Méid an Téacs

Tráth na gCeist Bórd Feachtas i gColáiste na Toirbhirte, Corcaigh

Eanáir 22, 2014

Beidh tráth na gceist boird á reáchtáil ag Feachtas do scoláirí dara leibhéal i gColáiste na Toirbhirte, Corcaigh ar 27ú Eanáir 2014 ag 19.00. Má tá spéis agaibh foirne a chur chur isteach, déanaigí teagmháil le Ciara Ní Bhroin (ciara.feachtas@gmail.com), Oifigeach Forbartha Feachtas, chomh luath agus is féidir chun áit a dheimhniú ann. Bronnfar boinn agus teastais ar bhuaiteoirí na hoíche agus rachaidh siad ar aghaidh chuig ag gcraobh a bheidh ar siúl i mí an Mhárta.

Ceanneagraíochtaí nua roghnaithe ag Foras na Gaeilge

Eanáir 22, 2014

Gael Linn, Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Cumann na bhFiann, Glór na nGael agus Gaelscoileanna na sé cheanneagraíocht nua atá roghnaithe ag Foras na Gaeilge faoin scéim nua maoinithe.

Is iad a tháinig slán as na 19 eagras a bhí ag fáil bunmhaoinithe ón fhoras. Leanfar de mhaoiniú na n-eagras eile deonach go mí an Mheithimh. “Ré nua,” a thug an foras ar an atheagar. Dúirt Dónal Ó hAiniféin ón fhoras gur mhinic a canadh “an nath “ní neart go cur le chéile” – agus tá Foras na Gaeilge agus na ceanneagraíochtaí le beart a dhéanamh de réir na mbriathra sin, le go mbeidh an oiread agus is féidir d’acmhainní na Gaeilge á ndíriú ar fhorbairt na Gaeilge sa phobal”. Bheadh “buiséad suntasach” ar fáil le tabhairt faoin obair. Thug Oireachtas na Gaeilge le fios go raibh “áthas” orthu gur roghnaíodh mar cheanneagraíocht iad. Dúirt a stiúrthóir, Liam Ó Maolaodha, go raibh siad “ag tnúth lenár ról a ghlacadh i gcur i bhfeidhm an struchtúir nua. Tá go leor le déanamh againn mar eagraíocht idir seo agus Iúil chun muid féin a chur in oiriúint do ról ceanneagraíochta ach creidim go bhfuilimid ábalta é sin a dhéanamh agus gur níos láidre a bheimid dá bharr”.

Dúirt ardfheidhmeannach Ghaelscoileanna, Bláthnaid Ní Ghréacháin, go raibh siad “thar a bheith sásta gur éirigh linn faoin bpróiseas seo”.D’aithin sí go mbeadh dúshláin i gceist le cur i bhfeidhm an chórais nua ach ghlac sí “go fonnmhar agus go dáiríre leis na cúraimí, deiseanna agus dúshláin atá romhainn mar cheanneagraíocht ar an mhór-réimse”. Dúirt príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin, go raibh “súil acu gur tús é an cinneadh ar mhodh nua pleanála don Ghaeilge ina mbeidh an Stát agus an earnáil dheonach ag obair as lámha a chéile. Ní foláir todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail a chinntiú agus is den riachtanas é go mbeadh bunús maith leis an mbeartas úr”. Níor éirigh le heagras ar bith sa Tuaisceart stádas a bhaint amach mar cheanneagraíocht. Dúirt stiúrthóir an Iontaobhais ULTACH, Aodán Mac Poilín, atá lonnaithe i mBéal Feirste, go raibh eagla air go ndéanfaí “imeallú ar an Tuaisceart mar gheall ar an tsocrú úr seo, agus go mbeadh an Ghaeilge ó thuaidh níos laige dá thairbhe. Fócas deisceartach a bheas ann feasta”. Bhí imní air nach mbeadh “an saineolas, an chreidiúint, an éifeachtacht” ag na ceanneagraíochtaí nua le cúrsaí teanga a chur chun cinn chomh héifeachtach le grúpaí áitiúla agus go mbeadh cúrsaí trasphobail thíos leis faoin struchtúr nua.

