Méid an Téacs

Deis do dhuine ó Mhaigh Eo obair i nGaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir

Iúil 12, 2013

Turas go Ceanada i mí Lúnasa … íocfar do bhealach ach seachtain teagaisc a dhéanamh … seo deis iontach don té atá in ann seachtain bhreise nó coicís fiú a chaitheamh thall (má iarrann tú sin).

Tá Gnó Mhaigh Eo agus Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir ag cur deis ar fáil do dhuine ó Mhaigh Eo nó duine a bhfuil cónaí orthu i Maigh Eo taisteal go Ceanada chun obair mar mhúinteoir ann le linn an chúrsa samhraidh a bhíonn acu ón 11-18 Lúnasa, íocfar costaisí taistil agus lóistín.

Tá Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir suite in Tamworth Ontario agus osclaíodh í ar an 16 Meitheamh 2007 nuair a shocraigh dream daoine a raibh grá ollmhór acu don Ghaeilge talamh a cheannach chun Gaeltacht a bhunú. An phríomhaidhm a bhí acu ná go mbeadh ceantar acu ina labhrófaí an Ghaeilge mar theanga phobail agus go mbeadh na traidisiúin Ghaelacha uilig beo beathach ann. 

Freastalaíonn gach saghas duine ar an nGaeltacht seo, idir dhaoine arb as Éirinn a sinsir agus dhaoine nach bhfuil baint ar bith acu leis an tír seo ach go bhfuil suim ollmhór acu sa Ghaeilge agus i dtraidisiúin na hÉireann. Déanann Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir iarracht na daltaí uilig a thumadh i chuile ghné den traidisiún Gaelach: an teanga, cúrsaí spóirt, damhsa, ceol, bia, piseoga, agus solathraíonn siad ranganna agus ceardlanna sna hábhair seo uilig i rith na gcúrsaí samhraidh.

Tá naisc láidir idir Mhaigh Eo agus Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir ag obair as láimh a chéile le blianta anuas, le múinteoirí ó Mhaigh Eo ag múineadh ann le trí bliana anuas, agus baill den Ghaeltacht ag freastal ar imeachtaí i Maigh Eo. Chaith duine amháin acu sé seachtaine ag foghlaim na Gaeilge i gCeathrú Thaidhg cúpla bliain ó shin, agus i mbliana chaith duine eile acu trí seachtaine i dTuar Mhic Éadaigh.

Má tá tú os cionn 21, Gaeilge líofa agat , taithí múinteoireachta agus taithí d’eagrú imeachtaí spraoiúla agus más maith leat páirt a ghlacadh i nGaeltacht Thuaisceart an Oileán Úir 2013, seol do CV chugainn le litir ag cur in iúl cén fáth gur chóir tusa a chur chuig Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir i mbliana chuig gno@gnomhaigheo.ie roimh 5.00i.n. Dé hAoine 19ú Iúil.

Gaeilge Locha Riach

091 870718 | oifig@lochariach.com | www.lochariach.com

 

Rúnaí ag teastáil i nGaelscoil Uí Earcáin

Iúil 8, 2013

Post Sealadach

Duine fuinniúil, le sárscileanna agus taithí rúnaíochta, riaracháin agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge atá de dhíth.

Bheadh taithí ar láimhseáil airgid ina chabhair chomh maith le scileanna maithe TEC agus eagrúcháin.

Seol CV & litir iarrtais roimh 29/7/2013 chuig:

An Cathaoirleach, Gaelscoil Uí Earcáin, Fionnghlas, B.Á.C. 11

nó i r-post go: priomhoideleah@gmail.com

Tuilleadh eolais: 086/2640912

 

Post do Phríomhoide Fógraithe

Meitheamh 28, 2013

Cuireann Bord Bainistíochta Ghaelscoil Naomh Pádraig fáilte roimh iarratais do phost mar phríomhoide ag tosnú ar an 28 Lúnasa 2013. Duine fuinniúil, le fís phearsanta do fhorbairt iomlán na scoile, le taithí bainistíochta agus sárscileanna riaracháin agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge atá de dhíth. Duine a cheiliúrann uathúlacht an pháiste agus a chuirfeadh leis an ardchaighdeán oideachais atá bainte amach go dtí seo atá uainn, a dhéanfadh forbairt iomlán ar an bpáiste sna gnéithe ceoil, teicneolaíochta, timpeallachta agus spóirt.

