Dianchúrsa do dhaoine fásta
Iúil 24, 2013
Beidh dianchúrsa ann i Naomh Colm, Baile na Scríne CLG do dhaoine fásta ar an 3ú de mhí Lúnasa ón 10 am-3 pm.
Beidh trí leibhéal ar fáil, Bunrang, Meánrang agus Ardrang. Costas: £10 (lón san áireamh).
Más mian leat tuilleadh eolais agus le clárú déan teagmháil le Conchúr: conchur73@hotmail.com
Fáilte riomh chách
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: An Roinn Oideachais agus Scileanna
Iúil 24, 2013
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: An Roinn Oideachais agus Scileanna
Bliain 3 den Straitéis 20 Bliain: Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn
Iúil 24, 2013
D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., aréir tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le Feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge don tréimhse 2010-2013.
Foilsíodh an Straitéis sa bhliain 2010, agus deimhníodh i gClár an Rialtais 2011 – 2016 go dtacóidh an Rialtas leis an Straitéis. Naoi réimse gnímh atá i gceist sa Straitéis, agus leagtar amach inti spriocanna ar leith faoi gach aon réimse.
Tá cáineadh déanta ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le blianta beaga anuas, toisc go raibh pobal na Gaeilge míshásta maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise sin, agus cuireadh i leith na Roinne go raibh na maidí ligthe le sruth i dtaca le cur i bhfeidhm na Straitéise. An freagra a bhí ag an Roinn ar an gcáineadh seo ná nach raibh an Straitéis ach i gcéim an bhunaidh, agus go raibh na struchtúir oibríochta á mbunú le linn an ama sin, le go bhféadfaí an Straitéis a fhorfheidhmiú mar is ceart sa chéad chéim eile.
Agus é ag seoladh na tuarascála inné, thagair an tAire Stáit do na srianta acmhainní a bhaineann le feidhmiú na Straitéise agus dúirt “Is fíor gan amhras go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an méid atáthar a chaitheamh ar an Ghaeilge ón tréimhse ar foilsíodh an Straitéis in 2010”.
Ar na buaicphointí a luaigh an tAire Stáit atá bainte amach go dtí seo luadh achtú Acht na Gaeltachta 2012, acht é seo a ritheadh trí Thithe an Oireachtais ar luas lasrach roimh bhriseadh an tsamhraidh anuraidh gan glacadh le hoiread agus leasú amháin a bhí molta, agus gan aon chomhairliúchán poiblí.
Tagann an tuarascáil seo sna sála ar fhógairt a rinneadh coicís ó shin, nuair a fógraíodh go mbeidh athruithe móra i ndán d’earnáil dheonach na Gaeilge sa bhliain atá romhainn. Faoi láthair tá naoi n-eagraíocht déag ag brath ar bhunmhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus laghdófar seo go dtí naoi n-eagraíocht roimh mhí Iúil na bliana seo chugainn, agus de réir Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge beidh suas le hocht bpost déag le cailleadh ón earnáil. Ag am a bhfuil iarrachtaí ar bun ag an Stát chun an Ghaeilge a chur chun cinn laistigh den Straitéis, is aisteach go bhfuil an earnáil dheonach, a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail, á stróiceadh óna chéile céim ar chéim.
Leagtar amach sa tuarascáil a foilsíodh inné an dul chun cinn foriomlán atá déanta maidir le feidhmiú na Straitéise sa tréimhse 2010-2013 agus déantar cur síos ar na pleananna forfheidhmithe atá foilsithe ag na Ranna ábhartha maidir leis an Straitéis.
Fiú dóibh siúd atá míshásta le cur i bhfeidhm na Straitéise go dtí seo, cuirfidh siad fáilte roimh an tuarascáil seo, mar go ndéanann sé cur síos ar na gníomhartha atá le glacadh sna blianta beaga atá le teacht ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ag comhlachtaí Stáit eile. Ag breathnú ar an tuarascáil seo ar an mbealach is dearfaí, ní féidir bogadh chun tosaigh gan tuiscint ar an áit ina bhfuiltear, agus mar sin, leagann an tuarascáil seo amach dúinn céard atá bainte amach go dtí seo, agus na spriocanna atá le baint amach idir seo agus deireadh na Straitéise, agus cén dream a bheidh freagrach as na gníomhartha uile a chur i gcrích.
