The formula is simple: real change
Feabhra 14, 2012
Co-operation and the Irish language
Feabhra 14, 2012
Mórshiúl ar son Feachtas na Scoileanna Beaga
Feabhra 10, 2012
Tá Lá Agóide Náisiúnta ar fud na tíre ar an Satharn 25 Feabhra ag cur in éadan na ciorraithe i mBuiséad 2012 ag a bhfuil impleachtaí ar scoileanna bheaga. Ciallaíonn na ciorraithe seo go mbeidh níos mó páistí sna seomraí ranga agus níos lú tacaíocht ar fail do na páistí.
Tá Craobh an Earagail de Chumann Múinteoirí Éireann ag eagrú Mórshiúl ar an Satharn 25 Feabhra i nGaoth Dobhar ag teacht le chéile ar an Screabán (oifig Roinn na Gaeltachta) ag an 12 i.n. Iarraimid ar phobal na scoile uilig, Bord Bainistíocht, tuismitheoirí agus foireann tacú linn ar an lá.
Tuilleadh eolais:
Bernadette Ní Dhuibhir,
Craobh an Earagail, 087 1825358
earagail@into.ie
© Craobh an Earagail
Cumann Muinteoirí Éireann(INTO)
Coláiste Samhraidh do dhéagóirí
Feabhra 10, 2012
I measc na n-imeachtaí a bheidh Glór Cheatharlach ag eagrú an samhradh seo beidh Coláiste Samhraidh do dhéagóirí.
Arís i mbliana beidh an cúrsa coicíse lonnaithe i nGaelcholáiste Cheatharlach. Cuirfear tús leis an gcoláiste samhraidh ar an Luan, 2 Iúil agus rachaidh sé ar aghaidh go dtí an 13ú Iúil. Tá clárú oscailte anois agus ‘sé €195 táille an chúrsa a bheidh ar siúl ó 9.30-1.00 i.n. gach lá Luan go hAoine.
Beidh an coláiste samhraidh dírithe ar dhaltaí atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid scileanna labhartha agus scríofa sa Ghaeilge. Cuirfear fáilte roimh dhaltaí ó rang a sé go leibhéal ardteistiméireachta. Beidh ranganna agus imeachtaí an chúrsa in oiriúint do dhaltaí i rang a sé agus do mhicléinn i mbliain 1 agus 2 i ngrúpa na sóisear le daltaí níos sine i ngrúpa na sinsear. Chomh maith leis na ranganna foirmiúil gach lá beidh cluichí cainte, díospóireachtaí, amhránaíocht, cluichí, spórt agus rince céilí ar an gclár. Cuirfear ranganna Gaeilge le meascán maith de chomhrá agus gramadach, plé agus díospóireacht in oiriúint do na daltaí. Ina theannta sin, beidh seans ag na micleinn tarraingt ar a gcuid eolais ginearálta ag tráth na gceist boird agus ar ndóigh bainfear taitneamh as na céilithe.
Is é seo an ceathrú bliain den choláiste samhraidh i mbaile Cheatharlach. Bhí rath ollmhór air anuraidh le hochtó dalta páirteach. Bhaineadar taitneamh agus tairbhe, sult agus spraoi as na himeachtaí. Beifear ag súil le héileamh mór arís i mbliana ach chun áit a chinntiú ní foláir foirm iarratais comhlánaithe maille le héarlais a bheith istigh go luath. Is féidir foirm a fháil anois ó Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach nó glaoch a chur ar (059) 9158105 nó (085) 1340047. Is féidir freisin ríomhphost a sheoladh chuig eolas@glorcheatharlach.ie.
CARLOW NATIONALIST
Bonus points for Irish
Feabhra 10, 2012
Iar-bhunscoil lán-Ghaeilge séanta mar rogha do 1,550 páiste i dTuaisceart Chill Dara
Feabhra 10, 2012
De réir fógra na Roinne Oideachais agus Scileanna le déanaí, níl sé i gceist go dtabharfaí iarratas ar ghaelcholáiste nua san áireamh agus na hiarratais ar phátrúnacht na scoile nua atá le bunú i Maigh Nuad i 2014 á mheas. Fágann an cinneadh seo nach bhfuil gaelscolaíocht ag an iar-bhunleibhéal ar fáil mar rogha don bhreis agus 1,550 páiste atá ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge i Maigh Nuad, Cill Choca, Léim an Bhradáin agus Dún Bóinne.
