Deireadh curtha le scéim fhóirdheontais na Naíonraí
Lúnasa 6, 2013
Ag deireadh mhí Mheithimh, chinn Bord Fhoras na Gaeilge go gcuirfí deireadh leis an scéim fhóirdheontais do naíonraí atá á riaradh ag Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ó 1999.
Sa bhliain 2012, cuireadh € 876,900 ar fáil do FNT don scéim fhóirdheontais agus cuireadh maoiniú ar fáil chuige seo don chéad leath den bhliain 2013, ar luach €545,000 ach tá curtha in iúl anois ag Foras na Gaeilge nach n-íocfar aon airgead faoin scéim don tréimhse go Nollaig 2013. “Buille tubaisteach d’earnáil na réamhscolaíochta” atá tugtha ag Clíona Frost, Príomhfheidhmeannach ar Fhorbairt Naíonraí Teoranta ar an gcinneadh seo, agus dúirt sí go mbeidh suas le hocht naíonra le dúnadh agus 31 post curtha i mbaol de bharr an chinnidh. Dar le FNT nár tugadh aon fhógra dóibh, nó do Na Naíonraí Gaelacha go raibh an cheist seo faoi chaibidil ag Bord an Fhorais nó go raibh cinneadh le glacadh ina leith agus gur sa tairiscint ar bhunmhaoiniú don tréimhse Iúil – Nollaig 2013 do Fhorbairt Naíonraí Teoranta ó Fhoras na Gaeilge a tháinig cinneadh an Bhoird chun solais.
I ráiteas atá faighte ag Gaelport.com ó Fhoras na Gaeilge deirtear: “Bhí ceist ann faoin Scéim seo le cúpla bliain anuas agus chuir oifigigh Fhoras na Gaeilge in iúl go sonrach d’Fhorbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ag cruinniú ar 01 Márta 2013 go raibh Foras na Gaeilge ag amharc ar an cheist seo agus go raibh seans ann nach n-íocfaí fóirdheontais amach anseo. Ní gan fógra a tharla an cinneadh”. Tá curtha in iúl ag Foras na Gaeilge gur “maoiniú dúbailte” a bhí á chur ar fáil toisc go raibh íocaíochtaí ar fáil do naíonraí faoin scéim Rialtais reatha i ndáil le cúram agus oideachas na luath-óige. Labhair Gaelport.com le Rebecca Uí Bhruachail ó Naíonra Thír na nÓg i Mullach Íde i mBaile Átha Cliath. Cuireann an naíonra seo seirbhísí ar fáil do dheichniúir páistí agus baineadh úsáid as an scéim fhóirdheontais chun íoc as páipéarachas, áiseanna teagaisc, leabhair, bréagáin agus ranganna Gaeilge don fhoireann. In iomlán is tuairim agus €1,800 a bhí á fháil ag an naíonra seo sa bhliain tríd an scéim seo.
Deir Rebecca: “Nuair a dhún an naíonra don samhradh bhí beirt fostaithe ann, ach leis na ciorruithe seo, ní bheidh d’acmhainn againn an dara duine a fhostú. Faoin Acht um Chúram Leanaí 1996 is gá go mbeidh beirt san ionad i gcónaí i bhfeighil ar na páistí, agus mar sin beidh orm teacht ar dhuine a bheidh sásta tabhairt faoin obair seo go deonach, nó an naíonra a dhúnadh. Tá sé chomh simplí leis sin”. Is Stiúrthóir Naíonra í Catherine Allen ar Naíonra na gCéimeanna Beaga i gCathair na Mart a chuireann seirbhísí ar fáil do 22 páiste. Ciallóidh an ciorrú seo laghdú de os cionn €4,000 dá naíonra sa bhliain, agus dar le Catherine go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha aige ar chaighdeán na seirbhíse.
Deir Catherine: “Chabhródh an fóirdheontas chun íoc as gnáthchostais an naíonra, mar shampla leabhair, míreanna mearaí, áiseanna agus ranganna Gaeilge don fhoireann. Bunaíodh mo naíonra dhá bhliain ó shin, agus ghlac mé iasacht chun na costais bhunaithe a íoc. Níl an iasacht sin íoctha ar ais go fóill. Tá gach pingin tábhachtach dom agus mé ag iarraidh an tseirbhís is fearr a chur ar fáil. Gan an fóirdheontas seo, beidh post páirtaimseartha amháin á chailleadh i mí Meán Fómhair. Mar gheall ar an scéim ECCE, ní féidir liom na táillí a ardú do na tuismitheoirí. Leanfaidh mé orm don chéad bhliain eile, ach níl a fhios agam céard a dhéanfaidh mé amach anseo. B’fhéidir go mbeidh orm an naíonra a dhúnadh”.
