Méid an Téacs

Minister Quinn congratulates the Leaving Certificate Class of 2013

Lúnasa 14, 2013

58 per cent increase in numbers taking Higher Level Maths over last two years, and 16 per cent rise in students taking Higher Level Irish
The Minister for Education and Skills, Ruairí Quinn T.D., has sent his congratulations to the 55,572 Leaving Certificate students who will be collecting their results at their schools, or by phone or online today.
“The waiting is over. I hope the results received reflect the work and the many hours of study that the students have committed to over the last few years,” Minister Quinn said.
“While our congratulations and good wishes must be focussed on the students who receive their exam results today, I also want to pay tribute to you the parents, families, teachers and school communities who have helped them reach this milestone.”
This year, 26 per cent of all Maths students took the Higher Level paper – the highest figure on record.  In 2011 there were 8,235 candidates and this increased to 13,014 in 2013.
“I am particularly pleased to see the significant growth in the number of students taking Higher Level Maths continue this year.  There can be no doubt that the 25 additional bonus points available for those who achieve a D3 or higher has had a major impact, but the increase also reflects the introduction of the new Project Maths syllabus,” Minister Quinn said.
The numbers taking Higher Level Irish have increased from 14,358 in 2011 to 16,669 in 2013. This reflects the new increase in the proportion of marks for the oral exam – up from 25 per cent to 40 per cent.  Minister Quinn also welcomed this significant increase.
“This Government is committed to increasing the capacity of our young people to know and love the Irish language.  Our new policy, which now sees 50 per cent of all marks available for the oral and aural components of the exams, is clearly reaping dividends.”
Our Leaving Certificate reflects our changing society with a significant increase in the number of candidates for the Non-Curricular languages this year. Some 1,470 candidates opted for these languages in 2013 compared to 1,370 in 2012 with Polish, Lithuanian and Romanian the most popular.
In June there was concern about errors in the Mathematics papers. Account was taken by the State Examinations Commission (SEC) in relation to these errors. Minister Quinn has just received a report from the SEC in relation to these errors, and will take a few days to consider the content of the report before making any further comment.
Minister Quinn continued, “Completion of the Leaving Certificate is the end of a very important phase of our young people’s lives.  It is the start of a new beginning, filled with new opportunities – not only in further and higher education for the majority – but also in many other fields.”
While many will be awaiting the CAO announcements next week, the Minister would encourage those who may be disappointed with their results to consider the other options available to them, such as further education level 5 and 6 FETAC awards.  These pathways offer great opportunities and also an alternative route to higher education, for students who take this route.
The number of candidates overall has decreased very slightly from 55,816 in 2012 to 55,572 in 2013. The results for most subjects, with the exceptions of Maths and Irish, are in line with previous years.
Minister Quinn concluded, “I hope you enjoy celebrating your results with your families and friends – you deserve to celebrate your achievements.  Look out for each other tonight, and into the future.”

www.education.ie

Curiarracht dhomhanda don Chomhrá Gaeilge is faide riamh

Lúnasa 13, 2013

Tá sé beartaithe ‘COMHRÁ 24/7’, curiarracht dhomhanda don chomhrá Gaeilge is faide riamh ar domhan a eagrú mar chuid de Bhliain na Gaeilge!

Ó sheol an iar-thráchtaire agus an aoi spóirt Micheál Ó Muircheartaigh ‘Bliain na Gaeilge 2013’ ag ócáid stairiúil i nDaingean Uí Chúis in iarthar Chiarraí le linn oíche chinn bliana anuraidh tá na céadta imeachtaí eagraithe ar fud fad na tíre seo agus thar lear mar chuid de cheiliúradh ‘Bliain na Gaeilge’.

