Méid an Téacs

Triúir múinteoirí Gaelscoile á lorg

Iúil 17, 2012

Tá triúir múinteoirí á lorg ag Gaelscoil Eiscir Riada i Leamchán, Co. Átha Cliath.

Tá ardchaighdeán Gaeilge ag teastáil do na postanna seo.

Iarratais:
Caithfear iarratais a chur ar ríomhphost chuig postgser@yahoo.ie roimh 23 Iúil 2012.

Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:

  • Litir iarratais
  • Teistiméarachtaí scríofa
  • Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
  • Gráid an chleachtaidh teagaisc
  • Cóip gach teastas ábhartha (teastais, céimeanna, dioplómaí)
  • Tuairiscí cigireachta
  • Clárú na Comhairle Múinteoireachta
  • CV (Neamhcheangailte/Unbound)

Cuirfear tús leis an tréimhse oiliúna ar 30 Lúnasa 2012.

Múinteoir tacaíochta foghlama

Iúil 17, 2012

Tá múinteoir tacaíochta foghlama á lorg ag Gaelscoil Uí Earcáin, Co. Átha Cliath.

Duine fuinniúil, le sárscileanna agus taithí múinteoireachta, riaracháin agus cumarsáide, maraon le hardchaighdeán Gaeilge atá de dhíth.

Iarratais:
Glacfar le hiarratais tríd an bpost amháin chuig:
An Cathaoirleach,
1 Cúirt An Inbhir,
Bóthar Bhaile na Mara,
Sord,
Co. Bhaile Átha Cliath

Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:

  • Litir iarratais
  • Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
  • Tuairiscí cigireachta
  • Clárú na Comhairle Múinteoireachta
  • An Ghnáth fhoirm iarratais don Mhúinteoireacht

Spriocdháta: 27 Iúil 2012

Túsdáta: 3 Meán Fómhair 2012

Múinteoir Gaelscoile

Iúil 17, 2012

Tá múinteoirí á lorg ag Gaelscoil an Bhradáin Feasa, Cill, Dhéagláin, Co. na Mí.

3 phost buan (mar gur scoil í atá ag forbairt, móide téarma seasta (sos gairme) ar fáil.

Múinteoir le sár-chaighdeán Gaeilge ag teastáil.
Iarratais:

Glacfar le hiarratais tríd an bpost amháin chuig:
F/ch An Cathaoirleach,
Gaelscoil an Bhradáin Feasa,
Cnoc na Rás,
Cill Dhéagláin,
Ashbourne,
Co. na Mí

Scríobh ‘Iarratas’ ar an gclúdach led’ thoil. SAE riachtanach.

Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:

  • Litir iarratais
  • Teistiméarachtaí scríofa
  • Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
  • Gráid an chleachtaidh teagaisc
  • Cóip gach teastas ábhartha (teastais, céimeanna, dioplómaí)
  • Tuairiscí cigireachta
  • CV (Neamhcheangailte/Unbound)
  • Clárú na Comhairle Múinteoireachta
  • An Ghnáth fhoirm iarratais don Mhúinteoireacht

Spriocdháta: 23 Iúil 2012

Cuirfear tús leis an tréimhse oiliúna ar 28 Lúnasa 2012.

D’fhéadfaí aon fholúntas a eascróidh sa scoil a líonadh taobh istigh de 4 mhí óna hiarratais do na postanna seo.

Oiliúnóirí garchabhrach de dhíth

Iúil 17, 2012

Tá oiliúnóirí garchabhrach á lorg ag 1 Stop Training Shop, Co. na Gaillimhe, le cursaí garchabhrach do leanaí a chur ar fáil timpeall na tíre.

Cuireann 1 Stop Training Shop, Gaillimh, Clár Náisiúnta Leanaí chun Tosaigh i bhfeidhm, clár atá forbartha ag an National Child Protection Training Centre.  Tús Áite do Leanaí / Traenáil i gCosaint Leanaí, leagan Gaeilge Ról an traenálaí:

Leibhéal 1, 2 agus 3 den chlár, Tús Áite do Leanaí / Traenáil i gCosaint Leanaí a chur i bhfeidhm in eagraíochtaí Gaeilge ar fud na tíre.

Riachtanais:

  • Taithí i dtraenáil a chur ar fáil trí Ghaeilge
  • Eolach agus suas chun dáta maidir le treoirlínte naisiúnta Children First.
  • FETAC Leibhéal 6 Oiliúint don Oiliúnóir, nó toilteanach a bheith ag obair ina threo.

Iarratais:

Seol CV a info.1stoptrainingshop@yahooo.ie

Tuilleadh eolais: http://www.1stoptrainingshop.webs.com/

New school classroom announced for Gaelscoil Uileog de Burca

Iúil 13, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Samhail Mhaoinithe #2: Comhairleoir á lorg

Iúil 13, 2012

Glacadh an chéad chéim i dtreo struchtúr maoinithe nua a thógáil  d’earnáil dheonach na Gaeilge Dé Luain nuair a d’fhógair Foras na Gaeilge go bhfuil comhairleoir le ceapadh acu.

Fógraíodh ar an suíomh gréasáin tairisceana etenders.gov.ie  go bhfuil an áisíneacht tras-teorainn ag lorg tairiscintí  ó shaineolaithe le cás gnó cuimsitheach a chur le chéile de réir threoir na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT).

