Méid an Téacs

Bua seachas cúlú siar

Márta 3, 2014

Ciarán Dunbar

“Aon uair a labhraím le daoine in Albain nó in Éirinn bíonn siad diúltach faoi rudaí i gcónaí… Ba bhreá liom dá mbeadh na fadhbanna atá acu againne. Má tá daoine in Éirinn in ísle brí, nó má cheapann siad go bhfuil rudaí fíor-dheacair, ba cheart dóibh a theacht go hOileán Mhanainn.” 

Adrian Cain ag caint le Colm Ó Broin – Gaelscéal, 24/10/12

Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn agus go leor daoine go fóill lán misnigh mar gheall ar Lá Mór na Gaeilge a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath cúpla seachtain ó shin.

Mar sin féin mothaím go 
bhfuil díomá agus éadóchas áirithe fós le mothú i measc an phobail.

 Pointe é sin a thóg iar-Ard-Mhéara Bhéal Feirste Niall Ó Donnghaile ó Shinn Féin le déanaí agus é ar chlár Cormac ag a Cúig – dúirt sé nár thuig sé cén fáth a bhfuil an ghruaim seo ar Ghaeilgeoirí i gcónaí nuair ba cheart go mbeadh siad lán dóchais.

Chuir mé spéis sa phointe sin óir is ábhar é a bhfuil mé féin ag déanamh imní faoi le tamall. 

Is minic a smaoiním ar an rud a dúirt Adrian Cain – ba bhreá linn bhur bhfadhbanna a bheith againn.

 Anois, ná bíodh aon amhras faoi – bhí bliain uafásach ag an Ghaeilge.

D’éirigh an Coimisinéir Teanga as ar an ábhar nach féidir leis aon rud a dhéanamh chun iachall a chur ar státseirbhísigh sa Phoblacht géilleadh do dhlíthe an stáit a fhaomhadh go daonlathach.

Tá an Ghaeilge faoi bhrú ó rialtas nach bhfuil spéis dá laghad aige inti nó atá naimhdeach don teanga fiú.

Thiocfadh liom dul ar aghaidh, ach ba mhaith liom eisceacht a dhéanamh an uair seo agus an taobh eile den scéal a thabhairt.

 Má tá roinnt de phobal na Gaeilge in ísle brí – faoi ghruaim fiú – cuirim an cheist, an bhfuil rudaí chomh dona sin?

Labhraíonn 100,000 duine an Ghaeilge gach lá in Éirinn amháin agus tá tuairim ar 120,000 duine a labhraíonn í uair sa tseachtain – ní beag an méid é sin.

Bhí na mílte amuigh ar shráideanna na príomhchathrach chun a dtacaíocht a léiriú don teanga agus beidh an scéal amhlaidh i mBéal Feirste i mí Aibreáin.


Agus ba cheart dúinn cuimhneamh go bhfuil na mílte daoine fásta ar fud na hÉireann ag foghlaim Gaeilge i ranganna oíche.

Muise is ollghuaiseacht í gluaiseacht na Gaeilge i gcónaí – gluaiseacht ar féidir leis a bheith níos láidre arís dá mbeadh aontacht agus chomh-fhís ann.

Ach ag éisteacht linn ag caint eadrainn féin, shílfeá nach bhfuil ionainn ach cúpla chéad duine atá ar mire glan.

Tá an Ghaeilge á teagaisc mar ábhar riachtanach i scoileanna ó dheas go fóill – rud a chiallaíonn go bhfuil líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu ag ardú i gcónaí – d’ainneoin na mbréag a léann tú sna meáin.
 
 Agus tá meáin de scoth againn féin.



D’ainneoin gur gearradh siar ar bhuiséad RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4 tá siad ann i gcónaí – níl mé ag rá nach bhfuil aon bhaol ann dá dtodhchaí – ach tá siad ann inniu.



Agus tá dhá stáisiún raidió eile againn – agus ceann eile ar a bhealach.

Tá páipéar nuachtáin, ‘Seachtain’, a théanns amach leis an ‘Irish Independent’ – sin tuairim ar 120,000 cóip sa tseachtain ag dul i gcló.

Tá ‘Seachtain gan aon mhaoiniú agus maireann sé ar chúiseanna tráchtála.