Tá sraith de thóstail idirnáisiúnta agus d’imeachtaí áitiúla chomh maith le féilte, ceolchoirmeacha, imeachtaí spóirt, ceol, drámaíocht, litríocht agus damhsa ar bun ar son na Gaeilge ar fud na tíre i gcaitheamh 2013 agus ar ndóigh feachtas úr Gaeilge an Chumann Lúthchleas Ghael nascaithe leis an gceiliúradh mór seo agus anois tá dúshlán nua ann don phobal Gaeilge ar fud na cruinne.

Tá sé beartaithe ‘COMHRÁ 24/7’, curiarracht dhomhanda don chomhrá Gaeilge is faide riamh ar domhan a eagrú mar chuid de Bhliain na Gaeilge! 

Go bunúsach, beidh grúpaí éagsúla ar fud an domhain ag eagrú ciorcail chomhrá ar feadh uair a chloig agus beidh siad ar fad san áireamh i gClár ama a leanfaidh ar feadh seachtaine GAN STAD ó 29 Meán Fómhair go dtí 6 Deireadh Fómhair 2013. 

Beidh an comhrá sruthaithe beo ar leathanach idirlín faoi leith agus beidh deis ag an bpobal ar fud an domhain páirt a ghlacadh trí twitter le #comhra247.

Is féidir d’uair a chloig (nó níos mó) a chur in áirithe anois …

Is féidir an dáta, agus an uair (nó na huaireanta) atá i gceist ag do ghrúpa a chur chuig  comhra@cnag.ie  nó glaoigh ar +353 (0)1 4757401
 
B’fhiú teagmháil a dhéanamh le comhra@cnag.ie  do COMHRÁ 24/7 chomh luath is gur féidir leis an uair a chloig (nó níos mó) is mó atá ag teastáil ó do ghrúpa a chur in áirithe. 
 
Tá liosta ollmhór d’imeachtaí éagsúla mar aon le háiteanna ina bhfuil Gaeltacht nó Cumainn Ghaelacha bunaithe agus a ndéanann na Gaeil freastal orthu, ar fáil ag www.gaeilge2013.ie
Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais maidir le Bliain na Gaeilge 2013 ar www.facebook.com/gaeilge2013  nó ar Twitter @gaeilge2013.

Foilsithe ar Gaelport.com

Primary Pals – Seirbhís Iarscoile Gaeilge i dTeach Giúise

Lúnasa 12, 2013

Primary Pals Teach Giúise

Oifigeach Gaeilge, Coláiste Phádraig

Lúnasa 12, 2013

Fáiltíonn Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath, roimh iarratais ar phost mar Oifigeach Gaeilge (post leathaimseartha ar chonradh dhá bhliain).

Ar fhreagrachtaí Oifigeach na Gaeilge beidh siad seo a leanas:

  • ranganna Gaeilge agus sainchúrsaí oiliúna teanga don fhoireann
  • clár imeachtaí sóisialta agus cultúrtha a eagrú a chuirfidh le húsáid na Gaeilge sa Choláiste
  • comharthaíocht agus cáipéisí riaracháin cuí i nGaeilge a chur ar fáil
  • leathanach gréasáin a chothú agus a fhorbairt.

Tá fís agus samhlaíocht mar aon le scileanna eagrúcháin agus idirphearsanta den scoth ag teastáil don phost seo. 
 
Ta líofacht i labhairt na Gaeilge agus cruinneas i scríobh na teanga bunriachtanach. 
 
Ba bhuntáiste é taithí oiriúnach teagaisc a bheith ag iarratasóir. 
 
Tá spéis phearsanta i gcur chun cinn na Gaeilge fíorthábhachtach, chomh maith le hardscileanna san aistriúchán agus i dTeicneolaíochtaí an Eolais.
 
Tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar www.spd.dcu.ie/vacancies. Níor mhór foirmeacha iarratais comhlánaithe a bheith istigh faoi 12.00 meán lae, 23 Lúnasa 2013 chuig:
 
Roinn Acmhainní Daonna,
Coláiste Phádraig,
Droim Conrach,
Baile Átha Cliath 9.
 