D’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileanna i mí Iúil 2011 go mbeadh iarbhunscoil nua le freastal ar 1000 dalta le bunú i Maigh Nuad, agus go mbeadh deis ag patrúin ionchasacha iarratas a dhéanamh ar son pátrúnacht na scoile sin. Foilsíodh na critéir faoina mbeadh na hiarratais á mheas ag an Roinn, agus luadh éagsúlacht an tsoláthair sa cheantar agus rogha an phobail go sonrach ina measc.
Is léir go bhfuil neamhaird á dhéanamh ar an bhfeachtas tréan atá ar bun ó 2005 i leith le gaelcholáiste a éileamh do na páistí sin. Tá dhá iarratas déanta cheana ag Coiste Gairmoideachais Co. Chill Dara ar ghaelcholáiste a bhunú i Maigh Nuad (i 2007 agus 2010) agus tá breis agus 430 léiriú spéise ó thuismitheoirí bailithe ag an bhForas Pátrúnachta (rogha phatrúin an choiste bunaithe) don iarratas nua seo. In ainneoin an chruthúnais fíor láidir éilimh agus spéise, níl an Roinn sásta éagsúlacht an tsoláthair ná rogha phobal Chill Dara Thuaidh a thabhairt san áireamh sa phróiseas mheasúnaithe.
Rinne coiste bunaithe Gaelcholáiste Chill Dara Thuaidh suirbhé ar thuismitheoirí an cheantair i 2010 lena rogha maidir le soláthar iarbhunscolaíochta sa cheantar a mheas, agus léirigh na torthaí gurb é gaelcholáiste áitiúil céad rogha 88% dóibh siúd a ghlac páirt sa suirbhé. Tá an t-éileamh ar an ngaelcholáiste nua seo aitheanta ag tuismitheoirí agus scoilphobail Chill Dara Thuaidh, ag na pátrúin agus ag mórphobal na gaelscolaíochta, agus ba mhór an fhaillí a bheadh ann dá ndéanfadh an Roinn neamhaird de.
Ní léir go bhfuil an Roinn ag tabhairt aird ar na critéir a leagadh síos sna Socruithe Nua i gcomhair Pátrúnachta Scoileanna Nua nó ag léiriú measa ar mhianta na dtuismitheoirí i gCill Dara thuaidh. Éilíonn GAELSCOILEANNA TEO. go dtabharfaí cothrom na féinne d’iarratas an Fhorais Pátrúnachta ar phátrúnacht na scoile nua, agus iarrfaimid ar an Roinn tacaíocht mar is ceart a thabhairt don ghaelscolaíocht agus do mhianta an phobail i Maigh Nuad.
Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.
Tuilleadh eolais:
Clare Spáinneach, Oifigeach Forbhartha, GAELSCOILEANNA TEO.
Fón: 01 8535193 Ríomhphost: cspainneach@gaelscoileanna.ie
Máirín Ní Chéileachair, Cathaoirleach, Coiste Bunaithe Gaelcholáiste Chill Dara Thuaidh
Fón: 01 6290667 Ríomhphost: mairinnicheileachair@gmail.com
Clondalkin could be Dublin’s first official Gaeltacht
Feabhra 10, 2012
Bonus points for Irish? That’s bogus
Feabhra 8, 2012
Rialtas faoi ionsaí as ‘droch-chinneadh’ eile teanga a dhéanamh
Feabhra 8, 2012
“DROCH-CHINNEADH” agus “scannalach” atá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag tabhairt ar shocrú an Rialtais chun deireadh a chur le deontais d’ábhair oidí le freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht.
Caithfidh ábhar múinteora trí sheachtaine a chaitheamh ar chúrsa Gaeltachta mar chuid éigeantach dá gcéim oideachais. Ach tá Roinn an Oideachais le deireadh a chur leis na deontais do na cúrsaí seo le hairgead a shábháil.