Sa ráiteas ó Fhoras na Gaeilge a fuarthas, deirtear nach bhfeictear don Fhoras “go bhfuil an Fóirdheontas criticiúil d’inmharthanacht naíonraí Gaeilge”.
Foilsithe ar Gaelport.com
Tuarascáil ar fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge foilsithe
Lúnasa 6, 2013
D’fhoilsigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta tuarascáil ar dhúl chun cinn faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ar 23 Iúil.
Sheol Taoiseach an ama sin, Brian Cowen, an Straitéis 20 bliain ar an nGaeilge in 2010 leis an mór sprioc chun líon na gcainteoirí Gaeilge laethúil lasmuigh den chóras oideachais a ardú ó 83,000 duine go dtí 250,000 duine thar thréimhse 20 bliain.
Naoi réimse gnímh atá i gceist sa Straitéis, agus leagtar amach inti spriocanna ar leith faoi gach aon réimse. I measc na réimsí gnímh tá spriocanna ann i leith chúrsaí oideachais, An Ghaeltacht, An Teaghlach (Idirghabháil go luath), Riarachán, Seirbhísí agus Pobal, Na Meáin agus an Teicneolaíocht, Foclóirí, Reachtaíocht agus Stádas, Saol Eacnamaíochta agus Tionscnaimh Leathana.
Is ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá an fhreagracht uileghabhálach an Straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mór páirtithe leasmhara lena n-áirítear Ranna Rialtais eile.
Tugadh chun fios sa tuarascáil athbhreithnithe go bhfuil struchtúir bunaithe ón mbliain 2011 chun feidhmiú na Straitéise a fhorbairt agus monatóireacht a dhéanamh i leith na forbartha sin. Tá an Taoiseach mar Chathaoirleach ar an gCoiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Chomh maith leis sin tá Grúpa Idir-Rannach atá faoi chathaoirleacht an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus grúpaí eile d’oifigigh a bhíonn ag plé le hearnálacha éagsúla.
Chuir an tAire Stáit Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D. in iúl go bhfuil athbheochan na teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht mar ghné fíorthábhachtach den Straitéis.
Achtaíodh Acht na Gaeltachta i mí Iúil 2012 agus i measc príomhghnéithe an Achta tá sainmhíniú úr ar an nGaeltacht mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta ina mbainfear leas as critéir theangeolaíochta seachas critéir thíreolaíoch.
Léirigh an tuarascáil go bhfuil na chéad chéimeanna á dtógáil ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge chun tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga le heagrais agus le pobail i gceantair éagsúil sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht. I meas na gcéimeanna sin tá obair idir lámha i gcomhar leis an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ar threoirlíne ina leagfar amach próiseas trédhearcach chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir, bailte agus líonraí Gaeilge agus measúnaí a dhéanamh orthu. Tá córas á fhorbairt freisin chun eagraíochtaí a roghnú le pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.
Forbrófar Dioplóma i bPleanáil agus Buanú Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaillimh a bheidh dírithe ar fhoirne na n-eagraíochtaí pobail agus na gcomhlachtaí stáit a bheidh baint acu leis an bpróiseas pleanála teanga. Luadh chomh maith go bhfuil leagan nuashonraithe den Staidéir Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007) le foilsiú i bhfómhar 2013.
Tiocfaidh athraithe i bhfeidhm faoi Acht na Gaeltachta 2012 ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údaráis na Gaeltachta lena n-áirítear an athdhearadh a tháinig ar Bhord an Údaráis ó thoghchán poiblí de bhord de 20 comhalta go ceapachán an Aire Stáit agus Údaráis Áitiúla de 12 comhalta.
Leagadh amach chomh maith na scéimeanna tacaíochta Gaeilge agus Gaeltachta atá seolta ag an Roinn ar nós an Clár Tacaíochta Teaghlaigh a chuireann tacaíocht ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge agus luadh go bhfuil maoiniú curtha ar fáil ag an Roinn do réimse eagraíochtaí laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge.