Dhruidfí oifig an eagrais i mí an Mheithimh agus chaillfí ceithre phost, a dúirt sé: “Ní le leas na Gaeilge nó leas phobal na Gaeilge ó thuaidh an cinneadh seo.” Chaill an eagraíocht oideachais i mBéal Feirste, Altram, maoiniú fosta. Bhí cúig phost lánaimseartha le cailleadh, a dúirt cathaoirleach an ghrúpa, Áine Andrews. Bhí “tuiscint, taithí agus saineolas nach beag ag an eagraíocht ar dhúshláin an tumoideachais ag leibhéal na luathbhlianta sa dlínse seo. Ní bheidh sé seo ag eagraíocht atá lonnaithe i ndlínse eile…” Bhí eagla uirthi go mbeadh “bearnaí móra sa tsoláthar a rachfas go mór chun aimhleas ár bpáistí agus ár bpobail”.

Dúirt ceannasaí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, Kevin de Barra, go raibh díomá ar an eagras maoiniú a chailleadh. Leanfadh an chomhdháil ar aghaidh mar scátheagraíocht ar an earnáil dheonach agus go mbeadh siad “ag féachaint ar bhealaí chun a dheimhniú go leanfadh tionscadail agus tograí a bhí forbartha ag an gcomhdháil le blianta fada ar aghaidh faoin struchtúr nua maoinithe”.

www.irishtimes.com

Capall ard an oideachais

Eanáir 22, 2014

Tá córas maith oideachais againn; ba cheart dúinn é a cheiliúradh

Is beag rud is mó a thugann pléisiúr do dhuine ná a bheith ar a chapall ard. Ní hé atá i gceist agam a bheith ag scuabadh leat sa diallait agus na cosa a bheith thíos fút, ná tú ag fiach an tsionnaigh ina leaba rua. Is é atáim á mhaíomh ná an ceart a bheith agat fadó riamh nuair a bhí amaidí na huaire á shlogadh ag cách. Is teolaí an rud é an ceart a bheith agat anois is arís, agus sin a fhógairt le glamgháire. Cá bhfágfá na saineolaithe nuair a bhí an freagra soiléir suas id phus os do chomhair amach?

Bhí cuid againn tinn tuirseach den phíopaireacht a bhí ar bun nuair a fógraíodh torthaí PISA thiar chomh fada ar ais le 2010. Ar eagla na míthuisceana, níl aon bhaint ag PISA le Pizza, ná leis an gcathair úd san Iodáil a bhfuil an túr ag titim ann. (“Looka, ‘tis, crooka,” mar adúirt an turasóir). Is é atá ann an Programme for International Student Assessment, córas slíoctha síodúil idirnáisiúnta a shocraíonn go garbh cé acu tír a bhuann Corn an Domhain san oideachas de réir miosúr atá chomh rúndiamhrach le FIFA féin. Agus ó th’anam an diabhail, bhíomar titithe siar go mór i rás Oilimpeach na scolaíochta domhanda seachas mar a bhí cúpla bliain roimhe sin. De dhroim oíche b’amadáin agus ba bhreallsúin agus b’óinseacha agus ba dhúradáin ár n-aos óg. B’iad a bhí tugtha don leisce agus don leiciméireacht agus don leaidíocht, agus cá bhfios, do na drugaí agus do na boscraí chomh maith céanna.