Thug an dá eagras le fios gur céim ar gcúl don Ghaeilge agus do gheilleagar na Gaeltachta a bhí sa chinneadh. Mhol siad gur chóir d’ábhar múinteora níos mó ama a chaitheamh sa Ghaeltacht le feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.
Dúirt Éamonn Mac Niallais ón bhrúghrúpa, Guth na Gaeltachta, nach mbeadh sábháil airgid ann agus go gcosnódh sé “níos mó airgid ar an Stát chun toradh an droch-chinnidh seo a chur ina cheart nuair nach mbeadh caighdeán Gaeilge na múinteoirí sásúil a dhóthain leis an teanga a mhúineadh sna scoileanna amach anseo”.
Chreid sé nach mbeadh sé d’acmhainn ag ábhar oide ar bith íoc as cúrsa Gaeltachta as a stuaim féin. Os a choinne sin, chuidigh na cúrsaí le bonn a chur faoi theacht isteach na mban tí agus shiopaí áitiúla agus chruthaigh siad fostaíocht do mhúinteoirí agus chúntóirí sa Ghaeltacht.
Thug an dá eagras le fios go raibh an cinneadh ag teacht salach ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Mhol an straitéis cur le cúrsaí Gaeltachta agus iad a fhorbairt.
Dúirt iar-aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, (FF), leis an cholún seo gur “léir go raibh cead faighte ag an Roinn Oideachais ón gCoiste Rialtais (Coiste Gaeilge an Rialtais atá faoi chathaoirleacht an Taoisigh) an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a scoilt óna chéile agus tá sé chomh maith a rá go bhfuil deireadh leis an straitéis.
“Tuigeann éinne a thuigeann stair na teanga go bhfuil gá le múinteoirí le cumas ard sa Ghaeilge agus sin an chúis gur cuireadh plean sa straitéis le cur go mór le cumas na múinteoirí.”
Bhí malairt treo tógtha ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, agus dhéanfadh an treo sin dochar don Ghaeilge. Dúirt Ó Cuív gur “léir go raibh an straitéis marbh fad is a bhaineann sé leis an nGaeltacht agus cúrsaí oideachais”.
Dúirt sé gur mar chuid de “phatrún níos leithne” Rialtais a bhí seo ag tarlú. Thagair sé don chinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus an cinneadh deireadh a chur le Scéim Labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Chuirfeadh an cinneadh nua seo “lagmhisneach” ar phobal na Gaeilge agus ba ghá dul i mbun “síorstocaireachta le léiriú don Rialtas nach raibh sé seo inghlactha ag pobal na Gaeilge”.
The Irish Times
“Le Chéile Arís” – dlúthdhiosca nua Ghaelscoil na Bóinne
Feabhra 8, 2012
Is cúis bhróid é go bhfuil an dara cheirnín, “Le Chéile Arís” taifeadta againn i nGaelscoil na Bóinne. Deich mbliana ó shin bhí Mícheál Ó Muircheartaigh i láthair chun an chéad diosca a sheoladh agus bhí lúcháir orainn go raibh sé linn chun an dara cheann a láinseáil. Tháinig tuismitheoirí, seantuistí, gaolta agus cairde eile na scoile chuig an seoladh oifigiúil agus chuir na páistí ceolchoirm beomhar, taitnmheach i láthair dóibh. Bhí an-áthas orainn go raibh ár n-iarscoláirí ann freisin agus iad ag cuimhneamh siar ar an uair a bhí siad féin ar an ardán.
Is iontach an éagsúlacht atá ar an CD le ceol traidisiúnta, popcheol, córchantain, amhránaíocht aonréadach, feadóga, pianó, boscaí ceoil agus giotáir le cloisint. Dá bhrí sin d’éirigh le gach uile dalta a bheith rannpháirteach agus tá an clúdach maisithe le healaín álainn na bpáistí chomh maith. Is ábhar mórtais dúinn é gur chomhoibrigh pobal na scoile chun sárchaighdeán a bhaint amach agus táimid fíor-bhuíoch do gach duine a chabhraigh linn. Beidh cuimhne go deo ag daltaí na scoile ar an sult a bhain siad as an eispéireas.
Tá an dlúthdhiosca ar fáil ar €10. Cuir glaoch orainn ar 046 9437872.