Cuirfear iarratasóirí faoi agallamh le haghaidh an phoist seo lá éigin le linn na seachtaine dar tús 9 MeánFómhair 2013.
 
Is fostóir comhdheise é Coláiste Phádraig

Foilsithe ar Gaelport.com

Straitéisí chun scileanna sóisialta tábhachtacha a mhúineadh do leanaí óga

Lúnasa 9, 2013

Is féidir le tuismitheoirí cuidiú lena leanaí scileanna agus iompar nua a fhoghlaim ar bhealach dearfach trí chleachtadh, trí mholadh, trí noda a thabhairt agus trí iompar áirithe a chur ar a súile dóibh, dar le taighde. 

Tá scileanna sóisialta a theagasc do leanaí ar na róil is tábhachtaí a bhaineann le bheith i do thuismitheoir. Cuimsíonn na scileanna sóisialta seo roinnt, sealaíocht a dhéanamh, agus deiseanna a thabhairt do dhaoine eile labhairt gan briseadh isteach orthu. Foghlaimíonn go leor páistí na scileanna sóisialta seo trí bhreathnú ar iompar dhaoine eile thart orthu agus trí aithris a dhéanamh ar an iompar sin.

Bíonn gá ag páistí eile le treoir soiléir chun na scileanna seo a fhoghlaim áfach. Bíonn a leithéid de threoir naoi n-uaire níos éifeachtaí i bhforbairt na scileanna seo ná cur chuige a bhaineann le smacht. Creatlach amháin atá éifeachtach do thuismitheoirí chun na scileanna seo a fhorbairt ina leanaí ná cur chuige na ceithre ‘P’ (Practice, Praise, Point Out, agus Prompt).

Cleachtadh (practice): Inis don pháiste go bhfuil sibh chun iompar /scil nua a chleachtadh agus bain triail as an iompar seo i réimse suíomhanna éagsúla trí ról-imirt. Tá míniú ar an fáth a bhfuil sibh ag tabhairt faoin iompar seo tábhachtach. Ba chóir an scil nua a chleachtadh cúpla uair gach lá ar feadh seachtaine nó coicíse.

Moladh (praise): Tabhair moladh nó bronntanas don leanbh as an scil/ iompar nua a chleachtadh. Ná gabh thar fóir le moladh / bronntanas – is leor scéal breise a léamh am luí.

Cuir an iompar ar a súile dóibh (point out): Déan an scil / iompar seo a aibhsiú don leanbh i d’iompar féin nó in iompar leanaí eile. Is féidir dea-shamplaí a aibhsiú i gcláracha teilifíse leanaí freisin nó i leabhair.

Tabhair noda (prompt): Tabhair noda don leanbh faoi shuíomhanna ina bhfuil sé oiriúnach an scil / iompar nua a úsáid.

Léigh tuilleadh ar an gcreatlach seo, mar aon le comhairle faoi scileanna láimhseála feirge a fhorbairt i do leanbh, i bpáipéar taighde Christopherson ach cliceáil anseo

Foilsithe ar www.naionrai.ie

Súil Siar – Saol na scoile

Lúnasa 9, 2013

Inniu cuireann Meon Eile tús le sraith úr darb ainm ‘Súil Siar’.

Le sé seachtaine anuas inár sraith h3. ‘Cuimhní Gaeltachta’ chualamar roinnt mhaith faoi ghaeltacht Thír Chonaill le go leor daoine ón cheantar seo ag cur síos ar a gcuid cuimhní Gaeltachta in Iarthar Thír Chonaill.

Bhuel anois tá sé in am cluinstin ó mhuintir na gaeltachta iad féin agus aithne níos fearr a fháil ar chuid acu. Le linn na sraithe seo nochtaíodh idir óg agus aosta a gcuid tuairimí faoi roinnt ábhar éagsúla – ag fás aníos sa ghaeltacht, cursaí oideachais, cúrsaí grá, cursaí creidimh agus go leor leor eile.