Bhí oiread san tír eile tar éis preab a thabhairt tharainn sa léig idirnáisiúnta seo atá chomh tábhachtach don eacnamaíocht – agus don eacnamaíocht – agus don eacnamaíocht. Má bhíomar saibhir tráth, is léir go rabhamar le bheith bás bocht arís mura ndéanfaimis ár leasracha a chrioslú go beo. Is dá réir sin a tháinig scaoll agus líonrith ar an Aire Oideachais agus Scileanna agus Saill a Shlaiseadh, ionas gur ordaigh sé straitéis (mar cad eile a dhéanfadh duine a ordú seachas straitéis?) chun déileáil, go háirithe, leis an ngéarchéim litearthachta. Is dá réir, arís, a chuir An Chomhairle Mhúinteoireachta deireadh le léitheoireacht leabhar liteartha sna coláistí oiliúna móra, agus gur tanaíodh pé rud is litríocht ann sna cúrsaí meánscoileanna. Ar chúis éigin, ceapadh dá gcuirfí teicnící teicneacha teicniúla agus modhanna modartha miosúrúla in áit an bhunriachtanais – id est, go mbeadh ar dhaltaí rud éigin a léamh – go leigheasfaí an scéal.

Níor thúisce an scrios déanta, ná gur tháinig lucht PISA arís chugainn ar a gcarbaid órga in eireaball na bliana seo caite. Agus euríocá! Agus, ná habair é, ní féidir, ní chreidim focal de, ach bhíomar tar éis léim na seacht mbruach a thabhairt agus sinn arís i Roinn I den léig idirnáisiúnta, go háirithe sa litearthacht! Go hobann, go grod fiú, bhíomar ar aon dul leis an bhFionlainn arb iad an marc agus an caighdeán foirfe iad dar le daoine nach dtuigeann faic faoin dtír sin. Sa chás seo, nóta pearsanta. Tá garmhic agam i gcóras scolaíochta na Fionlainne. Bhíos isteach is amach sna scoileanna acu. An bhfuil aon difríocht mhór idir a ndéanann an múinteoir ansin, agus an múinteoir anseo? Níl. An mbíonn ar a gcuid páistí siúd scríobh isteach i leabhair saothair mar a bhíonn orainne? Ó bíonn. An mbíonn orthu leabhair a léamh agus pinn a chur le pár? Gach uile lá! An bhfuil draíocht faoi leith i bhfeoil an réinfhia a chuireann luas le cillíní na hinchinne? Níl. Scéal agam daoibh, nó don Aire. Níl aon rud míorúilteach mistéireach ag baint le córas oideachais na Fionlainne.

Pé feabhas atá ar chóras oideachais na tíre sin baineann sé leis an bpobal féin, fara ardchaighdeán na múinteoireachta agus díocas chun cothromaíochta. Gan amhras, mar bhall de Pháirtí an Luch Oibre Meánaicmí ba bheag í tuiscint an Aire ar a leithéid sin. Sin é an fáth, b’fhéidir, go slogann sé tuarascálacha hólas bólas. Is ionann tuarascáil a shlogadh agus gan aon mhachnamh a dhéanamh tú féin. Is ionann tuarascáil a shlogadh agus sin deireadh an scéil. Is ionann tuarascáil agus an tomhas coitianta is lú. Tá an t-oideachas tiubh le tuarascálacha ach tá gann ar ghaois. Is é bun agus lár an scéil ná gurb ionann a bheag nó a mhór gach córas oideachais in iarthar an domhain ramhair. Is iad luachanna an phobail a shocraíonn caighdeán an oideachais, agus ní a mhalairt timpeall.

Ach bhí sé go maith a bheith ceart. Ní rabhamar go maith in 2006, go hainnis in 2010, agus go hiontach arís in 2013. Duine ar bith a cheap é sin, ba cheart dó dul ar ais ar scoil.

www.irishtimes.com

Changes to the Junior Cert

Eanáir 22, 2014

Sir, – Having worked in the Academy system in the UK, I have experienced teacher-assessment first hand.

In spite of claims to a holistic or student-centred approach, teachers and students were presented and assessed in terms of results. Consequently the pressure on teachers to attain results led to “pro-active” marking. I now teach in Ireland and find that the Junior and Leaving Certificates, while cumbersome and costly, do provide transparency, accountability and, above all, equality. Both exams, however, dominate teaching and learning in Irish schools. They restrict more innovative teaching and limit learning outside of curriculums that one can pick and choose from in order to maximise points.

