Méid an Téacs

Cruinniú faoi thodhchaí na Gaeilge i gCill Dara

Feabhra 14, 2011

Tá Sult na Sollán agus Glór na Ríogh, le tacaíocht ó Chomhluadar, Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael, ag eagrú cruinnithe poiblí maidir le todhchaí na Gaeilge i gCo. Chill Dara.
 
Beidh an cruinniú ar siúl ar an Déardaoin, 17 Feabhra 2011, ag 08.00i.n. sa Bridgewater Inn (thuas staighre), Na Solláin, Co. Chill Dara.
 
Beidh ionadaithe ann ó na heagraíochtaí agus grúpaí deonacha Gaeilge sa cheantar chomh maith le daoine ón bpobal le spéis acu sa Ghaeilge mar theanga phobail i gCo. Chill Dara. Tá cuirí tugtha d’iarrthóirí an Olltoghcháin sa dhá dháilcheantar i gCo. Chill Dara.
 
Deir Daithí de Faoite, Oifigeach Caidreamh Poiblí, Sult na Sollán: “Is cinnte go bhfuil an Ghaeilge an-láidir i gCo. Chill Dara agus beidh deis ag an gcruinniú eolas a roinnt faoin sárobair ag dul ar aghaidh leis an nGaeilge a spreagadh sa chontae agus conas deiseanna úsáid na Gaeilge a ardú i measc an phobail. Beimid ag tabhairt aghaidhe ar na chéad chéimeanna i dtreo Cultúrlainne Gaeilge a fhorbairt do phobal an chontae.”

Polasaí Fhine Gael le plé ag cruinniú sa Daingean

Feabhra 14, 2011

Ag éirí as an bpolasaí sonraithe ag Fine Gael maidir leis an nGaeilge gan a bheith éigeantach san Ardteist, beidh cruinniú poiblí á thionól chun an cheist seo ar fad a chíoradh in Óstán Benner, An Daingean, oíche Déardaoin seo, 17 Feabhra, ag 8.00pm.  
 

Tá cuireadh tugtha do na hiomaitheoirí áitiúla ar fad sa toghchán a bheith i láthair d’fhonn deis a thabhairt dóibh a ndearcadh ar an gceist seo ar fad a roinnt le pobal na Gaeltachta agus leis an bpobal i gcoitinne.
 
Tá an cruinniú á chur in eagar ag:
 

  • Tuismitheoirí na Gaeltachta
  • Oidhreacht Chorca Dhuibhne
  • Uachtarán, Conradh na Gaeilge
  • Todhchaí na Gaeltachta
  • Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
  • Comharchumann Dhún Chaoin
  • Ceiliúradh an Bhlascaoid
  • Cumann Cearta Sibhialta na Gaeltachta
  • Corca Dhuibhne ag Caint
  • Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh
  • Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta
  • Cumann Caide na Gaeltachta
  • Comharchumann Forbartha Mhúscraí
  • Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh
  • Ionad Cultúrtha, Baile Mhúirne
  • Aisling Geal, Múscraí

Irish: if we really care about it, let’s stop the pretence

Feabhra 14, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Scoil Earraigh don Phleanáil Teanga – An Mionteangachas: an Duine sa Phobal

Feabhra 11, 2011

Tugann Ollscoil na hÉireann Gaillimh cuireadh dóibh siúd ar spéis leo an phleanáil teanga agus an éagsúlacht chultúrtha, freastal ar Scoil Earraigh don Phleanáil Teanga a bheidh á reáchtáil ag Aonad na Pleanála Teanga, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Dé Luain 28 Márta 2011.

Glacfaidh taighdeoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta páirt sa Scoil Earraigh le súil is go spreagfar plé agus machnamh ar réimsí éagsúla na pleanála teanga, agus ar na ceachtanna atá le foghlaim ón gcomhthéacs leathan sóisialta, polaitíochta agus cultúrtha ina bhfuil mionteangacha an domhain ag maireachtáil.