Is féidir an tuarascáil iomlán agus pleananna forfheidhmithe na gcomhlachtaí stáit a íoslódáil ag www.gaelport.com.
Cén focal Gaeilge is fearr leat?
Iúil 24, 2013
Inné ar Meon Eile, d’amharc muid ar dhúil an aosa óig sa teanga agus tionchar na teanga orthu. Inniu, tá muid ag amharc ar an tsuim atá acu san fhoclóireacht!
Mar chuid de Bhliain na Gaeilge, tá Comórtas ‘Céard é an focal is fearr leis an bpobal as Gaeilge?’ á eagrú ag Conradh na Gaeilge. Roimh bhriseadh an tsamhraidh, d’fhiafraigh muidne de pháistí meánscoile cén freagra a bhí acu ar an cheist… Féach an físeán ar www.meoneile.ie
ScoilFM – seirbhísí do scoileanna
Iúil 23, 2013
Tá comhlacht nuabhunaithe, ScoilFM, ag tairiscint seirbhís i nGaeilge do na scoileanna lán-Ghaeilge. Séard a dhéanann ScoilFM ná na dualgaisí bainistíocha a leanas a bhaint dóibh siúd atá cáilithe agus fostaithe chun oideachas a thabhairt do pháistí- gníomhuithe cothabhála / glanadh / ordú stáiseanóireacht / srianadh lotnaidí / slándáil / fuinneamh &rl. Solráthróidh ScoilFM formhór des na seirbhísí iad fhéin ar mhaithe le costaisí oibrithe a choimeád íseal. Aon uair gur gá, tabharfar saineolaí ar bord chun obair áirithe a dhéanamh.
Is comhlacht teoranta é ScoilFM atá ag trádáil ó 5 Corrán Anadal, Drom Conrach, BÁC 9. Stiúrthóir Bainistíochta agus Úinéir ScoilFM ná Mark Nolan, is féidir teagmháil a dhéanamh leis ar 087 812 1979 nó memarknolan@gmail.com.
‘Pompeii’ trí Ghaeilge in iomaíocht le scéal Will agus Kate
Iúil 23, 2013
Tá cruthaitheacht na ngael óg léirithe arís ag Coláiste Lurgan, le leagan As Gaeilge den amhrán clúiteach le Bastille, Pompeii.
Cuireadh an físeán seo ar fáil ar chainéal YouTube an choláiste aréir, agus tá oiread tóra air ó shin, go bhfuil sé in iomaíocht le físeán maidir le páiste nua Will agus Kate don phríomháit ar na físeáin is coitianta ar YouTube le 24 uair an chloig anuas.
Faoi láthair ar YouTube is é an scéal is mó tóra ná tuairisc de chuid an BBC gur saolaíodh mac do Bhandiúc Cambridge, ach sna sála ar an scéal sin, sa cheathrú háit, tá an físeán úr de chuid Coláiste Lurgan.
Gliogáil ar an nasc chun súil a chaitheamh air.
Tá cáil bainte amach ag Coláiste Lurgan, atá lonnaithe in Indreabhán, Conamara, le cúpla bliain anuas mar choláiste samhraidh nua-aimseartha. Bíonn tionscadail éagsúla ar bun i ngach cúrsa le comhoibriú leanúnach idir an fhoireann agus na scoláirí.
Bhain Coláiste Lurgan clú agus cáil amach anuraidh leis an leagan Gaeilge den amhrán ‘Some Nights’, le FUN, a casadh ar stáisiúin raidió náisúnta timpeall na tíre. As an obair seo uilig, tá an banna ‘Seo Linn’ tar éis teacht ar an bhfód agus tá éileamh mór orthu i saol na Gaeilge go dtí seo.
