Raidió Rí-Rá ar fáil ar an gcóras DAB
Iúil 11, 2012
Fuarthas dea-scéala do na meáin tri Ghaeilge le déanaí nuair a fógraíodh go mbeidh an stáisiún raidió Gaeilge, Raidió RíRá ar fáil ar chóras Craoladh Fuaime Digití (Digital Audio Braodcasting, DAB) ó 1 Iúil ar aghaidh.
Teicneolaíocht chraoltóireachta ar ardchaighdeán is ea an córas DAB, a úsáidtear i 40 tír ar fud an domhain agus a thugann ardán do stáisiúin agus craoltóirí úra. Aistrítear tonnta analógacha go formáidí digiteacha agus cruthaítear caighdeán fuaime níos soiléire ná FM dá bharr.
Is é Raidió RíRá an chéad chairtstáisiún Gaeilge do dhaoine óga inar féidir teacht ar an bpopcheol is rathúla, iarratais a chur isteach ar amhráin, vótáil ar na hamhráin is fearr agus éisteacht le ‘Top 40’ Oifigiúil na hÉireann.
Thosaigh Raidió RíRá ag craoladh an phopcheoil ar líne sa bhliain 2008 agus bhí an stáisiún le cloisteáil ar an gcóras FM ó 2009 – 2001 agus é ag dul ó neart go neart ó shin le breis agus 4,000 éisteoir ar fud na cruinne. Bhain an stáisiún éachtaí móra amach ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i 2009, 2011 agus tugadh aitheantas don stáisiún ar Pháipéar 1 an Teastais Shóisearaigh i mbliana.
Cuirtear réimse breá clár ar fáil i rith na seachtaine – Maidin Mhaith le Cillian de Búrca, An Lón Mór le hÁine Ní Ghráda, Na Singlí Scaoilte le Síne Nic an Ailí, TRL ar Éileamh le hIlly Ó Ceallaigh, Fuaim Eile le Traic Ó Braonáin agus Top 40 Oifigiúil na hÉireann le Daithí ina gcloistear leithéidí Nicky Minaj, Kanye West, Na Coronas, Na Dirty 9s, Jessie J, Cheryl Cole agus tuilleadh. Chomh maith leis sin, cuirtear cláir sa bhreis ar fáil ag an deireadh seachtaine ‘Dioscó Dána’ agus ‘Clár na n-Ochtóídí’ ina measc.
Is féidir éisteacht le Raidió RíRá ar líne ag www.rrr.ie, tríd an bhfeidhmchlár speisialta ar iPhone, tríd an bhfeidhmchlár TuneIn ar ghuthán Android agus ar an gcóras DAB ar fáil le raidió ar leith agus ar ghutháin Nokia.
Hospice benefits from Gaelscoil’s monster efforts
Iúil 10, 2012
Gaelscoil ag barr rang na teicneolaíochta
Iúil 10, 2012
Ó thús na bliana scoile 2013, beidh scileanna ríomhaireachta mar chuid de churaclam bunscoile an Tuaiscirt. Tá Gaelscoil i gContae Aontroma imithe céim chun tosaigh.
Is í Bunscoil Bhaile an Chaistil an chéad Ghaelscoil ó thuaidh lena cainéal Youtube féin a bhunú agus is iad na páistí féin taighdeoirí, léiritheoirí agus stiúrthóirí na bhfíseán.
Táthar ag úsáid a n-ardáin nua le nasc a chothú sa phobal, le cairdeas a chruthú thar teorainn agus le mórtas a spreagadh sna páistí lena mbuanna féin curtha ar ardán don phobal níos leithne.
Féach ar an bhfíseán ar Meon Eile.
Dúshláin agus dóchas – Gaelscoil na Daróige
Iúil 10, 2012
Bíonn a scéal féin ag gach pobal agus leoga a mhacasamhail ag gach Gaelscoil fosta. Bunaíodh Gaelscoil na Daróige i nDoire Cholmcille i 2005. Is scoil í a tógadh ar thalamh diomailte i gceantar faoi mhíbhuntáiste in eastát tithíochta Bhaile Mhic Rabhartaigh. Leis an bhliain scoile anois críochnaithe, tá na chéad pháistí a leag a gcosa thar tairseach na scoile anois á fágáil le Gaeloideachas bunscoile faoina n-ascaill acu.