Is minic cuimhní láidre againn agus muid ag dul siar ar bhótharín na smaointe agus ó seo go ceann sé seachtaine cluinfidh muid tuairimí Mhaggie Uí Ghallchóir; Eoghan Mac Grianna, Máire Nic Grianna, Donnchadh Cassie Ó Baoill, Josephine de Búrca agus Suzanne Uí Ghallchóir.

Faoi chaibidil ar fhís an lá inniu: An Scoil: Cuid de na laethanta is fearr i do shaol? Beidh le feiceáil!

Féach an físeán ar www.meoneile.ie

Ná milltear an samhradh fada buí

Lúnasa 7, 2013

Luigh siar agus bain sult as deiseanna na laethanta saoire An tráth seo bliana i dtús mhí Lúnasa bíonn múinteoirí ag dul in éadóchas.

Na laethanta fada samhraidh a bhí ag síneadh rompu amach seachtainí breátha ó shin, tá siad anois imithe thar dhroim agus feiceann siad geataí na scoile ag bagairt. Ní mar sin do na tuismitheoirí, áfach. Seal beag gairid eile agus ní bheidh na gárlaigh, na gearrchaillí, na teallairí, na braimilleoga, na bioránaigh, na patacháiníní, na bligeaird, na giobstairí timpeall a gcos. Is é an crá croí bliantúil ná an samhradh a chur isteach gan an scian a bhaint amach as an dtarraiceán, ná an slabhra a dhaingniú ar an mbothán i mbun an ghairdín (agus iad istigh ann). Ba dhóigh leat gur tréimhse aoibhnis agus gealadhraim a bheadh sa tSamhradh, pé sa domhan de, murab ionann agus pé in Éirinn é i gcónaí. “Samhradh buí na nóiníní gréine,” mar a chan file amháin, “Sumer is icumen in/ Lhude sing cuccu!” mar adúirt té eile. Chuir Séamas Dall Mac Cuarta na focail ba mhilse i mbéal an tSamhraidh ina dhán ar Ceithre Ráithe na Bliana: “Beidh dealramh na gréine gach aon lá ar m’éadan/An lile ’s an samhaircín ’s an rós in mo ghruaidh”, agus más áibhéil an méid sin féin, sin é gnó an fhile go minic. Tá dán fada Oran an t-Samhraidh ag an bhfile iomráiteach Albanach Alasdair Mac Mhaighistir Alasdair, agus más tachtaithe le haidiachtaí é, tugann raidhse an tséasúir sin chugainn go solasmhar lán. 

An t-aoibhneas céanna atá ar fhilí ár linne féin – “An Samhradh sona is a sheamhar glan-shoirbh” a thug Liam S. Gógan air; cuireann “meisce ghlan anama” ar Liam Ó Muirthile, agus ar chuma go gcuireann an rud is lú ríméad orainn: “Álainn iad líonta an damháin alla i mí Lúnasa” dar le Gunther Grass via Gabriel Rosenstock. Tá Gréagóir Ó Dúill “faoi dhraíocht ag siosarnach breac na nduilleoga, tógáil cheann na mbláth, cogaint mhilis féir” ina ghairdín féin. Meabhraíonn Art Ó Maolfabhail dúinn “Samhradh síorbháistí – planda agus páiste ag fiafraí/ cá bhfuil a ngrianrí”. Ní hiad na hiontais ná na maitheasaí sin is cás le tuismitheoirí, áfach. Is é is cás leo an t-am a chur isteach ionas nach mbeidh an uain ag luí go leadránach ar Shakoncé, ar Nathan, nó Kayla, nó Donathan, ná ar Jaslynn bhocht. Chuige sin caitear an samhradh le cúrsaí den uile chineál – cócaireacht, caoladóireacht, bádóireacht, dreapadóireacht, rinceadóireacht, cipidiríleadóireacht,..abair é agus tá a leithéid ann. Ídítear boinn na ngluaisteán leis na taiscí beag a iompar ó rang go rang, ó fhaiche go faiche. Ní chuige sin Samhradh na hóige in aon chor. Is chuige Samhradh na hóige chun leisce, chun leadaíochta, agus chun leithéise. Dá mhéid a d’fhoghlaimeofaí i scoil shamhraidh ar bith is seacht mó a d’fhoghlaimeofaí ar chúinne na sráide nó laistiar den choca féir. Is é cúinne na sráide ollscoil na hóige, go háirithe le linn laethanta fada an tSamhraidh. 