Cuireadh in iúl na hiarrachtaí atá ar bun ag Ranna Rialtais éagsúla ar nós An Roinn Oideachais agus Scileanna atá ag tacú le curaclam nua comhtháite teanga do bhunscoileanna a fhorbairt ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) a chuimseoidh torthaí foghlama don Ghaeilge.
Léiríodh chomh maith go dtagann an coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht atá faoi stiúir an Taoisigh le chéile go rialta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ar chur i bhfeidhm na Straitéise. Luadh freisin go mbíonn na foilseacháin bhliantúla a eisíonn Roinn an Taoisigh ar fáil go dátheangach, mar shampla, na cláir don Lá Náisiúnta Cuimhneacháin, comóradh Éirí Amach na Cásca 1916 agus comóradh Dhónaill Uí Chonaill.
Agus é ag tagairt don tuarascáil, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge nach mórán nua a bhí le feiceáil sa tuarascáil is déanaí, agus go raibh “gníomhaíochtaí seanbhunaithe á ngléasadh suas anois mar rud éigin nua”. Lean De Barra “Is ábhar imní é do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge an mhoill atá ar fheidhmiú na Straitéise a foilsíodh beagnach trí bliana ó shin, tá an t-am ag sleamhnú tharainn agus ní mhór díriú anois, mar ábhar práinne, ar mholtaí an Staidéir Chuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil chuige sin”.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Is oth le Conradh na Gaeilge go bhfuil, ar an iomlán, easnaimh mhóra sna pleananna forfheidmithe chun An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Is gá don Rialtas breis acmhainní a chur ar fáil don teanga agus ní mór dóibh a bheith níos uaillmhianaí sna spriocanna a leagann siad amach. Chomh maith leis sin, is gá don Rialtas go práinneach an pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise agus, chuige sin, an struchtúr riachtanach ardleibhéil a bhunú idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta”.
Foilsithe ar Gaelport.com
Clár na nImeachtaí Gaeilge ag Fleadh Cheoil na hÉireann
Lúnasa 2, 2013
Oideachas sna hearnálacha eochairscíleanna le fáil ó Chláir nua Iarchéime in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Lúnasa 1, 2013
Tá Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC) tar éis réimse nua de chláir iarchéime a fhorbairt in earnálacha eochairscileanna ar nós sa Mhargaíocht Dhigiteach, Infreastruchtúr Inbhuanaithe, Innealtóireacht Gheospásúil agus i mBainistíocht Imeachtaí chun dul i ngleic leis na riachtanais atá aitheanta sa mhargadh fostaíochta.
Tá luach níos mó ná ríamh a chur ar an oideachas iarchéime san ionad oibre. Le hoideachas iarchéime, is féidir tógáil ar shaineolas bunchéime ná sin staidéar a dhéanamh i réimse iomlán éagsúil agus cur le do chuid cailíochtaí agus scíleanna.
Tá oideachas iarchéime den chéad scoth ar fáil ó ITBÁC atá dírithe ar fhorbairt gairme agus tá cáil bainte amach ag an Institiúid as barr feabhais a bhaint amach i múineadh agus i gcúrsaí taighde. Agus mac léinn ag staidéar ar chlár Máistreachta múinte ná clár Máistreachta dírithe ar thaighde, cabhraíonn an pobal fuinniúil idirghníomhach iarchéime atá san Institiúid leis an bhfoghlaim chomhchoiteann.
Tá an MSc i mBainistíocht Imeachtaí (an t-aon chlár Máistreachta i mBainistíocht Imeachtaí sa phoblacht) agus an clár nuálach, an MSc i Margaíocht Dhigiteach agus Anailísíocht – clár 16 mí faoi threoir cleachtóirí i saol na margaíochta dhigiteach, i measc na gcláir nua iarchéime atá ar siúl in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath an fómhair seo.
Maidir le cúrsaí innealtóireachta, tá ITBÁC ag seoladh clár nua MSc in Innealtóireacht Gheospásúil sa Scoil nua Suirbhéireachta agus Bainistíocht Foirgníochta i Sráid Bolton. Tá sé mar aidhm ag an gclár saineolais agus sainscíleanna a fhorbairt i gcéimíthe chun eolas geospásúil a thairgiú, a úsáid agus a bhainistiú.