 Tá leathanach Gaeilge ag an ’Irish Times’ chomh maith, arís gan mhaoiniú.

 Ó thuaidh, tá ‘Meon Eile’ againn ar ndóigh agus déanann an BBC cláracha Gaeilge leis.

Agus tá ‘Goitse’, ‘Nuacht 24’, ‘iGaeilge’ agus ‘An Tuairisceoir’ againn atá ag feidhmiú gan mhaoiniú.

 Ná déanaimis dearmad ar an iris mhíosúil ‘NÓS’ a thosaigh mar ghnó tráchtála agus tá anois á maoiniú.

 Agus tá ‘Comhar’, ‘An tUltach’, ‘Feasta’ agus ‘beo.ie’. ann.

 Cinnte tá bearnaí ann ach níl a fhios agam fútsa ach ní bhíonn an t-am agam na meáin Ghaeilge ar fad a léamh!

Agus beidh seirbhís úr nuachta á maoiniú ag Foras na Gaeilge go luath chomh maith.

Cearta


Ar ndóigh, ní aithnítear an coincheap cearta teanga go forleathan in Éirinn – thuaidh nó theas.

 Ní scéal maith é sin ach fiú ansin feicimse dóchas ann nuair a mhothaíonn namhaid na Gaeilge go bhfuil sí láidir go leor go gcaithfidh siad gníomhú ina coinne i gcónaí.

Gaelscoileanna



Níl mé ag maíomh gur réiteach gach aon fhadhb iad na Gaelscoileanna ach is cinnte go bhfuil fás sna Gaelscoileanna.

Agus tá siad ag fás i gcónaí – go dtí an pointe arís go bhfuil namhaid na Gaeilge ag panic-eáil fá dtaobh dóibh.

Páistí



Is í an fhadhb is mó atá againn inniu maidir leis an teanga ná go bhfuil Gaeilgeoirí sa Ghalltacht agus cainteoirí dúchais sa Ghaeltacht ag roghnú gan a gcuid páistí a thógáil mar Ghaeil.

Seans dá mba rud é gur roghnaigh muid a bheith níos dearfaí faoin Ghaeilge go dtógfadh níos mó daoine a bpáistí leis an teanga?



Ach fiú sa réimse seo, tá dóchas ann, mar a deir an Coimisinéir Teanga níor rugadh an cainteoir dúchais deireanach go fóill – tá páistí á dtógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht go fóill agus is beag paróiste in Éirinn nach bhfuil páistí á dtógáil le Gaeilge ann.

Tá ábhar dóchais eile ann ar cheart go mbeadh muid dearfach faoi ach ní fiú dul ró-dhomhain sa teangeolaíocht.

Ach caithfidh mé seo a rá – éistfidh daoine áirithe leis seo agus ní amháin nach n-aontóidh siad leis an tuairim seo ach a bheas naimhdeach de.

Tá daoine den tuairim go bhfuil an t-éadóchas anois ina tréith dhúchasach ghaelach.

Breast é sin mar sheafóid.

Agus táthar ann a ghlacann mar mhasla gach focal dearfach faoin teanga ar an ábhar go n-íslíonn stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht dar leo.

Cha dtuigim faoin spéir cén dóigh a mbaineann an Ghaeilge á labhairt i gCathair Chorcaí de Ghaeltacht Mhúscraí caithfidh mé a rá.

Cinnte, tá cathanna le troid, troidfear iad – ach caithfidh muid foghlaim cén chaoi bua a shamhlú seachas cúlú siar.

Caithfidh muid dul ar an ionsaí go dána agus mí-náireach seachas a bheith i gcónaí ar an chosaint.



Tá todhchaí na Gaeilge i lámha na nGael – mar a bhíodh i gcónaí i ndeireadh na dála – glacaimis an fhreagracht sin orainn féin agus glacaimis misneach as.

 Ná bímis faoi ghruaim – bímis trodach ach bímis ag gaire linn agus muid ag troid.

www.meoneile.ie

Lá Dearg i mBéal Feirste

Márta 3, 2014

Ag leanúint ó ‘Lá Mór na Gaeilge’ i mBaile Átha Cliath agus léirsiú ‘Slán le Seán’ i gConamara, tá beartaithe ‘Lá Dearg’ a eagrú ó thuaidh ar an Satharn, 12 Aibreán, i mBéal Feirste.