Some of proposed changes are to be welcomed. We need to move to a formative form of assessment that would maintain the virtues of our current system. A formal approach to continual assessment is a positive move. Nevertheless, that teachers would assess their own students would impinge upon the integrity of any such assessment. That those who seek to implement the Junior Cycle Student Award do not seem to understand the consequences that such an approach to assessment would have is worrying for all concerned. – Is mise,
NIALL COOPER,
The Ridgeway,
Bishopstown,
Cork.

www.irishtimes.com

Samhail Nua Mhaoinithe – cén tionchar d’earnáil na Gaeilge?

Eanáir 22, 2014

Tá sé eagras a bheas i mbun earnáil dheonach na Gaeilge roghnaithe ag Foras na Gaeilge; Gael Linn, Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Coláiste na bhFiann, Glór na nGael agus Gaelscoileanna.

Beidh ar an 13 eagraíocht (ceithre cinn ó thuaidh) nár éirigh leo, beidh orthu maoiniú úr a aimsiú le teacht mhí Iúil nó dul as feidhm. Is ar bhonn uile-Éireann a chaithfidh na heagrais roghnaithe feidhmiú.

Bhí Meon Eile i láthair ar lá na cinniúna agus seo chugaibh léargas ar fhógairt an scéil agus tuairimíocht ó roinnt de cheannasaithe na hearnála.

Ráitis ó na ceithre eagras sa tuaisceart nach bhfaighidh bunmhaoiniú a thuilleadh:

Aodán Mac Póilin, Stiúrthóir Iontaobhas Ultach

“Druidfear oifig Iontaobhais ULTACH i mí Mheithimh agus caillfear ceithre phost in eagras atá tiomnaithe don obair thraspobail agus do sholáthar ábhar ardchaighdeáin do phobal an tuaiscirt.

Caillfear an taithí fhada stocaireachta atá ag an fhoireann maidir le pleanáil teanga, an chraoltóireacht agus go leor eile. Ní le leas na Gaeilge nó leas phobal na Gaeilge ó thuaidh an cinneadh seo.

Mar a dúirt go leor romham, is lá dubh é don Ghaeilge.”

Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL

“Beidh fuinneamh ar leith ghluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh caillte. Beidh bearna ollmhór ann ó thaobh údarás agus tionchar na ndaoine atá fostaithe ó thuaidh de, mar gurb as an deisceart do stiúrthóirí ar fad na sé cheanneagras, agus cé go ndeir an Foras go mbeidh poist ann do dhaoine ó thuaidh, níor shonraigh sé grád nó leibhéal na bpost seo.

Is léir, áfach, nach ról ceannasaíochta a bheidh i gcuid ar bith dóibh. Beidh saineolas agus saintaithí caillte. Glacfaidh sé tamall fada leis an dochar atá á dhéanamh don teanga a leasú, go háirithe ó thuaidh.”

Jake Mac Siacais, Stiúrthóir Forbairt Feirste

“Má insítear an fhírinne dhubh agus bhán is próiseas cuíchóirithe amháin a bhí á mhaoirsiú ag an Fhoras le tamall de bhlianta anuas, fad agus a cuireadh le bille tuarastal an Fhorais féin, agus is próiseas cuíchóirithe a bheas á chur i bhfeidhm acu beag beann ar na himpleachtaí do phobal na Gaeilge thuaidh agus theas ach go háirithe ó thuaidh, áit a bhfuil infrastruchtúr an phobail, taithí, scileanna, infheistíocht agus tógáil páirtnéíreachta bánaithe acu.

Deich mbliana níos moille is deacair a chreidbheáil go dtig leis an Fhoras a rá, gan mórán lorg íoróine orthu, gur ‘Ré úr’ atá fógraithe acu nuair atá stádas agus clú Fhoras na Gaeilge mar áisíneacht trasteorann lagaithe agus níos mó amhrais ann faoi chreidiúnacht an Fhorais ná mar a bhí ariamh.”