Bunaíodh Gaelscoil Naomh Pádraig (Uimhir Rolla:19940G) i 1989 agus tá sí lonnaithe i bhfoirgneamh buan nua-aimseartha ar Bhóthar an Chaisleáin, Leamhcán, Contae Bhaile Átha Cliath ó 2000. I Mí Mheán Fómhair beidh 22 múinteoir buan ar an bhfoireann, an príomhoide san áireamh, agus 480 dalta (figiúr réamh-mheasta) ar na rollaí. Is scoil chaitliceach í faoi phátrúnacht an Ardeaspaig, i nArddeoise Bhaile Átha Cliath.

Seol an fhoirm iarratais chaighdeánach do phríomhoidí, maraon le fianaise ar cháilíochtaí, teastas oideachais reiligiún, deimhniú ar chlárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta agus comhlíonadh ghrinnfhiosrúchán reatha na nGardaí chuig an gCathaoirleach, Gaelscoil Naomh Pádraig, Bóthar an Chaisleáin, Contae Bhaile Átha Cliath roimh an 15 Iúil 2013 ag 17.00.

Féach ar www.educationposts.ie

Stiúrthóir Naíonra – Sord

Meitheamh 13, 2013

Tá stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra nua atá beartaithe do cheantar Sord, Co. Átha Cliath. Uaireanta oibre: 9.15r.n. – 1.00i.n. (Luan go hAoine) 38 seachtain sa bhliain.
Is gá go mbeadh taithí 2 bhliain agus líofacht na Gaeilge (labhartha agus scríofa) ag an iarrthóir mar aon le cáilíocht CDBO Leibhéal 6 i gCúram Leanaí ar a laghad bainte amach ina iomláine.
Moltar go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag iarrthóirí chomh maith, nó iad a bheith sásta tabhairt faoi:
• TEG B2
• Dianchúrsa FNT
• Traenáil gharchabhrach
• Traenáil Chosaint Leanaí
Is gá go gcuirfeadh an iarrthóir 2 theistiméireacht scríofa ar fáil.
Má tá suim agat sa phost seo téigh i dteagmháil le Clodagh ar 087 9714370.
Dáta Deiridh: Dé Céadaoin, 31 Iúil, 2013

Foilsithe ar Gaelport.com

Feighlí leanaí

Meitheamh 12, 2013

Feighlí Leanaí le Gaeilge ag teastáil don samhradh.
Triúr páistí (aois: 6, 4 & 2) ó 1 Iúil do 13 Lúnasa (7 seachtaine)
35 – 40 uair sa tseachtain i Muileann gCearr, Co. na hIarmhí.

Tuilleadh Eolais: Aoife Joyce – 0868638420 nó aoife.joyce@ucd.ie
Foilsithe ar Gaelport.com

Stiúrthóir – Ionad luathoideachais

Meitheamh 12, 2013

Tá Stiúrthóir ag teastáil ón Early Years Education Centre i gCóbh, Co.Chorcaí.
Is gá go mbeadh líofacht na Gaeilge ag an iarrthóir (scrúdú TEG B2 molta), mar aon le céim Leibhéal 7 nó a 8 sna Luathbhlianta.
Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag an iarrthóir chomh maith, nó é a bheith sásta tabhairt fúthu:
– Dianchúrsa FNT
– Traenáil gharchabhrach
– Treanáil ‘Tús Áite do Leanaí’
Beidh gá le dhá theistiméireacht (scríofa) freisin agus le imréiteach a fháil ón nGarda Síochána.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoin bpost seo is féidir dul i dteagmháil le Margaret Barry-Murphy ar 0214814378 nó ar earlyyearscobh@gmail.com.
Is é an 12 Iúil 2013 spriocdháta an fholúntais seo.