Is ar chúinne sin na sráide a chéad chuireann duine aithne air féin. Is ann a nochtar rúndiamhracha an tsaoil, is ann a thrialltar a mhiotal. Is ann, leis, a chuirtear an t-am amú ar chabaireacht, ar gheabstaireacht, ar ghaoth, ar dheisbhéalaí, ar útamáil, ar an rud neamhcheadaithe, ach nach am amú aon phioc de. Is é seo an t-am is luachmhaire i saol an duine óig, mar den chéad uair tá sé nó sí lasmuigh den chóras, córas baile nó córas scoile. Is é an duine a shocraíonn a chlár ama féin, nach clár ama é. Is é a bhíonn sa lá díomhaointeas idir dhá dhoircheacht, gan de léarscáil aige ach pé áit a thabharfaidh siúl na gcos nó turas bus é. Tír aineoil is ea an ceantar sin tamall uait, agus seans go bhfuil naimhde ann le cloí, nó cairde le déanamh. Muran ann do dhragain níos mó, ní hionann sin is nach dteangmhófaí le bús deataigh luath nó mall. Sna laethanta fada sin is beag rud is mó foghlaim ná a bheith ag máinneáil timpeall, ag faoilleáil ar bhóithre. Is beag rud is fearr a scaoileann leis an tsamhlaíocht ná a bheith ag áilleagánacht thart go neamhthuairimeach. Is le linn aiste sin na leisce a thugann smaointe cuairt ort, is i gcaitheamh an ama sin a thuirlingíonn trí chriathar na haigne na tuiscintí a dhéanann díot an duine is tú. Teanntaítear an óige laistigh d’fhallaí na scoile formhór na bliana, agus cuirtear oideas ceathairchúinneach uirthi. Seans gur i seomra eile, gléas leictreonach ilmheáin mar chompánach, a chaitear sciar mór dá bhfuil fágtha den am. Sin é an fáth a bhfuil laethanta fada buí an tSamhraidh chomh luachmhar sin, laethanta aoibhne cúinne na sráide. Ná milltear iad le cúrsaí, agus a thuilleadh cúrsaí, agus cúrsaí eile ina dhiaidh sin. Cead a cinn ag an leisce i rith an tSamhraidh! 

www.irishtimes.com

Deireadh curtha le scéim fhóirdheontais na Naíonraí

Lúnasa 6, 2013

Ag deireadh mhí Mheithimh, chinn Bord Fhoras na Gaeilge go gcuirfí deireadh leis an scéim fhóirdheontais do naíonraí atá á riaradh ag Forbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ó 1999. 

Sa bhliain 2012, cuireadh € 876,900 ar fáil do FNT don scéim fhóirdheontais agus cuireadh maoiniú ar fáil chuige seo don chéad leath den bhliain 2013, ar luach €545,000 ach tá curtha in iúl anois ag Foras na Gaeilge nach n-íocfar aon airgead faoin scéim don tréimhse go Nollaig 2013.  “Buille tubaisteach d’earnáil na réamhscolaíochta” atá tugtha ag Clíona Frost, Príomhfheidhmeannach ar Fhorbairt Naíonraí Teoranta ar an gcinneadh seo, agus dúirt sí go mbeidh suas le hocht naíonra le dúnadh agus 31 post curtha i mbaol de bharr an chinnidh.  Dar le FNT nár tugadh aon fhógra dóibh, nó do Na Naíonraí Gaelacha go raibh an cheist seo faoi chaibidil ag Bord an Fhorais nó go raibh cinneadh le glacadh ina leith agus gur sa tairiscint ar bhunmhaoiniú don tréimhse Iúil – Nollaig 2013 do Fhorbairt Naíonraí Teoranta ó Fhoras na Gaeilge a tháinig cinneadh an Bhoird chun solais.  