Áine Andrews, Cathaoirleach Altram

“Caillfear cúig phost lánaimseartha agus post amháin páirtaimseartha. Tá Altram ag gníomhú go díográiseach agus go héifeachtach in earnáil na luathbhlianta le breis is fiche bliain.

Tá tuiscint, taithí agus saineolas nach beag ag an eagraíocht ar dhúshláin an tumoideachais ag leibhéal na luathbhlianta sa dlínse seo.

Ní bheidh sé seo ag eagraíocht atá lonnaithe i ndlínse eile nó ag eagraíocht nach raibh ag freastal go dtí seo ar shainriachtanaisí na luathbhlianta nó nach bhfuil tiománta maidir leo.

Tá eagla orainn go bhfágfaidh na socruithe úra bearnaí móra sa tsoláthar a rachfas go mór chun aimhleas ár bpáistí agus ár bpobail.

Is le cuid mhór dua agus íobairte gur éirigh le Gaeilgeoirí an Tuaiscirt cibé aitheantas atá anois ann don Ghaeilge a bhaint amach.

Is cúis mhór náire í d’Fhoras na Gaeilge an dóigh ar phléigh siad le Gaeilgeoirí an Tuaiscirt sna cinntí seo.”

Féach an físeán ar www.meoneile.ie

Stiúrthóir naíonra

Eanáir 22, 2014

Stiúrthóir naíonra ag teastáil go don Naíonra ag Whizz Kids, Ashbrook House, Bóthar an Tódhchair, Mainistir Eimhín, Co. Chill Dara. Le tosnú láithreach.

Riachtanais:

Cumas faoi leith ag obair le leanaí óga
Scileanna cumarsáide láidre
Gaeilge líofa (Leibhéal TEG B2 labhartha www.teg.ie)
Dianchúrsa FNT: An Cháilíocht Stiúrthóra (nó bheith sásta tabhairt faoi go luath)
Cáilíochtaí cuí CDBO ag Leibhéal 5 i gCúram Leanaí
Traenáil gharchabhrach
Traenáil um chosaint leanaí
Iarratais:

Iarratais le hainmneacha bheirt mholtóra chuig an seoladh thíos faoin Aoine, 14 Feabhra 2014, le “Folúntas – Naíonra” scríofa mar theideal ar ríomhphost chuig camella@live.ie

Tuilleadh eolais ó Camella: 087 6739737

Foilsithe ar Gaelport.com

Toradh an Phróisis Chuíchóirithe

Eanáir 21, 2014

Tháinig próiseas cuíchóirithe a tionscnaíodh in 2008 chun críche an tseachtain seo caite, le fógra ó Fhoras na Gaeilge maidir leis na sé cheanneagraíocht a bheidh le maoiniú acu amach anseo.

Tríd an bpróiseas seo, a chonaic 19 n-eagraíocht á gcúngú chuig sé cheanneagraíocht ar mhaithe le ‘breis éifeachtacht agus éifeachtúlacht’ san earnáil, tá scrios déanta ar earnáil dheonach na Gaeilge.

Cuireadh iallach ar 19 n-eagraíocht a bhí cleachtach ar obair i gcomhpháirt lena chéile thar na blianta chun dul in iomaíocht ghéar lena chéile, de réir catagóirí a bhí leagtha amach dóibh ag Foras na Gaeilge.

Tháinig dhá stáisiún raidió, Raidió na Life agus Raidió Fáilte, slán ón slad toisc gur chuir córas ceadúnais na stáisiún bac orthu feidhmiú ar bhonn uile-oileáin rud a bhí mar thosaíocht incháilithe don struchtúr nua. Cuirfear maoiniú ar bhonn scéime ar fáil amach anseo don dá stáisiún raidió, mar aon leis an Áisaonad, dream a chuireann áiseanna foghlama agus teagaisc ar fáil trí Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.

