorg
- Ní thig leis an amhrán bheith níos faide ná 5 nóiméad.
- Caithfidh an duine/grúpa bheith sásta an t-amhrán a chanadh beo ag an babhta ceannais den chomórtas.
- Beidh ar gach iarratas físeán 10 nóiméad a dhéanamh ina bhfuil an t-amhrán á chanadh agus cur síos gearr déanta faoi scríobh an amhráin chomh maith le taifead de cheolchoirm a heagraíodh leis an t-amhrán a sheoladh go poiblí.
- Iarrtar ort fosta cruthúnas a chur ar fáil maidir le hiarrachtaí ar bith atá déanta le poiblíocht a fháil don togra sna meáin shoisialta, ( Facebook, Twitter, na meáin etc).
- Roghnófar 8 n-amhrán le páirt a ghlacadh i mbabhta ceannais na hÉireann.
Is togra do ghrúpa atá i gceist mar go mbeidh daoine éagsúil de dhíth le hamharc i ndiaidh na gníomhaíochtaí seo a leanas mar shampla.
a.Cumadh an amhráin
b.Ceol a chur leis
c.Físeán a ullmhú
d.Poiblíocht a fháil trí Twitter/Facebook
e. Cur i láthair a eagrú don bhabhta ceannais
Cur Chuige
- Spriocdháta le iarratas a chlárú agus Físeán a sheoladh isteach: 10 Deireadh Fómhair
- Babhta Ceannais na hÉireann: Le linn Scléip na hÓige ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne 31ú Deireadh Fómhair
Is feidir eolas breise agus foirm iontrála a fháil ón nasc seo: http://www.beoireland.com/song.php
Pátrúnacht bunscoileanna nua atá lena n-oscailt in 2014
Meán Fómhair 26, 2013
Ag Foghlaim le Chéile ceaptha mar phátrún ar scoileanna nua i nDumhach Thrá/An Rinn agus Cnoc na Cathrach, Gaillimh
Inniu, d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., toradh an phróiseas cinnte pátrúnachta do bhunscoileanna nua atá lena n-oscailt in 2014. Céim eile ar aghaidh é seo sa phróiseas ar cuireadh tús leis i mí an Mheithimh 2011 nuair a d’fhógair an tAire go raibh 20 bunscoil nua lena mbunú suas go 2015 i roinnt áirithe suíomhanna chun fónamh ar líon méadaitheach daltaí.
D’fhógair an tAire ag an am sin chomh maith na critéir agus na socruithe nua d’aithint na scoileanna nua. Ar na socruithe sin bhí bunú Ghrúpa um Bunú Scoileanna Nua, grúpa neamhspleách comhairleach, chun comhairle a chur ar an Aire i dtaobh pátrúnacht na scoileanna nua tar éis dóibh tuarascáil a bhreithniú a d’ullmhaigh oifigigh de chuid na Roinne. Ag fógairt pátrúnacht na scoileanna nua dó, dúirt an tAire Quinn: “Agus mé ag déanamh na gcinntí i dtaobh pátrúnacht na scoileanna seo, bhí mé ag smaoineamh ach go háirithe ar an éileamh soiléir ó na tuismitheoirí ar iolrachas agus ilchineálacht pátrúnachta a chur sa chuntas. Leis na scoileanna nua a bhfuiltear ag dul ar aghaidh leo beidh an rogha is mó is féidir ag tuismitheoirí agus neartófar ilchineálacht an tsoláthair sna ceantair ina bhfuil siad á gcur ar bun”.
Tá Ag Foghlaim le Chéile ceaptha mar phátrún ar scoil nua 16-rangsheomra do cheantar Dhumhach Thrá/Na Rinne i mBaile Átha Cliath agus ar scoil 8-rangsheomra do cheantar Chnoc na Cathrach i nGaillimh. Dúirt an tAire go mbreithneofaí ar cheart scoil 8-rangsheomra eile a bhunú do cheantar Chnoc na Cathrach in 2015 faoi phátrúnacht Lifeways Ireland Teo. Beidh sé seo faoi réir ag deimhniú eile a bheith faighte roimh ré go mbeidh leordhóthain éilimh ó na tuismitheoirí chun tacú leis an tsamhail agus an méid scoile seo ag an am seo.
Tá toilithe ag an Aire bunú bunscoileanna nua do Shord i mBaile Átha Cliath agus do Mhainistir na Corann/Carraig Thuathail i gCorcaigh a chur siar ag feitheamh ar athbhreithnithe ar na ceantair seo ag an Roinn. Agus na hiarratais a fuarthas á measúnú, i ngach cás breithníodh na critéir foilsithe mar a leagadh amach iad. Áirítear air sin méid na hilchineálachta sna scoileanna atá ann faoi láthair agus scála na hilchineálachta a bhí le cur ar fáil sa scoil nó sna scoileanna nua. Breithníodh é seo i gcomhar leis an leibhéal éilimh ó thuismitheoirí ar gach ceann de na pátrúin iarratasóirí. Ghabh an tAire a bhuíochas le baill an Ghrúpa as an ionchur luachmhar a bhí acu sa phróiseas. Adúirt sé: “Chuir mise tús leis an gcóras athbhreithnithe do scoileanna nua a bhunú agus pátrún na scoile a cheapadh i dtreo is gur próiseas oibiachtúil, trédhearcach a bheadh ann. Tá ról bunúsach ag an nGrúpa maidir le baint amach na gcuspóirí seo agus is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leo as a gcuid oibre sa réimse seo.”
Beidh oifigigh de chuid na Roinne i dteagmháil le Ag Foghlaim le Chéile go gairid maidir leis na lóistíochtaí a bhaineann le bunú na scoileanna nua atá ag dul ar aghaidh.