I measc na n-aoíchainteoirí beidh: Dr Enlli Thomas, Ollscoil Bangor sa Bhreatain Bheag, Dr Peadar Ó Flatharta, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Dr F. Xavier Vila i Moreno, Ollscoil Barcelona, An Chatalóin agus Dr John Walsh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Ionad:  Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i Sciathán Bailey Allen
Dáta:  Dé Luain 28 Márta 2011
Táille:   €40 agus mic léinn saor in aisce
Clárú:  9.00 – 9.30rn Dé Luain 28 Márta 2011

Fiosrúcháin: Laoise Ní Thuairisg ag laoise.nithuairisg@oegaillimh.ie nó (091) 595101
Aonad na Pleanála Teanga, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Is féidir clár na Scoile Earraí a íoslódáil anseo.

FG policy on Irish language will be divisive

Feabhra 11, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Making Irish an option

Feabhra 11, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Walsh condemns Fine Gael proposals on Irish language

Feabhra 11, 2011

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Ceiliúradh Cúig Bliana is fiche Gaelscoil Dhún Dealgan

Feabhra 10, 2011

Is ábhar lúcháire agus ábhar mórtais dúinn go bhfuil Gaelscoil Dhún Dealgan ag ceiliúradh cúig bliana is fiche bunú na scoile.  Bhí a fréamhacha lonnaithe i dtús áite i Scoil Sheosaimh, Muírtheimhne Mór nuair a cuireadh sraith gaelach ar bun ansin sa bhliain 1980.  Ní raibh sa tsraith an chéad uair ach seisear páiste agus múinteoir amháin i seomra réamhdhéanta.  Tháinig fás fiúntach ar sin diaidh ar ndiaidh.

Bhain an scoil neamhspléachas amach sa bhliain 1986 agus b’é Rónan Mac a’Bhaird, Uasal, an cheád phríomhoide.  Bhí dúshlán mór os comhair pobal na scoile chun foirgneamh mar is ceart a bhaint amach mar ag an phointe sin bhí seisear múinteoir agus a gcuid ranganna ag obair i sraith seomraí réamhdhéanta ar láthair Scoil Sheosaimh.  D’eirigh lena gcuid iarrachtaí agus mar thoradh ar sin ceadaíodh agus tógadh foirgneamh breá ar láthair nua gar de Bhóthar Bhaile Átha Cliath.  Faoin am ar bogadh isteach san fhoirgneamh nua sa bhliain 1997, bhí corradh agus dhá chéad páiste ag freastal ar an scoil agus ochtar múinteoir fostaithe.  Faoin am seo fosta, b’í Annette Bn. Mhic Ardaíl a bhí mar phríomhoide nuair a ghlac sí anonn an post sa bhliain 1991.

D’oscail an tUasal Míchéal Ó Muircheartaigh an scoil go hoifigiúil ar an 17ú la de Mheitheamh 1997.  Riamh ó shin, tá paistí agus múinteoirí na scoile ag baint tairbhe agus pleisiúr as an timpeallacht álainn ina bhfuil siad lonnaithe agus as na háiseanna fiúntacha atá ar fáil dóibh.  Tá an scoil ag dul i méid agus i nirt le himeacht na mblianta.  Cuireadh seomra ranga nua, seomra stóir agus ceithre sheomra set leis an scoil arú anuraidh agus fágann na hoibreacha sin uilig go bhfuil toscaí ar dóigh sa scoil fá choinne léann na bpáistí a chur chun cinn.