Tá tábhacht faoi leith ag baint anois le hinbhuanaitheacht i bhfoirgníocht agus in innealtóireacht agus tá an ME in Infreastruchtúr Inbhuanaithe ceaptha chun sainscíleanna agus eolas a thabhairt do rannpháirtithe ar an dearadh teicniúil san earnáil thábhachtach seo.
Tá liosta iomlán de na clár nua iarchéime thíos agus tá go leor de chláir iarchéime na hInstitiúide go léir ar fáil ar bhonn lánaimseartha agus ar bhonn páirtaimseartha.
- MSc i mBainistíocht Imeachtaí (DT9143 lánaimseartha / DT9414 páirtaimseartha )
- MSc in Innealtóireacht Gheospásúil (DT9415 lánaimseartha / DT9416 páirtaimseartha)
- MSc i Margaíocht Dhigiteach agus Anailísíocht – (DT9333 páirtaimseartha)
- Réamhchúrsa Cáilíochta don MSc i Ríomhaireacht –( DT265B lánaimseartha, DT265C páirtaimseartha)
- MSc in Eolaíocht na Faisnéise Geografaí (DT9419 lánaimseartha / DT9420 páirtaimseartha)
- ME in Infreastruchtúr Inbhuanaithe – (DT9147 – lánaimseartha, DT9148 páirtaimseartha)
- Ard-Dioplóma i Ríomhaireacht – (DT265 lánaimseartha / DT265A páirtaimseartha)
Le haghaidh tuilleadh eolais agus chun iarratas a dhéanamh, téigh chuig: www.dit.ie/postgrad/
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi na cláir iarchéime go léir ó Oifig Gnóthaí Poiblí, ITBÁC ag 01-4027130 nó seol ríomhphost chuig lisa.jewell@dit.ie
Teideal Nua Réamhscoile ó Futa Fata
Lúnasa 1, 2013
Dainín: Bog Chun Siúil
Is breá le Dainín an zú. Tá oiread ainmhithe le feiceáil ann – agus oiread bealaí éagsúla acu le bogadh thart!
- Beidh páistí réamhscoile meallta ag na carachtair áille.
- Leabhair chairtchláir – breá láidir do na daoine beaga!
- Níl mórán béime leagtha ar fhoilseacháin réamhscoile ag foilsitheoirí Gaeilge – tá an-éileamh ar leabhair den chineál seo.
Eolas Breise:
Is é stiúrthóir Futa Fata, Tadhg Mac Dhonnagáin, a scríobh na leabhair seo. Tá cúlra láidir aige sa réimse réamhscoile. D’oibrigh sé mar mhúinteoir bunscoile, ag múineadh naíonáin bheaga, chuir sé clár réamhscoile, ‘Dilín o Deamhas’ i láthair ar RTÉ.
Faoin Maisitheoir:
Tá an-mheas ar shaothar an mhaisitheora Steve Simpson – obair na gcapall déanta aige do Futa Fata, Séideán Sí agus eile in Éirinn, Scholastic i Meiriceá agus foilsitheoirí eile i Sasana agus eile.Duine de na healaíontóirí is aitheanta sa réimse seo é Steve Simpson. Foilsíodh a chéad leabhar le Futa Fata, ‘Lúlú agus an Oíche Ghlórach’ sa tSín agus in Albain. Díoladh an dara leabhar ‘Cáca don Rí’ sa Chóiré agus arís in Albain. Tá sé foilsithe thar lear ag Scholastic i Meiriceá, Usborne i Sasana agus go leor eile.
An tEolaí Óg
Spreagfaidh an tsraith spéisúil seo eolaithe óga sa bhaile tríd an réimse leathan imeachtaí agus turgnaimh atá le fáil ann. Ceithre leabhar ar an iomlán atá sa tsraith seo, a bhreathnaíonn ar an eolaíocht i mbealaí éagsúla. Leabhar suimúil agus spraoiúil d’aon ábhar eolaí! Seo hiad na ceithre leabhar sa tsraith:
- An tEolaí Óg: Sa Ghairdín: Lán le turgnaimh spéisúla, beidh deis ag an t-eolaí óg triail a bhaint as gach rud idir phlandaí a chur ag fás agus muilleann gaoithe a chur ag séideadh.