Foilsithe ar Gaelport.com

Cumadóir cónaitheach

Meitheamh 11, 2013

Tá deis do chumadóir cónaitheach fógraithe ag Comhairle Co. Chiarraí.
Obair pháirt-aimseartha (20 uair/tseachtain) ag tosú Meán Fómhair 2013.
Beidh an té a cheapfar ag obair le grúpaí de dhaoine óga.
Conradh seirbhíse dar luach €12,000 – le liúntas taistil & costaisí san áireamh – atá i gceist.
Spriocdháta: 12:00 meán lae, Déardaoin 20ú Meitheamh
Tuilleadh eolais le fáil ó www.kerrycoco.ie.

Stiúrthóir Cúnta ag teastáil ó Naíonra i gContae Lú

Meitheamh 11, 2013

Post páirtaimseartha fadtéarmach atá i gceist, ag tosú i Mí Mean Fómhair 2013.
Is gá go mbeadh líofacht na Gaeilge ag an iarrthóir (scrúdú TEG B2 molta), mar aon le cáilíocht Leibhéal 5 nó níos airde sna Luathbhlianta.
Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag an iarrthóir chomh maith, nó é a bheith sásta tabhairt fúthu:
– Dianchúrsa FNT
– Traenáil gharchabhrach
– Traenáil ‘Tús Áite do Leanaí
Beidh gá le dhá theistiméireacht (scríofa) freisin agus le imréiteach a fháil ón nGarda Síochána.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoin bpost seo is féidir dul i dteagmháil le Joanne Uí Chuana ar 0831004362, nó seol CV chuig cooneychildcare@gmail.com chun cur isteach ar an bpost.
Is é an 28 Meitheamh 2013 spriocdháta an fholúntais seo.

Stiúrthóir Cúnta ag teastáil ó Naíonra i gContae na Mí

Meitheamh 11, 2013

Post páirtaimseartha fadtéarmach atá i gceist, ag tosú i Mí Mean Fómhair 2013.
Is gá go mbeadh líofacht na Gaeilge ag an iarrthóir (scrúdú TEG B2 molta), mar aon le cáilíocht Leibhéal 5 nó níos airde sna Luathbhlianta.
Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag an iarrthóir chomh maith, nó é a bheith sásta tabhairt fúthu:
– Dianchúrsa FNT
– Traenáil gharchabhrach
– Traenáil ‘Tús Áite do Leanaí
Beidh gá le dhá theistiméireacht (scríofa) freisin agus le imréiteach a fháil ón nGarda Síochána.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoin bpost seo is féidir dul i dteagmháil le Joanne Uí Chuana ar 0831004362, nó seol CV chuig naionrabettystown@gmail.com chun cur isteach ar an bpost.
Is é an 28 Meitheamh 2013 spriocdháta an fholúntais seo.

Stiúrthóir Naíonra

Meitheamh 6, 2013

Tá Stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra Sakura i gCill Mhantáin. Post lánaimseartha atá i gceist le tréimhse phromhaidh trí mhí.
Is gá go mbeadh líofacht na Gaeilge ag an iarrthóir (scrúdú TEG B2 molta), mar aon le CDBO Leibhéal 5 ar a mhéad.
Ba chóir go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag an iarrthóir chomh maith, nó é a bheith sásta tabhairt fúthu:

– Dianchúrsa FNT
– Traenáil gharchabhrach
– Treanáil ‘Tús Áite do Leanaí

Beidh gá le dhá theistiméireacht (scríofa) freisin agus le imréiteach a fháil ón nGarda Síochána.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoin bpost seo is féidir dul i dteagmháil le Margaret ar 045891278, nó ar magsakura1@eircom.net.
Is é an 28 Meitheamh 2013 spriocdháta an fholúntais seo.

Foilsithe ar Gaelport.com

« Previous PageNext Page »