Shiúil suas go 10,000 duine ó cheann ceann na tíre, thuaidh agus theas, ar shráideanna Bhaile Átha Cliath coicís ó shin chun a gcearta teanga agus comhionannas don Ghaeilge a éileamh.

Tús feachtais a tugadh ar ‘Lá Mór na Gaeilge’ agus is cinnte go bhfuil dlús curtha leis an ngluaiseacht ó shin leis an léirsiú a reáchtáladh sa Spidéal an tseachtain seo caite, agus an mórshiúil a bheas ar siúl mí Aibreán.

Deir eagraithe An Lá Dearg á eagrú “chun Cearta, Cothromas agus Cóir a bhaint amach don Ghaeilge agus dá lucht labhartha”.

I mí Eanáir, chinn tuairisc de chuid Choiste na Saineolaithe ar Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh go bhfuil bac ar an nGaeilge ó thuaidh. Thuairiscigh an Coiste Saineolaithe go maireann dearcadh naimhdeach i leith na Gaeilge i Stormont agus cé gur moladh i dtuairisc dheiridh an Choiste i 2009 go gcuirfí polasaí cuimsitheach Gaeilge i bhfeidhm, tuairiscíodh nár glacadh céim ar bith i dtreo bheartais ó shin agus gur ábhar thar a bheith conspóideach é fós cur chun cinn na Gaeilge sna sé chontae.

Tá lucht an fheachtais ag éileamh ar Thionól Thuaisceart Éireann:

  • Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe a achtú ó thuaidh
  • Go gcomhlíonann an Stát ó thuaidh a ndualgas reachtúil le go bhforbrófar Córas Gaeloideachais Cuimsitheach
  • Go gcuirfear acmhainní cuí ar fáil d’fhorbairt Phobal na Gaeilge

Ag labhairt thar cheann an Grúpa Oibre Feachtasaíochta, dúirt Caoimhe Ní Chatháil, “Creideann muid go láidir go gcaithfear an deis agus an ceart a thabhairt do na daoine a roghnaíonn an Ghaeilge í a úsáid. Beidh cruinnithe poiblí ar fud an oileáin chun tacaíocht a mhealladh don mhórshiúil seo agus tá muid ag iarraidh teachtaireacht diongbháilte, láidir a thabhairt do na hÚdaráis”.

“Iarrann muid ar Phobail na hÉireann, áitiúla agus ar fud an oileáin seasamh linn don LÁ DEARG. Tá fáilte roimh gach saoránach a chreideann i dtodhchaí na Gaeilge agus i gcearta daonna i gcoitinne”.

Fágfaidh an mórshiúil, Cultúrlann McAdam Ó Fiach ar an Satharn 12 Aibreán 2pm le dul chuig Cearnóg Theach an Chustaim, i lár na Cathrach i mBéal Feirste.

Foilsithe ar Gaelport.com

 

Ná bac leis na hOscair, seo chugaibh buaiteoirí Scléip 2014!

Márta 3, 2014

Amharclann an Axis, Baile Átha Cliath, 1 Márta 2013

Bhí lá den scoth againn san Axis, le 14 scoil ag dul in iomaíocht sa chraobh agus ag cur siamsaíocht agus spreagadh ar stáitse romhainn. Bhí ríméad orainn roinnt de bhaill Kìla a bheith linn don lá; bhí Rossa Ó Snodaigh mar fhear a’ tí agus Rónán Ó Snodaigh i mbun moltóireacht in éineacht le Fionntán Fitzgerald agus Aonghus Ó Lochlainn. Bhí dúshlán acu buaiteoirí a roghnú toisc feabhas agus ard-chaighdeán na léirithe ar fad agus thug siad ard-mholadh do na rannpháirtithe uile as an muinín agus tallann a léirigh siad os comhar an tslua. Tá moladh ag dul don slua chomh maith, na tuismitheoirí, múinteoirí agus comhscoláirí a thug tacaíocht iontach do na hiomaitheoirí i rith na bliana agus ar lá na craoibhe féin; go raibh maith agaibh as bheith linn agus tá bualadh bos mór tuilte agaibh!