Beidh an té a cheapfar freagrach as múnla úr a mholadh  as liosta de roghanna féideartha chomh maith le hanailís a dhéanamh ar na rioscaí, na costais , na buntáistí agus éifeachtúlacht gach rogha atá molta aige/aici.

Iarrfar ar an gcomhairleoir na haidhmeanna atá leis an athrú ó bhunmhaoiniú go múnla maoinithe nua a soiléiriú agus molfaidh siad an bealach is fearr chun cinn don  earnáil dheonach.

I mí an Mheithimh d’fhógair Bord Fhoras na Gaeilge nach leanfar ar aghaidh leis an tSamhail Nua Mhaoinithe mar a bhí molta.

D’fhoilsigh Comhchoiste Oireachtais tuarascáil cúpla seachtain roimhe sin inar leagadh an bhéim ar thábhacht an bhunmhaoinithe do na heagrais Ghaeilge agus moladh go ngabhfaí i mbun taighde agus go bhforbrófaí ollstraitéis d’Fhoras na Gaeilge.

Mhol an Comhchoiste go mbeadh sé sonraithe san ollstraitéis sin conas a thacódh sin leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus Straitéis Ghaeilge Thuaisceart Éireann.

Tugtar le fios sa bhfógra go bhfuiltear ag lorg tairiscintí ó iarrthóirí a bhfuil tuiscint acu ar chásanna gnó ar ardchaighdeáin a dhéanamh agus a bhfuil tuiscint acu ar earnáil na Gaeilge agus ar chur chun na Gaeilge thuaidh agus theas. Is é an spriocdháta atá luaite do na tairiscintí ná 27 Iúil 2012.

Tá ráite ag Foras na Gaeilge go mbeidh cinneadh le glacadh ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí na Samhna maidir le múnla nua maoinithe don earnáil, ó Meitheamh 2013 ar aghaidh.

Fágann sé sin go bhfuil níos lú ná cúig mhí fágtha ag an bhForas múnla nua maoinithe a dhréachtadh agus a chur os comhair na nAirí.

Foilsithe ar Gaelport.com

Fleadh Cheoil na hÉireann 2012 – Gaeilgeoirí de dhíth!

Iúil 12, 2012

Beidh Fleadh Cheoil na hÉireann 2012 sa Chabhán arís ar an mhí seo chugainn.  Tá Coiste áitiúil na Fleá ag lorg Gaeilgeoirí ó Dhoire chun cuidiú le maoirseacht na gcomórtas ar an Satharn 18ú agus an Domhnach 19ú Lúnasa.  Clúdófar costais lóistíní agus béiltí na saorálaithe.  Beidh deis agaibh fosta buaicphointí na Fleá a bhlaiseadh chomh maith.

Le tuilleadh eolais, dean teagmháil le Donncha Mac Niallais donncha@culturlann-doire.ie nó le Pól Ó Frighil pol.ofrighil@derrycity.gov.uk

Iarchéimeanna in Fiontar, DCU

Iúil 12, 2012

Scoláireachtaí €2,000 ar fáil ar an:

MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais

DC627 – Páirtaimseartha

Clár páirtaimseartha thar 2 bhliain. Ranganna ar siúl ag an deireadh seachtaine. Dírítear an clár ar chéimithe atá ag iarraidh postanna bainistíochta agus forbartha sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí, an t-oideachas san áireamh. Táillí c. €2,750.

Iarratais ar line: www.pac.ie

Breis eolais: Sally Mhic Dhomhnaill 01 700 5614

www.dcu.ie/fiontar  fiontar@dcu.ie

Creative Close to Coalisland’s Irish Language Book Club

Iúil 12, 2012

We\\\’re sorry, but at the moment this page is only available in Béarla Meiriceánach

Scéim gearrscannáin Scéal 2 á fhógairt

Iúil 11, 2012

Ag leanacht leis na scéimeanna Síol, Údar agus Scéal, is cúis áthais dúinn an dara bhliain den scéim gearrscannáin, Scéal 2, a fhógairt. Scéim fhorbartha í Scéal 2 a thugann deis do thallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí le Gaeilge, saothar aitheanta ó litríocht nó béaloideas na Gaeilge a athchóiriú don teilifís agus a thabhairt ó chéim bhun scripte go céim an chraolta. Is féidir an bun scéal a roghnú as gearrscéal, dán, scéal béaloidis nó aon saothar a léiríonn scéalaíocht na Gaeilge.

Tá an scéim seo ag TG4 oscailte do scríbhneoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre, bíodh taithí scáileáin acu nó ná bíodh, agus do stiúrthóirí ar mian leo taithí a fháil ar dhrámaíocht teilifíse i nGaeilge. Réamhriachtanas a bheidh i gceist do gach rannpháirtí go mbeidís líofa sa Ghaeilge agus in ann páirt a ghlacadh trí Ghaeilge i ngach leibhéal agus céim den scéim.

Tá an chéad sraith de Scéal anois taifeadta agus táthar i mbun iarléiriú air. Beidh sé le feiceáil ar TG4 go luath in 2013.

Is é an 24 Lúnasa 2012 an spriocdháta le haghaidh iarratas. As na hiarratais ar fad roghnófar gearrliosta scríbhneoirí le freastal ar cheardlanna ceirde, faoi stiúir eagarthóra scripte, ag a ndéanfar forbairt bhreise ar gach togra.

Is féidir gach eolas faoi Scéal a fháil ar shuíomh TG4; www.tg4.ie/sceal

« Previous PageNext Page »