I ráiteas atá faighte ag Gaelport.com ó Fhoras na Gaeilge deirtear:  “Bhí ceist ann faoin Scéim seo le cúpla bliain anuas agus chuir oifigigh Fhoras na Gaeilge in iúl go sonrach d’Fhorbairt Naíonraí Teoranta (FNT) ag cruinniú ar 01 Márta 2013 go raibh Foras na Gaeilge ag amharc ar an cheist seo agus go raibh seans ann nach n-íocfaí fóirdheontais amach anseo.  Ní gan fógra a tharla an cinneadh”.  Tá curtha in iúl ag Foras na Gaeilge gur “maoiniú dúbailte” a bhí á chur ar fáil toisc go raibh íocaíochtaí ar fáil do naíonraí faoin scéim Rialtais reatha i ndáil le cúram agus oideachas na luath-óige.  Labhair Gaelport.com le Rebecca Uí Bhruachail ó Naíonra Thír na nÓg i Mullach Íde i mBaile Átha Cliath.  Cuireann an naíonra seo seirbhísí ar fáil do dheichniúir páistí agus baineadh úsáid as an scéim fhóirdheontais chun íoc as páipéarachas, áiseanna teagaisc, leabhair, bréagáin agus ranganna Gaeilge don fhoireann.  In iomlán is tuairim agus €1,800 a bhí á fháil ag an naíonra seo sa bhliain tríd an scéim seo.  

Deir Rebecca: “Nuair a dhún an naíonra don samhradh bhí beirt fostaithe ann, ach leis na ciorruithe seo, ní bheidh d’acmhainn againn an dara duine a fhostú.  Faoin Acht um Chúram Leanaí 1996 is gá go mbeidh beirt san ionad i gcónaí i bhfeighil ar na páistí, agus mar sin beidh orm teacht ar dhuine a bheidh sásta tabhairt faoin obair seo go deonach, nó an naíonra a dhúnadh.  Tá sé chomh simplí leis sin”.  Is Stiúrthóir Naíonra í Catherine Allen ar Naíonra na gCéimeanna Beaga i gCathair na Mart a chuireann seirbhísí ar fáil do 22 páiste. Ciallóidh an ciorrú seo laghdú de os cionn €4,000 dá naíonra sa bhliain, agus dar le Catherine go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha aige ar chaighdeán na seirbhíse.  

Deir Catherine: “Chabhródh an fóirdheontas chun íoc as gnáthchostais an naíonra, mar shampla leabhair, míreanna mearaí, áiseanna agus ranganna Gaeilge don fhoireann.  Bunaíodh mo naíonra dhá bhliain ó shin, agus ghlac mé iasacht chun na costais bhunaithe a íoc.  Níl an iasacht sin íoctha ar ais go fóill.  Tá gach pingin tábhachtach dom agus mé ag iarraidh an tseirbhís is fearr a chur ar fáil.  Gan an fóirdheontas seo, beidh post páirtaimseartha amháin á chailleadh i mí Meán Fómhair.  Mar gheall ar an scéim ECCE, ní féidir liom na táillí a ardú do na tuismitheoirí.  Leanfaidh mé orm don chéad bhliain eile, ach níl a fhios agam céard a dhéanfaidh mé amach anseo.  B’fhéidir go mbeidh orm an naíonra a dhúnadh”.