Le 3 eagraíocht ón 19 slánaithe, b’éigean don 16 eagraíocht eile dul in iomaíocht lena chéile don sé thicéad órga chun a dtodhchaí a chinntiú. Chuir tráchtairí in iúl le linn an phróisis go bhféadfadh seo scrios a dhéanamh ar infreastruchtúr tacaíochta na teanga sna 32 contae toisc go mbeadh cuireadh ag na páirtithe rathúla chun páirt a ghlacadh sa struchtúr nua maoinithe ach go gcuirfí deireadh le maoiniú na n-eagras eile ón 30 Meitheamh 2014.

Ceanneagraíochtaí

Cé go bhfuil feidhm uile-oileáin ag cuid de na heagraíochtaí a roghnaíodh (thuas) cheana féin, is i bPoblacht na hÉireann atá a gceanncheathrú ag gach ceann acu. Tá imní léirithe faoi seo ó fógraíodh toradh an phróisis toisc an easpa tacaíochta a bheidh ar fáil do na struchtúr reatha teanga ó thuaidh. Cuirfear deireadh le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge do Forbairt Feirste, Pobal, Iontaobhas Ultach agus Pobal, rud a chiallóidh go mbeidh foirne na n-eagraíochtaí ligthe chun siúil agus go mb’fhéidir go mbeidh deireadh á chur leis na heagrais féin.

Mar eagraíochtaí deonacha, d’fhéadfadh na heagrais seo leanúint ar aghaidh gan mhaoiniú agus gan fhoireann, ach is cinnte go mbeadh tionchar iontach diúltach aige seo ar obair na n-eagras.

Ag labhairt dóibh sna meáin chumarsáide le cúpla lá anuas, tá tagairtí déanta ag urlabhraithe Fhoras na Gaeilge gur féidir le ceanneagraíochtaí fostaíocht a chur ar fáil dóibh siúd a bheidh dífhostaithe sna heagrais eile. Dar le roinnt tráchtairí nach bhfuil anseo ach iarracht casadh dearfach a chur ar an scéal. I gceann amháin de na catagóirí mar shampla, ‘Ardú Feasachta, Cosaint Teanga, agus Ionadaíocht’ cuirfear deireadh le maoiniú do thrí eagraíocht, rud a fhágfaidh 14 fostaí dífhostaithe: Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge (seisear foirne) ; Pobal (ceathrar foirne); agus Iontaobhas Ultach (ceathrar foirne). Cé go dtabharfaí an cead don cheanneagraíocht duine nó beirt a earcú b’fhéidir chun a chinntiú go mbeidís ionadaíocht ar Thuaisceart Éireann, is caolseans go mbeidh fostaíocht ar fáil don dáréag eile a bheidh ag fáil P45 i mí Meithimh.

I ráiteas chuig na meáin Dé hAoine seo caite, dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, lárchomhairle phobal na Gaeilge: “Ón bhliain 2008, cáineadh an próiseas agus an tsamhail seo go poiblí, ach i Meán Fómhair 2013 cinneadh páirt a ghlacadh sa phróiseas, agus thuigeamar ag an am sin go bhféadfadh seo a bheith mar thoradh air. Leanfaidh an Chomhdháil ar aghaidh mar eagraíocht dheonach, ach idir seo agus Meitheamh na bliana seo beimid ag féachaint ar bhealaí chun a dheimhniú go leanfaidh tionscadal agus tograí atá forbartha ag an gComhdháil le blianta fada ar aghaidh faoin struchtúr nua”.

Gaelport.com

Seimineár ar ‘Atógáil Phobal na Gaeilge’

Eanáir 21, 2014

Beidh seimineár ar bun i gCluain Dolcáin, Baile Atha Cliath ar an Satharn, 25 Eanáir ar bhealaí praiticiúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal.