Is féidir breathnú ar na tionscadail atá curtha i gcrích ag Coláiste Lurgan go dtí seo ar www.youtube.com/tglurgan; agus tá tuilleadh eolais ar an gcoláiste ar fáil ag www.lurgan.biz.
Tá neart amhráin eile mór le rá clúaithe ag lucht TG Lurgan le blianta beaga anuas, agus le déanaí tharraing said aird na meán náisiúnta le hAmhrán na gCupán.
Turas Siúlóide i nGaeilge i mBaile Átha Cliath
Iúil 23, 2013
Díríonn na turais ar stair agus cultúr na tíre agus tá sé oiriúnach do gach aoisghrúpa Dé Sathairn seo chugainn – an 27 Iúil – dáta an chéad turais. Ag Áirse na bhFiúsailéirí a thiocfaimid le chéile, ag 2.15 pm. Tuilleadh eolais ar fáil ach ríomhphost a chur chuig kevmhickey@gmail.com. Féach an físeán maidir leis na turais anseo: Turas Siúlóide
Gaeil óga chun tosaigh ag Scoil Samhraidh Bhoirche Íochtar
Iúil 23, 2013
Tá Scoil Samhraidh Chonradh na Gaeilge i mBoirche Íochtar á reáchtáil i gceantar Áth na Long sna Beanna Boirche le hos cionn tríocha bliain anuas.
Díríonn an scoil ar chur chun cinn an chultúr Ghaelaigh i measc aos óg an cheantair. Bliain mhór í seo don Ghaeilge i gceantar nach n-aithnítear leis an teanga go hiondúil.
Osclaíodh Áras Pháirc na Mara ní ba luaithe i mbliana agus bhronn an Roinn Oideachais aitheantas oifigiúil ar Ghaelscoil na mBeann.
Ceithre scór óganach a d’fhreastal ar champa na bliana seo idir pháistí bunscoile agus pháistí meánscoile.
Seo chugaibh cuid den siamsaíocht ón scoil samhraidh agus an ghlúin óg ag cur síos ar a ndúil sa teanga: féach an físeán ar www.meoneile.ie
Acmhainní oideachais agus cluichí idirghníomhacha ar Logainm.ie
Iúil 22, 2013
Acmhainni oideachais ar Logainm.ie
Dianchúrsaí sa Ghaeilge i rith na Fleidhe
Iúil 19, 2013
An ar mhaith leat do chuid Gaeilge a chleachtadh, nó b’fhéidir tús a chur le foghlaim na Gaeilge don chéad uair? Tá deis iontach agat leis sin a dhéanamh le linn Fleadh Cheoil na hÉireann 2013. Beidh dianchúrsaí a sholáthar ag Coláiste an Phobail, ag Cultúrlann Uí Chanáin ar an Mháirt 13ú & an Chéadaoin 14ú Lúnasa ar leibhéil éagsúla. Beidh na ranganna ar siúl ó 11:00-16:00 ar an dá lá. Déanfar freastal ar gach cineál fhoghlaimeora agus beidh cúrsaí ann ar 3 leibhéal ó bhunfhoghlaimeoirí go daoine a bhfuil ardchaighdeán na Gaeilge acu. Beidh múinteoirí den chéad scoth i mbun na gcúrsaí; Fearghal Mag Uiginn, Pól Mac Giolla Eoin agus Malachy Ó Néill. Má tá suim agat clárú do dhianchúrsa nó má tá eolas breise de dhíth ort, déan teagmháil le Ciara nó Fiachra ar [028] 7126 4132 nó ag ciara@culturlann-doire.ie / fiachra@culturlann-doire.ie. Ba chóir teagmháil a dhéanamh chomh luath agus is féidir le do spás a chinntiú. Beidh costas £20 ar na cúrsaí seo don dá lá, beidh fáilte roimh chách.