Is é an tUasal Pádraig MacCanna príomhoide na scoile sa lá ata inniú ann agus ceapadh é mar phríomhoide san bhliain 1999.  Tá 14 Múinteoir ag obair sa scoil agus tá thart fá 200 páistí ag freastal uirthi. Tagann na páistí ón cheantar áitiúil agus ó cheantracha máguaird.  Faigheann siad oideachas den scoth trí mheán na Gaeilge agus ar fhágáil na scoile dóibh bíonn ardchaighdean labhartha agus scríofa bainte amach acu sa Ghaeilge.  Ní hamhain sin uilig ach bíonn deiseanna ar dóigh ag na páistí sa cheol mar faigheann siad ceachtanna feadóg stáin agus ceachtanna fidil óna bunranganna ar aghaidh.  Tá ceolfhoireann sa scoil a bhíonn iontach gnóthach le linn na bliana go háirithe um Nollaig agus ag ócáidí speisialta eile.  Tugann an cheolfhoireann deis do na páistí a gcuid ceoil a chleachtadh agus a léiriú os comhair an phobaíl.  Le cois sin, bíonn cór na scoile lán chomh gnóthach ag cleachtadh gach seachtain do mhórócáidí na scoile agus d’ócáidí seachtracha cosúil leis an cheolchoirm HALLELUJAH a bhí ar siúl san RDS roimh na Nollag.  Ghlac an cór páirt fosta in ócáidí trasteorainn a bhí ar siúl le cúpla bliain anuas.

Beidh an ócáid mhór seo á cheiliúradh againn sa tseachtain roimh Lá ‘Le Pádraig ag tosú le hoíche cheoil ar an 11ú Márta.  Beidh tráth na gCeist ar siúl ar an 15ú la agus cuirfear roinnt imeachtaí tháitneamhacha ar siúl do na páistí idir an da línn. Críochnóidh an ceiliúradh le haifreann ar an 16ú lá de Mhárta i Séipéal an Teaghlaigh Naofa ar a 11 a chlog.  Beidh an tEaspag Gearóid Ó Clumhain ag ceiliúradh an aifrinn i gcuideachta an phobail.  

“Ní neart go cur le chéile” mana na scoile agus tá lúchair orm a thuairisciú gur ag dul i dtreiseacht agus i nirt atáimid ag gabháil lá i ndiaidh a chéile.

Suirbhé ar Mheon an Phobail i Leith na Gaeilge sa Chóras Oideachais

Feabhra 10, 2011

Chinn roinnt eagraíochtaí Gaeloideachais, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Gaelscoileanna agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, tabhairt faoi shuirbhé a léireodh meon an phobail i leith na Gaeilge mar ábhar scoile i mí Iúil 2010. D’eascair an suirbhé seo as imní na n-eagraíochtaí faoi mholtaí Fhine Gael chun ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge i scrúdú na hArdteistiméireachta.

Bhí léargas á lorg ar an tacaíocht atá ann don Ghaeilge i measc an phobail agus ar an tábhacht a bhraitheann daoine a bhaineann léi do dhaoine óga an lae inniu.  Chuir Ipsos MRBI agallamh ar 1,000 duine  a bhí os cionn 15 bliana d’aois maidir lena ndearcadh i leith na Gaeilge mar ábhar éigeantach Ardteiste, ach go háirithe. Rinneadh an taighde seo thar an nguthán agus cuireadh agallamh ar dhaoine ó aoisghrúpaí, gairmeacha, ceantair agus stádais éagsúla. Ba mhná 51% agus ba fhir 49% agus cuireadh sé cheist ar gach rannpháirtí.

Is iad seo príomhthorthaí an tsuirbhé:

  • Mheas 57% de na rannpháirtithe go bhfuil sé tábhachtach go bhfásfaidh páistí in Éirinn aníos ag foghlaim Gaeilge. Bhí 19% idir dhá chomhairle agus dúirt 23% nach bhfuil sé tábhachtach. I measc an aoisghrúpa 25-34 bliana d’aois mheas 69% go bhfuil sé tábhachtach go bhfásfaidh páistí in Éirinn aníos ag foghlaim Gaeilge. (Ceist 3)
  • Mheas 54% gur chóir an Ghaeilge a mhúineadh go leibhéal na hArdteiste i gcomparáid le 20% go leibhéal an Teastais Shóisearaigh agus 18% go leibhéal na bunscoile. Mar sin, is féidir a rá go bhfuil an tromlach i bhfabhar go mbeadh an Ghaeilge éigeantach go leibhéal na hArdteiste. Agus i measc an aoisghrúpa 15-24 bliana d’aois – aois Ardteiste agus go luath ina dhiaidh – mheas 61% gur chóir an Ghaeilge a mhúineadh go leibhéal na hArdteiste. (Ceist 4)
  • Mheas 65% gur fiú tuilleadh ábhar a mhúineadh trí mheán na Gaeilge i mbunscoileanna le páistí a spreagadh leis an teanga a úsáid níos minice. Agus i measc an aoisghrúpa 15-24 bliana d’aois – mheas 79% gur fiú tuilleadh ábhar a mhúineadh trí Ghaeilge i mbunscoileanna. (Ceist 5)
  • I gceist eile faoin Ardteist, dúirt 61% gur chóir go mbeadh an Ghaeilge éigeantach go leibhéal na hArdteiste. Bhí cuid mhaith i bhfabhar seo ar chúiseanna a bhaineann lenar n-oidhreacht agus lenar gcultúr a chaomhnú chomh maith le stádas oifigiúil a bheith ag an nGaeilge. Agus i measc an aoisghrúpa 15-24 bliana d’aois, mheas 65% gur chóir go mbeadh an Ghaeilge éigeantach go leibhéal na hArdteiste.
  • Mheas 26% de na daoine a bhraitheann nár chóir di a bheith éigeantach gur chóir go mbeadh rogha ag daltaí ábhair a roghnú tar éis an Teastais Shóisearaigh agus bhraith 19% go bhfuil an Ghaeilge deacair mar ábhar. Bhraith 22% eile ach buntáiste é an Ghaeilge a bheith agat. (Ceist 6)

Táthar ag iarraidh ar Fhine Gael athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaí an pháirtí maidir le stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar ag leibhéal na hArdteiste. Bheadh impleachtaí tromchúiseacha ag an bpolasaí seo ar chúrsaí fostaíochta, ar gach leibhéal den chóras oideachais agus ar thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta dá gcuirfí i bhfeidhm é.

Léiríonn torthaí an tsuirbhé seo go bhfuil tacaíocht ann don Ghaeilge, go háirithe i measc daoine idir 15 – 34 bliana d’aois agus go bhfuil an tromlach ag tacú leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist. Is fianaise na torthaí seo nach bhfuil an pobal ag tacú le polasaí Fhine Gael agus go dtuigeann siad an baol a bheadh ina leithéid de pholasaí don teanga.

Iarrtar ar an bpobal labhairt leis na hiarrthóirí toghcháin áitiúla agus an t-éileamh seo a chur faoina mbráid agus iad ag lorg vóta. Chomh maith leis sin, is féidir tacú leis an bhfeachtas trí achainí ar-líne a shíniú ar www.petitiononline.com/gaeilge/.

Cá seasann na polaiteoirí?

Feabhra 10, 2011

Tá suirbhé á dhéanamh faoi láthair ag Conradh na Gaeilge ar gach iarrthóir san Olltoghchán chun eolas a bhailiú ar dhearcadh na n-iarrthóirí ar pholasaithe a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge.

Déanfar torthaí an tsuirbhé seo a scaipeadh ar bhaill na heagraíochta agus pobal na tíre roimh an olltoghchán. Tá trí phríomhpholasaí aontaithe ag Conradh na Gaeilge ar a bhfuil tacaíocht á lorg acu óna hiarrthóirí san olltoghchán. Is iad na héilimh atá i gceist nó: go múinfear an Ghaeilge do gach dalta scoile mar chroí-ábhar Ardteiste agus go gcinnteofar go ndéanfar athruithe sa chóras oideachais lena chinntiú go mbainfidh daltaí líofacht amach sa teanga; go gcuirfear tacaíocht ar fáil do bhunú Gaelscoileanna nua ar bhonn pleanáilte ar fud an stáit; agus go dtabharfaidh na páirtithe ar fad tacaíocht don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá baill na heagraíochta i mbun teagmhála le gach iarrthóir olltoghchán an tseachtain seo agus tá súil toradh na hoibre seo a bheith ar fáil gan mórán moille.

Galway Advertiser – Peadar Mac Fhlannchadha

« Previous PageNext Page »