Is é ‘Atógáil Phobal na Gaeilge’ teideal na himeachta, a bheidh ar síúl in Áras Chrónáin agus tá sé dírithe ar cheantracha cosúil le Baile Cheatharlach ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga mionlaigh faoi láthair. Pléifear na slite is éifeachtaí chun athbheochan na teanga a spreagadh. Beidh aíonna ó eagraíochtaí pobail ó cheann ceann na tíre ag labhairt ag an seimineár i rith an lae faoi ábhair éagsúla, idir cur chun cinn na Gaeilge i measc teaghlach, imeachtaí don aos óg agus do dhaoine fásta, agus cur chun cinn na Gaeilge i measc an lucht gnó. I measc na n-aoíchainteoirí a bheidh páirteach chun an taithí atá acu féin ó thaobh cur chun cinn na teanga sa phobal agus na rudaí a oibríonn dóibh a roinnt leis na rannpháirtithe beidh Emma Uí Bhroin, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Glór Cheatharlach

Tá an seimineár saor agus oscailte don phobal agus cuirfear fáilte roimh éinne atá ag iarraidh an Ghaeilge a atógáil mar theanga phobail, idir dhaoine atá i mbun oibre faoi láthair agus daoine atá ag machnamh ar imeachtaí nó ghrúpa pobail nua a eagrú amach anseo. Cuirfear tús leis an seimineár ag 9.30rn Dé Sathairn 25 Eanáir agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ag www.araschronain.ie nó 086 3927090.

www.carlow-nationalist.ie

Lift language barrier

Eanáir 21, 2014

Language matters. It forms our thoughts and shapes our lives.

The Irish language, because of exclusion from public life, has gone from being the majority language in the early 1800s to being a minority language today. This was the greatest social change in Irish history. Imagine had England been conquered and its language replaced by Spanish, French or German. Imagine an English population unable to read Shakespeare except in translation and cut off from their own history. Imagine the effect this would have on the psyche, confidence and sense of self of any people. Our English-only mentality costs us export markets and jobs. The Danes learnt English without abandoning Danish and have a stronger economy than us. Speaking Irish makes Ireland sound and feel like a regular European country. It will recover our intellectual and cultural sovereignty and contribute to an inclusive Irish identity beyond colour or creed.

Dáithí Mac Cárthaigh BL

Baile Átha Cliath 7

www.independent.ie

Game on for Cu Chulainn: Spanish man creates Irish language computer game

Eanáir 21, 2014

A Spanish software expert has devised a computer game based on the adventures of Cu Chulainn after falling in love with the Irish language Francisco Blazquez (46), who is from Madrid, first came to Ireland when he was 18 to learn English.

But he was so taken with the Irish language that when he returned home he signed up for classes at the official language school in his native city.The software consultant has been based in Ireland since 2010, and Francisco and his partner Eva Garcia are now set to launch their new game ‘In Cu Chulainn’s Footsteps’ on Thursday at Croke Park. The game features music from Clannad, Kila and Sharon Shannon, and legendary broadcaster Micheal O Muircheartaigh also provides a voiceover for part of the game — in English and in Irish. “The idea is to promote Irish,” said Francisco. “Our aim is to create a portal with many games.”

The game can be played in both Irish and English, swapping and mixing both languages as the player wishes. “It is aimed for children aged between eight and 12, or perhaps slightly older. Players lead Cu Chulainn through a mysterious island, solving puzzles and riddles to find the way out of there,” said Francisco, who has formed his own company, Duineacu. He said that along with the game, players will also find information related to Irish culture including music, literature, sports and legends. It is a 3D adventure played in the third person, driven by mouse clicks or taps on the screen. A licence to play the game is bought online, he said.

Meanwhile, in the school version, teachers can very easily change the content, the voiceovers and the text. Francisco, who has three children — Andrea (14), Iria (12) and Adrian (7) and lives in Trim — revealed that he regularly visits the Meath Gaeltacht village of Rath Cairn in a bid to continually improve his Irish.

For further information see: www.cuadventure.com

www.belfasttelegraph.co.uk

« Previous PageNext Page »