- An tEolaí Óg: Sa Chistin: Foghlamóidh do pháiste faoi mheacháin éagsúla sreabhán agus éifeacht aeir ar thorthaí.
- An tEolaí Óg: Spraoi le hUisce: Ná bíodh faitíos ort a fháil fliuch leis an leabhar seo, a dhíríonn ar na gnéithe suimúla a bhaineann le huisce.
- An tEolaí Óg: Mo Chorp: Foghlamóidh do pháiste faoi na cúig céadfaí sa leabhar seo agus beidh deis acu dul i dtaithí orthu tríd imeachtaí suimúla.
An tÚdar
Ball d’fhoireann Sky News ab ea í Lisa Burke, mar láithreoir aimsire agus eolaíochta ó 2000-2010. Roimhe sin, bhain sí MA amach ó Ollscoil Cambridge san Eolaíocht Nádúrtha. Mhair a spéis san eolaíocht i gcónaí agus bhí sí ina moltóir don Aventis General Prize for Science Books. Cuireann sí faoi i Londain agus Abu Dhabi agus tá sí pósta le beirt eolaí óg dá cuid féin aici!
Futa Fata,
An Spidéal,
Co. na Gaillimhe,
Éire
Winner of Irish Web Awards : Best Irish Website 2012
Buaiteoirí Suíomh Gaeilge is fearr 2012
T: (+353)91 504 612
R: breda@futafata.ie
I: http://www.futafata.ie/
Déan Coinne le Doire : Turais threoraithe as Gaeilge
Lúnasa 1, 2013
Beidh Micheál Mac Ruairí ag déanamh turais trí Ghaeilge thart ar Bhallaí Dhoire agus i dTaobh an Bhogaidh ar an Domhnach 4ú Lúnasa ag tosnú ó Halla na Cathrach ar 11.00rn agus beidh na turais seo ar fáil i rith Fhleadh Cheoil na hÉireann (11ú – 18ú Lúnasa).
Scaip an scéal!
€4,050 ceadaithe do Naíonra Thuar Mhic Éadaigh
Iúil 31, 2013
D’fhógair an tAire Stáit don Ghaeltacht, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., ar maidin go bhfuil deontas de €4,050 ceadaithe aige mar chabhair do Choiste Naíonra Thuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo chun dromchla nua a chur ar chlós na scoile agus trealamh nua a cheannach.
Agus é ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit go raibh áthas air a bheith in ann an deontas seo a chur ar fáil chun an áis thábhachtach seo a fhorbairt. Dúirt sé freisin go bhfuil “ról an- tábhachtach ag an Naíonra seo i gcur chun cinn na Gaeilge sa cheantar”.
Foilsithe ar Gaelport.com
Cúrsa Garchabhair Iomlán trí Ghaeilge
Iúil 29, 2013
Tá Forbairt Naíonraí Teoranta i gcomhpháirt le Slán Sábháilte Teo. ag eagrú cúrsa garchabhair iomlán trí Ghaeilge. Is cúrsa trí lá é le páirtchreidiúint (5 phointe) FETAC/CDBO Leibhéal 5 (D20188).
Tá an cúrsa seo oiriúnach d’fhostaithe naíonra, d’ábhar oidí/do mhúinteoirí gaelscoile/scoileanna Gaeltachta, d’oibrithe in eagrais Ghaeilge, d’oibrithe óige/ógeagrais nó do mhic léinn ar mhian leo bheith ag obair le páistí (amach anseo).
Sonraí an Chúrsa
Dátaí: 14-16.08.13
Ionad: Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, B.Á.C. 2.
Am: 9.30r.n. – 5.00i.n.
Táille: €100.00
Spásanna Teoranta!
Teagascóir:
Gearóid Oman,
Slán Sábháilte Teo.
Póstaer eolais: Póstaer_CúrsaGarchabhair.
Is féidir clárú don chúrsa seo ar líne anseo anois.
Forbairt Naíonraí Teoranta
Suíomh Idirlíon: www.naionrai.ie
Manx animation to feature at Inter-Celtic festival in Lorient
Iúil 29, 2013
The first-ever animated film in Manx Gaelic is to be a major feature at the Festival Interceltique de Lorient next month. Caarjyn as Fenee (Friends and Heroes – in English) will be shown on Thursday 8 August in the Auditorium du Cercle St Louis at 16:55.