Sa ráiteas ó Fhoras na Gaeilge a fuarthas, deirtear nach bhfeictear don Fhoras “go bhfuil an Fóirdheontas criticiúil d’inmharthanacht naíonraí Gaeilge”. 

Foilsithe ar Gaelport.com

Tuarascáil ar fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge foilsithe

Lúnasa 6, 2013

D’fhoilsigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta tuarascáil ar dhúl chun cinn faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ar 23 Iúil.

Sheol Taoiseach an ama sin, Brian Cowen, an Straitéis 20 bliain ar an nGaeilge in 2010 leis an mór sprioc chun líon na gcainteoirí Gaeilge laethúil lasmuigh den chóras oideachais a ardú ó 83,000 duine go dtí 250,000 duine thar thréimhse 20 bliain.
Naoi réimse gnímh atá i gceist sa Straitéis, agus leagtar amach inti spriocanna ar leith faoi gach aon réimse. I measc na réimsí gnímh tá spriocanna ann i leith chúrsaí oideachais, An Ghaeltacht, An Teaghlach (Idirghabháil go luath), Riarachán, Seirbhísí agus Pobal, Na Meáin agus an Teicneolaíocht, Foclóirí, Reachtaíocht agus Stádas, Saol Eacnamaíochta agus Tionscnaimh Leathana.
Is ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá an fhreagracht uileghabhálach an Straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mór páirtithe leasmhara lena n-áirítear Ranna Rialtais eile.
Tugadh chun fios sa tuarascáil athbhreithnithe go bhfuil struchtúir bunaithe ón mbliain 2011 chun feidhmiú na Straitéise a fhorbairt agus monatóireacht a dhéanamh i leith na forbartha sin. Tá an Taoiseach mar Chathaoirleach ar an gCoiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht. Chomh maith leis sin tá Grúpa Idir-Rannach atá faoi chathaoirleacht an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus grúpaí eile d’oifigigh a bhíonn ag plé le hearnálacha éagsúla.
Chuir an tAire Stáit Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D. in iúl go bhfuil athbheochan na teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht mar ghné fíorthábhachtach den Straitéis.
Achtaíodh Acht na Gaeltachta i mí Iúil 2012 agus i measc príomhghnéithe an Achta tá sainmhíniú úr ar an nGaeltacht mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta ina mbainfear leas as critéir theangeolaíochta seachas critéir thíreolaíoch.
Léirigh an tuarascáil go bhfuil na chéad chéimeanna á dtógáil ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge chun tús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga le heagrais agus le pobail i gceantair éagsúil sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht. I meas na gcéimeanna sin tá obair idir lámha i gcomhar leis an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta ar threoirlíne ina leagfar amach próiseas trédhearcach chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna limistéir, bailte agus líonraí Gaeilge agus measúnaí a dhéanamh orthu. Tá córas á fhorbairt freisin chun eagraíochtaí a roghnú le pleananna teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.
Forbrófar Dioplóma i bPleanáil agus Buanú Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaillimh a bheidh dírithe ar fhoirne na n-eagraíochtaí pobail agus na gcomhlachtaí stáit a bheidh baint acu leis an bpróiseas pleanála teanga. Luadh chomh maith go bhfuil leagan nuashonraithe den Staidéir Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007) le foilsiú i bhfómhar 2013.
Tiocfaidh athraithe i bhfeidhm faoi Acht na Gaeltachta 2012 ar struchtúr agus ar fheidhmeanna Údaráis na Gaeltachta lena n-áirítear an athdhearadh a tháinig ar Bhord an Údaráis ó thoghchán poiblí de bhord de 20 comhalta go ceapachán an Aire Stáit agus Údaráis Áitiúla de 12 comhalta.
Leagadh amach chomh maith na scéimeanna tacaíochta Gaeilge agus Gaeltachta atá seolta ag an Roinn ar nós an Clár Tacaíochta Teaghlaigh a chuireann tacaíocht ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge agus luadh go bhfuil maoiniú curtha ar fáil ag an Roinn do réimse eagraíochtaí laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge.
Cuireadh in iúl na hiarrachtaí atá ar bun ag Ranna Rialtais éagsúla ar nós An Roinn Oideachais agus Scileanna atá ag tacú le curaclam nua comhtháite teanga do bhunscoileanna a fhorbairt ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) a chuimseoidh torthaí foghlama don Ghaeilge.
Léiríodh chomh maith go dtagann an coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht atá faoi stiúir an Taoisigh le chéile go rialta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ar chur i bhfeidhm na Straitéise. Luadh freisin go mbíonn na foilseacháin bhliantúla a eisíonn Roinn an Taoisigh ar fáil go dátheangach, mar shampla, na cláir don Lá Náisiúnta Cuimhneacháin, comóradh Éirí Amach na Cásca 1916 agus comóradh Dhónaill Uí Chonaill.
Agus é ag tagairt don tuarascáil, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge nach mórán nua a bhí le feiceáil sa tuarascáil is déanaí, agus go raibh “gníomhaíochtaí seanbhunaithe á ngléasadh suas anois mar rud éigin nua”. Lean De Barra “Is ábhar imní é do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge an mhoill atá ar fheidhmiú na Straitéise a foilsíodh beagnach trí bliana ó shin, tá an t-am ag sleamhnú tharainn agus ní mhór díriú anois, mar ábhar práinne, ar mholtaí an Staidéir Chuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil chuige sin”.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Is oth le Conradh na Gaeilge go bhfuil, ar an iomlán, easnaimh mhóra sna pleananna forfheidmithe chun An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Is gá don Rialtas breis acmhainní a chur ar fáil don teanga agus ní mór dóibh a bheith níos uaillmhianaí sna spriocanna a leagann siad amach. Chomh maith leis sin, is gá don Rialtas go práinneach an pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise agus, chuige sin, an struchtúr riachtanach ardleibhéil a bhunú idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta”.