Bhí an scoil cúig bliana gan aon mhaoiniú Rialtais, iad ag bráth go hiomlán ar sheasmacht an phobail. Tháinig dúshlán eile ón Roinn Oideachais ina dhiaidh sin, dúshlán ar sháraigh an scoil é agus iad anois aitheanta i measc thrí Ghaelscoil na cathrach. Seachtó páiste atá anois cláraithe idir Naíscoil Mhaol Íosa agus Gaelscoil na Daróige féin.
Mar an gcéanna le ceantracha eile agus Gaeloideachas á thógáil sa phobal, rinne muintir na háite agus foireann na scoile íobairtí beaga agus móra sna laethanta tosaigh le bláthú na scoile a chinntiú.
Seo scéal faoi scoil a d’fhás ón phobal, a sháraigh bacainní agus atá anois mar chuisle Ghaelach Bhaile Mhig Rabhartaigh.
Féach ar an bhfíseán ar Meon Eile.
Clár na féile Scoil Samhraidh Mhic Reachtain fógartha
Iúil 10, 2012
Beidh an Ciarraíoch Pauline Scanlon ar stáitse mar chuid de Scoil Samhraidh Mhic Reachtain a bheidh ar siúl i dtuaisceart Bhéal Feirste ón 23-29 Iúil 2012.
Is féile Ghaeilge í a mhaireann seachtain go leith atá feiliúnach d’ óg agus aosta.
Beidh réimse leathan d’imeachtaí, ceardlanna agus cúrsaí Gaeilge le fáil le linn na féile cultúrtha seo.
I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl beidh dianchúrsa Gaeilge do dhaoine fásta, campa samhraidh Gaeilge do dhéagóirí, scéalaíocht do pháistí, lúibíní, ceardlanna ealaíne agus amhrán ar an sean-nós, fidil agus feadóg stáin do pháistí bunscoile, taispeántas scannánaíochta, ceardlann amhránaíochta Gàidhlig na hAlban, mar aon le cluichí agus neart spóirt do dhaoine óga.
Beidh campaí spraoi agus ranganna Gaeilge, spóirt agus ceoil do dhéagóirí , anuas air seo beidh ceardlann ealaíne agus drámaíochta atá dírithe ar pháistí idir 8-11 bhliain d’aois agus do ghasúir níos óige atá ag freastal ar bhunscoil Bhéarla beidh club óige ann agus tabharfaidh sé deis iontach do na páistí seo blaiseadh a fháil ar an nGaeilge agus taitneamh a bhaint as an teanga le linn dóibh a bheith ag spraoi.
Beidh ceolchoirm mhór ar siúl ar an gCéadaoin 25 Iúil agus beidh go leor ceoltóirí áitiúla mar aon le hamhránaithe agus ceoltóirí as Albain ag dul chun stáitse ar an oíche agus beidh oíche mhór le dinnéar agus siamsaíocht den scoth á reáchtáil in óstán An Europa ar an Satharn, 28 Iúil.
Beidh ticéid le cur in áirithe roimh ré má tá sé i gceist agat freastal ar roinnt de na hócáidí thuasluaite. Tuilleadh eolais: www.mhicreachtain.com
Ó Bhéal – léamh filíochta le hÁine Ní Ghlinn i gCorcaigh
Iúil 10, 2012
Beidh filíocht bhinn Áine Ní Ghlinn le cloisteáil ag an oíche filíochta Ó Bhéal i gcathair Chorcaí ar 23 Iúil.
Bíonn oíche filíochta Ó Bhéal á reáchtáil i gCathair Chorcaí gach Luan. Bíonn file nua i láthair mar aoi speisialta gach seachtain chun píosa filíochta a aithris don lucht éisteachta agus beagán de chúlra na ndán a thabhairt.
Is as Crois an Ghúlaigh i gCo. Thiobraid Árann di agus tá clú agus cáil uirthi mar fhile agus mar scríbhneoir den scoth. Is file den scoth í Áine a bhfuil cnuasaigh filíochta foilsithe aici. Bhíodh sí ag scríobh freisin don dráma teilifíse Ros na Rún ar TG4.