The unique Manx translation of the award-winning TV series is the culmination of a 5-year project, only made possible with the help of many local Manx speakers on the island, who became voice-actors for the cartoon characters in the film.
“This is ‘Yindyssagh erskyn towse’‐ (Fantastic above all measure) and is a real breakthrough for Manx Gaelic (Gaelg).” said Adrian Cain, Manx Language Officer for the Manx Heritage Foundation. “Each programme features a full Manx soundtrack as well as English and Manx sub‐titles, making a fantastic teaching and learning resource and helping give Manx Gaelic a much higher profile both on the island and internationally.”
Each episode of Friends and Heroes is set in the first century AD and follows the adventures of two children, Macky and Portia. As they engage in countless escapades and fight for justice across the Roman world, they share the timeless stories of the Bible and learn lessons that help them through many trials and tribulations. Each episode uses a combination of traditional hand‐drawn and stunning computer generated animation to bring the stories to life.
Caarjyn as Fenee officially launched last week as part of the annual Yn Chruinnaght festival, held on the Isle of Man. All 13 episodes (over 5 hours) of the First series are available in Manx in a 4-DVD set at just £20.
The Festival Interceltique de Lorient, or Inter-Celtic Festival of Lorient, is an annual Celtic festival, located in the city of Lorient, Brittany, France. Founded in 1971, this annual festival takes place in the heart of the city every August and is dedicated to the cultural traditions of the Celtic nations, highlighting Celtic music and dance and also including other arts such as painting, photography, theatre, film, sculpture, traditional artisan as well as sport and gastronomy. To find out more about the festival go to http://www.festival-interceltique.com
To see a sample of Friends and Heroes in Manx, or to purchase online go to www.friendsandheroes.com/manx
Press Contact: Brett Pitchfork – Marketing Director
Tel: +44 (0) 1624 811744
Email:brett.pitchfork@friendsandheroes.com
Tionól Cruthaitheach ar Athréimniú na Tíre á eagrú sa Bhoirinn
Iúil 26, 2013
Tá tionól cruthaitheach á eagrú ag an eagraíocht dheonach Teacht Aniar maidir le hathréimniú na tíre idir Phobal agus Ghaeilge.
‘Athréimniú na Tíre: Ag meabhrú ar Éirinn san 21ú aois idir Phobal agus Theanga’ a bheidh mar theideal ar an tionól seo a bheidh ar siúl sa Bhoireann, i gContae an Chláir ón 5-8 Meán Fómhair 2013.
Tá i gceist go dtabharfaidh an Tionól seo deis tuiscintí nua agus féidearthachtaí nua a phlé agus rudaí nua a shamhlú don tír, agus don Ghaeilge san am atá le teacht. Glacfaidh rannpháirtithe ó earnálacha éagsúla i saol na tíre páirt sa tionól seo a reáchtálfar ar feadh trí lá i gceantar na Boirne, an tírdhreach is ársa in Éirinn, chun a dtaithí agus a smaointe a roinnt ar a chéile.
Deir Breandán Mac Cormaic, duine de Stiúrthóirí Teacht Aniar, “Is í bunaidhm an Tionóil go mbeadh dearcadh agus cumais éagsúla i láthair ar bhonn measa agus comhionannais. Cé nach féidir a bheith cinnte roimh ré céard iad na torthaí a eascróidh as cruinniú cruthaitheach den saghas seo, gach seans go mbeidh tionscnaimh nua ag teacht ar an saol agus freagracht á glacadh i gcur chun chinn na tíre agus na Gaeilge de bharr na hoibre seo”.
Tá an tionól oscailte do chách, ach tá líon na rannpháirtithe srianta do 60 duine agus mar sin is fiú d’áit a chur in áirithe go luath. Reáchtálfar an Tionól go príomha trí mheán na Gaeilge ach tabharfaidh siad siúd a bhfuil Gaeilge acu cabhair dóibh siúd atá ar bheagán Gaeilge nó nach bhfuil aon Ghaeilge acu agus beidh na héascaitheorí ag feidhmiú go dátheangach.
Tá tuilleadh eolais faoin tionól ar fáil ag www.teachtaniar.eu, nó is féidir glaoch ar lucht eagraithe an tionóil, Breandán Mac Cormaic, 087 2444 593, nó Martin Hawkes 087 255 4815.
Foilsithe ar Gaelport.com