Foilsithe ar Gaelport.com

Irish-medium education sets a high standard

Lúnasa 6, 2013

IN his opinion piece on Irish-medium education (Comment, July 30), Danny Kinahan is unfairly dismissive of the role of Irish-medium schools in helping to create a truly integrated education system.

He rejects the many possibilities it affords for educational cooperation and plurality. Contrary to Mr Kinahan, I unequivocally state that Irish-medium schools are open to all parents and pupils who seek an excellent, bilingual educational experience. Regarding the question of whether Irish-medium schools deliver a quality education, the previous chief inspector’s report, under the previous assessment arrangements, shows that 83% of Irish-medium pupils achieved Level 4 or above in English Keystage 2 assessments. It also showed 79% achieved a similar standard in maths, out-performing their peers in English-medium schools. This trend continues under the new assessment arrangements.

I challenge Mr Kinahan’s defeatist presumption that the low percentage of pupils from a Protestant background at Irish-medium schools won’t change. If anything, the argument should be made that the percentage will increase, particularly following the growth of Gaelic-medium education in Scotland where the vast majority of pupils are Protestant. This refutes the assertion that there is a lack of interest or a disconnect among the Protestant community. Our view is that demand for this new, vital and dynamic sector will increase across all sections of the community when parents become more aware of the choices available to them. Prince Charles has spoken passionately about the Gaelic language, acknowledging not only its cultural and linguistic benefits. A truly shared vision for education should not pigeon-hole entire sectors and pander to the ‘them-and-us’ mentality.

I challenge Mr Kinahan to play a positive role in ensuring that language is never perceived as a political weapon, rather that it can be enjoyed and learned by all for the many benefits it offers to children – bilingualism, cognitive advantages, greater tolerance and cultural awareness.

DR MICHEAL O DUIBH
Chief executive, Comhairle na Gaelscolaiochta

www.belfasttelegraph.co.uk

« Previous PageNext Page »