Is iomaí gradam atá bainte amach aici lena cuid scríbhneoireachta le blianta anuas. Cuirfear tús leis an oíche ag 9 pm thuas staighre in ionad The Hayloft, The Long Valley i Sráid Winthrop i gcathair Chorcaí
Tá saorchead isteach ach bígí ann in am chun suíochán maith a fháil. Tuilleadh eolais: www.obheal.ie
Seirbhís nuachta Gaeilge ‘Meon Eile’ Seolta
Iúil 10, 2012
Seoladh seirbhís nuachta ar líne ‘Meon Eile’ i mBéal Feirste le déanaí. Tá i gceist ag an tseirbhís scéalta nuachta, spóirt agus siamsaíochta a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus do Ghaeilgeoirí i gcoitinne.
Is é cur chuige an tsuímh seo ná ardán ilmheáin a chur ar fáil trí Ghaeilge le cuidiú físeán, grianghraf agus scéalta rathúla a chlúdaíonn réimse leathan ábhar ar bhealach cruthaitheach.
Tá an suíomh á reáchtáil ag an gcomhlacht léiriúcháin ‘Below the Radar’ agus é faoi stiúir Shinéad Ingoldsby agus í tar éis seacht mbliana a chaitheamh ag obair le BBC Tuaisceart Éireann.
“Tá an comhrá a bhíonn ar siúl ag cainteoirí Gaeilge ar líne ag fás i rith an ama agus tá súil againn go mbeidh scéalta Meon Eile ag cur leis an chomhrá sin.” a dúirt sí agus an suíomh á sheoladh”, a deir sí.
Tá triúr iriseoirí eile fostaithe ag meoneile.ie – Sarah de Búrca, a bhfuil seal caite aici ag obair sa rannóg scripte i Ros na Rún; Shane Ó Curraighín, iar-scoláire de chuid Fulbright le taithí sa seomra nuachta agus Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir na hirise ‘Nós’.
Tá rogha speisialta ar an suíomh a leagann na scéalta nuachta amach de réir na n-iriseoirí nó faoi na teidil ‘Cúrsaí Reatha’, ‘Ealaíon agus Cultúr’, ‘Spórt’, ‘Pobal’ agus tugtar deis chomh maith do bhaill sa phobal páirt a ghlacadh sa suíomh sa rannóg ‘Do Thuairim’.
Foilsithe ar Gaelport.com
Gaelscoil recognised for anti-litter work
Iúil 9, 2012
IT WAS a proud day in Gaelscoil Baile Brigin as they raised their first ever Green Flag for reducing litter and waste in the school. The flag was raised by outgoing Fingal mayor, Cllr. Gerry McGuire, and Balbriggan Town Council Cathoirleach, Cllr. Larry Dunne. Members of the Green Schools Committee, the Green Schools Co-ordinators, parents and teachers came out to see the flag raised outside the school. The Gaelscoil put a lot of hard work into getting the environmental achievement award from An Taisce. The whole school had to carry out a review of the waste generated in the ground. The challenge was to reduce the litter and waster in the school. A Green Schools Code was introduced and an action plan was created. At lunchtime, food was not allowed outside in the playground. The pupils took home all the rubbish from their lunch, where their parents could divide the waste into the brown bin, green bin and black bin. The pupils learned about the environment and the ways of reducing litter and waste in class. There were huge improvements in the school environment thanks to the committment of the staff and students. From September, the school will start work on attaining a second Green Flag for Energy.
FINGAL INDEPENDENT
Kilkenny student wins national spelling bee
Iúil 9, 2012
Múinteoir Gaeilge agus Fraincíse
Iúil 9, 2012
Tá múinteoir Gaeilge agus Fraincíse Ard-leibhéil Ardteistméireachta á lorg ag Coláíste Naomh Pádraig, Corcaigh.
Is post buan é an post seo.
Iarratais:
Glacfar le hiarratais tríd an bpost amháin chuig:
FAO: John Ring
St Patricks College
Gardiners Hill
Cork
Bíodh an t-eolas a leanas iniata le gach iarratas:
- Litir iarratais
- Teistiméarachtaí (Ainm, teideal, teagmháil)
- CV (Neamhcheangailte/Unbound)
- Clárú na Comhairle Múinteoireachta
Spriocdháta: 12 Iúil 2012
Túsdáta: 23 Lúnasa 2012