Seo thíos na scoileanna a bhí linn ar an lá:

  • Coláiste an Phiarsaigh, Corcaigh
  • Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath
  • Coláiste de hÍde, Baile Átha Cliath
  • Coláiste Feirste, Co. Aontroma
  • Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath
  • Coláiste Oiriall, Muineacháin
  • Gaelcholáiste Chiarraí
  • Gaelcholáiste Luimnigh
  • Gaelcholáiste Mhuire AG, Corcaigh
  • Meánscoil Gharman, Loch Garman
  • Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Ciarraí
  • Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill
  • Scoil Chaitríona , Baile Átha Cliath
  • Scoil Iosaf, Tír Eoghain

Seolfar CD leis na grianghraif amach chuig na scoileanna go luath, agus beidh siad le feiceáil ar an suíomh anseo chomh maith. Coinnigh súil ar Saol na míosa seo – bhí Colm Ó Torna ann lena cheamara ar an lá!

Ba mhór linn buíochas ó chroí a ghabháil le gach éinne a chabhraigh linn Scléip a chur ar stáitse i mbliana; na scoileanna, na múinteoirí, na daltaí agus a dtuismitheoirí, na moltóirí agus láithreoirí, foireann na hamharclann, Kìla, Niamh Spain (a rinne na duaiseanna) agus Foras na Gaeilge. Táimid ag súil le bheith ar ais arís an bhliain seo chugainn le Scléip 2015!

Seo thíos liosta na mbuaiteoirí, comhghairdeas mór libh uilig.

Ceol nua-aimseartha (aonair):

  • Emily Downey, Meánscoil Gharman (sóisear)
  • Aoife Nic Artain, Coláiste Íosagáin (sinsear)

Ceol nua-aimseartha (grúpaí):

  • An Smugairle Róin Leictreach, Scoil Chaitríona (sóisear)
  • Chewie agus an Bhuíon, Meánscoil Gharman (sinsear)

Rince cruthaitheach (aonair):

  • Sarah Ní Mheilbhín, Coláiste Cois Life (sóisear)

Rince cruthaitheach (grúpaí):

  • An Cogadh, Gaelcholáiste Luimnigh (sóisear)
  • Beo le Ceol, Coláiste de hÍde (sinsear)
Drámaíocht/Mím (aonair agus grúpaí):
  • Easaontas Ceoil, Pobalscoil Chorca Dhuibhne (sóisear)
  • Filleann an Feall ar an bhFeallaire, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)
Comórtas Ilchineálach (aonair agus grúpaí):
  • Laura Ní Dhuibhir, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sóisear)
  • Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhualacháin, Pobalscoil Ghaoth Dobhair (sinsear)

Duais an Spotsholais: Bronnta ar an ngrúpa go bhfeiceann na moltóirí cumas iontu; nach bhfuil an duais rannóige buaite acu i mbliana ach gur fiú faire amach dóibh sna todhchaí

  • Cailíní Óga, Scoil Iosaf
Duais Kíla: Bronnta ar iomaitheoir le tallann agus spiorad ar leith, a chuireann beocht, nuálaíocht agus spraoi Kíla i gcuimhne do na moltóirí
  • Cian Ó Maoláin, giotáraí le Flúirse Fonn, Gaelcholáiste Mhuire AG
Duais Scléip: Bronnta ar an ngrúpa is mó a sheas amach ó na buaiteoirí rannóige
  • Filleann an Feall ar an bhFeallaire, Pobalscoil Ghaoth Dobhair

Lascainí do scoileanna le Scoil FM

Márta 1, 2014

Tá lascaine ag Scoil F.M.  le ‘Paperpunch’ – tá liosta do na praghasanna thíos – agus feicfidh tú go bhfuil na praghasanna ar an liosta an-mhaith.

Sa bhreis, is féidir 750g Nescafe a fháil saor in aisce i gcomhair seomra na múinteoirí – chun iad a choiméad ina dhúiseacht! Tá luach € 44.00 ar an gcaife. (Sin le haon ordú thar € 150). Tá praghasanna maithe ag Scoil F.M. ar cartúis printéara chomh maith. Déan teagmháil le Mark ar 087 383 0990.

Praghsanna PaperPunch2014

www.scoilfm.com

« Previous Page